Wednesday, July 27, 2005

ImeallPod 6 : Conas podchraoladh

Bhuel - tá roinnt seachtainí caite agam ag cleachtadh le modh nua cumarsáide seo an phodchraolta - agus tá deis agam anois cur síos beag a dhéanamh ar chuid des na modhanna agus des na h-úirlisí ar féidir a úsáid chun briathra do bhéil a scaoileadh le sruth an idirlín.

Tá trí chéim sa phodchraoladh:
  • Taifeadadh. Táirgeadh an chomhaid (MP3 de ghnáth).
  • Suiteáil. An comhad a chur ina shuí ar ríomhaire freastail ar an idirlíon.
  • Soláthar RSS a ullmhú chun an tsraith phodchraolta a fhógairt agus chun bogearra léite RSS de chuid an lucht éisteachta a threorú go dtí suíomhanna na gcomhad MP3 ar bhall iad don tsraith sin.
Taifeadadh
Dhein an blagadóir agus podchraoltóir Tom Raftery, cur síos ar a mhodh podchraolta le déanaí. 'Sé an ríomhchlár eagartha fuaime Audacity a d'úsáid seisean chun a chuid taifeadta a dhéanamh. Bhaineas féin triall as Audacity – agus níl aon dabht ach gur cumasach an uirlis í. Tá an cód foinse oscailte agus tá sé saor in aisce. Chun an fhírinne a rá tá an-chuid feidhmeanna ann nach gá don ngnáth-phodchraoltóir a bheith buartha fúthu. Mar sin, ba mhaith liomsa ríomh-chlár eile a lua anseo, ceann atá i sain-oiriúint don bpodchraoladh, 'sé sin: Castblaster.

Má éistíonn tú leis an Daily Source Code le Adam Curry, beidh fhios agat faoi Castblaster. Seo bog-earra atá forbartha ag comhlacht Curry, agus baineann sé úsáid as go minic chun an Daily Source Code a thaifeadadh. Tá seo an-shimplí le n-úsáid agus ní amháin go ndeineann sé taifeadadh ar an MP3, ach tá cliant FTP fite leis a chaithfidh in áirde ar an bhfreastalaí gréasáin duit é nuair atá sé ullamh. Ach 'sé an bua is mó atá aige ná go bhfuil comhdhlúthóir/sriantóir comhtháite ann. Tá seo riachtanach le h-aghaidh ionchódú comharthaí urlabhra. Tá raon dinimiciúil an-leathan ag comharthaí urlabhra - agus tá sé deacair iad a ionchódú go sásúil. Má bhíonn leibhéal na fuaime ró ard tarlaíonn "clipping" nó "ró-mhódhnú". Is féidir an leibhéal a ísliú go dtí go bhfuil buaicphointí an chomhartha laistigh den uas-leibhéal - ach ansin chítear go bhfuil formhór an chomhartha ró-íseal ar fad - go h-áirithe i gcomparáid le píosaí ceoil, a bhfuil leibhéal i bhfad níos cothromaí acu. Mar réiteach ar na fadhbanna seo, baineann craoltóirí gairmiúla úsáid as comhdhlúthú (chun an raon a chúngú) agus srianú (chun cosc ar "clipping"). Is mór an chabhair iad seo don gcraoltóir aibí, gan trácht ar phodchraoltóirí gan mórán taithí micreafóin. In Castblaster, tá na h-úirlisí seo fite fuaite sa ríomh-chlár, agus is mór an áis iad.

Suiteáil an chomhaid MP3 ar an idirlíon
I láthair na h-uaire tá na comhaid ina suí agam i ngnáth-chúntas IOL. Ach má leanaim ar aghaidh leis an bpodchroaladh, ní thógfaidh sé i bhfad orm an 100MB saor in aisce atá agam ansin a líonadh. Deineann Tom Raftery tagairt do láithreáin eile atá sásta comhaid fuaime a choimeád saor in aisce, agus tá sé i gceist agam féachaint ar na roghanna sin. Má bhíonn éileamh mór ar do phodchraoladh ní hé an spás stórála a bheidh ina mhórchúram agat, áfach. Beidh ort ceisteanna bandaraoin a thógaint san áireamh chomh maith, agus na comhaid a shuitéail ar chóras dáilithe atá in oiriúint don éileamh, mar shampla Akamai. Nochtaíodh fadhbanna éilimh do roinnt mhaith podchraoltóirí mór le rá nuair a seoladh iTunes 4.9. Ach don ngnáth-phodchraoltóir ag tosnú amach, le b'fhéidir cúpla dosaen síntús, ní cóir go mbeadh orthu a bheith buartha faoin éileamh ag an tús.

Ullmhú an tSoláthair RSS
'Sé an comhad beag XML i bhfoirm RSS a chuireann ar chumas an úsáideora "síntús" a dhéanamh do bhlag nó do phodchraoladh. Gach uair a chuirtear réimse nua <item> leis an gcomhad, fógraítear go bhfuil mír nua sa tsoláthar. I gcás phodchraoladh, cuirtear lipéad <enclosure> laistigh den réimse <item> sin, ag tagairt don URL, don fhaid, agus don tsaghas comhad, mar shampla:
<enclosure url="http://www.imeall.ie/imeallpod-2005-07-02.mp3" length="1132045" type="audio/mpeg" />. Mar a luaigh Tom Raftery, cuireann Wordpress, mar aon le córais eile is dócha, an lipéad iatáin seo sa tsoláthar RSS go huath-oibríoch. Ach faraoir, ní hamhlaidh atá do Blogger.com.

Ach tá módh sáraithe do easnamh seo Blogger.com. Is féidir Soláthar Feedburner a chruthú, á thógfaidh soláthar Atom le Blogger.com mar ionchur. Níl le déanamh ach nasc a chur go dtí an comhad MP3 i do bhlagmhír, agus cruthóidh Feedburner an lipéad <enclosure> dó sa tsoláthar. Agus sin a bhfuil! Tá tú i do phodchraoltóir!

Tá dea-shampla Tom Raftery dá leanúint agam, agus tá an t-alt seo ina phodchraoladh chomh maith. Chomh maith leis san, cuirfidh mé leagan Béarla in áirde go luath ar shuíomh phobal podchraolta na hÉireann ag Podcom.org.

Lipéid: , ,

Sunday, July 24, 2005

Bua na Podchraoltóireachta - dar le Dave

Ag cur leis an bpoinnte a bhíos ag iarraidh a léiriú le cabhair Dave Winer i mo phodchraoladh deireannach, seo tuairim le Dave é féin:
Podcasting is great because I can do it, without any expensive hard to use equipment or software, or expensive licenses. I have done webcasts, we had the necessary software and licenses when I worked at Berkman Center. Even so we could only serve a few people at a time. But I can podcast without anyone's permission, and thousands of people can tune in at very low cost. I just record an MP3, link it into a RSS feed, and upload both to a server. Done in minutes, and I didn't need any help.
Lipéid: , ,

Friday, July 22, 2005

ImeallPod 5 : Caifé Maidine


  • Sliocht as Morning Coffee Notes le Dave Winer.
  • Trácht ar fhadhbanna fuaime agus iarrachtaí feabhais.
  • An "Conas" Podchraolta le teacht! Sibhse a ghríosadh!
Lipéid: , ,

Monday, July 18, 2005

Seoda RSS

Seoda RSS atá cruinnithe agam le déanaí:
Lipéid: ,

Friday, July 15, 2005

ImeallPod 4 -- Gan Scríbhinn

10 noimeataí cainte - gan faic a rá!

Táim ag leanúint leis na trialacha podchraolta - agus an turas seo táim ag iarraidh a fháil amach ciocu is fearr píosa réamh-ullmhaithe a léamh, nó an fearr imeacht le sruth!

Bhúr dtuairimí - blag-theachtaireachtaí, ríomh-phostanna, nó - níos fearr fós - comhaid fuaime - caith chugham iad!!!

Lipéid: , ,

Sunday, July 10, 2005

Le bhúr dtoil, ná déanaígí na rudaí seo

Tá oiread eolais ag teacht fénár mbráid na laethanta seo go mbíonn orainn nósanna mearléitheoireachta a chleachtadh, ach baineadh geit asam nuair a leagas súil ar an bpíléar-liosta seo ar shuíomh Bhus Átha Cliath:
  • Caith tobac.
  • Leag do chosa ar na suíocháin.
  • Bíodh do bhagáiste sa bhealach sna pasáistí ...
  • Caith bruscar ar an urlár.
  • Ith ... ar an mbus.
Comhartha eile, a mheasas ar dtús, go bhfuil an phríomhchathair sin ag tréigint na céille! Léas arís é.
Le do thoil, :
  • Caith tobac.
  • Leag do chosa ar na suíocháin.
  • Bíodh do bhagáiste sa bhealach sna pasáistí ar na dóirse éalaithe.
  • Caith bruscar ar an urlár.
  • Ith ól ar an mbus.
Tá an loighic tuathalach céanna in úsáid ar an leagan Béarla ach ná sílfeá go mbeadh níos mó céille ag an aistritheoir gan lom-aithris a dhéanamh air?

Lipéid: ,

Friday, July 08, 2005

'I like you, I read your blog'

Bhí cúpla cruinniú sa feoilspás (seachas cyberspás!) le déanaí ag blagadóirí Éireannacha. Seo cur síos suaithinseach ó Niall Kennedy, Gael-Mheiriceánach, ar na cuirtéisí nua sóisialta atá ag éirí i measc blagadóirí.
"'I read your blog' was a line of introduction. 'I like you, I read your blog' was also a method of calming tempers as we argued in the hallways about attention metadata, advertisements in feeds, and the future of web browsers and mail clients. 'I must subscribe to your blog' was the perfect closing comment to continue the conversation at another time from another state or another country."
Lipéid: , ,

Thursday, July 07, 2005

RSS curtha i bhfeidhm ag RTE - ach diúltú do Phodchraoladh

Maidir le mo chuid tuairimíochta ar cheist an phodchraolta do RnaG, d'éirigh le Andrew Ó Baoill freagra a fháil ó RTE. Agus chím anois go bhfuil an córas nua á chur i gcrích acu anois ag tosnú le cláracha nuachta agus cainte. Níl i gceist ach go bhfuil leathanaigh na gcláracha éagsúla dá gcur i láthair sa bhfoirm chéanna agus atá ag cláracha cainte eile do chuid RTE, cláracha Radio 1, mar shampla.

Maíonn siad go bhfuil bacanna cóipchirt orthu maidir le cláracha ceoil a chur i bhfoirm MP3 - ach tá an ceart ag Andrew nuair a deir sé nach cóir go stopfadh san iad i gcás na cláracha cainte. Ach chun an fhírinne a rá, ní hé formad an chomhaid an gné is tabhachtaí den bpodchraoladh - ach go bhfuil soláthar RSS ag fógairt na gcomhad sin de réir mar a fhoilsítear iad, ionas gur féidir le iPodder, iTunes, Feeddemon, nó pé ríomhchlár atá in úsáid agam na comhaid sin a tharrac anuas dom as a stuaim féin gan an bhadaráil a chur ormsa a beith ag cliceáil go dtí an comhad féin agus ansin fanacht go n-íoslódálann sé.

Is fusa go mór an podchraoladh don éisteoir - tá níos lú "ríomhaireachta" ann! Agus is fuirist do chraoltóirí é a chur i bhfeidhm chomh maith - rud a léiríonn an BBC lena Litir do Lucht Foghlama. Seo é an soláthar RSS. Ná bac lené a léamh - ní mar sin a oibríonn sé! Caith isteach an nasc in iPodder nó Feeddemon agus féach ar an ndraíocht! (Ní oibríonn gnáth RSS le iTunes. Córas sealbhach is ea é a chuireann podchraoltaí áirithe ar fáil.)

Ach is de réir a chéile a thagann athraithe den tsaghas seo - agus is maith an rud é go bhfuil RSS á chur i gcrích anois ag RTE dá gcuid scéalta nuachta. Táim ag ceapadh go gcífidh siad an dea-thoradh ar an ngníomh sin agus ní fada go mbeidh iatáin fuaime agus físe istigh leis na soláthair sin!

Lipéid: , , ,

Tuesday, July 05, 2005

Sín chugham an Pooper-Scooper*!

Cac Eilifinte
Tá an sorcas tagaithe go dtí Leacht Uí Chonchúir!

Lipéid: , ,

*=cacghlacadóir

Monday, July 04, 2005

Tá Blag an Imill ag Podchraoladh!

... agus bhí sé i bhfad ní b'fhusa a chur i gcrích ná mar a cheapas a bheadh! Chuireas leagan labhartha den mhír dheireannach isteach mar iatán leis aréir agus tá an Soláthar Feedburner dá fhógairt gan dua.

Cuirfidh mé a thuilleadh eolais ar fáil go luath maidir lena bhfuil i gceist. Idir an dá linn, tá teachtaireacht fáiltithe ghinearálta taifeadta agam mar chuid de ath-mhaisiú beag ar an bpríomhleathanach, agus tá an comhad san iniata leis an mír seo.

Lipéid: , ,

Saturday, July 02, 2005

Cad is fiú an Bhlagadóireacht?

Tá ceard na blagála óg go fóill, agus tá fios na slí á cuardach ag lucht a h-imeartha. D'éirigh Richard Delevan as ar feadh tamaill le déanaí, agus tá an tuairim aige anois go bhfuil cuid mhaith den áibhéal agus den mór-is-fiú ag baint le ráitisí ar thabhacht na blagadóireachta. Ach go h-áirithe, tá sé amhrasach ar an gcúis gur tuaradh, bunaithe ar mheasúnú a deineadh ar bhlaganna na hÍaráine, go mbeadh toradh liobrálach ar thoghchán uachtarántachta na tíre sin - rud nár thit amach. Is fíor a rá nach féidir blagadóirí a áireamh mar ionadaithe ar an bpobal i gcoitinne. Ní sheasann blagadóirí mar ionadaithe ach ar bhlagadóirí amháin: dream atá meán-aicmeach agus oilte, le dúil thar an ngnáth sa teicneolaíocht!

Ach má ghlactar leis sin - agus má tuigtear go bhfuil teorainn le h-ionadaíocht na mblagadóirí, is fiú, mar sin féin, an bhlagadóireacht mar atá sí a mheas mar naíonra do shliocht úr na meán cumarsáide. Cheana féin, i réimsí cúnga áirithe, tá an bhlagadóireacht níos údarásaí ná na meáin traidisúnta, mar atá Chris Anderson ag maíomh sa phíosa seo.

Dála an scéil, tá poinntí maithe ag Anderson san alt céanna maidir leis an bpodchraoladh. Ní foláir a thuilleadh forbartha chun gur féidir podchraoltaí a chuardach, agus tagairtí a dhéanamh do ghiotaí beaga istigh ina lár. Tá léiriú maith anseo ar mhódh chun é sin a dhéanamh. Beidh a thuilleadh agam ar an ábhar seo amach anseo, agus ar chúrsaí podchraolta go ginearálta.

Lipéid: , , , ,