Friday, May 26, 2006

An Blagadóir: Blagadóireacht na Fiontraíochta

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáBhíos ag caint ar an gcartúnaí Hugh MacLeod an tseachtain seo chaite. Ach tá cáil eile air chomh maith i measc blagadóirí: mar fhiontraí gnó.

Is é Hugh an té atá luaite le feachtas margaíochta blagadóireachta an chomhlacht fíona Stormhoek. Méadaíodh ar a ndíolachán faoi dhó mar thoradh ar a gcuid stocaireachta i measc na mblagadóirí.

Agus tá sé i bpáirtíocht le táilliúir Saville Row, Thomas Mahon a bhfuil custamaeirí ar fud an domhain aige de dheasca a bhlag English Cut.

Chruinnigh fiontraíthe idirlín na hÉireann san Helix in DCU an mhí seo chaite chun éisteacht le duine de laochra Silicon Valley, Marc Canter ag labhairt ag an gcomhdháil Web 2.0 a d’eagraigh Enterprise Ireland. Thuairiscigh Paul Browne go raibh an sainmhíniú seo ag Kevin Sherry ó Enterprise Ireland: “Web 2.0 is the second wave of internet business activity”.

Phléasc Web 1.0 le briseadh na dot-coms in 2001, ach táthar ag súil go mbeidh toradh níos buaine ar an dtonn seo. Tá fuadar faoi chomhlachtaí beaga óga i Silicon Valley agus in áiteanna eile agus faoi lucht an chaipitil atá ag lorg deis mhaith.

Spreag ócáid Enterprise Ireland caint ar na blaganna maidir le nádúr na fiontraíochta agus na coinníollacha atá riachtanach chun í a chothú. Go h-áirithe: cad é an bua mór atá ag Silicon Valley, agus an bhféadfaí a leithéid a chruthú in aon áit eile?

Sin é an cheist a phléigh Paul Graham ag an gcomhdháil XTech in Amsterdam an tseachtain seo chaite. Tuairiscíonn an blag Strange Attractor gur shonraigh Graham na sainghnéithe atá ag Silicon Valley, dar leis, a chuidíonn leis an bhfiontraíocht. Ach ní raibh Jeremy KeithJustin Mason ró-shásta leis an méid a bhí le rá ag Graham faoin nGaeilge.

Tá ainilís ar óráid Graham ar an mblag plasticbag.org agus, mar is minic a bhíonn, tá an léargas is géire le fáil sna tráchtaireachtaí ar an mír sin. Deir Cory Doctorow gurb é an difríocht is suntasaí idir Silicon Valley, agus Londain ná an soiniciúlacht, nó a h-uireasa i gcás an chliamháin cháiliúil teicneolaíochta.

Spreagadh James Corbett chun ceoil le leagan den tsean-bhailéid: “If We Only Had The Valley Over Here”. Agus tá tuilleadh tráchtaireachta ar bhlag James ón aireagóir Chorcaíoch Walter Higgins. Dar le Walter, ‘sé an príomh-phoinnte atá ag Graham ná go gcastar daoine cruthaitheacha agus daoine saibhre ar a chéile i Silicon Valley. Deir Walter go bhfuair na gíceanna agus lucht an chaipitil radharc ar a chéile ag ócáid Enterprise Ireland, ach gur beag an chumarsáid a bhí eatarthu. Dála an scéil, is fiú go mór féachaint ar thionscnamh glic Walter ag pxn8.com.

Measan daoine áirithe go bhfuiltear ag dul thar fóir leis an ndíograis go léir. Dhein beirt innealtóir Bhleá Cliathach suíomh scigaithrise do chomhlacht bréagach a thóg ionspráid ó éachtaí Bruce Willis in Die Hard (nakatomiweb.com). Maireann an tsoiniciúlacht beo beathaíoch i gcónaí.

Tionólfaidh an grúpa IT@Cork cruinniú leath-lae ar Ghréasán 2.0 ar an 8ú Meitheamh i gCorcaigh. Beidh Fergus Burns ó chomhlacht Shligigh nooked.com ina chainteoir, agus beidh teachtaí Silicon Valley ann chomh maith, ina measc Shel Israel, comh-údar an leabhair Naked Conversations ar an mblagadóireacht i gcúrsaí gnó.

Déanfar iarrracht spiorad an chaidrimh neamhfhoirmeálta ó Silicon Valley a aimsiú le “dinnéar na ngíceanna” an oíche roimhré. Agus tuairiscíonn Tom Raftery go mbeidh Stormhoek ag soláthar an fhíona!

Coup margaíochta beag eile do Hugh McLeod, más ea, ach fágaidh mé an focal scoir aige maidir le h-aisling na fiontráiochta idirlín 2.0. Cuireann an teicneolaíocht ar chumas Hugh gnó idirnáisiúnta a stiúradh óna bhaile i gCumbria, slán ó chostáisí árda maireachtála Londain. Ní ar thóir an tsaibhris atá sé, deir sé, ach ar thóir na saoirse.

  • Rogha ceoil idirlín na seachtaine: In Aimsir Bhaint an Fhéir le Connie Dover, cloiste ar Spudshow.
  • Buíochas do focal.ie don téarmaiocht in alt na seachtaine seo!
Lipéid: , , ,

2 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

go raibh maith agam don link

28 May, 2006 12:04  
Arsa Blogger Conn ...

Walter, tá fáilte romhat! Go n-éirí leat, agus le pxn8!

29 May, 2006 16:39  

Post a Comment

<< Home