Dé Domhnaigh, Nollaig 24, 2006

Droch-Scéal

Fuair mo mháthair bás maidin inné. Ní raibh an tslaínte go maith aici, agus bhuail tinneas í níos luaithe an tseachtain seo. Ar dheis Dé go raibh sí.

Socraithe sochraide do Celine Bean Uí Mhuíneacháin (Ní Nialláin), Gleann Gríscín, An Ráth Mhór, Co. Chiarraí. Aistreofar a corp ó thigh tórraimh Uí Chaoimh, An Ráth Mhór go dtí Séipéal Naomh Sheosaimh, An Ráth Mhór, 25ú Nollaig ar 7:30pm. Cuirfear í tar éis Aifrinn 12:00, Lá 'le Stíofáin, 26ú Nollaig.

Dé hAoine, Nollaig 15, 2006

Cúlú

Ní mór an fhoilsitheoireacht a bheidh ar an suíomh seo go ceann roinnt seachtainí. Tá rudaí ann atá i bhfad níos tabhachtaí ná blaganna agus podchraoltaí!

Beannachtaí na Nollag oraibh go léir, a cháirde!

Líonra 12.5 - AnLionra.Com

Buail anseo chun éisteachta!
Seo é an t-alt – agus an clár - deireannach i sraith An Líonra Sóisialta.

Ní raibh sé riamh i gceist go mbeadh sé ina shruth síoraí cosúil le seirbhís nuachta, nó cúrsaí reatha. I ndáiríre, dheineas iarracht an tráthúlacht a sheachaint le linn an chláir.

In ionad sin, ‘sé an aidhm a bhí agam ná bunchúrsa oiliúna a chur ar fáil, cuid de phobal an líonra a chur in aithne do mhórphobal na Gaeilge, agus mapa bóthair a sholáthar don té a mbeadh suim aige níos mó a fhoghlaim.
Tae-Líonra
Leagadh amach clár oibre ráithe. Dhá seachtain déag, dhá théama déag, 59 clár raidio laethúil. 7 stáisiún raidio. Alt gach Aoine sa nuachtán seo. An méid a bhí le rá agam ar na h-ábhair seo, tá sé ráite. Ní gá cur leis.

Bhí an togra féin ina shampla den líonrú a bhí a mholadh aige. Dheineamar teagmháil. Loirgíomar tuairimí. Bhí comhrá againn: ar an bhfón, ar Skype, le teachtaireachtaí teács, le ríomhphost, ar an mblag, agus ar an ‘wiki’.

Ach níl deireadh leis an gcomhrá anois go bhfuil deireadh craolta. Cuirtear tús inniu leis an gchéad chéim eile sa togra seo.

An chuid den dtogra seo a craoladh ar an raidio, tá sé imithe le gaoth ón uair gur scaipeadh é. An chuid de a scríobhadh sa pháipéar nuachta, tá sé athchúrsálta faoin am seo. Ní dócha gur chuir éinne i bhfráma é (d’éiríos féin as an nós sin).

Dá mba sna meáin sin amháin a bhí an tionscnamh seo, bheadh deireadh leis anois - ach ní h-amhlaidh atá. Gach a bhfuil foilsithe le trí mhí anuas, tá sé ar fáil i gcónaí ar an suíomh idirlín anlionra.com.

Tá súil agam gur chuidigh An Líonra Sóisialta le daoine a raibh suim acu níos mó a fhoghlaim faoi phobail an idirlín. Tá súil agam go mbeidh sé ina chabhair fós amach anseo de réir mar a chuirfidh níos mó daoine suim sna h-ábhair seo.

Tá an cartlann iomlán ar fáil, agus tá sé scaoilte le ceadúnas Creative Commons (Attribution-NonCommercial) sa tslí is gur féidir é a ath-úsáid gan chead a iarraidh, faoi na coinníollacha seo a leanas:
    Creative Commons 2.5 Attribution-NonCommercial
  1. Creidiúint. Ní mór foinse an eolais (anlionra.com) a admháil.
  2. Úsáid neamh-thráchtála. Mura bhfuil tú ag déanamh airgid as án ábhar seo, ní gá cead ath-fhoilsithe a iarraidh orm (ach coinníoll 1 a bheith sásaithe agat). Má theastaíonn uait úsáid tráchtála a bhaint as an ábhar, is féidir socrú a dhéanamh.
Tá tuilleadh eolais ar an gcóras ceadúnaithe seo le fáil ag creativecommons.org.

Le h-imeacht aimsire, dár ndóigh, beidh an t-ábhar seo ag dul “as dáta”. Ach cá bhfios nach mbeidh cuid de ina chabhair do dhuine éigin, uair éigin? Is ar éigin a chosnóidh sé faic ormsa an suíomh a choimeád beo, ar a laghad go ceann bliana ar aon nós.

Tá tograí eile beartaithe agam: tuilleadh scríobhóireachta, tuilleadh craoltóireachta, tuilleadh gaeilgeoireachta. Cad eile a dhéanfainn? Ach déanfaidh mé iarracht an uair seo an comhrá a bhogadh ar aghaidh ón mbunchéim. Más gá dom tagairt do chúlra scéil eigin, cuirfidh mé nasc go dtí an leathanach cuí ar anlionra.com, nó ar suíomh éigin eile. Cuimhnímís go bhfuil meitheal beag i mbun oibre ar líonra sóisialta na Gaeilge – agus tá sé ag méadú an t-am ar fad. An bhfuil blag breá Ghary Uí Reachtabhair léite agat? roinntsmaointe.blogspot.com – is fiú go mór é.

Dála an scéil, ní mór an seans atá faighte agam fós féachaint ar shraithchlár úr TG4, Aifric. Ach táim an-thógtha leis an suíomh idirlín aifric.tv. Bebo bréagach atá i gceist agus a leathanach féin ag gach charachtar. An-smaoineamh!

Déardaoin, Nollaig 14, 2006

Líonra 12.4 - Fuaim & Fís

Dé Céadaoin, Nollaig 13, 2006

Líonra 12.3 - Fiona

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Fiona Ní Chéirín
  • Súil siar ar an dtuairisc a dhein Fiona Ní Chéirín ar Focal.ie (Líonra 6.2)
  • Tá Fiona an-ghnóthach ó d'fhág sí an coláiste. Taobh amuigh de An Líonra Sóisialta, oibríonn sí ar 2 chlár le RTÉ, agus anois tá clár nua aici ar Tipp FM. Cuireann sí Pop Beo i láthair gach Satharn ar 20:00.
  • Ceol Podslán: If Every Day Were Christmas le Podsafe For Peace
  • Scairt amach do Fergus Ó Catháin, ó Raidio na Life

Dé Máirt, Nollaig 12, 2006

Líonra 12.2 - Súile Eile

Dé Luain, Nollaig 11, 2006

Líonra 12.1 - An gCloiseann Tú?

Dé Domhnaigh, Nollaig 10, 2006

Líonra 11.5 - Litríocht.Com

Buail anseo chun éisteachta!

Níor chuir sé iontas ar bith orm ná raibh trácht cloiste ag na siopaí ceoil agus físe ar Dora agus Eachtraí an Mhapa. “Dora in Irish?”, arsa bean amháin agus d’fhéach orm ag tabhairt le fios go gceap sí go raibh an chiall caillte agam.

Níor thógas uirthi é. Go deimhin, ní raibh fhios agamsa go raibh Dora ar fáil i mBéarla go dtí go dtána uirthi i siopa na mbréagán lá, agus í ag spalpadh Béarla chomh maith leis an Spáinnis bhreá a bhíonn aici. (Sin ceist suimiúil má tá an freagra ag éinne. Múineann Dora focail Spáinnise do leanaí ar fud an domhain, ach an bhfeadar éinne cén teanga eachtrannach a mhúineann sí do Spáinnigh óga?)

Ní mar sin a bhí i Scéal Eile, an siopa leabhar is nuaí ar an saol i gContae an Chláir. Tá stór maith leabhar i mBéarla acu – agus chuirfeadh an rogha leabhar Gaeilge atá acu náire ar chuid des na siopaí móra thart fán gceantar seo.

Cinnte bhí trácht cloiste acu ar DVD Gaeilge le Dora. Go deimhin bhí ceithre chóip faighte acu an tseachtain seo chaite – agus díoladh iad go léir taobh istigh d’aon lá amháin.

Ní rabhadar ábalta a rá go cinnte, áfach, cathain a thiocfadh an chéad bheart eile isteach ó na soláthraitheoirí. Tá éileamh mór ar ábhar agus ar acmhainní an t-am seo den bhliain. Bhí siad sásta m’ainm a chur síos do chóip eile, ach dúirt leo gan bacaint leis, go raibh plean eile agam. Cheannaíos 6 nó 7 gcinn de leabhair leanaí agus d’fhág mé slán acu.

Dar liomsa go raibh an uain agus an chúis agam ar deireadh thiar, triail a bhaint as rud nach raibh deánta riamh agam: leabhair Ghaeilge a cheannach ar an idirlíon. Bhí a fhios agam cá ngabhfainn ag triall orthu.

Is é an mana atá ag an suíomh Litriocht.Com ná “Gach leabhar Gaeilge i gcló”. Ní amháin sin, ach tá roinnte mhaith ábhar fuaime agus físe acu chomh maith. Bhí sé fuirist a dhóthain dom DVD an taiscéalaí bhig a aimsiú ann, agus d’ordaíos dhá leabhar in éineacht leis.

Níor tugadh aon eolas dom maidir le cé chomh fada agus a chaithfinn fanacht dos na h-earraí seo – ach níl aon chúis go gceapfainn go mbeadh sé mí-réasúnta. Thóg sé 3 seachtainí ar bheart ó chomhlacht Meiriceánach mé a shroichint le déanaí – bheinn ag súil leis nach mbeadh moill mar sin ar leabhair Ghaeilge ó chomhlacht in Éirinn.

Ar aon nós, táim an-shásta leis an bpróiséas go dtí seo. Tá córas breá simplí sotuigthe acu le sonraí do chárta creidmheasa a líonadh isteach, agus tagann ríomhphost chugat ar an bpoinnte ag deimhniú an bhearta.

An bhfuil deireadh ré an ghnáth-shiopa leabhar, anois go bhfuil díoltóirí fíorúla mar seo againn? Níl an lá sin tagtha fós, ná baol de, más fíor do Cholmán Ó Raghallaigh ó Chló Mhaígh Eo. Bhí seisean ina aoí ar An Líonra Sóisialta againn an tseachtain seo agus d’inis sé dúinn go ndíolann a chomhlacht na mílte leabhar gach bliain tríd na bealaí dáilithe traidisiúnta. D’admhaigh sé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar a ndíolachán idirlín i mbliana ach go h-áirithe, cé go n-áiritear fós sna “céadta” é.

Is deas an rud é siúl isteach i siopa agus na leabhair a láimhseáil, na leathanaigh a chasadh, toirt agus meáchan scéil a mheas i do láimh. Ach ainneoin an tsásaimh atá sa mhéid sin – níl aon bhaint ag na h-airíonna fisiciúla sin leis an litríocht.

Go deimhin, bhí an litríocht ann sara raibh cuimhneamh ar leabhair, ná fiú ar an scríobhnóireacht. Tá meas arís ar chultúr an bhéil – le fás na leabhar fuaime. Agus tá caint ar chóras nua a chuirfidh ar chumas do shiopa leabhar áitiúil, rogha an domhain mhóir a chur faoi do bhráid. Beidh tú in ann do leabhar a roghnú ar scáileán ríomhaire, agus do rogha clúdach chomh maith! Ansin clóbhuailfear agus clúdófar ar an láthair duit é – taobh istigh de leathuair a chloig.

Dála an scéil, bhí teácschomhrá Skype agam leis an mblagadóir Tom Raftery le linn dom a bheith ag scríobh an ailt seo. Is as an Spáinn do Pilar, bean chéile Tom, agus d’inis seisean dom gurb é an Béarla a bhíonn á mhúineadh ag Dora na mBóthar do leanaí óga na tíre sin.

Kelly Mueller

Déardaoin, Nollaig 07, 2006

Líonra 11.4 - Seol

Dé Céadaoin, Nollaig 06, 2006

Líonra 11.3 - Teach Bán

Líonra 11.2 - Leabhar.Com

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Colmán ó Raghallaigh ó Cló Mháigh Eo
  • Léargas ar ullmhú na leabhar grafach An Táin srl.
  • Buntáistí an idirlín sa bhfoilsitheoireacht.
Dinnéar do Toby, arna fhoilsiú ag Cló Mhaigh Eo
  • Ceol Podslán: Fly Fly Fly le Adrina Thorpe
  • Ceannaigh leabhair Ghaeilge an Nollaig seo! Má tá sibh in Inis Dé Sathairn buail isteach go dtí "Scéal Eile" i Sráid an Mhargaidh thart ar 3pm nuair a sheolfar Aonach Leabhar Gaeilge na Nollag.

Dé Luain, Nollaig 04, 2006

Líonra 11.1 - Cill Chainnigh

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Ábhar na Seachtaine: Na hEalaíona
  • Pictiúr le Bernie Goldbach
  • Sliocht as podchraoladh i ngailearaí le Bernie Goldbach
  • Ceol Podslán: Emily Has Compassion Fatigue le 3 Blind Mice
  • Guth an Phobail! Tugtar cuireadh daoibh páirt a ghlacadh sa tseachtain deireannach den tsraith. Gaeilgeoirí an Idirlín - cá bhfuil ár dtriall? Glaoigh isteach agus fág teachtaireacht, go gcloisfear bhúr nglórtha. 087 2602205 (Éire) (201) 984 3419 (USA)

Líonra 10.5 - Gaeltacht

Buail anseo chun éisteachta!

Ní rabhas i gcónaí mar seo. Ní rabhas i gcónaí chomh sáite san idirlíon agus atá anois. ‘Sí an Ghaeilge is cúis leis.

Rud a fuaireas amach nuair a d’fhágas an ollscoil: meathann an teanga i do cheann gach lá nach mbíonn deis agat í a úsáid.

Níos luaithe i mbliana, bhí díospóireacht ar na blaganna Gaeilge faoin gceist mhór: cad ‘na thaobh nach bhfuil Gaeilge ag formhór an phobail tréis 13 bliana scolaíochta? Is cuimhin liom go rabhas-sa cáinteach go maith ar an gcóras oideachais.

Ach le tuilleadh machnaimh ar an scéal, sílim nach ar na scoileanna atá an locht in aon chor – ach ar an saol mór-thimpeall. ‘Sí an fhadb ná gurb iad na scoileanna an t-aon áit ina bhfuil Gaeilge.

Ní h-é nach bhfuil Gaeilge á foghlaim ar scoil – ach is beag an fháilte atá roimpi amuigh sa tsaol mór.

Níl slí ná acmhainn agam anseo na fáthanna leis sin a phlé – ach sílim nach bhfuil aon duine nach n-aontódh leis an bhfírinne bhunúsach: ní leor teanga a shealbhú, ní foláir í a chothú chomh maith.

Mar sin, cá bhfaigheann tusa do chuid Gaeilge?

B’fhéidir go n’oibríonn tú le Gaeilge? B’fhéidir gur múinteoir tú, ag múineadh Gaeilge le daltaí ná bainfidh úsáid aisti – mura dtéann siad féin le múinteoireacht. B’fhéidir gur fuinneadh agus gur fáisceadh i bpobal Gaeltachta tú – ach má’s amhlaidh duit, an bhfuil ag éirí leat do bheatha a thuilleamh sa cheantar ‘nar tógadh tú?

Fiú má tá cónaí ort sa Ghaeltacht féin, cad é an teanga a labhrann do chomharsana leat? Cad a labhrann páistí do chomharsan leat?

Cé chomh minic agus a chloistear: “Bhí Gaeilge an-mhaith agam agus mé ag dul ar scoil ach tá sí go léir dearmadta agam anois.”

Seo í an fhírinne lom - agus tá fhios ag éinne atá lasmuigh des na “ciorcail ghaelacha” é: murach Raidio na Gaeltachta ní bheadh aon seans ag cuid againn ár gcuid Gaeilge a choimeád.

Dá bhrí sin, tá cur amach nach beag ag mo leithéidí ar ainmneacha na mbailte fearann agus na bpearsana móra i bparóistí na Gaeltachta, ar na ceisteanna polaitiúla agus ar na scéalta báis.

Ach is áit eachtrannach domsa mar sin féin í an Ghaeltacht agus a cuid eachtraí laethúla. Mar sin, ní cóir go ndéanfaí iontas de go dtéim níos faide fós ar thóir na teanga.

Tagann Casla chugam ar mo raidio. Faighim an méid sin ar mo ríomhaire chomh maith céanna – agus Boston, Nua Eabhrach, San Francisco agus Hawaii chomh maith.

Seo iad pobal scaipthe na Gaeilge. Cuid acu ag iarraidh í a fhoghlaim, cuid eile ag iarraidh gan í a dhearmad. Gach duine acu go díograiseach dícheallach ag tóraíocht na Gaeilge dóibh féin.

Agus ag cuidiú lena chéile. Tá an pobal seo buíoch don a bhfuil curtha ar fáil dóibh, agus baintear an-úsáid as acmhainní maithe ar nós beo.ie, focal.ie, gaelport.com, agus gaeilge.ie. Ach is ar scáth a chéile a mhaireann siad go h-iondúil. Tá gach éinne ina mhúinteoir agus in a fhoghlaimeoir, in a áisitheoir agus ina thaca dá chomh-ghaeilgeoirí. Agus tá gach éinne in fhoilsitheoir chomh maith, ar suíomhanna cosúil le daltai.com, scoilgaeilge.org agus gaeilgenaseachtaine.com.

Agus níl aon chuimhneamh ar an bhfad slí atá idir bhaill an phobail seo. Beannaíonn Seán Burke i Missoula, Montana dom aon uair a chíonn sé ar Windows Messenger go bhfuilim ar-líne. Bíonn comhfhreagras agam go rialta le Keola Donaghy in Hawaii. D’fhás Maidhc aníos i Lios Tuathail, ach labhair sé Gaeilge liomsa ar fón Skype óna theach in Vancouver, áit a bhfuil sé in a chónaí le leathchéad bliain.

Ar cheart dom gan bhacaint leis an idirlíon agus “saol” a fháil? Más ea, is saol gan Ghaeilge a bheidh ann.