Sunday, February 27, 2005

Polka? - ní dóigh liom é!

Blog nua anseo a fuaireas ar Planet ILUG, atá suimiúil a dhóthain - ach ait, sa mhéid is nach bhfuil aon slí chun aisfhreagra a thabhairt air. Níl córas freagraí aige, ná fiú seoladh ríomhphost gur féidir liomsa teacht air. Maith go leor - agus deir śe go bhfuil sé fós á fhorbairt aige - ach is trua nach féidir liom teagmháil a dhéanamh leis.

'Sí an chúis gur mhaith liom labhairt leis, ná gur dóigh liom go bhfuil dul amú air i dtaobh an phíosa ceoil ar a dtugann sé "Egan's Polka". Níl aon tuairim agam an bhfuil an t-ainm ceart aige o thaobh an "Egan" dó, ach táim nach mór cinnte nách polka é. Tá an fonn cáiliúil go maith - ach mheasas riamh go mba chorn-phíopa é.

Planet ILUG

Má tá suim agaibh sa ríomhaireacht "foinse oscailte", tá seans go bhfuil cuairt tugtha agaibh ar shuíomh an "Irish Linux Users Group". Tá cuid mhaith de bhaill na h-eagraíochta sin tugtha go mór don mblagáil - agus is foinse an-mhaith eolais theicniúil iad blaganna de tsórt seo.

Is blaganna aonair iad don chuid is mó, ach is fuirist súil a choimeád orthu go léir le chéile tríd an gcomhfhoilsiú atá déanta acu leis an mblag comónta: Planet ILUG.

An-sheift! Ar b'fhiú Planet Gaeilge?

Na Nuachtáin Ghaeilge

Plé ar Chlár Beo an tseachtain seo chaite ...

Tharraing Mary anuas ceist na nuachtán Gaeilge:
Céard atá ag tarlú le Foinse? Cén sórt nuachtáin 'náisiúnta' atá ann? Leis na heachtraí móra atá tagtha chun solais le linn na seachtaine anuas, chéapfá go mbeadh tuilleadh airde tugtha ar Shinn Féin agus robáil Bhanc an Tuaiscirt. Mar is gnáth, tá alt den scoth le Poilín Ní Chiaráin, ach níl pioc eile i dtaobh na robála, ach amháin alt beag ar leathanach a trí. Baineann an chéad leathanach, agus an t-eagarfhocal, le scéal i leith comhlachta sa Daingean agus na faillí atá déanta acu don Ghaeilge. Gan amhras, tá tábhacht ag baint leis an scéal seo, ach nach bhfuil a leithéad 'paróisteach' i nuachtán a thugann 'nuachtán náisiúnta' air féin???
Agus arís:
Tuigim sin, go mbíonn an choinblíocht ann de shíor idir chúrsaí náisiúnta agus áitiúla. Ach ritheann sé liom go minic, agus Foinse á léamh agam, go duradar 'right lads, tá an t-eagrán seo réidh anois' ar an Déardaoin. Má thiteann rud ollmhór amach níos déanaí ná sin, ní chlúdófar é in Foinse go leibhéal sásúil. Mar shampla, le linn na Nollag níor luaigh siad an tsunami san eagrán go díreach tar éis na tubaiste. OK, is nuachtán difriúil é. Ní féidir liom comparáid a dhéanamh idir an nuachtán seo agus, abair, The Sunday Business Post. Ach, measaim féin, go mbaineann an cineál cleachtais seo inchreideacht de iriseoireacht Ghaeilge. Cén fáth? Is scéal na haoise é an scéal i dtaobh na robála. Níor tharla a leithéad ariamh. Beidh sé ar chlúdaigh na nuachtán uilig i rith an deireadh seachtaine. Tarraingíonn sé amhras ar inchreideacht iriseoireacht na Gaeilge más é an iarracht is fearr de chuid Foinse - scéal faoin nGaeilge í féin mar chlúdach an nuachtáin i rith seachtaine plódaithe le heachtraí úrghnáthacha.
Dár ndóigh, níor fhéadas staonadh ó mo ladar féin a chur sa scéal:
Mary,

Aontaím go h-uile agus go h-iomlán. Tá an dearcadh áiféiseach céanna ag cuid mhaith des na meáin Ghaeilge, a bheag no a mhór. Síleann siad gur saghas aguisín iad don ghnáth-nuacht a sholáthraíonn na meáin mhóra Béarla, agus, mar sin, nach gá dóibh na scéalta móra a chlúdach. Ach níl an t-am agamsa níos mó na nuachtán amháin a léamh, ná níos mó ná clár teilifíse amháin a fheiscint. 'Sé 'tá uaim ná príomh-scéalta an lae i mo theanga féin. Agus táim dubh, dóite, bréan, breoite de bheith ag éisteacht le scéalta faoi Fhoras na Gaeilge. Ba mhó an leas a dhéanfadh na meáin seo do phobal na Gaeilge da gcaithfidís a n-achmhainní ag déanamh lom-aistriú ar nuacht chomhfhoilsithe seachas an "iriseoireacht" chúng seo a bhíonn ar siúl acu ar ábhair gur beag an tsuim atá ag aon duine iontu. Scéalta eisiacha faoin Údaras/TG4/Foras/CnaG, nó níos measa fós, futhu féin. ('Sea, a lucht "Lá", táim ag caint fúibhse! Tá faoiseamh nach beag faighte agam ó d'éag mo shíntiús agus níl bhúr bhfadhbanna maoinithe ná bhúr maíteacht mhórtasach ag déanamh buartha dom a thuilleadh. Is cuma liom bhúr gclaonta polaitiúla, ach ní féidir liom cur suas le h-alt comórtha eile uaibh ar "Lá laethúil", nó "20 bliain Lá", nó léirmheas ar leabhar faoi 20 bliain Lá, nó ... !!!)

Maidir le "Foinse" 'sé "Ar Son na Cúise" an rud is fearr faoi, ach tá sé sin fiú ag éirí sean-chaite anois sa mhéid is go gceapaim go bhfuil "Ar Son na Cúise" tosnaithe ar mhagadh faoi féin anois!

Ni ceart go gcaithfeadh Gaeilgeoirí na tíre seo dhá pháipéar nuachta a cheannach. Cuid mhaith againn níl puinn suime againn i gcúis, ceist, cás ná coinníollacha pleanála na Gaeilge - níl uainn ach í a labhairt agus a chlos, í a scríobh agus a léamh. Cad 'na thaobh ná cuirtear seirbhís nuachtáin ar fáil dúinn?
D'fhás agus d'fhorbair an díospóireacht i snáthanna eile ar an gclár plé. Is dócha go bhfuil sé deacair freastal ar phobal chomh beag agus atá i lucht léite na nuachtán gaeilge - ach, cá bhfios ná beadh lucht léite níos mó acu dá ndíreoidís a gcuid iriseoireachta ar an saol i gcoitinne, seachas ar "Shaol na Gaeilge"?

Ar feadh na mblianta, ní cheannaínn-se aon nuachtan Gaeilge. Ní raibh aon nuachtán laethúil ann, agus bhí sé deacair teacht orthu. (Tá fós!) Cheannaínn agus léinn an Irish Times go rialta. Scoth-pháipéar ab ea é sin - ní dóigh liom go bhfuil a shárú in aon áit ar domhain agus bhínn-se an-dhílis dó. Ach tharla dhá rud ansin: 1) D'eiríos ró ghnóthach chun an Irish Times a léamh chomh minic agus a dheininn. Faighim an chuid is mó de mo chuid nuachta on raidio sa chairt anois. Ar feadh tamaillín ní cheannaínn aon nuachtán in aon chor. 2) Ansin, tháinig laethúil ar an saol. Ar shlí amháin is maith liom go bhfuil sé chomh beag - níl mórán ama agam chun a bheith á léamh. Mar sin, d'athraíos ón Irish Times laethúil go dtí laethúil thar tréimhse ama. Agus cad é mar athrú!

Braithim uaim an nuacht i mo nuachtán - agus an t-eolas, agus an taighde, agus an chothromaíocht. Tuigim go bhfuil easpa achmhainní ar Lá, ach go h-áirithe, agus tá fhios ag an saol go bhfuil eolas, agus taighde agus cothromaíocht dian ar achmhainní iriseoireachta. Go deimhin, is é an colún tuairime an iriseoireacht is fusa agus is saoire ar feidir a dheanamh (seachas léirmheastóireacht - agus níl ansin ach tuarimíocht chomh maith). Tá an sort sin iriseoireachta cleachtaithe go maith ag an Sunday Independent - níl ann ach scriobhnóireacht leisciúil gan substaint. Ní thugaimse nuacht-iriseoireacht air sin - ná níl suim agam é a léamh. Oireann sé do léitheoirí leisciúla a bhíonn ag lorg tacaíochta dá gcuid tuairimí réamh-chlaonta féin. Más Iar-Bhreatnachas Kevin Myers agus an Sunday Independent é, nó Iar-Bhéal Feirsteachas , is cuma liom iad araon. Níl uaim ach an nuacht.

Sunday, February 20, 2005

Seo mar a cheanglóidh tú do charbhat

Bhíos i siopa eadaí fear an lá cheana ag baint triall as léinte sa tseomra feistis nuair a thugas fé ndeara fógra ar an bhfalla os mo chomhair. "Seo mar a cheanglóidh tú do charbhat" a d'fhógair an ceannteideal i nGaeilge ar bharr an leathanaigh A4. "An-mhaith!", arsa mise ag caitheamh súile air. Ach bhí ionadh orm nuair a chonac nach caipéis dátheangach a bhí ann, ach ceann i nGaeilge amháin. Bhí treoracha ann do cheithre shnaidhm éagsúil - an Windsor agus an Leath-Windsor ina measc. Ach ní raibh oiread agus focal i mBéarla ann.

Carbhait Dhún na nGall is ainm don chomhlacht a scríobh na treoracha iontacha aonteangacha seo, agus, dar ndóigh, cuireann siad rogha deas carbhat ar fáil chomh maith!

Árdaíonn sé mo chroí (go h-árda na bhFlaitheas ;-) ) a leithéid seo a fheiscint! Cuimhním ar Dhara Ó Cinnéide agus ar a óráid ghlactha do Chorn Sam Maguire. Agus ar shuarachán Chill Áirne a dúirt le tuairisceoir an Irish Times gur léirigh an Cinnéideach "very bad form" nuair a thug sé an óráid i nGaeilge amháin.

Ní h-amhlaidh go raibh Captaen Chiarraí ag nochtadh rúndiamhair ar leith dá lucht tacaíochta an lá sin. Buíochas do lucht bainistíochta, urraíochta agus tacaíochta; agus trí liú do fhoireann na gcaillteoirí. Tá sé cloiste chomh minic againn cheana: "Tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh ... there's been a lot of talk ... it's been a long road ... three cheers ... hip-hip ... gurameelamahagiv"

Ní dúirt an Cinnéideach faic difriúil o thaobh substainte de, ach ba bhinn deisbhéalach an casadh a chuir sé ar na sean-dheasghnátha céanna. Ach má dhein, chuir se an gobh ceart ar leithéidi fear Chill Áirne. Ghoill sé air san gur tugadh aitheantas don nGaeilge mar theanga beo a bhfuil sé de cheart aici seasamh in a h-aonar, gan dísbeagadh an aistriúcháin lena h-ais. Tá an ghráin ag leithéidí an duine seo ar an nGaeilge agus is deas leis a shámhlú gur teanga saghas "neamh-iomlán" í. Is ábhar sóláis dó an t-aistriúchán Béarla a fheiscint in éineacht leis an nGaeilge i gcónaí, mar tacaíonn san lena thuairim "ná tuigeann éinne an diabhal teanga san ar aon nós". Is buille sa phus é dá leithéidí nuair a labhrann Dara Ó Cinnéide amach le misneach agus mórtas, agus é cinnte, dearfach, lán-mhuiníneach go bhfuil a phobal ag éisteacht agus ag sú gach aon fhocal Gaelainne a labhrann sé.

Mar sin, le teann buile agus droch-mheasa, maíonn an suarachán go bhfuiltear ag déanamh leatrom ar a chearta daonna, agus gur "very bad form" atá léirithe ag captaen fhoireann a chontae. "Very bad form"? Mo náire thú, a shuaracháin ghránna, á chur san i leith fir nar sparáil a chroí ná a anam agus a d'aimsigh 8 gcúilín a fhad is a bhí tusa suite ar do thóin i dtabhairne ar bhóthair Mhuc Rois, ag léamh an "News of the World" agus ag ligean ort go rabhais ag tabhairt tacaíochta do pheileadóirí an chontae ar scáileán na teilifíse. 'Sea sin í an tacaíocht a bhi le brath i bPáirc an Chrócaigh!

Mar a dúirt, bheadh cúis éigin ghearáin ag an suarachán da mba rud é go raibh ábhar tromchúiseach práinneach i ráiteas an Chinnéidigh an lá san. Fiú da mbeadh, ní chaithfeadh sé fanacht ró-fhada go gcuirfeadh duine éigin Béarla air dó. Ní raibh an oiread tabhachta san óráid chun go ndéanfadh sí leatrom ar chearta an Bhéarlóra. Ach bhí tabhacht a dóthain inti go dtug sí ardú meanman don teanga álainn inar tugadh í, teanga a thaispeáin iomlán a h-áilleachta ar an ócáid, nuair ar ligeadh di seasamh ina h-aonar os comhair an tsaoil, amach o scáil "Big Brother" an Bhéarla.

Agus tá an rud céanna fíor faoi charbhait, chomh maith!

Saturday, February 19, 2005

Fás na Blagadóireachta Gaeilge

Táim go mór faoi bhrú le cúpla seachtain anuas agus faillí déanta agam i mo chuid blagála. Ach cén dochar nuair atá blagadóirí eile gníomhach? Tá Séamas agus Panu ag breacadh leo. Tá an Muddle Headed Wombat i mbun a chuid aoireachta agus suíomh nua aige ar Blogger. Tá blag April seolta aici, agus tá fáistine le fáil ar shuíomh an Fháidh.