Saturday, March 15, 2008

Conn & Concubhar



Casadh iar-eagarthóir Lá Nua, agus mo shean-chara scoile, Concubhar Ó Liatháin orm inné.

Thaispéaineas Qik.com dó (an stáisiún teilífise i do phóca!)

Lipéid: , , , ,

Sunday, March 09, 2008

Oireachtas na mBlaganna

Foilsíodh an t-alt seo Déardaoin i Lá NuaBhí an-oíche Dé Sathairn ag Gradam na mBlaganna i mBaile Átha Cliath. Bhí breis agus 400 duine a bhailigh le chéile i lárionad spioradálta na blagadóireachta in Éirinn, Óstán an Alexander.

Táimse ag gabháilt don chraic seo anois le tamall, agus aithne mhaith curtha agam ar chuid mhaith blagadóirí aitheanta faoin am seo. Agus ní ríomh-aithne atá i gceist agam ach oiread. Do b’é seo an 3ú Irish Blog Awards ach, ní h-é sin an t-aon ócáid ag a mbíonn na blagadóirí ag cruinniú.

Go deimhin, le bliain nó dhó anuas tá méadú mór ag teacht ar líon na gcruinnithe, agus tá siad scaipthe ar fud na tíre chomh maith.

Mar sin, níor chuir sé iontas ar bith orm nuair a shroicheas an Alexander Dé Sathairn go rabhas tréis labhairt le leathdhosaen blagadóir a raibh aithne agam orthu sara fuaireas eochair an tseomra fiú amháin.

Bhíos mar a bheadh fíor-ghael ag tuirlingt ar Oireachtas na Gaeilge. N’fheadar an é an IBA, Oireachtas na mBlaganna?

Feictear go bhfuil sé ag fás agus ag forbairt, bliain i ndiaidh bliana. Ní amháin go raibh méadú ar an slua a d’fhreastail ar an oíche, ach thapaidh roinnt des na grúpaí spéise éagsúla an deis chun mion-ócáidí a thionól ar an imeall.

Tá an toradh is feiceálaí ó na cruinnithe imeallacha seo le feiscint i gcnuasach na bpictiúr a tógadh le linn chruinniú na ngrianghrafadóirí, ar shráideanna lár na cathrach san iarnóin Dé Sathairn. Tá siadsan, agus pictiúirí ón oíche féin le feiscint ar Flickr.com: cuardaigh an téarma irishblogawards.

Bhí an-chomhrá agam ar an oíche le roinnt cheirdbhlagadóirí, lucht na cniotála ach go h-áirithe. Ní chuir sé iontas ar bith orm a chlos go bhfuil an bhlagadóireacht ag cur dlús agus éifeacht le h-iarrachtaí an phobail sin, chomh maith céanna agus atá sí ag treisiú agus ag cuidiú le gach aon saghas grúpa spéise ar leith – an Ghaeilge san áireamh.

Bhí sé in a chúis áthais dom an méid daoine a bheannaigh i nGaeilge dom ar an oíche. Tá Gaeilgeóirí i ngach aon áit. Cruthaíonn an bhlagadóireacht an méid sin mura raibh sé soiléir cheana: nocht do chuid Gaeilge, agus nochtfar Gaeilge chugat.

Agus dar ndóigh bhaineas an-shásamh as an mbua a fógraíodh do Ghradam na Gaeilge ag an IBA. Tá sé tuillte go maith ag údar anaithnid an tsuímh Gael Gan Náire, agus is comhartha maith é ar ardchaigheán na blagadóireachta atá ar siúl i nGaeilge.

Tá Seachtain na mBlaganna baistithe ar an seachtain seo, ó tharla oiread imeachtaí éagsúla a bheith ar siúl. Tháinig BlogTalk 2008 sna sála ar an IBA Dé Domhnaigh: comhdháil idirnáisiúnta 3 lá i gCorcaigh do lucht léinn agus fiontraíochta sa réimse seo. Agus tionólfar Creative Camp (ar mhúnla BarCamp) i gCill Chainnigh Dé Sathairn beag seo. Tuilleadh Eolais ar creativecamp.barcamp.ie.

Agus níl iontu seo ach na mór-ócáidí. Tá Tweetups (do lucht Twitter!) agus Blogger Coffees ag leathnú ar fud na tíre. Ócáidí sóisialta is ea iad seo, níos mó b’fhéidir ná na Open Coffees atá ar siúl le nach mór bliain agus a bhfuil dírithe níos mó ar chúrsaí gnó. Agus thosnaigh sraith nua líonraíochta gnó tar éis na Nollag: TechLudd, a reachtálann cruinnithe míosúla ar fud na tíre.

Is leor an méid seo mar fhianaise, im’ thuairimse go bhfuil tionchar nach beag ar an mblagadóireacht ar an saol. Cothaíonn sí an éagsúlacht, rud a chuidíonn le mion-fhiontraithe, le lucht na cniotála, agus - siúrálta glan – leis an nGaeilge.

Lipéid: , ,

Saturday, March 01, 2008

Craoladh Beo ó na Irish Blog Awards

Comhgháirdeachas le Gael Gan Náire, buathóir Gradam na Gaeilge ag na Irish Blog Awards, urraithe ag Edgecast Media agus An tImeall.

Dála an scéil, bhí cruinniú fíorúil agam le beirt Ghaeilgeoir Idirlín (Kevin Scannell agus Pádraig Schaler, bail ó Dhia orthu!), níos luaithe Dé Sathairn. Bhaineas úsáid as beo-shruthú Ustream.TV, agus d'éirigh cuíosach maith leis an iarracht.

Cruinniú Fíorúil na nGaelbhlagadóirí

Mar a dúirt anseo cheana, beidh cruinniú beag na nGaelbhlagadóirí ann inniu i bhforsheomra Óstán an Alexander (léarscáil anseo).

Íomhá do chruinniú na nGaelbhlagadóirí, deartha ag Sabrina Dent


Teastaíonn uainn freastal ar Diaspora na mBlaganna Gaeilge chomh maith leis na daoine atá in ann a bheith i láthair! Mar sin, táimíd chun na seirbhísí Qik agus Ustream a úsáid chun beo-chraoltaí físe a dhéanamh ón ócáid.

Is é Ustream an ceann is dóichí a bheidh in úsáid agam, ach beidh an córas eile ina dhara rogha agam.

Mar sin:

16:00 An cruinniú colainne. Sa Lobby, Óstán an Alexander.
16:45 Beo-chraoladh físe ar imeall.com.

Ma bhuaileann sibh isteach ar an suíomh seo (imeall.com) ag 16:45 GMT, beidh scáileán le feiscint ag barr an leathanaigh. Beidh sibh in ann cliceáil are an scáileán sin le dul tríd go dtí an leathanach Ustream. Beidh seomra cainte ansin aguis beidh sibh in ann bhúr gcuid teachtaireachtaí a chlóscríobh ansin chugainn.

'Sí an chúis go bhfuil dhá am difriúil againnn ná go bhfuil fhios agam nach mbíonn gach duine sásta páirt a ghlacadh i gcraoladh físe. Sa tslí seo, beidh seans againn comhrá ar ár suaimhneas sara gcuirfear an ceamara ar siúl, agus ansin, is féidir le daoine áirithe suí as radharc an cheamara más fearr leo é sin.

Buíochas ó chroí le Sabrina Dent, a dhein graific dheas na stocaí bána don gcruinniú seo!