Friday, March 31, 2006

Imeall #109: Gíceanna Gaelacha

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáTá an bhlagadóireacht seo maith go leor – ach níl sé nádúrtha! Cad air a bhíonn tú ag scríobh? Cé mhéid ama a thógann sé ort? Cé a léann do bhlag? B’fhéidir go mb’fhearr duit mura mbeidís á léamh!

Tá tréan-iarrachtaí déanta ag corr-bhlagadóir an andúil a bhriseadh. Go deimhin tá cur síos ag Dermod Moore ar chruinniú le grúpa tacaíochta ag a séantar an bhlagadóireacht agus gach a bhaineann léi (lipéadú, go h-áirithe an lipéadú)! Ina chúntas, tá an blagadóir mar a bheadh aithríoch, ag déanamh faoistine ós comhair a bhráithre, gur pheacaigh sé go trom nuair a mheas sé go bhféadfadh sé a chuid foilsitheoireachta pearsanta féin a dhéanamh – gan cead a iarraidh ar éinne! Foilsíodh an t-alt ar dtús i gcolún le Dermod san iris Hot Press.

An bhagairt a chíonn na blagshéantóirí i scéal Dermod ná seo: de réir mar atá an bhlagadóireacht ag forbairt agus na h-úirlisí ag dul in éascacht, ‘sea is mó a rachaidh daoine nach geeks ríomhaireachta iad i mbun na blagadóireachta. Bhí seo le sonrú ag Gradam na mBlag le déanaí, nuair ar reachtáladh dhá chruinniú neamhfhoirmeálta roimh thús na ngradam féin: ceann dos na gíceanna ag plé leithéidí na podchraoltóireachta agus OPML, agus ceann dos na neamh-ghíceanna le manglaim dí sa bheár. Tráth dá raibh, bhí gach blagadóir ina theicneoir, ach ní h-amhlaidh atá anois. Tá lucht pléite na n-ealaíon agus na polaitíochta anois ag baint feidhme as na h-úirlisí atá forbartha ag na teicneoirí.

Agus an bhfuil a gcuid oibre déanta ag na gíceanna, más ea? Níl ná é. Tá siad ag saothrú leo i gcónaí, ag baint úsáide as na h-úirlisí atá againn chun comhoibriú i bhforbairt teicneolaíochtaí nua. Le cabhair na mblaganna agus na líonraí sóisialta, tá cumarsáid iontach ar siúl, agus tá cleachtais nua shóisialta ag cothú na forbartha seo. An cleachtas is suntasaí faoi láthair ná na geek dinners atá coitianta i measc theicneoirí in Silicon Valley agus Seattle. Ócáidí móra networking iad cuid acu seo, ar nós fleánna fulachta Techcrunch, ach i gcás cuid eile níl i gceist ach b’fhéidir leath-dhosaen duine ag suí chun bóird ag bialann. Tugann an ceapadóir bogearraí Dave Winer treoir ar a bhlag maidir le h-eagrú na n-oícheanta seo, ach is léir mar sin féin go gcaithtear difríochtaí cultúrtha a thabhairt san áireamh agus an smaoineamh seo á aistriú go hÉireann.

Is cosúil go bhfuil gíceanna na hÉireann breá sásta cruinniú le chéile agus cúrsaí teicniúla a phlé – ach nílimid toilteanach am a chur amú le dinnéar! Ag gíc-chruinniú Luimní i mí Eanair bhí caifé agus comhrá, agus is cosúil nach mbeidh ach bia méire ag cruinniú sa Ghaillimh Dé Sathairn seo chugainn. Tá tuilleadh eolais ar bhlaganna le Ed Byrne agus John Breslin.

I mblagchruinne na Gaeilge an tseachtain seo, tugann Séamas Ó Neachtain léargas ar dhearcadh an Mheiriceánaigh maidir le pardúnú na n-imirceánach neamhdhleathach. Agus tá corr nua i suíomh idirlín sean-bhunaithe Gaeilge, anois go bhfuil blag nua-thosnaithe curtha le guthanphobail.net.

Ag caint leis na scoláirí idirbhliana a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge Dé hAoine seo chaite, tá cuid acu ag cuimhneamh ar bhlagadóireacht a dhéanamh i nGaeilge ar a gcuid leathanach Bebo. Tá léargas cuimsitheach ar fhiniméan Bebo i measc an aois óig in alt leis an mac léinn Gareth Stack san iris idirlín tuppenceworth.ie an tseachtain seo.

Mar chruthúnas nach bhfuil an bhlagadóireacht teoranta níos mó do ghíceanna amháin ní gá ach cuairt a thabhairt ar icecreamireland.blogspot.com. Is gnách do smaointí maithe scaipeadh ar nós na gaoithe i measc na mblaganna, agus tá triail bainte cheana féin ag údair na mblag Winds and Breezes agus realitycheck-dot-ie as an oideas atá foilsithe ag Kieran Murphy do Bhrioscaí Sceallóg Seacláide.
Lipéid: , ,

Thursday, March 30, 2006

Imeall #108: Lasairfhíona

Pictiúr le MacDara Ó Conaola © 2002 -2006
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Focal.ie. Bunachar sonraí téarmaíochta Gaeilge faoi thástáil. Bhaineas úsáid as le linn an Tóstail!
  • Deir Tim Murphy: "Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl gach Céadaoin idir 8.00pm agus 9.00pm i Sars Pavilion bear (nó thuas i seómra cruinnithe má bhíonn an bhear ana-ghnóthach), Baile Roisín, Gleann Maghair. Má tá suim agat sa Ghaeilge agus í a chur chun cinn in ár gcomharganacht féin beidh fíor fáilte romhat. Ní gá an Gaeilge bheith go líomhtha agat ar chur ar bith (tel. 086-1098089 tar éis 5.30pm)."
  • Léarscáil Frappr na Gaeilge
  • Flame of Wine an teideal atá ar an albam nua le Lasairfhíona Ní Chonaola.
  • Tá cóip den dlúthdhiosca le bronnadh ar eisteoir amháin.
  • Freagair an cheist. Cén t-oileán Árann ar a bhfuil cónaí ar Lasairfhíona?
    • Inis Mór?
    • Inis Meáin?
    • Inis Oírr?
  • Seol ríomhphost go dti imeall@gmail.com
  • Ceol: Aoibhneas an Ghrá le caoinchead an cheoltóra, Lasairfhíona Ní Chonaola
Lipéid: , , , ,

Wednesday, March 29, 2006

Imeall #107: Beannachtaí

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Blagadóirí Chorcaí
  • Scairt do Chonchubhar Ó Dálaigh agus Tomás Breathnach a casadh orm ag Tóstal na Gaeilge.
  • Podchraoladh tosnaithe ag Mark Bodah. Taifead Taibhreamh!
  • Podchraoltóireacht Ghaeilge ar Spudshow!
  • Córas nua tráchtaireachtaí fuaime: Comment Casting le Robin Blandford. Glaoigh ar 076-602-0927 agus roghnaigh bosca 109. Glaoch áitiúil is ea an uimhir seo ó áit ar bith in Éirinn. Ó thar lear glaoigh ar +353-76-602-0927. (Tá an bosca Skype ar fáil i gcónaí: imeallach, nó glaoigh ar (201) 984-3419 i Meiriceá)
  • Teachtaireacht ghutha ó Patrick.
  • Promo: 1000ú eagrán ag an Irish Emigrant.
  • 1ú lá breithe ag Podchraoladh WXTC.
  • Ceol Podslán: The Frozen Ocean le The New Autonomous Folksingers
Lipéid: , , ,

Tuesday, March 28, 2006

Imeall #106: An Fón Gaelach

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Na Gaeil Oga
  • Comhrá le Seán Ó hAdhmaill agus Féilim Borland ó na Gaeil Óga.
  • Ag Tóstal na Gaeilge.
  • Tá feachtas seolta acu chun tuarthéacs (predictive text) i nGaeilge a fháil dos na fóin phóca.
  • Chun tacú leis an bhfeachtas, seol an focal "Gaeilge" i dteachtaireacht téacs go dtí an uimhir 53033.
Lipéid: , , , , ,

Monday, March 27, 2006

Imeall #105: Tóstal

Lipéid: , ,

Friday, March 24, 2006

Beo-Bhlagáil an Tóstail

Conn agus DiarmuidTáim ag Tóstal na Gaeilge sa Ghaillimh. Tá blag speisialta cruthaithe agam ag tostal06.wordpress.com, agus tá blagáil bheo á dhéanmah agam ar imeachtaí an deireadh seachtaine.

Má tá tú ag freastal ar an dTóstal b'fhéidir go mba mhaith leat féin cuidiú leis an iarracht bhlagála seo? Dein teagmháil liom (imeall@gmail.com), agus tabharfaidh mé cead scríte duit ar an mblag sin. Nó má tá blag agat cheana, b’fhéidir go mba mhaith leat cur leis an gcomhbhailiú faoin lipéad tostal06?

Lipéid: , , , ,

Imeall #104: An tAire agus Bebo

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAg an am seo, ní h-aon scéal nua é an bhlagadóireacht do lucht léite Lá. Agus anois tá eagraíochtaí nuachta eile ag cur suime innti - nó tá an Irish Times ach go h-áirithe. Bhí blagadóirí na hÉireann sásta go maith le dhá alt a foilsíodh sa pháipéar sin tráth Ghradam na mBlag coicíos ó shin. Cad ina thaobh nach mbeadh, agus an dá alt scríofa ag ball den dtreabh, an blagadóir (agus iriseoir) Jon Ihle?

Ansin Dé Máirt, thug an Times leath-leathanach ar an mblagadóireacht i gcomhthéacs na polaitíochta agus, sa chás seo arís, is blagadóir a bhí ag insint an scéil. Tá tuairisc déanta ar an gcolún seo cheana ar an mblag grúpa nua irishelection.com. Tá an t-iriseoir Adam Maguire orthusan atá páirteach sa tsuíomh sin, agus chuir sé agallamh ar bhunaitheoir an tsuímh Cian O’Flaherty don nuachtán.

Ag caint ar pholaitíocht tá Sarah Carey buartha faoi Michael McDowell. Ghlac an tAire seasamh daingean ar an raidió maidin Dé Máirt ag rá nach raibh sé chun leithscéal a ghabháil le John Gormley faoin méid a dúirt sé maidir le “leithéidí” an teachta Ghlais a bheith bainteach leis na círéibeacha i mBaile Átha Cliath. Agus ansin, bhí sé le clos sa Dáil sa tráthnóna ag tarraingt an ráitis siar. I dtuairim Sarah, dá mba bhean é an tAire, ba dhóigh léi go raibh sé ag fulaingt le PMT.

Ní raibh aon easpa ábhar blagála in eachtraí an Aire an tseachtain seo, tar éis dó Richard Bruton a chur i gcomparáid le Joseph Goebbels. Táthar ar aon intinn nach mór go ndeachaidh sé thar fóir leis an ráiteas sin. Measann Hugh Green go ndeineann ráiteas mar sin beag is fiú de choiriúlacht na Naitsithe. Má tá Richard Bruton cosúil le Nazi, ní foláir nó nach rabhadar chomh h-olc san.

Tá oiread clú ar an Aire Dlí agus Cirt, go dtuairiscíonn stunned.org go bhfuil leathanach Bebo bréagach curtha in airde ag duine éigin ar a shon. Cad é sin a deir tú? Cuir ceist ar an ndéagóir is gaire duit. Tá tagairt ag Rick O’Shea do alt sa Sunday Independent ar an bhfiniméin nua seo lena bhfuil an t-aos óg ag tógaint “líonra sóisialta” dóibh féin ar an idirlíon. Dar leis an alt sin, maíonn an comhlacht go bhfuil leath-mhilliún úsaideoir acu in Éirinn. Tuairiscíonn John Breslin go raibh ar Ollscoil na hÉireann sa Ghaillimh cosc a chur ar Bebo ar líonra an choláiste, toisc go raibh oiread daoine á úsáid nach raibh dóthain ríomhairí saor do mhic léinn chun a gcuid oibre a dhéanamh.

Más fíor do Bebo go bhfuil 80% de dhéagóirí na tíre ag baint úsáid as, tá seans maith ann go mbeidh duine nó beirt i measc an tslua daltaí idirbhliana a bheidh ag glacadh páirte maidin inniu sa tSeisiún Ilmhéan, Gairmeacha agus Teicneolaíochta mar chuid de Tóstal na Gaeilge sa Ghaillimh. Is údar sásaimh domsa é má tá, mar ciallaíonn sin go mbeidh tuiscint éigin acu ar fhéidireachtaí an idirlín maidir leis an bhfoilistheoireacht phearsanta. Beidh sé sin ina chabhair domsa agus mé ag caint ar deartháir mór Bebo: an bhlagadóireacht. Agus beidh mé ag trácht chomh maith ar an lipéadú, agus conas ar féidir "gramaisc lipéad" a bhailiú thart ar lipéad amháin ag tagairt do ócáid ar leith. Sinne a bheidh ag blagáil an Tóstail an deireadh seachtaine seo, níor mhiste lipéad comónta a chur lenár gcuid blagmhíreanna, pictiúir agus podchraoltaí. Abraimís tostal06? Beidh léargas ar imeachtaí an deireadh seachtaine ó dhearcanna éagsúla sa chomhbhailiú leis an lipéad sin.
  • Cuidigh liom! Má tá sibh ag blagadóireacht ag an Tóstal, bain úsáid as an lipéad: tostal06.
  • Buíochas le Sarah Francis agus le Jim Feeney a chuir teachtaireachtaí comhgháirdeachais chugam ar ócáid an 100ú podchraoladh. Agus caithfidh mé scairt a thabhairt do Ciarán Quinn agus do Brendan Bolger chomh maith.
  • Ceol Podslán: I Do le Rob Costlow.
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, March 23, 2006

Imeall #103: Making Waves II

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cuid II den agallamh ar an gclár Fios Feasa ar Raidio na Life ón 10ú Márta, ar chúrsaí podchraoltóireachta.
  • Dónal Ó Donnabháin, láithreoir, Donncha Ó Cróinín, podcastingireland.com, agus mé féin.
  • Cearta ceoil agus an teicneolaíocht.
  • An bagairt nó an deis é MP3 dos na comhlachtaí ceoil?
  • Ceoltóirí ag díol a gcuid ceoil anois gan chabhair ó chomhlacht ceoil.
  • An féidir airgead a thuilleamh ón bpodchraoladh?
Lipéid: , ,

Tuesday, March 21, 2006

Imeall #102: Making Waves

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Sliocht as an gclár Fios Feasa ar Raidio na Life ón 10ú Márta, nuair ar pleádh an podchaoladh.
  • Tá an clár curtha i láthair ag Dónal Ó Donnabháin, agus tá beirt aoi aige. Sin iad Donncha Ó Cróinín ó PodcastingIreland.com ar seoladh an chéad phodchraoladh ón gcomhlacht sin, Making Waves, an oíche chéanna, agus mé féin.
  • Cad tá i gceist le podchraoladh?
  • An difríocht idir an phodchraoltóireacht agus an ghnáthchraoltóireacht.
  • Solúbthacht na podchraoltóireachta.
  • Buíochas le Raido na Life as an gcead podchraolta, agus go speisialta le Marc a chuir chugam an cóip den agallamh.
  • Cuid II le podchraoladh Déardaoin.
  • Ceol Podslán: Osho Mask le Aaron Wilkinson.
Lipéid: , ,

Monday, March 20, 2006

Imeall #101 - agus é déanach go maith!

Lipéid: , ,

Friday, March 17, 2006

Lá le Pádraig

Beannachtaí na Féile daoibh go léir.

Gluaiseachtaí

(Seo an téacs, agus nascanna ann, do cholún an Bhlagadóra in eagrán an lae inniu den nuachtán . Déanfar podchraoladh air Dé Luain.)

Tá blagadóirí na hÉireann fós ag caint ar Ghradam na mBlag an deireadh seachtaine seo chaite. Tá borradh suntasach tagtha ar an mblagadóireacht le bliain nó dhó agus b'é seo an chéad uair ag an gcuid is mó againn ag bualadh lena chéile go fisiciúil.

Ar bhealach amháin is cleachtas ciúin príomháideach é an bhlagadóireacht, agus, cé go bhfuil comhrá i gceist, ní gnách do bhlagadóirí a bheith os comhair na ndaoine. Go deimhin, is gné tabhachtach é den mblagadóireacht gur féidir a bheith anaithnid. Cuidíonn seo mór leis an gcúthaileacht a shárú, agus tugann sé deis don mblagadóir a ghuth a fhorbairt, le cabhair tuairimí an lucht léite, gan a bheith ag brath go bhfuil sé nó sí nochtaithe os comhair an tsaoil.

Cabhraíonn an díth ainm chomh maith le foilsiú tuairimí nach mbeadh fáilte fhorleathan rompu, agus tugann sé deis do dhaoine tuairimí láidre a phle agus a chlos – tuairimí le daoine nach scríobhnóirí gairmiúla iad, a bhfuil saol eile agus gnáthphostanna acu chomh maith.

Is díospóireacht ann féin é ceist an díth ainm, agus tá an tuairim mhalartach ann chomh maith. ‘Sé sin: gur foilsitheoireacht gan fhreagracht atá sa bhlagadóireacht anaithnid. Feictear go mbraitheann an chreidiúint a tugtar do bhlagadóir anaithnid ar an ábhar a bhíonn á phlé aige nó aici. Tríd is tríd, dá thromchúisí an t-ábhar is ea is mó an t-éileamh a bhíonn ar bhlaganna ina bhfuil pearsa an údair curtha in iúil.

Mar sin, cé go raibh dúil ag na blagadóirí san ócáid agus sa deis a bhí ann chun bualadh le daoine eile a raibh suimeanna comónta acu, bhí imní ar roinnt mhaith faoi nochtadh a bpearsanna os comhair an tsaoil. Tá údar an bhlag Fústar, a bhí ainmithe do dhuais i gcúpla rannóg, ag machnamh ar chailliúint a phríomháideachais an tseachtain seo. Agus is léir go raibh cúpla blagadóir ar an oíche a bhí idir dhá chomhairle maidir lena bheith páirteach i ngrianghrafanna.

Agus ansin, tá Twenty Major. Saghas aor atá sa bhlag seo, le tuairimíocht, le guth agus le rogha focal nach ligfí thar aon eagarthóir sa tír. Tá greann agus cumas le sonrú i scríbhneoireacht an fhir seo, ach ní h-aon iontas go mba mhaith leis a phearsa choimeád faoi rún. Bhí an cheist I mbéal formhór na mblag a dhein trácht ar an ócáid roimh ré: “An mbeadh 20 i láthair?”

Thug Twenty Major leis an chraobh, i bpríomh-ghradam an “Blag is Fearr”, agus i ndhá cheann eile. An fear a sheas ar a shon, dúirt sé go mba “chara dílis” leis é, agus go raibh rún aige an iPod nano a bhí bronnta ag an gcomhlacht Blacknight Solutions a choimeád dó féin!

Ainneoin na poiblíochta, measann na blagadóirí go mb’fhiú go mór an teacht le chéile seo “sa bhfeoilspás”. Agus cheana féin tá comhoibriú á spreagadh ar thograí nua. Tá Bernie Goldbach agus That Girl ag plé ceardlanna feabhais sa bhlagadóireacht chun taithí na mbuathoírí a roinnt leis an bpobal. Agus bhí James Corbett an thógtha le uírlis nua podchraolta atá á fhorbairt ag Robin Blandford. Braitheann Simon McGarr go bhfuil rud éigin san aeir: “People are feeling that they want some kind of follow up already, without having to wait a year.”

Agus seachtain na Gaeilge ag teacht chun críche, tá roinnt mhaith blaganna ag tabhairt a h-áite don dteanga. Tugann prettycunning.net faoi go fonnmhar, le scéim dathanna don dá theanga, agus tá an lipéad "Gaeilge" in úsáid aici. Bíonn Gaeilgeoirí na blagchruinne ag faire an lipéid seo, agus geobhaidh an blag sin lucht léite nua dá bharr. Agus glacann infactah.com dúshlán na Gaeilge chomh maith, le léirmheas i nGaeilge ar an sraith teilifíse "Ní Gaeilgeoir Mé".

Más suim libh ceist na Gaeilge agus úirlisí nua na cumarsáide, níor mhiste freastal ar Thóstal na Gaeilge an tseachtain seo chugainn. Beidh mise agus cainteoirí eile ag plé na n-ábhar seo i seisiúin éagsúla faoin dtéama “An Chéad Ghlúin Eile”. Tuilleadh eolais ag tostal.ie.

Lipéid: , , , ,

Thursday, March 16, 2006

Imeall #100: An Céad

Lipéid: , , ,

Tuesday, March 14, 2006

Imeall #99: Eachtraí i mBÁC

Lipéid: , , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Friday, March 10, 2006

Imeall #98: Flickr

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáDheineas tagairt do Flickr an tseachtain seo chaite agus mé ag trácht ar thuairisceoireacht na gcíréibeacha. Is suíomh iontach é flickr.com, agus is fiú súil a chaitheamh air, ach bí cúramach. Súfaidh sé isteach tú agus imeoidh an t-am i ngan fhios duit!

Córas riartha pictiúr is ea Flickr go h-iondúil. Ach ní leor sin mar cur síos air. Nuair a chruthaíonn tú cúntas ar Flickr (tá an bun-chúntas saor in aisce), is féidir leat do chuid pictiúr a chur in airde ar an suíomh. Is féidir leat pictiúir a eagrú ina gcnuasaigh. Is féidir leat lipéid a úsáid chun cur síos ar na pictiúir. Is féidir leat do chuid pictiúr a rangú idir phictiúir phoiblí agus pictiúir atá príomháideach dod' cháirde nó dod' mhuintir amháin. Is féidir leat fo-rangú a dhéanamh chomh maith i measc na bpictiúr príomháideach, idir na pictíuir a thaispeánfar do do cháirde nó do do chlann.

Tá an gné sóisialta seo ar cheann des na gnéithe is taitneamhaí agus is mealltaí den gcóras ar fad. Is féidir leat úsáideoir eile den gcóras a roghnú mar "teagmhálaí". Is féidir leat na pictiúir is déanaí le do chuid teagmhálaithe a fheiscint ar aon leathanach amháin. Mar bharr air sin, is féidir leat stádas "cara", nó "clann" a bhronnadh ar úsáideoir eile a thabharfaidh cead dó na pictiúir príomháideacha de do chuid a fheiscint. Agus is féidir leat teachtaireacht a scríobh taobh thíos de phictiúr ar bith, le duine ar bith, ag trácht ar theicníocht, nó ar ábhar an phictíuir, nó ar do rogha rud.

Ar an úsáid is suntasaí a bhíonn ar Flickr go minic, tá nuair a bhíonn slua mór flickreoirí ag mór-ócáid éigin (mar shampla Mashup Camp na míosa seo chaite i gCalifornia). Má thugann na grianghrafadóirí éagsúla lipéad comónta éigin dos na pictiúir a chuireann siad ar Flickr, ansin bíonn léargas sainiúil le fáil ar an ócáid ó dhearcanna difríula.

Táthar ag súil le bailiúchán maith pictiúr, blagmhíreanna, agus podchraoltaí ag eascairt as an gchéad Oíche Ghradam Blag na hÉireann a thionólfar i mBaile Átha Cliath amárach. Seo an chéad sheans a bheidh ag roinnt mhaith againn bualadh lena a chéile agus tuairiscítear an-éileamh a bheith ar shuíocháin. In Óstán an Alexander a bheidh an gabhar á róstadh, agus tá tuilleadh eolais ag awards.ie.

Chuir na blagadóirí suim sa Ghaeilge arís an tseachtain seo, nó i nGaeilge an Aire McDowell ach go h-áirithe. Bhí údar an bhlag Threats To Democracy orthu siúd a mheas gur iarracht a bhí ann dallamullóg a chur orainn i dtaobh an bhagairt seo ar ár gcearta digiteacha. Ach más é sin an cuspóir a bhí ag an Aire, síleann Simon McGarr go raibh a mhalairt de thoradh air. Dar leis gur spreagadh na meáin chun cainte ar an ábhar nuair a cheap siad go raibh iarracht ar bun chun rud éigin a chur i gcrích i ngan fhios dóibh.

Chuaigh an tsraith clár teilifíse “Facing The Truth” go mór i bhfeidhm ar mhórán sa bhlagchruinne. Measadh, tríd is tríd, gurbh fhiú an iarracht, agus moladh crógacht na ndaoine a ghlac páirt ann. Mheas The Levee Breaks go ndeachadh thar fóir beagáinín leis an cur i láthair, leis an Ardeaspag Tutu ag teacht ina helicopter, ach bhí JoBlog an-thógtha leis an maithiúnas agus leis an ngrá a léirigh an tArdeaspag féin.

Mar chríoch inniu, níorbh aon díobháil cuairt a thabhairt ar chathair Chorcaí, agus ar bhlag Dhónail Uí Chaoimh ach go h-áirithe. Tá léiriú an-thaitneamhach ar an saol ó dheas ar phríomh-leathanach donal.wordpress.com, i bpictíuir agus i bhfocail, ar spórt, ar cheol, ar naomhóga i lár na cathrach agus ar an bhfeachtas ar son dealbh chomórtha de Rory Gallagher.
  • Ag taisteal go BÁC i gcomhair Gradam na mBlag.
  • Eíst le Raidió na Life i mBÁC anocht ag 8:00. Beidh mé i m'aoi-chointeoir ar an gclár Fios Feasa, ag caint ar ócáid sheolta an phodchraoladh Making Waves leis an gcomhlacht nua podchraolta Digicast ag podcastingireland.ie.
  • Lá mór amárach agam! Ag súil le freastal ar chruinniú Enda Kenny ar thodhchaí na Gaeilge.
  • Seisiún Teicniúil do bhlagadóirí san Alexander ag 15:00.
  • Gradam na mBlag ar siúl ag 19:00. An mbeidh tú ann?
  • Seol teachtaireacht chugam i gcomhair Imeall #100.
  • Ceol Podslán: Good Day le Natives of the New Dawn
Lipéid: , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, March 07, 2006

Imeall #97: Flabhainn!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Seoladh Sheachtain na Gaeilge i gContae an Chláir. Ceolchoirm in Amharclann Glór.
  • Cuirim agallamh ar Oifigeach Gaeilge an Chontae, Emer Ní Fhlatharta.
    • Seoladh Ghrúpa Cónaithe Taidisiúnta ag Oifig Ealaíne an Chontae.
    • Leanfaidh imeachtaí Gaeilge i gContae an Chláir ar feadh míosa, Féile an hInse san áireamh.
    • Scéim Teanga Chontae an Chláir de réir an Acht Teanga dá h-ullmhú faoi láthair. Is féidir aighneachtaí faoin scéim a sheoladh go dtí "eoflaherty AG clarecoco PONC ie".
  • Podchraoladh Físe eile le Séamas Ó Neachtain. Tarracóirí, Leoraithe, Trucanna, Meaisíní!
  • Droichead HarryFlouwing ... Flabhainn ... Abhainn ... Flowing ... ? Flowansionnamare? Tá go leor cainte i saol na teicneolaíochta faoi láthair ar "mashups". Deineann mo mhac mashup as an ndátheangachas.
  • An 100ú Imeall. Dáta socraithe: 16ú Márta! Eagrán speisialta a bheidh ann le blúiríní ón gCartlann agus le teachtaireachtaí uaibhse.
  • Conas teachtaireacht a sheoladh chugam:
    • FÓN (Meiriceá): (201) 984-3419 (voicemail)
    • FÓN (Éire): 087 57408056 (voicemail)
    • Skype: imeallach
    • Nó dein an taifeadadh tú féin agus seol chugam an comhad go dtí imeall@gmail.com.
    • Spriocdháta 15ú Márta.
  • Schoolworks @ Tipperrary Institute! Éistímíd le Educast #36, le daltaí 2ú leibhéil a chaith seachtain ar chúrsa speisialta le Bernie Goldbach agus an fhoireann ag Institiúid Thiobrad Árann. Tá obair iontach ar siúl ag podcasting.ie
  • Ceol Podslán: See The Sun le Black Lab
Lipéid: , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Monday, March 06, 2006

An tImeall Ciúin

Tabharfaidh mé sos beag daoibh inniu a cháirde! ;-) Beidh mé ag caint libh amárach.

Friday, March 03, 2006

Imeall #96: Blagadóireacht na Círéibe

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá
Tháinig círéibeanna an tSathairn i mBaile Átha Cliath aniar aduaidh ar na h-údaráis is cosúil. Agus is baolach gur tháinig sé aniar aduaidh ar RTE chomh maith. Bhí Cian (Red Rover) ó progressiveireland.blogspot.com i measc na mblagadoírí a bhí cáinteach go maith ar chinneadh an chraoltóra náisiúnta cloí le clár spóirt an tráthnóna ar a chuid stáisiún agus an t-achrann faoi lán seoil. Malairt scéil a bhí i gceist le Newstalk 106, a raibh ardmholadh ó na blagadóirí don tuairisceoireacht a dheineadar beo ar na sráideanna.

Tá cuntas maith ar eachtraí an tSathairn ar Dossing Times. Ní raibh Auds ón mblag realitycheckdotie i láthair ach dhein sí athchoimre mhaith ar na cuntais éagsúla uatha san a bhí. Tá tuairiscí, anailís agus plé le fáil ar indymedia.ie. Dar le lucht an tsuímh sin, bhí breis agus 20,000 cuairteoir acu, agus fágadh 300 teachtaireacht ar an suíomh sa 48 uair a chloig i ndiaidh na h-eachtra.

Ní leor téacs amháin chun cur síos ar a leithéid. Tá píosa físe ar fáil ar indymedia.ie, agus tá ualach griangrafanna ar bhlaganna éagsúla. Tá léargas maith ar mheon na mbithiúnach sa tsraith phictiúr atá foilsithe ar Back Seat Drivers, ina bhfuil fear ón Áis dá bhataráil acu.

Tá na céadta pictiúr ón eachtra curtha in airde ar an gcóras Flickr, mar a bhfuil lipéid curtha leo agus tráchtaireacht déanta orthu ag úsáideoirí an chórais sin. Tá cuid acu sa chnuasach le Metroblog Bhaile Átha Cliath a seoladh le déanaí. Suíomh nua is ea an Metroblog ar a bhfuil scoth bhlagadóirí na h-ardchathrach tagtha le chéile. Ina measc tá duine nó beirt ós na meáin traidisiúnta atá ina mblagadóirí aitheanta chomh maith: Karlin Lillington ón Irish Times, agus an láithreoir le RTE 2FM, Rick O’Shea.

Beidh Rick ina fhear tí don chéad Oíche Ghradam na mBlag a bheidh á reachtáil i mBaile Átha Cliath ar an 11ú Márta. Beidh a thuilleadh agam ar an ábhar sin an tseachtain seo chugainn, ach ní mó ná sásta atá blagadóirí na hÉireann an tseachtain seo le h-alt sa Sunday Business Post ar an mblagadóireacht i gcúrsaí gnó. Is ionadh leo conas ar scríobhadh an t-alt gan tagairt do oiread agus blag gnó amháin in Éirinn.

Agus Seachtain na Gaeilge buailte linn arís, tá an Ghaeilge go mór i mbéal an bhlagasféir an tráth seo. Breis agus mí ó shin d’athfhoilsigh Slugger O'Toole alt ón Irish Times a mhaígh go raibh a port seinnte ag an dteanga, agus tá plé an ailt sin fós ar siúl, le breis agus 100 tráchtaireacht ar an ábhar ag an bpointe seo. Creideann Richard Waghorne gurb é an t-am a caitear le Gaeilge sna scoileanna is cúis leis an easpa cumais atá ag Éireannaigh i dteangacha Eorpacha, ach fuair sé go leor freagraí nár aontaigh leis. Dar le maca ag an mblag Ráiméis ní ar an nGaeilge ar chóir an milleán a chur.

Ag filleadh ar na círéibeanna, spreagadh fear na liostaí ag United Irelander chun machnaimh ar an 10 n-ócáid ba náirí i saol na hÉireann le blianta beaga anuas. Measann sé na círéibeanna ag uimhir 3 ar an gcairt: níos náirí ná ionsaí an tsagairt Uí Bhriain ar an reathaí Brasaíleach ach níos fearr ná filleadh Thriúir na Colóime go hÉireann. Agus an eachtra is náirí ar fad, dar leis, a tharraing mí-chlú agus magadh ar an náisiún? An t-achrann idir Roy Keane agus Mick McCarthy ag Corn Domhanda an tsacair i 2002! Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, March 02, 2006

Imeall #95: Stealladh Cainte

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Scairt ó Stephen O´Reilly, podchraoltóir ag Institiúid Thiobrad Árann.
  • Agallamh eile a cuireadh orm: Cumann Carad na Gaeilge.
    • Mo thuairim go bhfuil réabhlóid seolta dos na méain chumarsáide.
    • Na deacrachtaí do Ghaeilgeoirí aonair "ar an imeall". Táimíd ag brath ar an idirlíon chun ár gcuid Gaeilge a chleachtadh.
    • Conas ar féidir le iarrachtaí na mball i bpobal mór úsáiditheoirí ábhar fiúntach a tháirgeadh dóibh féin.
  • Podchraoladh Físe eile déanta ag Cumann Carad na Gaeilge.
  • Ceol Podslán: Madeleine le Alice Marie
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, March 01, 2006

Imeall #94: Cúrsaí an Lae

Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers
edgeio-key: 9a36d99807577769794f2652dfccb12d4a5af98c