Wednesday, May 18, 2005

Inniu an Chéadaoin, an t-ochtú lá déag de mhí Bealtaine ...

De réir tuairiscí, níl Star Wars III chomh h-olc agus a deir cuid des na léirmheastóirí. (Bhaineas an-shásamh as an gceann seo: 40 cúis chun Star Wars a sheachaint.) Ní raghainn chuige anois, os rud é nach bhfuil Mír II feiscthe agam - ach b'fhéidir go dtabharfad faoin ndá cheann uair éigin ar DVD. Uair éigin a bhíonn an t-am agam.

Sin rud nach bhfuil agam faoi láthair. Tá cúrsaí teaghlaigh ag brú go trom orm - agus beidh go ceann tamaill. Caithfidh mé gearradh siar ar rudaí "imeallacha", agus díriú ar bhun-chlocha an tsaoil: bás, beatha agus breith. Nach ait sin? Is gnáthaí na focail sin a lua in a mhalairt oird. Ach sa chás seo, is é an bás an gad is giorra dúinn. Ar shlí, níl léiriú fíor ar an dá fhocal eile ach le h-ais an bháis. Timthriall nádúrtha is ea é, agus ligtear an lóchrann ó ghlúin go glúin.

Ní mór an sólás atá sa mhéid sin - ach sin é an saol mar atá. Aithníonn leanaí óga, fiú an méid sin. Ach má tá an t-aitheantas againn, níl an tuiscint - nó ní fuirist an tuiscint a léiriú i bhfocail.

Deinimíd iarracht dearmad a dhéanamh ar an mbás. Ach níor éirigh le h-aon duine riamh é a sheachaint. Geallann Íosa Críost gur féidir an bás a shárú ach fós caithfear é a fhulaingt i dtosach, mar a dhein Sé féin.

Beidh an bhlagáil éadrom ar an suíomh seo go gceann tamaill. Má léann tú an blag seo, gabh mo leithscéal as an sos - ach tá deis agatsa anois. Ag barr an leathanaigh seo, ar chlé, cífidh tú logo beag agus "Blogger" scríte air. Cliceáil air san agus beidh tú in ann do bhlag féin a chruthú. Ní thógfaidh sé 5 nóimeat ort - ní gá aon eolas teicniúil - agus ní gá duit aon eolas pearsanta a nochtadh, ach oiread liom féin. Ach bíodh sé i nGaeilge agat. Fiú más smaointeóir nó scríobhnóir ar leith tú, ní bheidh ionat ach braon báistí i dtuilleadh mór na mblaganna Béarla. Tá meas mór agam ar na blaganna Béarla - agus deinim tagairt orthu go minic anseo - ach caithfear blagchruinne Gaeilge a chothú lena h-ais. Tá breis agus 400 blag Éireannach i mBéarla bailithe ar Planet of the Blogs agus is mór an cur agus cúiteamh atá á spreagadh i measc phobal atá chomh líonmhar agus chomh h-éagsúil is atá sé sin. Tá an éagsúlacht chéanna i mblagchruinne bheag na Gaeilge - ach níl an líon againn. Mar sin, tabhair buile ar son na cothromaíochta! Tabhair faoi!

Lipéid: , ,

Saturday, May 14, 2005

Dia idir sinn agus Jar Jar Binks

Slugger O'Toole ag faire na léirmheasanna ar Star Wars: Episode III - Revenge of the Sith.

Bhíos ar bís ag feitheamh ar Mhír I nuair a tháinig sé amach. Mheasas go raibh seans ann chun iontas na h-óige a bhrath ath-uair. Ní fhaighim an deis go minic dul go dtí an phictiúrlann, ach bhíos meáite ar an scannán san a fheiscint. Nuair a thugas bean an tí seo go dtí Star Trek Generations, thit sí dá codladh agus an Enterprise ag titim go talamh. Mar sin, bhí a fhios agam go mbeinn i m'aonar! Sa deireadh, d'éirigh liom cúpla uair a chloig a fháil saor, iarnóin Shathairn, chun matinée a fheiscint.

Ní raibh ach beirt eile sa phictiúrlann an lá san, agus ba mhilltineach an cur amú ama é don triúir againn! Ar éigin a d'éirigh liom é a fhulaingt go deireadh, agus níor bhacas le Attack of the Clones in aon chor.

N'fheadar an ag dul in aois atáim?

Lipéid: ,

Friday, May 13, 2005

Greann & Cultúr

Fuaireas teachtaireacht téacs ó chara Pacastáineach leis an scéilín seo:
Tá Ganguly agus a bhean ag bualadh craicinn nuair a deir sé: 'Tá an pháirc ró-thirim. Níl an féar lomtha. Tá an pháirc sheachtrach mall.'
'Seafóid', arsa an bhean. 'D'éirigh le Afridi céad a aimsiú ar an bpáirc chéanna!'
Tá daoine - agus an greann ach go h-áirithe - mar an gcéanna ar fud an domhain. Bíonn orainn difríochtaí beaga cultúrtha a shárú más mian linn caidreamh a chothú. Sa chás seo, is í an difríocht is suaithinsí ná an easpa eolais atá ag Éireannaigh ar "cricket"! Tá Ganguly ina chaptaen ar fhoireann cricket na h-India, fear a raibh droch-bhiaiste aige le déanaí. Is batadóir Pacastáineach é Afridi!

Lipéid: ,

Thursday, May 12, 2005

Tuilleadh blúiríní

Aimsithe tríd POTB - nó lena chabhair. Deis ath-chóirithe do mo bhlagrolla atá ar imeall na leathanach seo.Lipéid: , ,

Monday, May 09, 2005

Oll-mhargadh na Lag-mheasarthachta Angla-mheiriceánaí

"oll-mhargadh na lag-mheasarthachta angla-mheiriceánaí" Nach an-ghleoite an abairtín í? Tá "the mass-market for anglo-american mediocrity" maith a dhóthain, ach, chun blaiseadh ceart na tarcaisne a fháil, níl sárú ar an nGaelainn!

Is le Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Foinse, an fhoclaíocht iontach seo, agus is in eagrán na seachtaine seo den nuachtán sin a bhain sé úsáid aisti, in alt ag plé Anocht FM agus ag déanamh léirmheasa ar laethanta tosaigh na seirbhíse nua ar RnaG.

Ach ní h-amhlaidh go bhfuil rogha ceoil Rónáin Mhac Aodha Bhuí á cháineadh aige - ach a mhalairt. Dar leis, tá an ceol atá á chasadh "ró-mhaith" chun freastal ar "oll-mhargadh na lag-mheasarthachta angla-mheiriceánaí".
Tá Peigín Leitir Mór ag géilleadh slí do na Pixies ar RnG agus meallfaidh sin tuilleadh éisteóirí, ach ní mheallfar na sluaite nó go ngéilleann sí slí do Britney Spears ar sheirbhís eile.
Go deimhin, chuala tuairim an-chosúil leis seo á léamh amach ag Rónán an oíche cheana, tuairim a bhí fachta aige i dteachtaireacht téacs ó éisteoir sa Ghaillimh.

Mar a bhfuil déanta anseo, deineann an Gairbhíoch tagairt don tuairimíocht i dtaobh na "seirbhíse eile" a dhéanfadh freastal cuimsitheach ar an aos óg. Im' thuairmse, is féidir oiread tránna a fhreastal agus a bhfuil de bhandaí craolta ar fáil sa tír seo, agus má tá rogha leathan éisteachta ag Béarlóirí na tíre seo, cad 'na thaobh go mbeadh ar phobal na Gaeilge a bheith ag bruíon eatarthu féin faoi liricí Béarla ar an t-aon mhinicíocht shuarach atá againn? Tugtar stáisiún ceoil Gaeilge don aos óg - agus bíodh RnaG ag na "caipíní"!

Lipéid: , ,

Saturday, May 07, 2005

Blúiríní Blasta

Tá léargas suaithinseach le fáil ar an meon Éireannach, agus ar iontaisí an domhain mhóir, mar a chítear iad do mhuintir an oileáinín seo. An comhbhailitheoir blaganna Planet of the Blogs atá i gceist agam, atá ag faire breis agus 400 blag ag an bpointe seo. Tá 400 blagadóir Éireannach ag breacadh ar buile ar a rogha ábhar, agus tugtar an t-iomlán le chéile in aon suíomh amháin, áit a thángas ar na blúiríní blasta seo:
  • An cuimhin libh foghlaithe mara raidió na seachtóidí - leithéidí Radio Caroline, ach go h-áirithe? De réir dealramh is féidir níos mó ná dlithe craolta a shárú má thugann tú an fharraige ort féin. Tugann Eirepreneur an scéal chugainn gur bhfuil sé i gceist ag comhlacht Meiriceánach cláraitheoírí ríomhaire eachtrannacha a thabhairt go Meiriceá. Ní bheidh feidhm ag na rialacha inimirce, toisc ná tiocfaidh na h-oibrithe i dtír!
  • Tá áit lárnach ag an tragóid sa litríocht leis na cianta, ach an féidir mór-théamaí na tragóide clasaicí a phlé i gcás an ghnáth-dhuine? An gá do laoch na tragóide bheith ina rí, nó conas mar a luíonn Willy Loman le taobh Hamlet? Ní nách ionadh go bhfuil freagra na ceiste seo ag Arthur Miller - buíochas do Catholic Ireland Blog.


Lipéid: , ,

Wednesday, May 04, 2005

Géilleadh Slí don mBéarla?

Bhuel - níor thit an spéir. Ná níor las sí ach an oiread!

Chun an fhírinne a rá, bhí cúram eile orm ag an am agus níor thugas ach leath-cluas don chéad eagrán de Géill Slí, clár atá ina chuid lárnach de sheirbhís nua Raidió na Gaeltachta don aos óg. Ba chuma i ndáiríre, mar ní raibh ann ach eagrán speisialta, le ceolchoirm beo ó stiúdío na nDoirí Beaga. Ní féidir an clár nua a mheas ar imeachtaí oíche ar leith den tsaghas san. Níor chuala aon chuid de chlár na h-oíche aréir áfach - ach déanfaidh mé iarracht é a chlos go luath.

Mar sin féin, chuala Maidhc Dainín Ó Sé ag caint an lá dár gcionn ar An Saol ó Dheas. Níor mhíshásta go dtí é! Dár leis go bhfuil an bhearna oscailte anois don mBéarla ar RnaG. Ní thagainn leis an dtuairim sin go h-iomlán. B'fhearr liom féachaint ar Anocht FM mar stáisiún eile ar fad ar shlí - a bhfuil an mhinicíocht chéanna á roinnt acu le RnaG de réir ama. Sílim gurb í sin an chúis go dtugadar ainm ar leith dó. Uair éigin amach anseo, b'fhearr liom Anocht FM a fheiscint ar a mhinicíocht fhéin agus RnaG ag leanúint lena sean-pholasaí, ach mar a deirim, is freastal stuama é seo ar mhianta phobal éisteachta na Gaeilge, mar a léiriodh iad le déanaí i suirbhé de chuid an BCI.

Mar sin féin, is deacair poinnte amháin de chuid Mhaidhc Dainín a shéanadh, 'sé sin, gur deacair a shamhlú go meallfaidh clár nua Áine Hensey aon éisteóir nua go RnaG nach raibh ag éisteacht cheana féin. Ar "Folk & Ballads" is mó a bheidh an clár seo dírithe, is cosúil. Dar le Maidhc Dainín, dá n-éisteodh duine le bailéid i mBéarla, d'éisteódh sé le ceann i nGaelainn chomh maith. Sílim go n-aontóinn leis - ach mar sin féin, táim ag súil le clár Áine a chlos. Tuigim gur cás ar leith í cás na Gaeilge maidir le bagairt an Bhéarla agus go bhfuil cúiseanna maithe i bhfábhar sean-pholasaí RnaG. Ach ní dóigh liom gur maith an rud é i bprionsabal bac teangan a chur i bhfeidhm ar an gceol a chastar. Tá suim agam a fheiscint cén sórt cláir a churfidh Áine le chéile nuair atá rogha níos leithne ceoil aici.

Lipéid: , ,

Monday, May 02, 2005

Anocht FM Anocht

Anocht oíche mhór sheolta Anocht FM, seirbhís nua do dhaoine óga ar Raidió na Gaeltachta, in a gceadófar amhráin le liricí Béarla, rud a bhí cosctha ar an stáisiún sin le breis agus 30 bliain.

Tá amhras ar roinnt mhaith daoine faoin athrú seo, cuid d'fhoireann an stáisiúin féin san áireamh.

I gcolún Beocheist an Irish Times, pléann Deirdre Ní Chearra (síntús de dhíth) an scéal. Dar léi, níl an t-aos óg meallta ag an smaoineamh seo:
Dúirt siad nach raibh cúpla amhrán Béarla chun iad a mhealladh chun éisteacht leis an stáisiún níos minice. Ar ndóigh, tá liricí Béarla le fail ar gach stáisiún eile in Éirinn! Dar leo, má thosaítear ag labhairt Béarla ar RnaG, d'imeodh an t-aitheantas speisialta a bhí acu cheana. Bhí cuid acu cinnte go dtosnódh an Béarla ag fáil an lámh in uachtar ar an stáisiún.
Is cinneadh cinniúnanach é athrú polasaí den tsaghas seo. Tá daoine imníoch faoi, agus tuigim dóibh. 'Sé mo thuairim féin go mb'fhearr go mór stáisiún nua ar mhinicíocht eile a bhunú le h-ais RnaG. Ach sin ráite, caithfidh mé a rá go bhfuilim tinn tuirseach de cheol traidisiúnta. Ar mhaithe leis an nGaeilge amháin a bhím ag éisteacht le RnaG, agus, cé gur maith liom ceol traidisiúnta, ní h-é mo rogha ceoil é. Nuair a bhíos ar chomh-aois le Deirdre Ní Chearra agus a comrádaithe, bhíos ar aon intinn leo, ach sílim go bhfuilim níos réalaí anois. Níl daoine óga ag éisteacht le stáisiún raidió ná casann a gcuid ceoil.

Táim ábhairín imníoch faoin athrú seo, ach táim ag suíl go mór leis ag an am céanna. Tá siad ag lorg moltaí don chéad amhrán a chasfaidh Rónán Mac Aodha Bhuí ag a 9 a chlog anocht. Is féidir tuairimí a sheoladh chucu ag anochtfm@rte.ie. Ádh mór orthu!

Lipéid: , ,

Sunday, May 01, 2005

A Dhochtúir, Leighis Tú Féin.

Tá trua agam do Jim McDaid. Tá galar uafásach aige. Ach in ainneoin an trua ná an taise, ní cóir a dhearmad go gcaithtear an t-alcóileach féin agus an pobal i gcoitinne a chosaint óna ngníomhartha. Is ar na Gardaí agus ar SIP atá an cúram sin sa chás seo, ar nós cás ar bith eile.

Tá prionsabal tabhachtach i dtaobh ceannasaíochta na Dála: 'sé sin nách bhfuil sé de cheart ag éinne, ach amháin ag toghlacht Dhún na nGall Thoir-Thuaidh, é a ruaigeadh as a shuíocháin Dála, ná fiú iarraidh air éirí as. Níl mórán meas agam ar Bertie Ahern, ach tuigeann seisean an prionsabal sin agus sin í an chúis nár iarr sé ar McDaid éirí as a shuíochán. Maidir leis na toghthóirí, mheasfainn gurb é is dóichí ná go mbeidh bá acu lena chás, agus go gcoimeádfaidh sé a shuíochán sa chéad toghchán eile.

Maidir le aireacht rialtais áfach, is ceist eile ar fad é sin. Dá mbeadh sé ina aire sinsearach nó sóisearach ag am na h-eachtra seo, ní fhéadfadh sé an post sin a choimeád, is cinnte. Ach chaill sé a aireacht shóisearach in athshuaitheadh na bliana seo chaite (síntús de dhíth). Ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá mba rud é gurb amhlaidh a bhí baint ag fadhbanna ólacháin MhacDaid ar chineadh an Taoisigh an t-am sin. Is mór-scéal agus iontas é an eachtra seo is déanaí, ach ní foláir nó go raibh na comharthaí sóirt le feiscint ag a comhghleacaithe le tamall anois.

Mar sin, cad 'tá in ndán dó? Fiú má sheasann sé arís, is ar éigean a gheobhaidh sé post rialtais go deo arís. Tuairiscítear go bhfuil sé tar éis filleadh ar an ndochtúireacht ó chaill sé a aireacht. B'fhéidir gur ar sin, agus ar leigheas a fhadhbanna pearsanta féin, ar chóir dó a chuid iarrachtaí a dhíriú feasta. Guím rath air.

Lipéid: , ,