Friday, June 30, 2006

Imeall #130: An Fíor-Shaol agus an Saol Fíorúil

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaime
Sa chéad cholún a scríobhas don nuachtán seo, d’insíos scéal an ríomhaire glúine ar $100. Is tionscnamh é seo de chuid na fondúireachta "One Laptop Per Child". Ag labhairt dó ag an gcomhdháil Pop!Tech anuraidh thug Nicholas Negroponte cur síos ar an dtionscnamh agus ar an gcúlra a bhaineann leis, agus tá podchraoladh den óráid sin foilsithe anois ar an suíomh IT Conversations.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTuairiscíonn Dan Farber ar sheoladh "prototype" an ríomhaire glúine seo le déanaí. Tá an praghas imithe suas go dtí $130 ach is iontach an margadh é mar sin féin, agus táthar ag súil go dtitfidh sé má bhíonn éileamh a dhóthain air. Is le rialtais amháin a dhíolfar na ríomhairí, le go ndáilfear ar dhaltaí scoile iad, agus is é milliún an t-íosmhéid ar féidir a órdú i dtreo is go mbeifear in ann leas a bhaint as modhanna olltáirgithe chun an costas a choimeád íseal. Tá suim léirithe ag roinnt mhaith tíortha neamhfhorbartha sa tionsncamh, agus is orthusan is mó atá sé dírithe, ach síleann Negroponte go bhféadfadh tíortha forbartha, fiú, leas a bhaint as.

Tá taithí againn anois ar an "cyberspás", sa mhéid is go n-úsáidfimíd focail ar nós "bhuaileas le Marc ar MSN inné, agus chuamar isteach i seomra comhrá chun cainte". Dár ndóigh ní "bualadh" ná "dul" fisicíuil atá i gceist anseo – ach samhlaigh na coincheapanna sin curtha i gcrích sa tsaol fíorúil. Samhlaigh do ríomhaire i gceannas ar charactaer fíorúil, agus gur féidir leat an "duine" seo (ar a dugtar avatar) a chur ag siúl síos "sráid" mar a bheifeá ag imirt cluiche ríomhaire. ‘Sea – ach tá níos mó ná "cluiche" i gceist leis seo – rud a thuigeann tú nuair a chíonn tú avatar eile ag teacht i do threo. Tá sé ag beannú duit! Cé 'tá ann ach Marc – nó an t-ionadaí fíoriúil atá roghnaithe aige féin sa mhalairt saoil seo.

Ficsean eolaíochta, b’fhéidir? Sin é a cheapfá, ach an tseachtain seo chaite bhí ceiliúradh sa domhain fíorúil "Second Life" ar ócáid a thríú lá breithe. "Cad é an gnó a bheadh agam le 'Second Life'? Nach bhfuil cúram a ndóthain ar dhaoine le saol amháin?" a dúirt Patricia, bean chéile Adam Curry, leis ar phodchraoladh an "Daily Source Code". Is fíor di, ach mar sin féin, tá na sluaite ag triall ar na tailte samhailteacha seo le déanaí – agus tá an-dhíospóireacht ar an ábhar. An ag caint ar chluiche atá siad? Ní h-ea, ach ar chúrsaí gnó agus margaíochta, mar a bhí Euan Semple an tseachtain seo chaite. Beidh níos mó plé agam ar "Second Life" amach anseo.

Ní saol fíorúil a bhí idir lámha ag Euan agus ag Doc Searls an tseachtain seo chaite, ach an domhain féin – ina iomláine! Tharla go raibh Semple in Singapore agus Searls i Massachussets, mar sin fuaireadar píosa aráin an duine agus dhein ceapaire domhain dóibh féin! Tá físeanna na pleidhcíochta curtha in áirde ar YouTube acu.

Tá podchraoltaí Gaeilge dá bhfoilsiú i gcónaí ag Séamas Ó Neachtain ag Cumann Carad na Gaeilge. Bhí comhrá deas aige le Gaeilgeoir Meiriceánach eile le déanaí, Mark Bodah, agus i measc ábhar eile phléadar brí na mbrionglóidí. Tá podchraoladh ag Mark féin ar mhaithe lena chuid Gaeilge a chleachtadh agus baineann sé úsáid as a bhrionglóidí mar ábhar cainte.

Bhí taibhreamh greannmhar ag Dave Winer, go raibh Saddam Hussein ag obair i bpictiúrlann! Is dócha gur brú oibre ba chúis leis – mar reachtáil Dave an 4ú Comhdháil Bhlagadóirí (BloggerCon IV) i San Francisco an tseachtain seo chaite. Tá taifid phodchraolta des na h-imeachtaí go léir ar fail ag bloggercon.org. Nó cuardaigh an lipéad bloggercon ar Technorati agus ar Flickr, chun smaointe agus pictiúir ón dream a d’fhreastail air a aimsiú. Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, June 29, 2006

Imeall #129: Wondering Moleskine

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Moleskine
  • Wondering Moleskine. Tuilleadh Eolais sa phodchraoladh seo, treoracha anseo. Más suim leat a bheith páirteach cuir teachtaireacht téacs go dtí +353 86 827 8287.
  • An taifead a dhein mise ar mo chuid freagraí ar an Moleskine.
  • An tOileánach. Bhí an t-ádh linn gur chuir lucht acadúil suim sa Bhlascaod, agus gur ghríosaigh siad na daoine chun a saol agus a chultúr a chur ar phár. Sa lá tá inniu ann - tá níos mó cumas foilsitheoireacta ná riamh ag an "gnáthdhuine".
  • Ceol Podslán: I Wrote This To Woo You le Stoat
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, June 28, 2006

Imeall #128: Gan Leathanbhanda, Gan Fón!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, June 27, 2006

Imeall #127: Neamhspleáchas

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, June 26, 2006

Imeall #126: An tImeall Athuair

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, June 23, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #118

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #118: Concubhar Ó Liatháin, Cuid II

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 13ú Aibreán 2006.

An Blagadóir: Mol an Óige

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáCad é meon an déagóra? Cad a mheasann siad? Agus cad a bhíonn ar siúl acu ar an idirlíon an t-am ar fad? Nuair a chuireann duine fásta an cheist sin orthu faightear an freagra céanna i gcónaí: “faic”!

Agus an ceart ar fad acu! Ní h-aon phioc dár gcúram é! Is é a saol sóisialta féin é.

Rud amháin, nuair a fhaigheann an duine fásta radharc ar cheann des na teachtaireachtaí rúnda seo feictear dó go bfhuil sé scríofa i gcód rúnda a sháródh Da Vinci féin: “lo jaki r u goin 2 b dere b4 10 oc”.

Tugtar “leet” ar chód den tsaghas seo, ón bhfocal Béarla “elite”. San ainm sin, tugtar le fios go bhfuil níos mó ná gearrscríobh i gceist leis. Ní h-é nach bhfuil cumas litriúcháin ag na h-ógánaigh seo, ach is doiléireacht d’aon ghnó atá i gceist acu. Go deimhin, in ionad “leet” is minic a scríobhtar “l33t”, nó fiú amháin “1337”!

Comhartha aitheantais atá sa “teanga” seo agus bac do stróinséirí. Léiríonn an té a scríobhann an cód gur ball den dtreabh é. (Dála an scéil, ar chuala go raibh “lít” Gaeilge forbartha ag Na Gaeil Óga?)

Is beag an úsáid a bhaineann an t-aos óg as ríomhphost i gcomparáid le seomraí comhrá, nó teachtaireachtaí meandarachta (instant messaging). Is iad is cóngaraí, is dócha, do chultúr na dteachtaireachtaí téacs ar na fóin phóca.

Ach maireann na déagóirí inár saolna chomh maith, agus tá labhairt ár dteangacha acu nuair is rogha leo é. Agus tá cuid acu ag blagadóireacht.

Anois agus an Teastas Sóisearach curtha di aici, tá Liz ag díriú ar imeachtaí an tsamhraidh. Beidh sí sáite i gcúrsaí drámaíochta, is cosúil, agus cheana féin tá sí ag baint úsáid as an am breise atá aici chun a léargas pearsanta a nochtadh ar chúrsaí cáirdis agus chun a léirmheas féin a dhéanamh ar léirmheastóirí an Irish Times. Is breá an scríobhnóir í, agus smaointe maithe aici.

Is fearr le blagadóirí óga córais ar nós LiveJournalBebo. Samhlaítear do roinnt mhaith blagadóirí fásta gur córais iata iad seo (caithfidh tú a bheith logáltha isteach) – leis an iomarca rudaí ionta a tharraingíonn áird ón bhfoilsitheoireacht. Ach is iad na gnéithe sóisialta seo is mó a mheallann na daoine óga. Chun an fhírinne a rá, is beag acu a bhfuil dúil acu sa bhfoilsitheoireacht phearsanta ann féin, agus is minic nach mbaintear úsáid as an áis bhlagadóireachta in Bebo, mar shampla. Ach tugann Bebo agus LiveJournal spás sóisialta fíorúil dóibh. Is féidir liosta do cháirde a ainmniú, agus liostaí a gcáirde siúd a fheiscint chomh maith. Is féidir liosta na n-ábhar spéise atá agat a shonrú, agus aimseoidh tú cáirde nua a bhfuil suim acu sna rudaí céanna. Ní h-aon ionadh é go bhfuil breis agus 80% d’aos óg na tire seo cláraithe le Bebo.

Cé h-é an blagadóir is óige? Cá bhfios? Tá iontaisí óga ann: leithéidí Adora Svitak atá 8 mbliana d’aois, agus a bhfuil leabhar foilsithe aici cheana. Agus cé nach bhfuil blag aici, tá filíocht agus ealaíon ag Akiane (11 bhliain) ag an suíomh artakiane.com.

Tá tuairimí suimúla ar fhorbairt na h-óige in alt ar dhein Sarah Carey trácht air le linn na seachtaine. I dtuarim Sarah, téann an t-alt ábhairín thar fóir, ach tá smaointe suimiúla ann mar sin féin maidir leis an scolaíocht bhaile seachas an t-oideachas foirmeálta.

Shel Israel agus a léine dearg!
Shel Israel
Pictiúr de chuid Brian Oberkirch.
Tom Raftery a d'aimsigh.
Ós rud é go rabhas ag caint ar an bhfiontraíocht roinnt seachtainí ó shin, tá cúntas foilsithe an tseachtain seo ag duine de núálaithe Silicon Valley a bhí anseo le déanaí. Tugann Shel Israel a thuairimí ar an bhfiontraíocht in Éirinn ag redcouch.typepad.com.


• Rogha Ceoil Phodchraolta na seachtaine: Let It Rain le Laura Clapp (PMN).

Lipéid: , ,

Thursday, June 22, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #116

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #116: Conchubhar Ó Liatháin

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 11ú Aibreán 2006.

Wednesday, June 21, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #114

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #114: Cócaireacht, Filíocht agus ... Gormachaí

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 8ú Aibreán 2006.

Tuesday, June 20, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #113

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #113: Agallamh le Colleen, Cuid II

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 6ú Aibreán 2006.

Monday, June 19, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #111

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #111: Agallamh le Colleen Dollard

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 4ú Aibreán 2006.

Friday, June 16, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #110

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #110: Gaelú an Idirlín

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 3ú Aibreán 2006.

An Blagadóir: Get Well Sawyer

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáBuachaill óg 12 d’aois is ea Sawyer, agus tá cónaí air i New Jersey na Stáit Aontaithe. Buaileadh tinn é roinnt seachtainí ó shin, agus anois níl sé in ann siúl. Níltear cinnte cad is cúis leis an dtinneas atá air, agus táthar ag súil go dtiocfaidh biseach air, ach i láthair na h-uaire tá sé ag baint úsáid as chathaoir rotha.

Smaoinigh uncail le Sawyer ar phlean chun misneach an bhuachalla a mhúscailt. Tá sé ag iarraidh ar dhaoine pictiúirí a chur in airde ar an gcóras Flickr nó ar léarscáil Frappr le teachtaireachtaí bisigh do Sawyer. Tá tuilleadh eolais ar getwellsawyer.com.

Get Well Sawyer
Podchraoladh beannachtaí
go Sawyer an tseachtain seo ó dhéag-phodchraoltóirí óga Thiobrad Árann ag podcasting.ie. Tá fás agus forbairt ar earnáil phodchraoltóireachta na tíre seo, agus tá gach saghas léargas Éireannach á nochtadh do éisteoirí ar fud an domhain. Chomh maith le scléip na ndéagóirí, táim ag baint an-shásamh as aor polaitiúil an Leviathan. Cabaret le greann agus le díospóireacht ar chúrsaí reatha is ea Leviathan, agus tionóltar go rialta é i mBaile Átha Cliath. ‘Sé an tráchtaire David McWilliams a bhíonn i gcathaoirleacht ar na h-imeachtaí agus tá leagan podchraolta curtha ar fáil ag an gcomhlacht Doop.ie.

N’fheadar cén plé a dhéanfaidh lucht Leviathan ar bhás agus ar bheatha Charlie Haughey, ach is cinnte go leanfaidh an chaint ar na blaganna ar feadh roinnt mhaith laethanta. Ag scríobh dó ar an mblag publicinquiry.eu, tá déistean ar Anthony Sheridan leis an ómós atá dá léiriú ag maithe agus mór-uaisle na tíre don Iar-Thaoiseach. Deineann sé tagairt do agallamh a dhein RTE leis an Uachtarán MacAleese inar luaigh sí Lár Ionad Idirnáisiúnta na Seirbhísí Airgeadais (IFSC) i measc na rudaí a raibh déanta aige. Ach in alt eile ar an mblag céanna, tuariscíonn Sheridan gur thug an New York Times “the Wild West of European finance” ar Bhaile Átha Cliath. Dar le Sheridan, seo í oidhreacht an chultúir ghnó a chothaigh CJH agus a leithéidí.

Tugann Auds a cuimhní cinn ar theaghlach bocht simplí ná raibh ach trí ghaireas leictreach in úsáid ann: dhá bholgán solais agus an lampa beag dearg ar phictiúr an Chrói Ró-naofa. Ní raibh ach pictiúr amháin eile ar chrochadh sa tigh sin: portráid Charlie. Arsa Auds: “As a nation, we lack a clearly defined sense of right and wrong … there is a part of us that cheers on the gangster … that part of us mourns the man and the politician that was the Boss – a patriotic, energetic servant of the people who willingly took [what] was given to him, be it love, loathing, loyalty, controversy or cash.”

Cuimhníonn fear na fuaime, Brian Greene, ar óráid stairiúil (agus íoróineach) Charlie, nuair a d’iarr sé orainn ár gcriosanna a fháisceadh ar son na tíre. Tá glór na cartlainne le clos ag briangreene.com.

Ta blag an-mhaith ag Hugh Greene ag mostsincerelyfolks.blogspot.com. Tugann sé tuairiscí uaimeacha dúinn an tseachtain seo ar chluichí Chorn an Domhain (“Figo fizzes, fades”). Agus tá iontas air faoin mór-is-fiú a deintear den Ardteist i bPoblacht na hÉireann. Insíonn sé scéal an tiománaí tacsaí a dúirt leis go raibh air éirí as traenáil an tsacair do pháistí 8 mbliana d’aois nuair a d’iarr grúpa tuismitheoirí air tuairiscí leanúnacha a chur ar fáil ar dhul-chun-cinn a bpáistí.

I mblaganna na Gaeilge an tseachtain seo, tá cúntas le pictiúirí ar thurasóireacht teanga a dhein mac léinn ó Chondae an Dúin i gConamara cúpla seachtain ó shin, ach tá rabhadh ag Hilary (hilaryny.blogspot.com) d’aon duine atá ag cuimhneamh ar thaisteal go Barcelona: seachain na gadaithe! Lipéid: , ,

Thursday, June 15, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #108

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #108: Lasairfhíona

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 30ú Márta 2006.

Wednesday, June 14, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #107

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #107: Beannachtaí

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 29ú Márta 2006.

Tuesday, June 13, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #106

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #106: An Fón Gaelach

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 28ú Márta 2006.

Sunday, June 11, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #105

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #105: Tóstal

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 27ú Márta 2006.

Thursday, June 08, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #103

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #103: Making Waves II

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 23ú Márta 2006.

Wednesday, June 07, 2006

Inniu ar Flirt FM

Note to Flirt FM staff. Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá súil agam go bhfuil an aimsir go h-álainn agaibh sa Ghaillimh inniu!

For today's An tImeall, please use the archive Episode 102 I posted yesterday. Sorry it was too late for yesterday's show. :-(

Watch out for brand new episodes coming soon! Slán go fóill!

Conn

Tuesday, June 06, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #102

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #102: Making Waves

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 21ú Márta 2006.

Friday, June 02, 2006

An Blagadóir ar a Laethanta Saoire

An Blagadoir i gCloNí beidh aon cholún uaim in inniu, ná go ceann roinnt seachtainí. Tá sos beag á thógaint agam agus beidh mé thar nais i gceann cúpla seachtain.

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #101

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #101 - agus é déanach go maith!

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 20ú Márta 2006.

Thursday, June 01, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #96

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #96: Blagadóireacht na Círéibe

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 3ú Márta 2006.