Saturday, April 30, 2005

Tír trí-theangach

Tá an spórt ag leanúint ar aghaidh ar bhlag Slugger O'Toole, maidir le ceist na teangan. Tá 99 freagra tugtha anois óir spreagadh níos mó plé le h-alt nua in Irish Independent an lae inniu.

Agus mé i mbun na h-argóna, tá tagairt déanta arís agam do dhea-thionchar na n-inimirceóirí, mar a thaibhsítear domsa é, ar an ndearcadh náisiúnta i leith teangacha go ginearálta, agus i leith na Gaeilge ach go h-áirithe.

Is mór an sásamh dom a fheiscint, mar sin, go bhfuil seasamh fíor-dhearfa i leith an ilteangachais tógtha ag Uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Cárthaigh. Dár le tuairisc sa nuachtán , tá molta aige don Rialtas gur chóir do ghach dalta a bheith trítheangach ag fágaint na scoile dóibh.
reachtaíodh rún ag éileamh ar an Rialtas féachaint chuige go mbeadh ardchumas ag gach páiste i dtrí theanga, Gaeilge, Béarla agus teanga eile, agus iad ag fágáil na scoile.
“Ba mhaith liom go mbeadh an clú ar an dtír seo as ucht an ilteangachais,” arsa an tUasal Mac Cárthaigh.
Mhínigh sé gur straitéis é seo ag an gConradh le cur in éadan ‘aonteangachas an Bhéarla’.
“Táimid níos giorra do Bheirlín ná Bostún ar an cheist seo,” ar sé.
Maith an fear, a Uachtaráin. Lean ort!

Lipéid: ,

Friday, April 29, 2005

Slugger O'Toole agus Times LA

Agus an Wall Street Journal ag tuilleamh míchlú de bharr a modhanna iriseoireachta, is mór an sásamh a fhesicint go bhfuil caighdeán níos airde ag an LA Times. 'Sé sin, chuireadar tuairisceóir dá gcuid go dtí an Ghaeltacht chun an fhírinne a fháil, sara gcuireadar aon fhocal i gcló.

Tá clárú saor in aisce de dhíth chun an t-alt a léamh ar shuíomh an LA Times, ach tá sé cóipeáltha agus greamaithe isteach i measc na bhfreagraí ar an mír seo ar Slugger O'Toole.

Is díol spéise é an díospóireacht i bhfreagraí na míre sin, sa mhéid is go bhfuil éagsúlacht iomlán na dtuairimí a chloistear sa tír seo ar cheist na teangan léirithe i mbreis agus 50 freagra.

Lipéid: ,

Sunday, April 24, 2005

Mathair Tristan ag cuardach eolais faoi

Dar le Sunday Tribune an lae inniu, ní feighlí linbh í Rosdiana in aon chor, ach brócaer leanaí a bhfuil breis agus 50 uchtú socraithe aici.

Ach an gné is suntasaí faoin dtuairisc, le Ann McElhinney, ná go bhfuil máthair breithe Tristan fós ag cur a thuairisc. An bhfuil seans ann go bhféadfaí ath-chaidreamh a chothú eatarthu anois? An dtárlódh sé go mbeadh a leithéid chun a leasa?

Lúann alt MhacElhinney chomh maith gur saoránach Éireannach é Tristan, agus nach bhfuil aon scrúdú déanta fós ag aon saineolaí cúram leanaí thar ceann an stáit seo ar a chás. Ba chóir a mheabhrú don Rialtas gur orthusan atá an phríomh-fhreagracht as a leas agus a shláinte.


Dála an scéil, is ait liom nach bhfuil aon tagairt don scéal seo i mBlaganna na h-Éireann i gcoitinne. Goileann an scéal seo go trom ormsa, sa tslí is gur beag suime atá agam sna mór-scéalta eile. Chun a bheith fírinneach, táim cuíosach bréan de bheith ag léamh faoi na Pápaí faoin am seo!

Lipéid: ,

Saturday, April 23, 2005

Eithigh an Wall Street Journal

Tuairiscítear i mblaganna éagsúla gur fhoilsigh an Wall Street Journal (agus ní an Washington Post mar a dúirt i dtosach - gabh mo leithscéal) eagarfhocal le linn na seachtaine ag rá go gcuirfí daoine amú de bharr na n-athraithe i logainmneacha oifigiúla na Gaeltachta. Faraoir tá síntiús de dhíth chun an píosa a léamh, ach táim buíoch do Bernie Goldbach a chuir an téacs ar fáil ar a bhlag siúd.

Thapaíos an deis chun mo thuairim féin a nochtadh i bhfreagra ar mhír Bhernie.

Lipéid: ,

Sceal Tristan ar lean

Is mór an briseadh croí é an scéal seo - ach de réir na tuairisce seo ar Eircom.net, is cosúil go bhfuil caoi mhaith ar an mbuachaillín agus aire mhaith á tabhairt dó. Mar sin féin tá ceisteanna i dtaobh na dílleachtlainne féin ina bhfuil sé. Dar le Irish Times an lae inniu (síntús de dhíth chun é a léamh), tuairiscítear gurb amhlaidh nách bhfuil an dílleachtlann cláraithe leis na h-údaráisí áitúla. Dílleachtlann Emmanuel is ainm don ndílleachtlann seo, agus is cosúil ón suíomh gréasáin atá acu go bhfaigheann siad roinnt mhaith tacaíochta ó phobal na n-eachtrannach san Indinéis agus ó na comhlachtaí idirnáisiúnta a fhostaíonn na h-eachtrannaigh. Ar liosta na n-oifigeach ar an suíomh seo luaitear cuid mhaith eachtrannach agus na comhlachtaí óna dtagann siad. Ina measc, ag bun an leathanaigh, tá "Joseph Dowse (KPMG - Accounting & Finances)" fós luaite i measc baill an Bhoird Chomhairlithe. Is cosúil, toisc an ceangal a bhí ag Joseph Dowes leis an ndílleachtlann, gur éirigh leis Tristan a fhágaint ann gan mórán ceisteanna.

Tá a thuilleadh eolais in alt an Times maidir le h-uchtú Tristan. Tá comhad a uchtaithe feiscithe acu, ina bhfuil cuntas Suryanih, máthair bhreithe an bhuachalla, gur thréig a fear í nuair a bhí sí torrach. Dar le Suryanih, chinn sí ar a leanbh a thabhairt le h-uchtú, agus labhair sí le feighlí linbh mhuintir Dowse, bean darb ainm Rosdiana. Is í Rosdiana a chuir na Dowses i dteagmháil le Suryanih, agus is cosúil gur eagraíodh an t-uchtú go príobháideach. Is nós coitianta a dhóthain é seo san Indinéis, go socraíonn teaghlaigh shaibhre uchtú sara mbeirtear an leanbh, agus go dtugann siad tacaíocht don mháthair le linn di a bheith ag iompar an linbh.

Más amhlaidh a bhí, tá amhras dlíthiúil faoin uchtú anois, ainneoin gur ghlac cúirt leis ag an am. Leis an ndeabhadh a bhí orthu Tristan a uchtú, is cosúil gur éirigh leis na Dowses cead na cúirte a fháil in éagmais teastais ó na seirbhísí sóisialta. Faoi mar atá sa tír seo, tá dlíthe ag an Indinéis chun leanaí uchtaithe a chosaint. San am ar uchtaíodh Tristan, bhí cúram an phróisis seo ar eagraíocht ar a dtugtaí an "National Social Health Body", nó an NSHB. Tá an cuma ar an scéal gurb amhlaidh nár deineadh teagmháil leis an NSHB in aon chor maidir le h-uchtú Tristan. Níl oiread agus tagairt amháin don NSHB sna 50 leathanach atá sa chomhad.

Is Moslamach í Suryanih, agus de réir dlí na h-Indinéise, is Moslamach dá bharr é Tristan de dheasca a bhreithe. De réir dlí na tíre sin, ní féidir leanaí Moslamacha a uchtú ach amháin le teaghlaigh Mhoslamacha. Níl aon fhiainise gur thiontaigh Joe Dowse ina Mhoslamach.

Tá íos-teorainneacha ama ar chóir do thuismitheóirí uchtaithe a bheith pósta, agus ina gcónaí sa tír. De réir na tuairisce, níor chomhlíon na Dowses na coinníollacha seo. (Ní rabhadar pósta ach bliain.) Deir an tuairisc áfach go ndeintear eisceachtaí uaireanta do eachtrannaigh i gcás an riail seo.

Níos suntasaí fós, mar chuid den phróiseas oifigiúil, bíonn tréimhse trialach sé mhí, ina ndeineann oibrithe sóisialta faire ar an dteaghlach le cinntiú go bhfuil cúram socair grámhar á thabhairt dó. Mheasfainn féin nár ghá do oibrí sóisialta le fios maith a cheirde níos mó ná cuairt amháin a dhéanamh ar na Dowses chun go gcífeadh sé go raibh rud éigin bunúsach in easnamh.

Bíodh sin go léir mar atá - 'sé an rud is tábhachtaí anois ná go ndéanfaí gach aon rud ar féidir chun cabhrú le Tristan anois. Is cosúil go bhfuil údaráis an dá thír ar aon intinn faoi sin. Tá sé ar a shuaimhneas sa dílleachtlann faoi láthair agus tuairiscítear go bhfuil lánúin Mheiriceánach an-cheanúil air agus go mba mhaith leo é a uchtú. Mar chuid do réiteach na faidhbe, b’fhéidir go mbainfear dó a shaoránacht Éireannach, agus go mbronnfar saoránacht na h-Indinéise air athuair. Ach má dheintear é sin, ba chóir do rialtas na tíre seo a chinntiú gur chun leasa Tristan a bheidh sé seo. Mar atá sé faoi láthair, tá cearta an tsaoránaigh Éireannaigh aige. Mar sin – ní dóigh liom gur cheart aon acmhainn taidhleoireachta a spáráil ag cinntiú go réiteofar fadhbanna an bhuachalla seo chomh tapaidh agus chomh h-éifeachtúil agus is féidir.

Tuilleadh eolais: Tuairim Brenda Power sa Sunday Times.

Lipéid: ,

Monday, April 18, 2005

Scéal Náireach Tristan Dowse

Bhí buachaill beag uair, dárbh ainm Tristan. Bhí cónaí air in éineacht lena athair agus a mháthair, agus a dheirfiúir mhór, Tata. Sin é an saol a bhí aige - agus níorbh eol dó aon saol eile. Lá amháin, nuair nach raibh sé ach dhá bhliain d'aois, thug a Dhaidí é go dtí áit stróinséartha. Dílleachtlann a bhí san áit seo, agus bhí sé lán de leanaí tréigthe, gan mháthair gan athair. Bhí teanga eachtrannach á labhairt ag gach éinne sa díleachtlann, agus níor thuig éinne caint Tristan. D'fhág Daidí Tristan sa díleachtlann, agus níor tháinig sé thar n-ais. Theith sé féin, agus a bhean, agus a n-iníon amach as an dtír. Fágadh Tristan ina ndiaidh.

Dá mbeifeá ag iarraidh scéal fíor-ghránna a chumadh, scéal a scanródh leanaí beaga agus a chorródh as suaimhneas a gcodlata iad, ní éireódh leat ceann níos measa ná seo a chumadh. Agus tá gach uile fhocal fíor.

Tá tuairisc anseo, agus ceann eile, ón Irish Examiner.

Tá sé geall le do-chreidte go bhféadfadh aon duine cleas chomh gránna, chomh náireach, a imirt ar leanbh beag neamh-urchóideach. Dar leis na tuairiscí nuachtán, maíonn "Daidí" gurb amhlaidh "nár oibrigh sé amach".

Níor oibrigh sé amach? Dár le cén duine? Cad é go díreach an rud nár oibrigh amach? Agus munar oibrigh, cén leigheas ar an scéal é an leanbh - an leanbh! - a dhíbirt amach as a theaghlach?

Cogar i leith a "Daidí", go míneodsa rud éigin duit. Nuair a thógann tú cúram clainne ort féin, le h-uchtú nó le breith, níl aon dul siar air. Nuair a thugann tú póigín na h-oíche do do mhac, ní póg an bhraith é. Nuair "ná oibríonn sé amach", ní féidir leat an buachaill a thabhairt thar n-ais. Nuair a ghlacann tú le cúram an athar, is mó an dualgas atá ort i leith an linbh sin ná i leith aon neach beo, tú féin agus do bhean chéile san áireamh.

Táim ar dearg-bhuile faoin scéal seo. Is é an príomh-chúram ar chóir a bheith ar Aire Ghnóthaí Eachtracha na tíre seo anois ná leas an linbh Éireannaigh seo a chinntiú agus a chearta a fháil dó. I ndiaidh san, ba chóir dos na Gárdaí agus an DPP an cás a iniúchadh, agus má bhíonn sé de dhánaíocht ag "tuismitheóirí" Tristan go deo filleadh ar Éirinn, bheinn ag súil go dtaispeánfaí dóibh cén meas atá ag pobal agus dlíthe na tíre seo orthu san a thréigeann a leanaí.

Lipéid: ,

Sunday, April 17, 2005

Na Blagadóirí Gáidhlige

Tá borradh faoin mblagadóireacht i nGáidhlig na hAlban chomh maith i láthair na h-uaire. Gàidhlig - cha bhithinn às a h-aonais! is teideal do cheann acu a bhfuilimse ag déanamh mo dhícheall a léamh! Is díol spéise é an chosúlacht mhór atá eatarthu. Is féidir le Gaeilgeoir cuid mhaith den nGáidhlig a thusicint. Caithfidh mé tabhairt faoin í a fhoghlaim i gceart lá éigin!

Bainimse an-thaitneamh as an gclár Sruth na Maoile ar RnaG. Agus Mairi Anna Nic Ualraig ag caint, aithnním an chaint ghaelach - agus samhlaítear dom gur cóir go dtuigfinn í - ach ní thuigim ach corr-fhocal. Bíonn orm an leagan Gaeilge a chlos chun aon chiall a bhaint as.

Ní h-amhlaidh a bhíonn sé afách agus mé á léamh. Cé go n-athraíonn an fhobhraíocht thar achar spáis agus ama, tá rialacha scríobhnóireachta an dá theanga bunaithe ar an mbunsraith céanna a leagadh i bhfad sarar scoilt na teangacha óna chéile. Dá bharr sin, is fusa go mór na focail scríte a aithint. Tá cómhrá ciallmhar déanta agam ar uairibh, le cainteoirí Gáidhlige i seomraí comhrá an idirlín.

Céad fáilte romhat a Ghráisg!

Lipéid: , ,

Saturday, April 16, 2005

Anocht FM

Buíochas do mo chomh-bhlagadóir Brian Greene, a thug an scéal seo faoi ndeara ar shuíomh RTE agus a nocht do bhlagchruinne na h-Éireann é.

Aisteach go leor - níl faic ar shuíomh RnaG féin faoi seo. Chuala caint go bhfuil easaontas i measc fhoireann an stáisiúin faoin gcinneadh. Is cinniúnach an t-athrú é i bpolasaí atá i bhfeidhm le breis is triocha bliain, agus tá argóintí maithe ar dhá thaobh na ceiste.

Ní féidir na fíricí seo a shéanadh:
  • Níl lucht éisteachta óg ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Gaeilgeóirí a bhfuil dúil acu sa phop-cheol, is le 2FM agus a leithéidí a éisteann siad. Tá géar-ghá le seirbhís cheoil chomh-aimseartha, gan srian teanga, ag freastal ar Ghaeilgeóirí.
  • An dream éisteóirí dílse Raidió na Gaeltachta, nár mhaith leo pop-cheol Béarla a chlos ar RnaG - ní h-éistíonn siad le Raidió an t-am sin den oíche ar aon nós.
B'fhearr liomsa seirbhís nua raidió Ghaeilge a fheiscint a bheadh tiomnaithe go h-iomlán don aos óg le béim ar an siamsaíocht. Ach, fad is atáimíd ag feitheamh, is céim mhaith í seo.

Is maith an comhartha go bhfuil an sean-"pirate", Rónán Mac Aodha Bhuí, ina chuid lárnach den tseirbhís nua. Uaireanta, chuirfeadh craoltóirí RnaG i gcuimhne duit sean-thraidisiún an Bh.B.C., ina gcaithfeadh na láithreóirí culaith foirmeálta carbhat dubh agus iad ina suí ag an micreafón. Baineann Rónán le traidisiún eile ar fad, bail ó Dhia air. Bhí sé in a cheannródaí ag craoladh i nGaeilge ar "pirate radio" sna h-ochtóidí, agus dhein sé an-bheart don Ghaeilge sna meáin mhór-éisteachta, le "Nuacht na h-Aoise" ar Century Radio, an chéad stáisiún náisiúnta tráchtála, áit a bhfuil Today FM inniu. Cúpla bliain ó shin, bhí clár fíor-mhaith siamsaíochta aige a chraoltaí gach Aoine ar RnaG, ach le déanaí tá sé ag feidhmiú mar léiritheoir i stiúidió na nDoirí Beaga.

Táim ag súil go mór lena chlár nua - go n-éirí leis agus lena chomh-bhádóirí sa tseirbhís nua seo.

Dála an scéil, is go Irishblogs.ie arb éigean dom dul chun blag-mhír Bhriain a fheiscint ar maidin. Cé gur fearr go mór liom Planet of the Blogs na laethanta seo, is cosúil go bhfuil ríomhaire freastail John Breslin ar lár ar maidin. Tá súil agam go mbeidh sé curtha ina cheart aige go luath!

Lipéid: , ,

Saturday, April 09, 2005

Cláracha Plé

Seo cnuasach na gcláracha plé Gaeilge gur fiú súil a choimeád orthu. Tá súil agam go n-éireóidh liom iarracht níos fearr a dhéanamh as seo amach, chun a bheith páirteach iontu. agus tacú leo.
Lipéid: ,

Sunday, April 03, 2005

An greim mór

Agus mé ag trácht ar David McWilliams, tuairiscítear go ndíreoidh clár na Máirte seo chugainn den Big Bite ar an mblagadóireacht in Éirinn.

Tá scoth-ghrúpa blagadóirí le bheith i láthair (an gael-bhlagadóir, Mick Fealty ó Slugger, ina measc). Go n-éirí go geal leo. Éinne ar suim leo an bhlagadóireacht in Éirinn, beidh ábhar súntais dóibh (agus ábhar blagála, gan dabht!) sa chlár seo.

Lipéid: , ,

Saturday, April 02, 2005

An Pápa agus Uair Chinniúnach na Nua-hEíreann

Tráthúil a dhóthain, agus deireadh réimeas an Phápa ag teannadh linn, thána ar an dtuairim seo ar shuíomh David McWilliams:
If events back home intrigue you, read on. All the domestic interviews and articles are written against the background of a new era in Ireland which began for me in September 1979, when a friend of my older sister lost her virginity. Obviously it was a serious day for her but maybe not for you. Yet the way she lost it is important for all of us. She was deflowered in a tent in Galway and there was drink involved. No big deal you might say. But she was attending the Pope's Mass for the pious and chaste "young people of Ireland" at the time. Now that is important. As an elderly, clerical gentleman from Poland lectured about the evils of pre-marital sex, Ireland's teenagers were fornicating within earshot. The New Era embraces the massive social change that has followed our economic boom, the end of emigration, our recent financial delinquency, immigration, house price bubbles and the extraordinary political schizophrenia that characterises discourse in modern Ireland. And as for losing it in a tent while listening to the Pope - stranger things have happened.
Deineann sé an tuarim seo a fhorbairt in a leabhar $aints and $pinners, agus is dóigh liomsa gur fíor dhó, sa mhéid is go bhfuil uair na cinniúna do sochaí na h-Éireann aimsithe go fíor-chruinn aige. Bainimse leis an nglúin céanna le David, agus go deimhin bhí an cheist chéanna á cíoradh agam féin agus ag mo chomhghleacaithe oibre le fíor-dhéanaí i gcaintín na monarchan. Sinne ar cuimhin linn cuairt an Phápa, tá cuimhne againn chomh maith ar thír a bhí an-dhifriúil ó Éirinn na 21ú aoise. Ár gcomhoibrithe óga, (na "John Paul"s agus níos óige!) is ar éigin a chreideann siadsan go gcaithteá oideas dochtúra agus teastas pósta a bheith agat sara gceadófaí duit coiscíní a cheannach (ó phoitigéar amháin). Is cuimhin liom an cheád meaisín díolta coiscíní a chuir Aonad na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe: bhí sé thiar i bpasáiste príomháideach a n-oifigí agus deineadh iontas mór dó. Bhí amhras ann ag an am go raibh sé mí-dhleathach; go deimhin, timpeall an ama céanna bhí achrann dlí faoi dhíol na n-ábhar céanna ag an Virgin Megastore i mBaile Átha Cliath.

N'fheadarsa cén dream is fearr as. An ghlúin a chuaigh romham, bhíodar faoi chois is cinnte, ach bhí saol níos simplí agus níos soineanta acu. An ghlúin i mo dhiaidh, níl easpa muiníne orthu. Mheasfainn gur cuid tabhachtach an mhuinín seo sa dul chun cinn eacnamúil atá déanta ag an tír seo - agus beidh an mhuinín agus an fhiontraiocht sin ag teastáil go géar chun cúrsaí na tíre a stiúradh i ngeilleagar nua na h-aoise seo. Ach, ainneoin an fhuadair atá anois orainn i gcúrsaí gnó agus tráchtála; ainneoin na saoirse pearsanta agus an réimse roghanna atá againn; ainneoin an fheabhais sa chaighdeán maireachtála; ainneoin an íslithe i ndífhostaíocht agus i mbochtanas; ainneoin go gcreidimse gur fearrde sinn anois ná riamh: táim míshuaimhneasach. Iarsmaí na sean-Éireann ag corraí i mo bhrollach, agus an Pápa ar leaba a bháis? - nó an bhfuil rud éigin bunúsach in easnamh orainn?

Suaimhneas síoraí duit, a Eoin Pól II, agus go bhfóire Dia orainn go léir.

Lipéid: ,

** - An Pápa agus Pointe Casaidh na Nua-hEíreann an teideal a bhí ar an alt seo i dtosach, ach ghlacas le dea-chomhairle na mball ar Chlár Plé Beo ná raibh ansan ach lom-aistriú leisciúil ar an mBéarla!

Bloglaigh na h-Éireann

Téann duais na míosa don bhfoclaíocht is glice do Richard Delevan a chum an téarma gleoite atá mar cheanteideal ar an alt seo!

Táim ag baint suilt as réimse leathan blaganna Éireannacha i láthair na h-uaire. Más ea, tá sé in am agam síneadh a chur leis an mblagrolla atá ar imeall deas na leathanach seo. I mBéarla atá an chuid is mó acu, ní nach ionadh. Má scríobhaimse i nGaeilge, ní h-ionann san is a rá ná tugaim aitheantas don mBéarla mar theanga Éireannach. Tá dhá theanga dúchasach sa tír seo againn, agus is fearrde agus is saibhre sinn dá bharr. Maidir le h-aitheantas don nGaeilge, ní theastaíonn uaim go mbrúfaí ar dhaoine í, ná go dtógfadh sí áit an Bhéarla. Níl uaim ach go dtabharfaí a h-áit don nGaeilge le h-ais an Bhéarla, agus go dtuigfí gur féidir a bheith dátheangach - ach sin scéal eile - le h-aghaidh lá agus blag-mhír eile!

Ach tá aitheantas ar leith le tabhairt anseo agam do dhá ghael-bhlag nua a cuireadh in iúl dom le déanaí. Táim buíoch do Chlár Plé Beo a thug Blag Hilary NY chun solais. An-bhlag, agus an-Ghaeilge ó dhíograiseoir Meiriceánach eile. Maith thú a Hilary, agus fáilte romhat.

Más úsáideoir Bhlogger tú, agus má dheineann tú leasú ar do phróifíl chun focail a chur isteach a chuireann síos ar na h-ábhair spéise atá agat, déanfaidh bog-earra Bhlogger nasc ar an bhfocal sin go dtí liosta próifíleanna eile a bhfuil an focal céanna acu. Mar shampla, má chliceálann tú ar an bhfocal Gaeilge i mo phróifílse, tiocfaidh tú ar an liosta seo. Is ar an gcaoi sin a d'aimsíos an tarna ghael-bhlag nua: Blog Shomhairle. Arís, tá an-dhíogras agus an-Ghaeilge anseo ó dhuine nach bhfuil ach dhá bhliain caite aige ag foghlaim na teangan. Fáilte romhat a Shomhairle! Go maire tú do bhlag!

Lipéid: , ,

Friday, April 01, 2005

iPod, iSaol

Tarraingíonn Dervala anuas ceist na ngiúirléidí, agus tagraíonn don bpíosa seo ar fhás an iSaol!

Tá an téarma "cyberspace" cloiste ag gach éinne (Gibson: "a consensual hallucination". "Cyberspace is where you are when you are talking on the telephone" a dúirt duine eile.) Gné ar leith de is ea an iSaol - aonarach, aontreoireach, soghluaiste.

Ní deas linn an tsráid a thabhairt orainn féin, gan cosaint ár ngiúirléidí pearsanta. Cosaint ar chén rud? Ar an bhfíor-shaol, dár ndóigh agus ar an slua stróinséirí. Ní ligfimíd dóibh sinn a fheiscint gan ár gcluaisíní. Chífidh siad go bhfuilimíd sáite inár saol beag pearsanta féin, agus go bhfuilimíd beag beann orthusan. Ar eagla go n-éireodh leo féachaint sa tsúil orainn, beimíd cromtha ar ár bhfóin phóca, ag seoladh agus ag léamh téacsanna tabhachtacha ónár gcáirde dílse. Cé h-iad mo cháirde? Cad é mo rogha cheoil? Nach cuma duitse, a stróinséir? Nach leor duit a thuiscint go bhfuilim sáite i mo chúramaí pearsanta féin - agus BEAG BEANN ORTSA!

Dár le alt an Times:
Technology has given us a universe entirely for ourselves — where the serendipity of meeting a new stranger, hearing a piece of music we would never choose for ourselves or an opinion that might force us to change our mind about something are all effectively banished.
Sin é an iSaol!

Lipéid: ,