Saturday, December 31, 2005

#65: Rúnta Athbhliana

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Saturday, December 24, 2005

#64: Nollaig Shona


A Real Flicker
Pictiúr ó Flickr le zizzybaloobah.
Lipéid: , , ,

Friday, December 23, 2005

#63: Míshuaimhneas Forleathan

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAnois teacht na Nollag, agus arís tá blagadóirí na cruinne ag cúlú beagáinín óna ngníomhartha idirlín, agus ag díriú ar chúramaí speisialta an tseásúir naofa ina mbailte féin. Is cuma mór nó beag an cáil ar bhlag: tá tionchar na Nollag le sonrú, a bheag nó a mhór, orthu go léir, agus roinnt mhaith acu ag fógairt sosanna beaga foilsithe don tréimhse seo.

Go deimhin, bheadh an sos tosnaithe níos luaithe, murach imeachtaí dochreidte na coicíse seo a d'imigh tharainn. Tá roinnt mhaith tráchtaireachta ar scéal spiadóireacht Denis Donaldson i gceann-áras blagadóireachta pholaitíocht an Tuaiscirt, Slugger O'Toole, ach ar shlí, níl an scéal chomh mór i measc blagadóirí i gcoitinne agus a cheapfá go mbeadh. Seans, b'fhéidir, go bhfuil bunús an bhlagchruinne ar aon intinn le tuairimí Anthony McIntyre ón Irish News: gurb ionann cuspóirí Shinn Féin agus cuspóirí Rialtas na Breataine maidir le athaontú na tíre. Tagann údar an bhlag Ireland Free leis an ndearcadh áirithe sin, ach tapaíonn 'El Matador' ar El Blogador an deis chun insíothlú na Breataine ar cheannaireacht Shinn Féin a áireamh i measc seacht gcúis gur chóir do Náisiúntóirí filleadh ar an SDLP.

Is mó an suim atá cothaithe i measc blagadóirí an Deiscirt ach go h-áirithe, i ngeaitsí an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell. Tá éagsúlacht mhór dearcadh polaitíochta i measc na blagadóirí a dhein trácht ar an scéal áirithe seo - ach tá míshuaimhneas forleathan ann faoin tslí inar dhein sé cás Frank Connolly a phlé fé scáth phribhléid Dála. Táthar buartha chomh maith faoin dochar atá déanta don Centre for Public Inquiry, eagraíocht a d'fhéadfadh a bheith ina ghadhar faire ar ghníomhartha rialtais. Tá plé doimhin cúramach déanta ar an scéal ag an seanfhondúir blagadóireachta Éireannach Gavin Sheridan agus é ag cur tús le colún seachtainiúil ar a bhlag ag plé le cúrsaí reatha.

Ceapann roinnt mhaith blagadóirí go bhfuil an scéal seo sa réimse GUBU - ach b'fhéidir nach bhfuil sé "unprecedented"? Tá réamhshamplaí do iompar McDowell aimsithe sa stair chlasaiceach i gcoincheap an "rí fealsúnaí" a bhí ag Plato. Tacaíonn an t-iriseoir Richard Delevan le h-iompar an Aire agus deineann sé tagairt do ghníomhartha Cicero a thug slán poblacht na Róimhe trí scór bliain roimh Chríost. Ag scríobh sa Sunday Tribune a bhí sé agus ní ina bhlag, ach dhein an Freedom Institute ath-thuairisciú air.

Dála an scéil - ainneoin ainm ghalánta Institíuid sin na Saoirse - ní eagraíocht eile iad le maoiniú ó Chuck Feeney, ach blag atá scríofa ag grúpa mac léinn a bhfuil polaitíocht an eite dheis acu. Sin an bua mór atá ag an idirlíon. Má tá dearcadh agat, rud éigin le rá, nó ábhar buartha i leith cheist phoiblí ar bith, ní gá duit a bheith id' institiúid, ná fiú id' iriseoir chun labhairt amach. Bíodh sin mar atá, tá costas pearsanta ag baint le obair dheonach den tsaghas seo. An tseachtain seo chaite foilsíodh an mhír dheireannach ar bhlag a bhfuil sár-obair déanta aige ag tuairisciú ar imeachtaí coiriúlachta chathair Luimní. D'fhógair údar an bhlag Alive In Limerick nach bhféadfadh sé leanúint air toisc go raibh sé ag fágaint na cathrach. Is mór an chailliúint é i measc blagadóirí na h-Éireann.

Cailltear blaganna agus saolaítear blaganna. Tá fáilte mhór curtha roimh bhlag nua a seoladh an tseachtain seo chaite. 15 bliain tar éis dó an Gréasán Domhanda a chruthú ar bhonnsraith an idirlín mar a bhí, tá "Athair an Ghreásáin" Tim Berners-Lee ag blagadóireacht. Fáilte romhat Tim - agus Nollaig Shona Dhaoibh a bhlagadóirí go léir! Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, December 19, 2005

Saoire Nollag

Beidh sé ábhairín níos cúine ar an suíomh seo go ceann roinnt seachtainí, i gcomhair saoire na Nollag. Beidh podchraoladh ar Mháirt agus ar Aoine na seachtaine seo, agus arís ar an Aoine an 30ú Nollag.

Ná déanaígí dearmad bhúr gcuid teachtaireachtaí Nollag a sheoladh chugam roimh Dhéardaoin na seachtaine seo. Craolfar iad go léir ar an Aoine. Scríobh ríomhphost go dtí imeall@gmail.com, nó dein MP3 a thaifeadadh agus seol go dtí an seoladh céanna é, nó bain úsáid as an úirlis saor-in-aisce Skype chun glaoch a chur ar "imeallach" agus fág teachtaireacht.

Friday, December 16, 2005

#62: Ag Freastal Ar Dhá Threo

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAn tseachtain seo chaite, dheineas tagairt don tsraith nua seirbhísí idirlín: "Gréasán a Dó" mar a bhfuiltear ag glaoch air. Ach cad iad na seirbhísí seo go díreach, agus cad é an t-idirdhealú a deintear idir iad agus an sean-idirlíon?

Dar le daoine áirithe is féidir a rá go seasann an "Dó" do "Dé-threóch". Sa chéad-ruathar den ngréasán domhanda, leanadh leis an sean-shamhail atá i bhfeidhm i gcúrsaí ollchumarsáide ó aimsir Ghutenberg i leith. 'Sé sin: go bhfuil líon beag "táirgitheoirí" i mbun foilsitheoireachta, agus slua mór "tomhaltóirí" ag fanacht ar thorthaí a gcuid oibre.

Ach nár chuir Gréasán 1.0 ar chumas gach aon duine a leathanaigh féin a fhoilsiú ar an idirlíon? Chuir, dóibh siúd a bhí sásta dul i ngleic le HTML, an "Hypertext Markup Language" lenar féidir leathanaigh ghréasán a leagan amach agus a nascadh lena chéile. Tá dul chun cinn mór deánta ó shin agus tá úirlisí blagadóireachta na linne seo ina gcórais bhainistíochta don bhfoilsitheoireacht gréasán. Ná níl aon cháilíochtaí téicniúla sa bhreis ar an gclóscríobh ag teastáil chun do chuid leathanaigh a athshonrú.

Samhlaigh pobal, mar shampla cumann, atá ag iarraidh suíomh idirlín a chruthú ag cur síos ar ábhar éigin ar suim le baill an phobail é. Sa tsean-aimsir bheadh orthu daoine a cheapadh chun an tionscnamh a chur i gcrích agus a reachtáil ó lá go lá. Bheadh beirt nó triúir sa ghrúpa seo b'fhéidir, iad oilte go maith i gcúrsaí ríomhaireachta, agus iad ina gcoiste beag eagarthóireachta ag coimeád smacht ar an bpróiséas. Fós táimíd ag cloí anseo le sean-shamhail na foilsitheoireachta. Aon bhall den bpobal ar mian leo rud éigin a chur leis an suíomh idirlín, ní mór dóibh é a chur fé bhráid na n-eagarthóirí. Ní amháin sin, ach tá mórchúram eagarthóireachta agus riaracháin anois ar na h-eagarthóirí céanna. Ní nach ionadh gur minic a bhíonn deacrachtaí le tionscnaimh deonacha den tsaghas seo. I gcás tionscnaimh thráchtála de ghnáth, réitítear an fhadhb le daoine a fhostú ina máistrí gréasán. Ach b'fhéidir go bhfuil réiteach eile ar an bhfadhb.

Eolaí is ea John Breslin atá i mbun taighde ár chúrsaí idirlín in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá suíomh seolta aige a bhfuil sé de chuspóir aige béaloideas agus eolas áitiúil a bhailiú ó phobail agus ó cheantair uile na tíre. An mó bailitheoir béaloidis agus saor HTML atá fostaithe aige chun an gaisce seo a chur i gcrích? Níl aon duine! An cuimhin libh an Wikipedia go rabhas ag trácht air an tseachtain seo chaite? Wiki is ea an suíomh nua seo chomh maith: Wiki Ireland, agus tá cead agus cuireadh tugtha ag John do aon duine ar mian leo leathanaigh an tsuímh a leasú agus cur leis an stór eolais atá dá thógáil ann.

Beart fadradharcach, nuálach, shílfeá? Bheadh an ceart agat. Ní nach ionadh gur thug Cumann Idirlín na hÉireann duais "Aisling an Idirlín" do John i mí na Samhna, ar mhaithe leis seo agus le obair eile atá déanta aige.

Tá iliomad samplaí eile den cur chuige seo atá ag cothú an nua-ghréasáin, agus beidh mé ag caint orthu arís sa cholún seo. Maidir le blaganna na h-Éireann an tseachtain seo, tá roinnt mhaith tráchtaireachta ar óráid ghlactha Nobel Harold Pinter ina gcáineann sé polasaithe eachtrannacha na Stáit Aontaithe, agus tá díospóireacht teasaí ar an bhfeimineachas ar bhlag na h-irise idirlín Sigla Magazine. Ag trácht ar an mblag sin dom, tá sé fógartha ag a údar, Sinéad, gur mhaith léi tabhairt faoi ath-shealbhú a cuid Gaeilge. Agus mar bheart tosaigh, tá sí chun na blaganna Gaeilge a léamh. An-smaoineamh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, December 15, 2005

#61: Aloha kakou!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, December 14, 2005

#60: Reoán!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Soilse Luimní
  • Reoán an Ghaeilge ar "Icing"! Go raibh maith agaibh, Aonghus agus Kay. (Agus "Ladhbnits" an fhoghraíocht cheart ar Leibniz!)
  • Fógra: RevUp4DSI
  • Na h-iarrachtaí chun eagraíocht a bhunú do phodchraoltóirí in Éirinn.
  • Na beannachtaí Nollag. Dein iad a thaifeadadh agus seol go dtí imeall@gmail.com. Nó scaidhp orm: imeallach.
  • Ceol Podslán: People le Natives of the New Dawn
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, December 13, 2005

#59: Suantraí

Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, December 12, 2005

#58: An Eolaíocht

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Scéal Newton agus Leibniz agus Stair na hEolaíochta. Newton ar cheann des na hEolaithe is túisce go n-instear a scéal do dhaltaí eolaíochta, is dócha toisc chomh bunúsach agus chomh h-iontach agus atá a shaothar. Dlithe na gluaiseachta, an mheicníocht, an fuinneamh. Domhantarraingt! Agus an t-úll! Ar na ceisteanna is bunúsaí: cad tá dom' ghreamú anseo?
  • Tá scéalta toraíocht an eolais chomh suimiúil le h-aon rud eile sa stair. Helix Dúbailte an DNA nó aistear Darwin ar an "Beagle".
  • Ceathairníní!
  • Léarscáil Frappr Irish Gaelic Translator.
  • Beannachtaí na Nollag. Dein do theachtaireacht a thaifeadadh agus seol go dtí imeall@gmail.com
  • Císte Nollag
  • Ullamh don Reoán
  • Ceol Podslán: Cruel Weather le Mike Chappelear. Do Hilary!
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, December 09, 2005

#57: Dá mbeadh uirlisí blagála ag Newton agus Leibniz?

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
LáTá sraith nua úirlisí cumarsáide agus faisnéise dá togáil i láthair na h-uaire ar an idirlíon ar a ghlaonn daoine áirithe "Web 2.0" ("Web-Two-Point-O", nó "Gréasán-A-Dó"). San áireamh seo, tugtar Web 1.0 ar an gcéad bhorradh mór ar cuireadh stop leis le briseadh na "dot-coms" i 2001. Ach le bliain nó dhó anuas, tá sruth caipitil fiontraíochta ag cothú úrchomhlachtaí beaga i "Silicon Valley" agus tá gach éinne ag faire don "Next Big Thing".

Ar na gnéithe is suntasaí den bhforbairt seo, tá go bhfuil cuid mhór de ag dul ar aghaidh os comhair an phobail. I stair na forbartha daonna, tá go leor foinsí dialainne agus litreacha ar fáil a thugann léargas ar phróiséas cruthaitheoireachta agus ar dhianshaothar núálaithe móra na staire. Leithéidí Edison, Franklin agus fiú Henry Ford, tá tairbhe le baint as a gcuid scribhinní i gcónaí ag lucht a léite. Ach má spreagtar aon smaointí maithe in aon duine a léann na foinsí sin sa lá tá inniu ann, ní h-aon chabhair é sin anois dos na h-údair. 'Sé sin le rá: ní bhíonn saoi gan locht, agus cá bhfios cén cúnamh a bhí ann dos na h-eolaithe mór-le-rá seo dá mbeadh pobal mór léitheoirí acu ag cíoradh agus ag plé a gcuid tuairimí ar bhonn laethúil?

Tá forbraitheoirí na n-úirlisí cumarsáide nua ag baint úsáid as na h-úirlisí céanna chun a gcuid tuairimí a roinnt agus chun meastóireacht agus tuairimí a lorg ó shaineolaithe eile agus ón bpobal i gcoitinne. Is deacair a rá cé tá ina cheapaitheoir ar cad, agus an oiread tras-phailnithe agus atá ar siúl! Samhlaigh dá mbeadh úirlisí blagála ag mór-fhigiúirí na staire. An mbeadh "Conspóid an Chalcalais" againn mar ar éirigh idir lucht tacaíochta Newton agus Leibniz araon sa 17ú aois, maidir le cé acu a bhí ina "athair" ar an ngné nua sin den Mhatamaitic?

Ní nach ionadh, agus nádúr an duine mar atá, is cosúil nach cosaint iomlán iad na h-úirlisí iontacha seo ar an achrann. Bhí sé ina mórchonspóid an tseachtain seo i measc ceannródaithe an phodchraolta, nuair a tháinig sé chun solais go raibh an cúntas ar fhorbairt na teicneolaíochta sin sa chiclipéid shaor, Wikipedia, leasaithe go h-anaithnid ag duine des na forbraitheoirí céanna, Adam Curry. Is féidir le h-aon duine an Wikipedia a leasú chun go dtiocfadh sé lena dtuairimí féin, rud ar léir ón mír ar Slugger O'Toole ag tagairt do scéal an Sunday Independent maidir le cogadh an athbhreithnithe idir Náisúnaithe agus Aontachtaithe an Tuaiscirt ar leathanaigh an Wiki.

Tá scéal an achrann in Irish Ferries - ach go h-áirithe sa mhéid is go bhfuil baint aige le "Boston v. Berlin" - ag cothú na díospóireachta i measc blagchruinne na hÉireann. Tá ainilís mhaith ar an bplé sin ar an mblag Winds and Breezes agus tá léargas ar éagsúlacht na dtuairimí ar an gceist sna tráchtaireachtaí ar an mblagmhír sin. Meabhraíonn Andrew Ó Baoill dá léitheoirí gur cuid de bhonneagar riachtanach an oileáin é an tseirbhís farantóireachta agus lastais, chomh maith le bheith ina ghnó príomháideach.

Tá tagairt do iompar na meán i leith scéal Irish Ferries in alt de chuid An Spailpín Fánach cé gurb é scéal Ivor Callely mór-ábhar an ailt chéanna aige. Blag dátheanganch atá ag an Spailpín, agus é ag cur síos ar réimse leathan ábhar. Ach cé h-é an Spailpín féin? Nach 'in í an cheist? Ní fheadar éinne ach an oiread cé h-é an gaelbhlagadóir is déanaí atá tagaithe ar an saol: Liam Ó Ráiste. N'fheadar an bhfuil faic sa Wikipedia faoi?

Bead ag caint libh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, December 08, 2005

#56: Aimsigh.com!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Seachain!
  • Gabh mo leithscéal faoi inné. Bhíos ag stracadh leis an saol!
  • Féile Ghiniúint na Maighdine gan Smál, agus tús traidisiúnta an tséasúir siopadóireachta in Éirinn.
  • Aimsigh.com! Inneall cuardaigh sain-oiriúnaithe don nGaeilge! Sár-obair déanta ag Kevin Scannell ar seo.
  • Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge ar oscailt in Inis. Aon imeachtaí ar leith ar siúl san áit ina bhfuil sibhse, cuir chugam iad go bhfógróidh mé iad.
  • Cén fáth an Ghaeilge? Bhuel - níl sí riachtanach, ach tá sí tabhachtach.
  • Léarscáil Phobal Idirlín na Gaeilge ar Frappr!
  • Ceol podslán: Bye Bye Boy le Aaron Wilkinson
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, December 06, 2005

#55: Vox Pop: Cén fáth an Ghaeilge?

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Oíche shóisialta aréir agam. Ag scaipeadh soiscéil na blagadóireachta agus na podchraoltoireachta! Scairt amach do mo chara Pat!
  • Vox Pop na seachtaine. Chuireas an cheist: "Cén fáth an Ghaeilge?" Dar le Séamas ní chuirfí an cheist i dtaobh aon teanga eile!
  • Vox Pop Nua! Do theachtaireacht Nollag! Dein taifead agus seol an fhuaim go dtí imeall@gmail.com, nó scríobh síos i ríomhphost é agus léifead amach é. Nó cuir skype orm agus fág teachtaireacht. Podchraolfar na beannachtaí go léir um Nollaig.
  • Ceol Podslán: If Every Day Were Christmas le Podsafe for Peace
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, December 05, 2005

#54: Bhfuil Siopadóireacht na Nollag Déanta Agaibh?

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Ualach rudaí le rá ach cuirfidh mé srian orm féin. Rial nua ar an Imeall: 12 nóimeád ar fhaid!
  • Cuairt ar Chill Aírne le linn a DS. Ag caitheamh an lóin. An freastalaí Pacastáineach a labhair Gaeilge linn! Dearacadh dearfach an imircigh faoi chaibidil ar Slugger O'Toole
  • Ceol Podslán i nGaeilge! 's Mó Damanta Cróga Nua-Eabhraic le Tí Trá Lí Media. 'Sea, tá Séamas Ó Neachtain istigh ann! Má thaitníonn sé leat ceannaigh é, nó cas ar phodchraoladh é. Mura dtaitníonn - cuir do chuid ceoil phodslán Ghaeilge féin ar fáil! Dein go chuid blagadóireachta agus podchraoladh féin. Tacaígí leis an mór-iarracht! Agus cuir do thuairimí in iúil. Fáilte roimh tuairimí i gcónaí ag imeall@gmail.com - nó fág tráchtaireacht ar an mblag ag imeall.blogspot.com
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, December 02, 2005

#53: Plainéad na mBlaganna

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
LáIs ar shaol na blagadóireachta atá an colún seo dírithe, agus is as an saol san a thagann formhór na bhfoinsí eolais go ndeintear tagairt orthu anseo. Is reábhlóid féin-fhoilsithe í an bhlagadóireacht, ina bhfuil na mílte daoine aonaracha ag foilsiú dóibh fein gan bhac, gan chostas, nó ar chostas an-íseal. Cuid des na daoine seo, is saineolaithe iad i ngnéithe áirithe, nó tá taithí ar leith acu ar an ábhar atá idir lámha acu. Formhór acu, níl acu ach taithí an ghnáth-dhuine agus dearcadh na cosmhuintire, agus é sin á chur i láthair acu go lom, neamh-bhalbh, gan scagadh ná cíoradh ó iriseoirí ná ó thráchtairí. Le cabhair teicneolaíocht an chomhfhoilsithe RSS (Really Simple Syndication) is féidir léargas a fháil ar an sruth foilsithe seo ar shuíomhanna comhbhailithe ar nós Planet Of the Blogs, a dheineann comhbhailiú ar gach aon bhlag Éireannach a bhfuil ar eolas. Más mian leat dul i dtír ar shaol na mblaganna níl áit níos fearr chun tosnú.

Rud a chífidh tú nuair a thosnóidh tú ag léamh blag, ná go bhfuil na míreanna curtha in ord de réir ama, leis an mír is déanaí ag an barr. Go deimhin tá Planet Of the Blogs féin curtha i láthair ar an gcaoi sin. Thíos faoin mír tosaigh cífidh tú an mhír a foilsíodh díreach roimis, agus mar sin de. Más mian leat na seanmhíreanna a fheiscint beidh ort bogadh síos an leathanach. De ghnáth áfach ní choimeádtar ach méid áirithe míreanna ar an bpríomh-leathanach, agus más mian leat a thuilleadh a léamh ort beidh ort dul i muinín na cartlainne. Cuireann nach mór gach aon bhlag cartlann de shaghas éigin ar fáil agus ba chóir go mbeadh nascanna ar imeall an leathanaigh go dtí na cartlanna seo. Rud amháin eile, más mian leat filleadh ar an bpríomhleathanach tar éis seal a chaitheamh ag sciméail ar bhlag áirithe, ba chóir go mbeadh nasc ag barr gach leathanach a thabharfaidh thar n-ais "abhaile" tú. Ar chorr-shuíomh, cífidh tú an focal "Home", nó rud éigin cosúil leis, ach ar thromlach mór na mblaganna níl le déanamh agat ach cliceáil ar theideal an bhlag ag barr an leathanaigh chun filleadh ar an bpríomh-leathanach.

Tá pobal bríomhar gaelbhlagadóirí ag eírí aníos mar aon leis an ngluaiseacht domhanda seo. Go deimhin, is gluaiseacht domhanda iad na gaelbhlagadóirí féin, agus iad scaipthe ar fud an domhain mar atá le feiscint i léarscáil an phobail ar an gcóras Frappr. Murach an idirlíon, ní bheadh cumarsáid i measc an phobail seo go deo, agus is dócha gur beag an seans go gcífidh mórán acu a chéile go deo. Ach is pobal iad mar sin féin, agus pobal gaelach leis. Seo iad a bhíonn ag plé agus ag díospóireacht ar na cláracha plé agus ar na liostaí r-phoist. Agus anois tá siad ag tabhairt faoi bhlaganna agus faoi phodchraoltaí, ag foilsiú a bpictiúirí agus ag glacadh páirt in gach aon tsaghas líonra sóisialta.

Tá comhbhailiú dá gcuid féin ag na blaganna gaelacha seo. Tá gaelbhlagadóir amháin, Nicole Apostola, ag cruinniú na mblaganna go léir le chéile ar an gcóras comhbhailithe Kinja. Is foghlaimeoir í Nicole, agus tá sí ag baint úsáid as na foinsí seo chun a cuid Ghaeilge a chleachtadh, ach tá an suíomh seo ar oscailt do chách. Ní blaganna amháin atá air, ach na suíomhanna gaelacha ar fad a bhfuil fotha RSS á fhoilsíu acu, ina measc: Gaelport.com agus Litríocht.com. Agus tá scéal nua ar an mblagchruinne (blogosphere) Ghaeilge an tseachtain seo. An mór-bhlag Slugger O'Toole, a phléann polaitíocht an Tuaiscirt, tá blagadóir Gaeilge ceaptha acu, Cathal O Foirreidh. Is é Slugger an blag is mó tráchta in Éirinn agus tá tacaíocht an-mhór tugtha don nGaeilge leis na blianta ag a bhunaitheoir, Mick Fealty! Guím rath orthu!

Bead ag caint libh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, December 01, 2005

#52: Tá na Podchraoltóirí ag Teacht

Gaeltacht Shasana Nua
    • Gaeltacht Shasana Nua!
    • BreacGhaeltacht Berkeley. Ag Beckett's Irish Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley. Gach Máirt idir a 6 agus a 7 a chlog.
    • An Cúléisteoir arna fholsiú ag AnGhaeltacht.net
  • Clár Plé Beo. Tá cuma deas slachtmhar air inniu. An bhfuil sé leigheasta?
  • Ceol Podslán: Seed le Smeer.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers