Thursday, August 31, 2006

Imeall #164: Do-chreidte!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Alt san Irish Independent inné ar an mblagadóireacht agus ar an bpodchraoltóireacht. Tuilleadh eolais ar mo bhlag Béarla.
  • Beidh mé le clos ar Newstalk 106, maidin De´Sathairn.
  • Cuirigí fáilte roimh Raido Fáilte! (An bhfeadar éinne an bhfuil suíomh idirlíon acu fós?) Ag dul ar an aer 15ú Meán Fomhair.
  • Cuirigí fáilte roimh bhlag nua le tuairisceoir An Líonra Sóisialta, Fiona Ní Chéirín.
  • Scéal dochreidte: Fuinneamh in Aisce? Maíonn comhlacht Éireannach go bfuil sé ar a gcumas 2ú Dlí na Teirmidinimice a shárú! Tá siad lán-dáiríre faoi. An gcreideann sibhse é seo?
  • Ceol Podslán: At The Laundromat le Samantha Murphy.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, August 30, 2006

Imeall #163: Alan Titley ag Scoil Merriman

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Bhí an scríobhnóir Alan Titley orthusan a thug léachtaí ag Scoil Merriman an tseachtain seo chaite.
  • Stair na gcluichí gaelacha roimh Chumann Lúthchleas Gael an téama a bhí aige.
  • Tugann sé léargas dúinn ar an stair seo, agus a thuairimí pearsanta faoi Scoil Merriman.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Tuesday, August 29, 2006

Imeall #162: Cé 'tá ag éisteacht liom?

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Iarraim cabhair oraibh, a lucht éisteachta, agus go h-áirithe oraibhse, nach n-éistíonn in aon chor leis na podchraoltaí seo.
  • Gach eagrán den Imeall a eisítear, tarraingítear 200 cóip dó anuas ón freastalaí ag podcasting.ie. Sin é bun agus barr an eolais atá agam faoi. Ní fheadar, mar shampla an n-éistítear leo? Ná ní fheadar an bhfuil an 200 céanna ag tarraingt gach comhad, nó an daoine difríula iad?
  • Cabhraígí liom, le bhúr dtoil, crot éigin a chur ar an eolas seo. Buail anseo chun páirt a ghlacadh in Suirbhé Éisteachta an Imill.
  • Ní iarrfar aon sonraí pearsanta oraibh, na ní gá aon cheist a fhreagairt nach bhfuil sibh compórdach leis. Ach chabhródh se go mór le mo chuid iarrachtaí anseo ach léargas éigin a bheith agam ar an toradh atá ar an obair seo.
  • Ceol Podslán: Whether I'm Wrong le Allison Crowe.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Monday, August 28, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh ó 23ú Meitheamh

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

An Blagadóir: Mol an Óige

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 23ú Meitheamh 2006.

Friday, August 25, 2006

Imeall #161: Scéalaithe

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeMar a dúirt an tseachtain seo chaite, is bóthar cam crua í an fhoilsitheoireacht - agus is iomaí cor ar féidir a bheith ina bhac ar an úrscéalaí agus é ag iarraidh conarthaí le h-áisínteachtaí agus le foilsitheoirí. Ach fiú má cheapann tú go bhfuil do mhargadh déanta, ní h-ionann an méid sin féin agus talamh slán.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMB'amhlaidh do Scott Sigler. I 1998, chuir sé críoch lena chéad úrsceal, scéal ficsean eolaíochta dár teideal Earthcore. An bhliain dár gcionn fuair sé áisínteacht fhoilsitheoireachta a bhí sásta é a reic ar a shon, agus in 2001, d'fhoilsigh AOL/Time Warner é mar leabhar leictreonach. D'éirigh go maith leis an leagan leictreonach agus bhí sé le cur i gcló in 2002 nuair a dhún an mátharchomhlacht an rannóg a bhí ar tí an leabhar a fhoilsiú.

Thóg sé bliain ar Scott na cearta foilsitheoireachta a fháil ar ais ina sheilbh féin, ach ina dhiaidh sin, níor éirigh leis aon chomhlacht eile a aimsiú a bhí sásta an leabhar a fhoilsiú.

Ansin ag tús na bliana 2005, chuala Scott faoi ghluaiseacht nua a bhí ag borradh ar an idirlíon: an phodchraoltóireacht. Modh nua fior-fhuirist ab ea é seo chun cláracha raidio a dháileadh ar an lucht éisteachta. Bhuail smaoineamh é.

Bhí a leabhar aige, ach ní raibh “cultacha” na gcomhlachtaí foilsitheoireachta toilteanach é a fhoilsiú dó. Bhí a leabhar aige, ach ní raibh aon slí aige é a chur ós comhair an phobail. Bhí a leabhar aige, ach ní fhéadfadh sé puinn tairbhe a bhaint as - nó an bhféadfadh?

Taibhsíodh do Scott go bhféadfadh sé a leabhar a chur ag obair ar a shon, ach é a thabhairt uaidh, saor in aisce, mar leabhar fuaime, dáilithe le módh na podchraoltoireachta i bhfoirm sraithscéil. B'fhéidir nach mbeadh an lucht éisteachta ag díol chun éisteachta leis, ach bheadh an leabhar ag tuilleamh luach saothar mar sin féin, i bhfoirm cáil agus aitheantais agus poiblíochta - agus lucht leanúna chomh maith.

Déirigh thar barr le podchraoladh Earthcore agus d'éist 10,000 duine leis. D'éirigh chomh maith sin leis gur cuireadh i gcló ansin é! Anois tá leabhar eile foilsithe aige, Ancestor, agus an triú úrscéal á phodchraoladh aige: Infection.

Tá Scott ag leanúint conaire atá leagtha amach ag scríobhnóir eile: Cory Doctorow. Cuireann Cory a chuid úrscéal ar fáil i bhfoirm téacs, ar a shuíomh le cead iomlán ag éinne iad a íoslódáil agus a chóipeáil agus fiú iad a athfhoilsiú, chomh fada is nach ngearrann siad táille ar a shon, faoi cheadúnas “Creative Commons”. Scaipeann saothar Cory go fairsing dá bharr seo - agus is cosúil go bhfuil dóthain daoine atá ag iarraidh cóip crua dá leabhar go ndíolann na foilsitheoirí lear maith acu in ainneoinn iad a bheith saor le h-íoslódáil.

Ach tá cor eile sa scéal ag Cory. Thug sé faoi ndeara gur ar éigin a dhíolann sé aon leabhar i dtíortha an domhain neamhfhorbartha. Mar sin, tugann sé cead do dhaoine sa tríú domhain a chuid leabhar a athfhoilsiú agus fiú iad a dhíol gan oiread agus pingin a thabhirt dó féin.

Dar leis, níl faic á chailliúint aige - agus níl cead ag fiontraithe an tríú domhain na leabhair atá déanta acu a dhíol i dtír forbartha, áit na bhfuil custaiméirí ag Cory atá sásta díol as a chuid leabhar.

Tá slite eile chun airgead a thuilleamh ón scéalaíocht, mar atá á léiríú ag Patrick McLean ar a shuíomh theseanachai.com. Tá drámaí gearra fuaime le Patrick ar fáil saor in aisce uaidh, ach tá T-léinte agus earraí eile ar díol ar a shuíomh aige, agus tá cnaipe deontais ar an leathanach leis an mana “Buy The Seanachai a Pint.” Tá sraith amháin dá chuid, How to Succeed in Evil, foilsithe ina leabhar grafach ag ealaíontóir chomh maith, agus tá sé sin ar díol chomh maith.

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Watercolors le Bill (PMN)

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Thursday, August 24, 2006

Imeall #160: Pardún Ginearálta

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • The governor can't come flat out and give you amnesty now.  First you gotta prove you deserve it.
  • Iarraim pardún ar na foilsitheoirí idirlín a bhfuil síntús agam leo. Ní léifidh mé go deo gach a bhfuil scríofa acu!
  • Rud a chuir ag machnamh mé ar eachtraí teilifíse "Alias Smith & Jones" ó theilifís na 7óidí - agus iad ag lorg "Amnesty"
  • Táimíd an-bhruidiúil anseo ag ullmhú don Líonra Sóisialta. Tosnóidh sé ar 18ú Meán Fomhar. Tuilleadh eolais ag teacht go luath!
  • Ceol Podslán: Liberty Jones le The Shakes
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, August 23, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh ó 26ú Bealtaine

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

An Blagadóir: Blagadóireacht na Fiontraíochta

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 26ú Bealtaine 2006.

Tuesday, August 22, 2006

Imeall #159: Scoil Merriman

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Reachtáileann Cumann Merriman Scoil Samhraidh cháiliúil i gContae an Chláir gach aon bhliain (agus Scoil Gheimhridh chomh maith).
    • "Bunaíodh Cumann Merriman i 1967 in omós do Bhrian Merriman, údar dáin Raibiléiseach na hochtú aoise dhéag, Cúirt an Mheán Oíche."
    • "Ta sé mar aidhm ag Cumann Merriman suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann, leis: an teanga, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is ar eile."
  • Thugas cuairt ar Scoil Merriman aréir. Bhí comhrá fíor-thaitneamhach agam le Róisín Ní Ghairbhí, le Brian Ó Dálaigh agus le Seosamh Ó Mangáin.
  • Gabhaim buíochas le Stiúrthóir na Scoile, Liam Ó Dochartaigh, agus le Máire Bean Uí Fhlatharta a chuidigh go mór liom aréir.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Monday, August 21, 2006

Imeall #158: Ní hIad na Fir Mhóra a Bhaineann an Fómhar

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Friday, August 18, 2006

Imeall #157: Preabailín

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeMá theastaíonn uait a bheith i do scríobhnóir, deir an Dr. Jerry Pournelle, caithfidh tú scríobh. Caithfidh tú scríobh agus caithfidh tú do chuid scríobhnóireachta a chríochnú, ainneoinn nach bhfuil aon duine á h-iarraidh go fóill. Dar le Jerry, má theastaíonn uait ceard na scríobhnóireachta a fhoghlaim, ba chóir duit a bheith ullamh chun milliún focal a scríobh, agus iad a chaitheamh amach!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMBa cheart go mbeadh fhios ag Jerry. Tá sé ag scríobh agus ag foilsiú leis le breis agus daichead bliain, idir ficsean agus iriseoireacht. Scríobh sé colún míosúil ar feadh breis agus 20 bliain don iris ríomhaireachta Byte. Tá an colún sin agus saothar eile dá chuid le fáil anois ar a shuíomh jerrypournelle.com, ar a bhfuil sé ag blagadóireacht, dar leis, ó 1998 i leith – sara raibh aon trácht ar bhlaganna! Mar sin féin ní thugann sé "blag" ar an suíomh – focal gránna é dar leis!

Bíodh sin mar atá. Is feidir leat do rogha ainm a thabhairt ar shuíomh idirlín ar a fhoilsíonn tú do chuid scríobhnóireachta. Ach is fearr go mór a bheith ag blagadóireacht ná a bheith ag caitheamh do chuid oibre i gciseán an bhruscair.

N’fheadar an bhfuil milliún focal scríofa ag Dervala Hanley faoin am seo? Is dócha go bhféadfaí iad a chomhaireamh ar dervala.net. Ach is fearr liom a bheith ag baint sult as a cuid próis bhinn ná bheith ag ríomhadh na bhfocal nuair a thugaim cuairt ar an mblag sin. Tá an ealaíon agus an dian-saothar le sonrú go tréan ar na leathanaigh seo – agus is mór an pleisiúr iad don léitheoir. Ba mhaith liom íoc as an bpleisiúr seo a fhaighim saor in aisce – agus is léir ó na tráchtaireachtaí a fhágtar ar an suíomh go bhfuil mórán ar aon intinn liom.

Tá Dervala ag cur lena taithí i gcónaí, agus anois is féidir cúpla gearrscéal gleoite a léamh ar an suíomh mar aon lena h-aistí áille. Nára fada go mbeidh sí i gcló.

Tá an bhlagadóireacht an-mhaith chun cleachtadh a fháil ar aistí nó ar ghearrscéalta. Is féidir dréachtaí úrscéalta a fhoilsiú ar an slí sin chomh maith – caibidil amháin i ngach blagmhír. Uaireanta cuireann toirt an úrscéil as don scriobhnóir áfach, agus fágtar a leithéid ar an méar fhada. Ach tá cabhair ar an ngréasán, agus gríosadh ó do chomhscríobhnóirí má ghlacann tú páirt in National Novel Writing Month. Ar mhaith leat triail a baint as 50,000 focal a bhreacadh in aon mhí amháin? Tabhair cuairt ar nanowrimo.org.

Cuirtear prionsabail na ngréasán sóisialta i bhfeidhm ar an suíomh youwriteon.com, tionscnamh a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Shasana. Tugtar cuireadh do scríobhnóirí úra caibidlí tosaigh a leabhair a fhoilsiú ar an suíomh agus ansin iarrtar orthu, mar bhaill, léirmheastóireacht agus vótáil a dhéanamh ar obair a chéile. “X-Factor na leabhar” an maíomh atá acu! Tá cairt mhíosúil ann agus ag deireadh na míosa cuirtear na saothair is mó a thuill meas a gcomh-údar ar aghaidh chun léirmheas a fháil ó léirmheastóirí gairmiúla.

Is slí fada achrannach é bóthar na foilsitheoireachta. Fiú má thuilleann tú meas na léirmheastóirí, ansin beidh ort conradh a fháil le áisínteacht liteartha. Ina dhiaidh sin, beidh tú ag súil go mbeidh siadsan ábalta do leabhar a dhíol le comhlacht foilsitheoireachta.

Is féidir dul i muinín comhlachtaí féin-fhoilsitheoireachta chomh maith, mar shampla selfpublishing.co.uk. Ach tá slite eile ann – modhanna blagadóireachta – chun do shaothar a fhoilsiú agus d’ainm a chur in áirde mar scríobhnóir. Beidh a thuilleadh ar an ábhar seo agam an tseachtain seo chugainn.

  • Níl aon bhaint ag teideal na blagmhíre seo le h-ábhar an ailt thuas. Cad is "preabailín" ann? Bhuel, tá sé cosúil le "flabhainn"! Agus is mór an spórt é a bheith ag preabadh air!
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Ordinary Girl le Amy Ayres (Gréasán Podslán).
Amy Ayres
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Thursday, August 17, 2006

Imeall #156: Machnamh le Dermod Moore

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Tá an dáta mí-cheart luaite ag tús an chinn seo leis agam! ;-)
  • Aoí-phodchraoltóir eile againn inniu. Dermod Moore, ó A Bit of Bonhomie.
  • Nochtann Dermod na tuairimí a bhí aige tráth na mbuamaí i Londain anuraidh. Bhí sé in a chónaí ar an sráid ar ar phléasc siad.
  • Is féidir an t-alt a léamh anseo.
  • Ath-fhoilsithe le caoinchead an údair. Go rabh maith agat, Dermod!
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, August 16, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh ó 20ú Bealtaine

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

An Blagadóir: Luach 1000 Focal

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 2oú Bealtaine 2006.

Tuesday, August 15, 2006

Imeall #155: An milleán ar Abraham?

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Luaitear an dáta mícheart ag tús an phodchraolaidh seo. Bhí sé le bheith foilsithe inné, ach bhí deacrachtaí teicniúla agam.
  • Castar an t-eagrán is déanaí ón bpodchraoladh The Seanachai le Patrick McLean. An féidir leis an dá thaobh i gcogadh naofa a bheith ag troid ar son an Dia céanna? Cé chomh fada siar agus a théann coincheap an mharú "ar son Dé"? Nó an botún é má fheáchaimíd ar scéalta an bhíobla le dearcadh na linne seo?
  • Gabhaim buíochas speisialta le Patrick. Thanks Patrick for your kind permission to include your podcast. The Seanchaí Abú!
  • Ceol Podslán: I'm In Love With a Navajo Boy le Lunar Drive
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Thursday, August 10, 2006

Imeall #154: Mothúcháin Ghortaithe

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeMar Ghaeilgeoirí is gnách linn fanacht amach ó argóintí le daoine atá i gcoinne na teanga. Tá a fhios againn gurb annamh ar féidir an argóint sin a bhuachaint. Tá a fhios againn nach é an réasún atá ina bhunús ag a dtuairimí ach a gcuid mothúcháin. Cuireann siad inár leith go bhfuilimíd ag caitheamh anuas orthu san atá gan Ghaeilge, ach is í an fhírinne ná gur ina samhlaíocht féin atá an dearcadh sin.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMIs minic nach mbíonn cáinteoirí seo na Gaeilge go h-iomlán ar a suaimhneas maidir lena n“Éireannachas” féin. Tá siad tírghrách, bródúil as an dtír agus as an bpobal ónar fáisceadh iad. Ach in ionad a bheith bródúil go bhfuil teanga dár gcuid féin againn in Éirinn, is amhlaidh go ngoileann sé go pearsanta orthu nach bhfuil an teanga sin ar a dtoil acu féin. Ach tá réiteach ar an bhfadhb sin acu: ísliú céime a thabhairt don nGaeilge.

Tá na mothúcháin ghortaithe seo le sonrú go soiléir i ngach aon rud a scríobhann Kevin Myers ar an ábhar. Níor fhoghlaim Kevin aon Ghaeilge ar scoil toisc gur tógadh i Sasana é. Ach is Éireannach é Kevin, a bhfuil a shaol agus a bheatha aige sa tír seo. Cuireann sé cás gnéithe ar leith de shaol na hÉireann, cosúil le iobairtí na nÉireannach sa Chéad Chogadh Domhanda, agus glacann sé seasamh láidir paiseanta ar cheisteanna tabhachtacha áirithe na linne seo sa tír: cúrsaí an Tuaiscirt, an pholaitíocht, ‘sea, agus an Ghaeilge.

Is Éireannach é Kevin, ach dála roinnt mhaith eile, níl sé sásta lena hÉireannachas. Samhláionn sé go bhfuil “Éireannachas” eile ann atá “níos fearr” ná a chuid Éireannachas féin. Seafóid atá sa mhéid seo ann féin, agus tá sé olc a dhóthain gurb é Kevin an té atá ag caitheamh anuas ar a Éireannachas féin. Ach ní leor san dá leithéidí go bhfaighidh siad réiteach “na faidhbe” seo dóibh féin: sainmhíniú an Éireannachais féin a cur as a riocht.

Tá sé íoróineach gurb ‘shin é a chuireann siadsan inár leith: go bhfuilimídne ag meascadh an Éireannachais agus an Ghaelachais. Tá siadsan ag iarraidh an Gaelachas a dhíbirt as an Éireannachas i bhfábhar “Éireannachas” a thagann lena ndearcadh féin. Deir siad go bhfuilimíd ag brú Gaeilge orthu – ach b’fhearr leosan dá mbeadh an Ghaeilge marbh agus gan ach Béarla amháin sa tír seo. Is deas le cuid acu an Pholainnis agus an tSínis a lua mar samplaí teanga ar mó labhartha iad ná an Ghaeilge, ach ní shílim go bhfuil aon ghrá ró-mhór acu don inimirceoir ná don ilchultúrachas.

Uaireanta, áfach caithfear an dúshlán a thabhairt. Tá páirt glactha agam sa tráchtaireacht ar an ábhar an tseachtain seo ar bhlaganna Gaeilge Shéamais Uí Neachtain agus Hilary Mhic Shuibhne. Agus tá díospóireacht bhreá bhríomhar (agus sibhialta!) i mBéarla ar bhlag le Sarah Carey. Tá Richard Waghorne féin i measc na dtráchtairí ann agus cuma an réasúin air! Measaim go gcuirfidh mé mo ladar isteach!

Bíonn cúrsaí teangan teasaí a ndóthain, ach “hell hath no fury” ar nós mamaíbhlagadóir maslaithe! Tharraing ban-bhlagadóir le leasainm gaelach fearg na máithreacha uirthi féin ag an gcomhdháil BlogHer le déanaí. Léigh “I hate mommy bloggers” ag lasadh.com.

Agus tá cogadh lasta idir táilliúr-blagadóir Saville Row, Thomas Mann, agus fear faisin na hIodáile Giorgio Armani. Dar leis an couturier cáiliúil, tá traidisiún Saville Row as dáta. Ag labhairt thar ceann Thomas, tugann Hugh MacLeod an dúshlán: “Ainmigh an t-am, Giorgio - agus an áit!”

Richard? Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Imeall #153: Fiona Ní Chéirín

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Seo dhaoibh Fiona Ní Chéirín, a bheidh ina comhláithreoir ar An Lionra Sóisialta.
  • Ceol Podslán: Sound Scientist le Bill.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, August 09, 2006

Imeall #152: Ceangailte!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Joining the WAN
  • Buíochas le baill an phobail IrishWan a cheangail gan sreang mé lena líonra Dé Sathairn. Mionsonraí anseo ar an mblag Béarla.
  • Ceol Podslán: The Love In Your Work le Steffen Coonan
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Tuesday, August 08, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh ó 12ú Bealtaine

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

An Blagadóir: Podsláinte

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 12ú Bealtaine 2006.

Monday, August 07, 2006

Lá Saoire

Tá sé in a lá saoire poiblí in Éirinn inniu. Tá An tImeall iata. Gabhaigí amach faoin ngréin, a pháistí! ;-)

Friday, August 04, 2006

Imeall #151: Gan iPod - Ach Fón!

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaime“Cad tá ar do iPod agat?” Bíonn sé ina chúis gháire ag daoine nuair a fhreagraím: “Faic, mar níl aon iPod agam!”

Ní gá iPod chun éisteacht le podchraoltaí. Má tá ríomhaire agat agus ceangal leathanbhanda idirlín, beidh rogha podchraoltaí an tsaoil mhóir agat agus is féidir éisteacht leo ar an ríomhaire féin.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMAch chun an leas ceart a bhaint as buntáistí na podcraoltóireachta, ní foláir don éisteoir a bheith saor chun gluaiseachta, agus a chuid phodchraoltaí a thabhairt leis chun éisteacht leo ag a rogha am, ina rogha áit. Níl insan iPod ach módh amháin chuige seo.

Tá úsáid bainte agam as éagsúlacht mhór seinnteoirí beaga MP3, ach i láthair na h-uaire ‘sé an fón póca Nokia 6680 an t-aon ghiúirléid amháin atá im’ phóca agam. Fón cuíosach maith is ea é, ach tá cumas seinnte MP3 aige. Ní h-é an fón ceoil is núálaí é – tá an N70 ag Nokia anois, agus tá dúil mhór agam san N91! Ach tá callaire breá láidir aige agus is féidir liom cluasáin a cheangailt leis más rogha. An rud is fearr: bíonn sé liom i gcónaí agus mo rogha éisteachta leis.

Mar sin cad ‘tá agam ar mo Nokia faoi láthair? Seo an liosta.

Seo mar ar féidir éisteacht le podchraoltaí ar fón pócaDaily Source Code le Adam Curry. Níl ach corr-phodchraoladh laethúil ann (An tImeall san áireamh) ach tá an ceann seo ag barr an liosta. Tá Adam ar dhuine de cheapaitheoirí na podchraoltóireachta agus tá sé ina cheannródaí fós ina cuid forbartha. Agus tá cuid mhaith den obair seo á dhéanamh go h-oscailte aige, agus í á phlé ar bhonn laethúil aige lena lucht éisteachta. (Eagrán 431, 37 MB, dailysourcecode.com).

Evil Genius Chronicles le Dave Slusher. Ceannródaí podchraoltóireachta eile, agus is minic é cáinteach go maith ar Curry agus ar a chomhlacht, Podshow. Tá an podchraoladh seo á mheas agam faoi láthair, nílim cinnte fós an leanfaidh mé ag éisteacht leis. (Eagrán 30ú Iúil, 29 MB, evilgeniuschronicles.org).

The Gillmor Gang le Steve Gillmor. Iriseoir teicneolaíochta é Steve, agus is painéal iriseoirí agus fiontraíthe é an Gang. Seo iad suathairí agus gníomhairí Silicon Valley agus bíonn a gcuid comhrá leamh a dhóthain go minic. Ach san eagrán seo is déanaí siúlann ball amháin amach - pus agus breall air! Bhain an bhlag-iris chúlchainteach Valleywag an-spórt as an eachtra! (Eagráin 30ú agus 31ú Iúil, 57 MB, gillmorgang.podshow.com).

Underway in Ireland le Bernie Goldbach. Léachtóir is ea Bernie in Institiúid Thiobrad Árann. Sraith (sruth!) smaointí pearsanta a bhíonn in Underway de ghnáth ach tá sraitheanna podchraoltaí eile dá bhfoilsiú aige faoi scáth a shuímh podcasting.ie. Ina measc siúd tá Educast (ábhar staidéir dá chuid mac léinn), Inside View (a chuid obair iriseoireachta), agus Mixfits (ceol podslán). (Eagrán 40, 19MB, podcasting.ie).

Cad faoin gceol podslán seo? Cuid mhaith cheoil, tá cosc é a chasadh ar phodchraoltaí de bharr cúinsí cóipchirt. Ach tugann úinéirí an cheoil phodslán ceadúnas do phodchraoltóirí ionas go bhfaighidh siadsan an bholscaireacht i measc a lucht éisteachta. Tá go leor den gceol sin ar mo Nokia, buíochas leis na podchraoltóirí ceoil. Tá Spudshow laethúil, agus i nGaeilge. (Eagrán 60, 4 MB, spudshow.com). Tagann Bitjobs For The Masses ó Shasana, agus tá cáil domhanda air i measc lucht éisteachta podchraoltaí. (Eagrán 146, 33 MB, bitjobs.net). Agus tá an t-eagrán is déanaí agam de Zero Gravity Radio (Eagrán 47, 25 MB, zeroghome.com).

Níl Coverville podslán, ach tá Brian Ibbott ag dul sa tseans chun scoth na leaganacha “clúdaigh“ a chasadh dá lucht éisteachta. Ba chóir dó bheith ar an raidio – ach is mór an sásamh domsa gur podchraoltóir é: ní chaillim aon amhrán a chasann sé. (Eagrán 227 “Stuck in The Hotel California with The Power Of Love”, 43 MB, coverville.com).

Tá tuilleadh plé teicneolaíochta ar an bhfón agam le The Chris Pirillo Show (Eagrán 27 Iúil, 10 MB, thechrispirilloshow.com), agus Podleaders le Tom Raftery. Corcaíoch is ea Tom, agus tá cáil mhór á bhaint amach aige mar iriseoir teicneoláiochta idirlín mar thoradh ar úsáid na podchraoltóireachta aige. San eagrán is déanaí seo uaidh, deineann sé ceap magaidh do phríomhfheidhmeannach chomhlacht idirlín a chaill an coinne a bhí socraithe aige le Tom. Níor chuir sé as do Tom: léigh sé na ceisteanna a bhí ullamh aige agus thug deis dúinn éisteacht leis an gceol cúlra ón nglaoch gutháin a bhí mar fhreagra ar na ceisteanna sin. (Eagrán 31ú Iúil, 2 MB, podleaders.com).

Is léir ón mblas ar a gcuid cainte gur Corcaígh chomh maith iad an bheirt ghíc ar 2 Irish Geeks And A TV (Eagrán 22, 41 MB, 2igtv.com). Agus tá podchraoladh físe amháin agam ar an bhfón chomh maith: clár nuachta na ngíceanna, Rocketboom (Eagráin 26ú agus 31ú Iúil, 4 MB, rocketboom.com).

Tá slí do 512 MB eolais ar an gcárta cuimhne atá agam i mo Nokia 6680. I láthair na h-uaire tá 323 MB lán le podchraoltaí – agus tá thart ar an méid chéanna nóiméad éisteachta iontu. Foilsíodh na podchraoltaí seo go léir sa tréimhse idir Dé Sathairn agus Dé Luain seo chaite agus tá éagsúlacht mhór ábhar agus caighdeán iontu. Ach tá seoid amháin ann nár luas go fóill: Digital Flotsam le PW Fenton. Scéalaí is ea PW, agus ceardaí raidio ar an sean-nós. Tá Eagrán 40 anseo ar m’fhón – ach níl sé cloiste fós agam. Táim á choimeád! Beidh sé ina phleisiúr ar leith agam – ag mo rogha am, i mo rogha áit! (Eagrán 40, 24 MB, digitalflotsam.org).

  • Abair paidir do Aoife, iníon le mo dheartháir, atá go dona tinn i ndiaidh timpiste bhóthair. Tá sí ag teacht chuici féin le cúpla lá anuas. Guímíd ná raibh fada go mbeidh sí ar ais i mbarr a sláinte. Tá sí 6 bliana d'aois.
  • Ceol Podslán: A Little Time le Amy Ayres.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Thursday, August 03, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #124

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #124: Mark Bodah, Cuid II

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 27ú Aibreán 2006.