Thursday, April 24, 2008

Caidreamh Sóisialta

[Ní raibh alt i Lá Nua an tseachtain seo agam, ach seo dhaoibh alt na seachtaine seo chaite! Tá cúrsaí anseo ag feabhsú, de réir a chéile - agus buíochas le Bríd! :) Dála an scéil, beidh scéal nua le nochtadh againn anseo i gceann coicíse ... ;) ]

Dheineas iarracht an tseachtain seo chaite, míniú éigin a thabhairt ar an gcúis go gceaptar go bhfuil idirlíon nua againn faoi láthair - idirlíon ar fiú ainm nua a thabhairt air, mar atá á dhéanamh ag saineolaithe teicneolaíochta leis an téarma “Web 2.0”.

Na cúinsí sin a luaigh mé: leathanbhanda, soghluaiseacht agus cumhacht na ríomhairí pearsanta (agus póca) - tá siadsan tabhachtach - ach teastaíonn uaim inniu díriú ar ghné fíor-shuntasach: an gné sóisialta.

Is idirlíon sóisialta atá i gceist le Gréasán 2. Tá sé maith a dhóthain a bheith ag léamh altanna agus ag féachaint ar fhíseáin ach níl ach méid áirithe ama a mbeidh duine sásta ábhar a shú isteach go fulangach ar nós práta toilg! Iarrann Greásán 2 ort a bheith gníomhach agus páirt a ghlacadh. Bhí gnéithe de sin riamh againn leis na cláir phlé, ach tá sé i gcroílár an ghreásáin nua seo le leithéidí Bebo, MySpace, Facebook, YouTube agus araile.

Feictear tabhacht na suíomhanna nua seo nuair a chuirtear san áireamh an méid ama a chaitheann daoine orthu. Ní leasc le daoine óga, ach go h-áirithe, 2 nó 3 uair a chloig a chaitheamh, uaireanta, ar an idirlíon.

"2 nó 3 uair a chloig, a deir tú?! Ní fhéadfadh sin a bheith sláintiúil."

B'fhéidir nach bhfuil sé sláintiúil - ach cad é an méid ama a chaith tusa aréir i do chnap sínte ós comhair na teilifíse?

Go deimhin is ag tréigint na teilifíse atá cuid des na daoine óga seo. Ní h-é sin le rá nach bhfuil siad ag féachaint ar fhíseáin cheoil, ar shobaldrámaí agus fiú ar scannáin iomlána. Ach is ar leathanaigh idirlín a gcáirde a aimsíonn siad na h-ábhair seo. Níl siad ag roghnú a gcuid ábhar siamsaíochta ó na sceidil a fhoilsíonn na craoltóirí, ach ar fhocal a gcuid cáirde féin. Tá an t-ábhar a gcuireann siad suim ann scagtha ag gréasán a gcáirde - pléite, molta, cáinte, scaipthe - agus é in a dhlúthchuid den gcaidreamh sóisialta a eascraíonn ar dtús as an gcaradas sa bhfíor-shaol, agus a fhorbraítear i mbealaí éagsúla ar ghréasáin an nua-idirlín.

Bhaineas úsáid cheana as físeáin eolais ó commoncraft.com, chun míniú deas éifeachtach a thabhairt ar choincheapa idirlín, agus sílim nár mhiste é a dheánamh anseo arís. Má thugann sibh cuairt ar imeall.com ar maidin tá súil agam go maithfidh sibh dom an Béarla sa bhfíseán "Social Networking in Plain English". Níl ann ach cúpla nóiméad, ach tugann sé léiriú fíor-mhaith, im' thuairimse, ar na féidireachtaí a nochtaítear nuair a bhainimíd úsáid as an nGréasán Sóisialta chun ár gcuid ceangailtí sóisialta a nochtadh dá chéile.

Tuesday, April 22, 2008

Ag insint na fírinne

D'admhaigh scríbhneoir de chuid an sraith leabhair "The lonely Planet" le déanaí gur chum sé iontráilithe don leabhrán eolais faoin Bhrasaíl as an aer! B'idir an cumadóireacht seo agus bradaíl a chur sé an leabhráin le chéile, agus mar thoradh, tá "The Lonely Planet" i ndiadh scríbhneoirí eile a cur amach go dtí an Bhrásaíl le fíricí an leabhair a seiceáil. Tá mé féin go hiomlán le haghaidh a bheith ag obair ón baile, ach tá sé sin ag dul thar fóir!

Ach rith sé liom ansin, go bhfuil seans maith go bhfuil scríbhneoirí de gach shaghas ag déanamh an rud céanna. Toisc go bhfuil sé comh héasca eolas a fháil ar an idirlíon, ní gá níos mó dul amach le rud éigin a fheiceáil le do shúile féin.

Mura d'admhaigh an scríbhneoir áirithe seo céard a bhí faoi bhun aige, tá seans mhaith ann nach mbeadh a fhios ag éinne faoi go deo. Ábhar machnaimh, gan dabt...

Wednesday, April 16, 2008

An t-idirlíon nua?

Seo alt a d’fhoilsigh Conn in Lá Nua ar an 10ú Aibreán.

Bhíos i mBéal Feirste Dé Luain, ag múineadh cúrsa traenála ar chúrsaí idirlín, líonrú sóisialta, blagadóireacht srl. Tá an-shuim sna réimsí seo le déanaí, agus 'sí an cheist is minicí a chloisim ná "cad é an scéal nua anseo? Níl ann ach an t-idirlíon céanna a bhí riamh ann, nach ea?"

Bhuel, 'sea - agus ní h-ea.

Ar shlí amháin, níor athraigh an bunphrionsabal ó dhein Tim Berners-Lee an chéad suíomh WWW i 1990. Ar an slí chéanna, níor athraigh sé ó dúirt Alexander Graham Bell "Mr Watson, come here". Nó ó thaínig Maois anuas ón sliabh le taibléidí cloiche. Má tá na clocha sin ina bpúdar anois, tá an teachtaireacht a bhí orthu fós beo.

Nach ait an rud é cumhacht na faisnéise? Ní féidir lámh a leagan ar scéal. Ní féidir é a ithe. Ach is féidir é a dhíol agus a cheannach.

Ní féidir é a scrios - ach is féidir é a lúbadh agus a chur as a riocht.

Seasann impirí agus cumhachtaí móra ar an smacht atá acu ar chúrsaí faisnéise - agus titeann siad dá réir chomh maith céanna.

Níl aon amhras faoi chumhacht na faisnéise, agus faoin maoin agus saibhreas atá cruinnithe acusan atá in máistrí uirthi. Níl aon scéal nua sa mhéid sin. Níl athrú ar an mbunphrionsabal.

Ach táimíd ar chéim eile ar fad anois, le comhdhíriú na gcúinsí éagsúla i bpróiseáil agus i seachadadh na faisnéise.

Ar an gchéad dul síos, tá forbairt agus forleathnú an leathanbhanda. Ní guthanna agus téacs amháin atáimíd in ann a sheachadadh, ach ceol, scannáin, comhdháileanna, cruinnithe agus comhráití. Is féidir suí ós comhair ceamara agus cumarsáid iomlán a dhéanamh, le brí, le guth, agus le geaitse. Is féidir taispeáint, in ionad míniú. Is féidir a bheith "i láthair".

Sa dara h-áit, tá an fhorbairt sa chumarsáid soghluaiste. Ní amháin go bhfuil leathanbhanda againn, tá sé san aeir againn. Tá ceangal ardluais idirlín inár bpócaí againn, in aon áit 'na bhfuilimíd.

Sa triú h-áit, tá an fhorbairt sna giúirléidí soghluaiste. Is cumhachtaí go mór iad an iPhone agus an Nokia N95 ná na ríomhairí móra boird a bhí againn 10 mbliana ó shin.

Sa trí chúinse sin amháin tá cúis a dhóthain go bhfuil ré úr idirlín againn. Ach tá dhá rud eile nár luaigh mé fós. Ceann acu is ea an gné sóisialta, agus cé gur rud cuíosach simplí é le míniú, is dóigh liom gur fiú alt dá chuid féin é, mar sin féin.

'Sé atá sa chúigiú gné ná an gné seimeantach (semantic). Nílim cinnte gur leor alt amháin don ábhar sin, ach bainfidh mé triail as!

@Bertie, slán.

Seo alt a d’fhoilsigh Conn in Lá Nua ar an 3ú Aibreán.

Tá Michael Arrington uaillmhianach. Uaillmhianach agus maíteach.

Níor chás dó é, ar shlí. Níl oiread agus trí bliana caite ó thosnaigh sé a bhlag Techcrunch (techcrunch.com) chun scéalta a thuairisc faoi úrchomhlachtaí teicneolaíochta. Mar fhiontraí é féin, cé gurb é an dlí a ghairm, ba chúis iontas dó nach raibh éinne ag tuairisc na scéalta sin ag an am, agus bhí suim neamhghnáthach aige féin san ábhar.

Anois tá Techcrunch ag uimhir a h-aon i measc na mblaganna is mó tionchair, de réir liosta céime na mblaganna ar Technorati.com. Tá na céadta míle léitheoir aige, scór ar an bhfoireann, agus tá sé ráite, fiú, gurb é Michael féin "kingmaker" Silicon Valley.

Fós féin níl sé sásta. Chuala ar phodchaoladh Steve Gillmor an lá cheana é, agus é ag caint faoin straitéis atá aige chun dul in iomaíocht le mórchomhlacht na nuachta teicneolaíochta ar an idirlíon, CNet News.com.

Bhí a chara Dan Farber ar an gclár céanna, eisean atá ina phríomh-eagarthóir ar News.com, agus bhí píosa spraoi ag an mbeirt acu ag magadh faoina chéile.

Dar le Michael Arrington, ní féidir a bheith ag súil leis go dtaispeánfadh iriseoirí fóirne CNet an díograis chéanna agus a léiríonn sé féin agus a fhoireann. 'Sí an difríocht ná go bhfuil foireann Techcrunch dá spreagadh ag na scaranna atá acu sa chomhlacht, agus ní ag a dtuarastal. Sin an chúis, a mhaíonn sé, gur minic a bhíonn oíche gan chodladh aige agus é ar chroí-dhícheall ag iarraidh a bheith chun tosaigh leis na scéalta is úire.

An t-aon chúis imní atá ag Mike? "Tá súil agam nach maróidh seo mé sara mbeidh an duais bainte!"

Níl aon bhaol ann go n-éagfaidh tuairisceoirí amaitéaracha idirlín na hÉirean leis an dua agus iad ag Twitteráil leo ar mion-eachtraí a saolta féin (twitter.com, jaiku.com) ach fós féin bhíos buíoch dóibh ar maidin inné agus Bertie i mbun a oráide deireannaigh i dTeach Laighin. Bhíos ar sráideanna na cathrach, gan teacht ar scáileán teilifíse, ach choinnigh mo cháirde idirlín ar an eolas mé, buille ar bhuille. Is é is dóigh le Steve Gillmor go mbeidh seirbhísí gasta sóisialta mar seo ina ndlúth-chuid den gcóras nuachta atá ag fás agus ag forbairt ar pháirceanna an idirlín. Is deacair a rá - ach d'oibrigh sé domsa. @Bertie, slán.

Rickrolláil

Seo alt a d’fhoilsigh Conn in Lá Nua ar an 27ú Márta.

Ar buaileadh bob an "Rickroll" ort go fóill?

Ó nach 'in iad na cleasaithe glice, páistí an idirlín? Ní ag obair i gcónaí a bhíonn Jeaic agus Jeaicí! Nuair a theastaíonn faoiseamh ó obair chrua na h-oifige, sin é an uair go n-iompaíonn siad ar pháirc spraoi an idirlín.

Is mar seo a oibríonn cleas an Rickroll. Seolann tú nasc idirlín chuig cara leat le teachtaireacht cosúil le "Seo an t-eolas a bhí uait ...", nó "Féach an leathanach suntasach seo ...". Buailtear ar an nasc, ach in ionad rud éigin suntasach, 'sé atá ann ná físeán de phop-réalt na n-ochtóidí Rick Astley, ag canadh an amhráin a chuaigh go barr na gcairteanna ar fud an domhain i 1987 agus 1988: "Never Going to Give You Up".

Má tá tú críonna do dhóthain beidh cuimhne agat ar an amhrán áirithe sin agus ar an monarcha pop-cheoil as a dtáinig sé. I bhfad sara raibh caint ná cuimhneamh ar "You're a Star", ná ar thurcaithe sa chomórtas Eoraifíse, bhíodh daoine a raibh dúil acu sa cheol ag gearán faoi Stock, Aitken & Waterman. Athraíonn na focail ó aois go h-aois, ach is dócha go mbíonn an sean-phort céanna i gcónaí ag lucht cáinte an phopcheoil olltáirgthe!

Má tá tú imníoch faoin Rickrolláil sa mhéid is go bhfuil sé ag cur bac ort cliceáil ar nascanna nua, ná bí buartha - tá cabhair ar fáil! I measc na blúiríní suntasacha a d'aimsigh an físbhlagadóir Zadi Diaz ag an gcomhdháil SXSW in Austin Texas le déanaí, tá an dea-scéal go bhfuil bunachar sonraí ar fáil de na Rickrolls go léir atá ar eolas. Bíonn fuíollach ama le spáráil ag daoine áirithe, is cosúil!

Ach is fiú cúpla nóiméad a chaitheamh ag breathnú ar fhíschlár Zadi - EPIC-FU - gach seachtain. Cruinníonn sí scéalta suntasacha ón idirlíon agus cuireann sí i láthair iad i gclár taitneamhach seachtainiúil, thart ar 10 nóimeád ar fhaid. Má tá iPod agat, is féidir síntús a ghlacadh leis an bpodchraoladh seo in iTunes agus beidh sé sin, agus cláir eile cosúil leis ar fáil agat i do phóca, uair ar bith agus áit ar bith a theastaíonn uait féachaint orthu.

Ní amháin go gcuireann Zadi clár suimiúil ar fáil gach seachtain, ach cothaíonn sí plé agus pobal i measc a lucht leanúna chomh maith, leis an suíomh pobail mix.epicfu.com. Ar an gclár, cuireann sí tús le díospóireacht ar ábhar éigin, agus ansin nochtann daoine a dtuairimí ar an suíomh. Bíonn cuid mhaith aighneachtaí i bhfoirm físe, agus cuirtear rogha na bhfíseán sin i láthair sa cheád eagrán eile den gclár. Mar shampla, bhí plé bríomhar acu le déanaí faoi scannán comhcheilge ar a dtugtar Zeitgeist, a mhaíonn go bhfuil cúrsaí an domhain mhóir dá stíuradh ag grúpa beag daoine cumhachtacha, a bhfuil sé mar aidhm acu an cine daonna a chur faoi smacht ag rialtas domhanda.

Mar a dúirt, b'fhéidir go bhfuil fuíollach ama le spáráil ag daoine áirithe? Cad é do mheas?

Lasta Teipe

Seo alt a d’fhoilsigh Conn in Lá Nua ar an 20ú Marta.

Lasta Teipe

Luaigh mé na méimeanna an tseachtain seo chaite, agus an tslí in a scaiptear smaointe agus scéalta ó dhuine go duine, ar nós víris! Ach ní h-é sin an t-aon tréith comónta atá idir ghéinte agus méimeanna.

"Dúirt bean liom go ndúirt bean léi, go bhfaca sí bean a chonaic bean a chuala bean ag rá ..." a deir an seanfhocal cáiliúil. Deinimíd gáire faoi seo, mar go dtuigimíd go léiríonn sé go fíor-mhaith a thapúla a scaipeann scéal, ó bhéal go béal.

Dár ndóigh, is tapúla an droch-scéal ná scéala ar bith eile, rud a thuig údar an Hitchikers Guide to the Galaxy, Douglas Adams, go rí-mhaith. D'inis sé faoi spás-árthaigh a ritheadh ar "dhroch-scéalta" agus a bhí níos tapúla ná rud ar bith eile sa chruinne. Ní raibh de locht orthu ach amháin nach raibh fáilte rompu aon áit a ndeachaigh siad.

Ach tuigimíd go léir go bhfuil gné tabhachtach eile ag scéalta a scaiptear ó dhuine go duine. Léiríonn an cluiche "Chinese Whispers" nach ionann an scéal a cloistear agus an scéal a instear i gcónaí, agus go gcuireann gach lúb sa tslabhra a rian féin ar an scéal.

I gcás na géineolaíochta, is féidir leis na sócháin seo i gcumarsáid na faisnéise a bheith chun leas an speicis, má bhronann sé bua éigin ar an orgánach a chuidíonn leis. Agus ní h-aon droch-rud ach an oiread é i gcás na méimeanna idirlín ach an oiread. 'Sé sin le rá, go gcuireann casadh úr beocht agus beatha i sean-scéal agus go dtugann sé i dtreo eile ar fad é.

Sin é mar a tá i gcás na lolcats a luamar an tseachtain seo chaite. Thosnaíodar le pictiúir de chait, ach is beag ainmhí (ainmhí gleoite ach go h-áirithe) nach raibh ina chúis gháire sa tsraith pictiúirí áiféiseacha sin anois.

Ansin thárla lúb eile sa scéal, nuair a d'fhás sraith úr pictiúirí le téama ar leith, sé sin lé rá: "teip".

Pictiúirí de thubaistí atá sna failcats seo, tá siad greannmhar, seachas truamhéileach go h-iondúil. Sa bhun-leagan tá focal amháil scríofa orthu, i gceannlitreacha: "FAIL".

Tógtar ar an dtéama le leaganacha eile ar nós "EPIC FAIL", agus an ceann is rathúla orthu go léir: "Your Shipment of FAIL has arrived", anuas ar phictiúr de long a bhfuil a chuid boscaí lastais titithe ar a chéile agus ag luí ar leataoibh.

Tuigeann lucht na margaíocht go ró-mhaith guir féidir méimeanna a úsáid chun teachtaireacht tráchtála a scaipeadh. Sin é a bhí ar bun ag buíon bolscaireachta an scannáin "Be Kind. Rewind." Reachtáil siad comórtas ag iarraidh ar dhaoine a leaganacha féin dena rogha scannán cáiliúil a dhéanamh agus a chur ar YouTube. Tá na h-iarrataisí le feiscint ar bekindrewind.ie, agus tá tuilleadh cainte ar an ábhar ar bhlag phop-chultúir na bliana le Rick O'Shea, ag rickoshea.wordpress.com.

Gáire an chait

Foilsíodh an t-alt seo in Lá Nua ar an 13ú Márta.

In a leabhar cáiliúil The Selfish Gene a foilsíodh i 1976, do chum an t-eolaí Richard Dawkins téarma nua agus é ag plé samhail na h-éabhlóide géinití i dtéarmaí forleathnú faisnéise d'aon tsaghas.

Más í an ghéin aonad na h-oidhreachtúlachta bitheolaíochta, 'sí an meme (méim? mím?) an t-aonad faisnéise is lú ar féidir a sheachadadh ó dhuine go duine. D'úsáid Dawkins samhail agus rialacha atá an-chosúil le rialacha Darwin don roghnú nádúrtha, agus tá úsáid bainte aige as teoiricí na méimeolaíochta chun a chuid smaointe a fhorbairt maidir le cúrsaí creidimh, go h-áirithe sa leabhar a d'fhoilsigh sé i 2006, The God Delusion.

Ag an am ceánna, tá an-thrácht ar an bhfocal "méim" le blianta beaga anuas ar an idirlíon. Ach ní mar gheall ar dhíospóireachtaí diagachta ná argóintí éirimiúla Richard Dawkins atá sé, ach de sheasca finiméin i bhfad níos mionchúisí!

I gcomhthéacs an idirlín, 'sé 'tá ins na méimeanna ná na blúiríní faisnéise a thaistealaíonn "ó bhéal go béal", nó ó mhéarchlár go méarchlár, ba chirte a rá, b'fhéidir.

Amhail géinte na bitheolaíochta, tá saintréithe ar leith ag na méimeanna is rathúla. I gcás na síolráiochta, tríd is tríd, is iad na géinte is fearr a thugann buntáiste don gcreátúr a iompraíonn iad, is mó agus is faide a scaiptear. Maidir leis na méimeanna idirlín, níl amhras ach gurb é an tréith is comóntaí atá ag na sceálta is mó tráchta ná an greann.

Cuimhnigh ar an ríomhphost is déanaí a fuair tú ó chara leis na focail: "Caithfidh tú seo a fheiscint!", nó "Taitneoidh seo leatsa!" Agus cé chomh minic agus ar sheol tú féin teachtaireacht mar sin ar aghaidh go dtí grúpa cáirde nó comhleacaithe eile ded' chuid?

Is sinne iompróirí na mímeanna. Is ionann iad agus fuil agus aer ár gcuid cumarsáide sóisialta: torthaí spóirt, scéalta grinn, ráflaí. "Cogar, go gcloisfidh tú!"

Bainimíd tairbhe astu mar sin, chomh maith lena mbainimíd tairbhe as ár ngéinte (don gcuid is mó). Sin é an míniú ar an scaipeadh a bhíonn orthu, sa tslí gur dhóigh leat uaireanta go bhfuil "beatha iontu", nó go bhfuil intleacht éigin dá dtiomáint agus dá stiúradh thart timpeall an idirlín? Dia an Ghreásáin? An Dearthóir?

Mar shampla, seo liosta de chuid des na mímeanna is mó trácht orthu anuraidh: Miss Teen USA South Carolina, a léirigh a h-aineolas faoi ceisteanna domhanda in agallamh ar stáitse, Technoviking, Chocolate Rain, Leave Britney alone, agus na lolcats.

'Siad na lolcats an mhéim is mó a tháinig chun solais anuraidh. Pictiúirí greannmhara d'ainmhithe (cait is mó) atá i gceist, le téacs. Tá coinbhinsiúin ar leith a chloítear leo a chuireann leis an ngreann, mar shampla caint leanbaí mí-ghramadúil, a shamhlófá le h-ainmhithe, b'fhéidir, agus is minic a thógann siad ar chlocha a chéile le tagairtí glice in ómós do lolcats a d'imigh rompu.

Is fusa iad a thaispeáint ná iad a mhíniú, b'fhéidir. Tá samplaí de chuid acu ar imeall.com agam inniu. Anois, meas tú an bhféadfaimís cúpla ceann i nGaeilge a chruthú, in ónóir na seachtaine seo? Fáilte roimh aighneachtaí!

Humorous Pictures
Tuilleadh cat

Ar ais arís!

Beannachtaí a chairde!

Is mise Bríd Maloney agus is mé an ball foirne is úire ag Edgecast Media. Anois agus beirt againn san oifig (mé féin agus Conn) beidh, faoi dheireadh, stuif nua á fhoilsiú againn ar An tImeall, ag tosnú inniu!