Thursday, October 18, 2007

Saoirse Cainte faoi Scáth na hAnaithnideachta

[Seo téacs alt an lae inniu. Foilseofar an leagan podchraolta anseo amárach.]

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaChuir Rónán Mac Aodha Bhuí agallamh orm ar a chlár raidio an tseachtain seo chaite, faoi chás an chomhairleora chontae ar fógraíodh liamhaintí faoi ar YouTube. Chuala sibh an scéal is dócha – agus murar chuala, ní chuirfidh mé leis anseo.

Is fuath liom ráflaí scannalacha. Ar shlí, is é an t-idirlíon an t-inneall is fearr a ceapadh riamh chun scéalta mar seo a scaipeadh, ach ar shlí eile, is é sin an chúis nach bhfuil mórán meas ar an idirlíon céanna mar fhoinse nuachta. Mar a dúirt mé le Rónán, tá sé cosúil le doras an leithris. Is féidir le h-aon duine aon rud a scríobh ann ach, os rud é go dtuigeann daoine stuama é sin, ní thógann siad aon cheann de.

Dar ndóigh is beag an sólás sa mhéid sin don té a bhfuil dochar déanta dá chlú, ach mar a dúirt mé chomh maith, is minic a bhíonn cabhair le fáil i dtéarmaí agus conníollacha na suíomhanna ar a bhfuil na teachtaireachtaí foilsithe. Tá cosc ar fhuathchaint ar YouTube, agus ar mhí-úsáid steiréitíopaí. Agus faoi bhun gach físeán ar YouTube, tá nasc beag faoin dteideal “Flag as inappropriate”, ag tabhairt cuireadh don lucht féachana, bainistíocht an tsuímh a chur ar an eolas faoi mhí-úsáid.

I gcás an fhíseáin a mhaslaigh an comhairleoir, bhí sé bainte anuas ag YouTube faoin am go ndeachamar ar an aeir.

Ach tá rud amháin nár phléas le Rónán, ceal ama, agus ní miste é a lua anseo. Cinnte, is droch-rud é a bheith ag caitheamh maslaí suaracha faoi scáth na h-anaithnideachta. Ach uaireanta is gné tabhachtach den tsaoirse cainte é a bheith in ann do phearsa a cheilt.

Ar nós an graffiti féin, is féidir cúlchaint gan mhaith a léamh ar fhallaí – ach is féidir teachtaireachtaí polaitiúla a léamh chomh maith. Agus aithníonn gach duine go bhfuil sé tabhachtach nach gcuirfí an fhírinne faoi smacht mar gheall ar bhagairtí don sceitheoir. Cloistear caint go minic ar “whistleblowers’ charters”.

Phléamar an bhlagadóireacht gan ainm cheana sa cholún seo. Luaigh mé an sean-bhlag “Alive in Limerick” a dheineadh tuairisceoireacht agus tráchtaireacht ar nuacht na cathrach sin. Tá blag nua anois ann, cé nach eol dom an bhfuil aon bhaint ag a chuid údar leis an sean-bhlag. Go deimhin ní fios cé h-iad scríbhneóirí an tsuímh limerickblogger.org, ach tá an-éileamh ar a gcuid tuairiscíochta i measc muintir Luimní i gcéin agus i gcóngar. Agus thána ar sceithbhlag suimiúil eile le linn na seachtaine seo, ina nochtann sagart Caitliceach a smaointí macánta ar an gCríostaíocht agus ar an eagráiocht ina bhfuil sé ag saothrú. Tá sé sin ag clericalwhispers.blogspot.com.

Lipéid: , , ,

Thursday, October 11, 2007

Imeall #182: Fíor-Chomhluadar na bhFíor-Ghael

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhí áthas orm cuireadh a fháil ó Chomhairle Chontae an Chláir, chun freastal ar sheoladh a scéim teanga Dé Luain seo chaite in Inis. Is breá liom a bheith ag bladar le Gaeilgeoirí ar an idirlíon gach aon lá – ach ní sháraíonn sé sin fíor-chomhluadar an fhíor-Ghaeil, nuair a bhíonn deis agam é a fháil!

Is é seo an 13ú scéim teanga de chuid údarás áitiúil atá foilsithe faoi choimirce an Acht Teanga 2003. Is polasaí cuimsitheach agus soiléir é faoi na cúinsí in ar féidir a bheith ag súil le seirbhísí tré Ghaeilge agus faoin bhforbairt atá beartaithe don dtréimhse trí bliana atá romhainn. Luadh go bhfuil 30 ball fóirne de chuid na comhairle a bhfuil socrú déanta go bhfaighfidh siad oiliúint sa Ghaeilge.

Is mithid sin. Dhein cathaoirleach “An Clár as Gaeilge”, Domhnall Ó Loingsigh, tagairt dos na staitisticí daonáirimh is déanaí ar úsáid na Gaeilge. Níos déanaí, nuair a bhaineas an baile amach, léas féin iad ar gaelport.com. 1.66 milliún duine a deir go bhfuil Gaeilge acu, agus Contae an Chláir sa tarna h-áit, i ndiaidh na Gaillimhe, ach chun tosaigh ar na contaetha eile ina bhfuil Gaeltachtaí.

Chuir Panu Hoglund ceist mhaith, i dtráchtaireacht ar gaelport.blogspot.com: “Is féidir glacadh leis go bhfuil cuid mhór Gaeilgeoirí teipthe amuigh ansin a mb'fhéidir dúinn, mar lucht cúise, iad a spreagadh chun an teanga a úsáid. Ceist eile is ea é, cad is cúis leis nach bhfuil éirithe linn é sin a dhéanamh?”

Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm ag léamh an dán caointe i nGaeilge a scríobh Áine Durkin, deirfiúir an tsaighdiúra Mheiriceánaigh Ciara Durkin a maraíodh san Afganastáin. Is cara í an file le Gaelbhlagadóir na bliana Hilary Mhic Shibhne i Nua Eabhrach agus tá an dán foilsithe ar a blag hilaryny.blogspot.com.

Tá cuid mhaith mothúchán pearsanta le léamh ar an suíomh PostSecret. Molaim go mór do aon duine cuairt a thabhairt air. Togra ealaíne is ea é, a thugann aitheantas don mbriseadh croí a bhíonn i rún nach féidir a insint.

Scríobhann daoine rún a gcroí ar chárta poist. Go minic bíonn sé maisithe go taibhseach acu, le pictiúir, le grianghrafanna, nó le collage. Seoltar na cártaí go dtí riarthóir an tsuímh, Frank Warren, agus roghnaíonn seisean cuid acu le taispeáint ar an an suíomh.

Foilsíonn sé i bhfoirm leabhair iad chomh maith. Seoladh an leabhar is déanaí sa tsraith i Meiriceá Dé Luain: A Lifetime of Secrets.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Fuinneoga Oscailte?

[Mo leithscéal, ach seo dhaoibh alt na seachtaine seo chaite as Lá Nua. Bhíos breoite agus ní rabhas in ann podchraoladh a dhéanamh. Tá alt nua agam inniu, agus cuirfidh mé anseo níos déanaí inniu é.]

Foilsíodh an t-alt seo i Lá Nua an tseachtain seo chaiteTá sé bliain ar an bhfód, ach is cosúil nach go ró-mhaith atá ag éirí le córas oibriúcháin Microsoft: Windows Vista.

Ag blagáil dó ar news.com an tseachtain seo chaite, scríobh an t-iriseoir Don Reisinger alt faoin dteideal conspóideach: “Why Microsoft must abandon Vista to save itself”. Tuairiscíonn sé go bhfuil fearg ar dhaoine a cheannaigh Vista toisc go bhfuil oiread fadhbanna leis. Bliain i ndiaidh a sheolta, creideann Reisinger go bhfuil córas oibriúcháin Microsoft ina chloch mhuilinn ar mhuineál an chomhlachta.

Tuairiscíonn arstechnica.com go raibh ar Microsoft géilleadh don mbrú ó na mór-dhéantóirí ríomhairí agus ó dhíoltóirí eile, síneadh a chur leis an dtréimhse ina mbeidh an sean-chóras Windows XP fós ar fáil.

Bhí Reisinger ina aoí speisialta ar an bpodchraoladh This Week in Tech Dé Domhnaigh. D’aontaigh rannpháirtithe eile an chláir go h-iomlán leis. Dúirt cuid acu go bhfuil oiread dul chun cinn déanta ag Apple le blianta beaga anuas, gur dóigh leo gurb é an Mac an rogha is fearr do úsáiditheoirí baile anois. Agus tá dúshlán mór á thabhairt ag cuid des na córais Linux sa mhargadh céanna, Ubuntu ach go h-áirithe.

Ní h-é Windows amháin atá i mbaol, ach an táirge is tairbhí atá ag Microsoft: Office. Sá chás sin, tá an bhagairt ag teacht ó OpenOffice.org a thagann saor in aisce leis na córais Linux, mar shampla, nó fiú ó Google Docs & Spreadsheets a mhaireann “ar-líne” agus ar féidir a úsáid saor in aisce, nó le seirbhísí speisialta ó Google ar phraghas an-íseal.

Is táirge “foinse-oscailte” é OpenOffice.org agus cuidíonn slua mór daoine ar fud an domhain lena fhorbairt. Tá sé suntasach gurb shin é an straitéis atá á mholadh ag an dteic-bhlagadóir Éireannach Tom Raftery do Microsoft chun Vista a shábháil.

Tá Microsoft ag cur leaganacha idirlín de roinnt dá gcuid táirgí oifige ar fáil chomh maith. Agus tá ag éirí go sár-mhaith le táirgí eile dá gcuid. Tá árd-mheas ar an X-box 360 do chluichí ríomhaireachta, agus maíonn siad gur thóg an cluiche Halo 3 (a sheoladar an tseachtain seo chaite) an chraobh don teacht isteach is mó riamh d’aon táirge siamsaíochta ar lá a sheolta: scannáin san áireamh!

Ach tá saol na ríomhaireachta ag athrú. An féidir le Microsoft athrú leis? Níl a n-iar-chomhleacaí Robert Scoble ró-dhóchasach faoin méid sin, má fhanann an bhainistíocht atá acu i réim. Bhí sé ag trácht ar ráitisí phríomh-fheidhmeannach Microsoft, Steve Balmer, nach raibh faic i gcóras Facebook (an líonra sóisialta a bhfuil ráflaí faoi go gceannóidh Microsoft sciar ann), nach bhféadfadh innealtóirí Microsoft a chruthú taobh istigh de chúpla bliain. ‘Sé tuairim Scoble nach gcuideoidh an “mór-is-fiú” sin le Microsoft sna laethanta atá romhainn amach.

Lipéid: , , ,