Friday, September 29, 2006

Líonra 1.5 - Yeah Yeah


Úrscéil ghrafacha le buachaint i gComórtas na Seachtaine!Tá sé ar an raidio! Tá sé ar an idirlíon! Tá sé thart timpeall ort! Tá sé i do phóca!

Tá An Líonra Sóisialta “ar an aer”! Seoladh é Dé Luain, agus tá an colún seo mar chuid den gcúigiú clár sa tsraith.Chaitheamar súil ar fhiniméin na blagadóireachta an tseachtain seo agus ar na líonraí sóisialta cosuil le Bebo.

Chuireamar féin cos sa tsruth áirithe sin: tá leathanach Bebo seolta againn ag anlionra.bebo.com. Níor thóg sé ach cúpla nóiméad é a chur le chéile, agus taobh istigh do chupla lá bhíomar ag bailiú ga gcarad! Tá na Gaeilgeoirí óga go tréan ar Bebo, ag Gaeilgeoireacht gan náire agus ag dul i bhfeidhm ar a gcomrádaithe.

Tá an colún seo foilsithe inniu sa nuachtán Lá.
Ní h-aon iontas gurb é Bebo céad-rogha an aois óig. Tá leathanach Bebo ag breis agus 80% de dhaltaí meánscoile na tíre. Deintear gach iarracht an “teicniúlacht” a sheachaint ar an suíomh. Agus tá sainmhíniú an-leathan acu ar cad is “teciniúlacht” ann: “Need instructions on how to Copy and Paste? Click here>>”.

Ní miste é a rá arís: ní foláir smaoineamh i gcónaí sara bhfoilsíonn tú aon eolas pearsanta ar an idirlíon. Ach is cosúil go mbraitheann daoine óga sábhalta, don chuid is mó ar shuíomhanna cosúil le Bebo. Is féidir claíocha a thógaint, agus codanna ded’ shuíomh a cheilt ar éinne ach amháin do cháirde. Agus tá comhairle mhaith ag lucht Bebo ar chúrsaí sábhaltachta ag bebo.com/SafetyTips.jsp.

Mar a dúramar an tseachtain seo ar an gclár, níl aon eagarthóir ar an idirlíon – agus níl aon chinsireacht ann ach oiread. Agus nuair atá rud éigin foilsithe, ní féidir é a tharrac siar. Bhí blaganna na hÉireann ar lasadh an tseachtain seo le trácht ar an bpearsa cáiliúil Éireannach a d’fhág glórphost nimhneach graosta ar fhón a fear chéile atá scartha léi.

Is féidir féachaint ar bhlaganna ar shlí, mar “Bebo Fásta Suas”. Níl an bhéim chéanna ar cháirde a ainmniú agus ar bheannachtaí a sheoladh eatarthu. Mar a mhíníonn Hilary Mhic Shuibhne an scéal, foilsíonn sí ar mhaithe léi féin, gan chuimhneamh ar an lucht léite, ach tagann siadsan mar sin féin: daoine ar suim leo na h-ábhair chéanna.

Is blag pearsanta é blag Hilary: caitheamh aimsire di féin, agus tacaíocht dos na daltaí lena múineann sí an Ghaeilge (daltai.com). Ach ní h-iad an caitheamh aimsire, ná an gné sóisialta, bun agus barr na mbuntáistí atá ag an mblagadóireacht. Sonraíonn onstartups.com na fáthanna gur chóir do ghnólachtaí úra blagáil: chun comh-bhunaitheoirí eile a aimsiú; chun fostaithe a aimsiú; chun custamaeirí a aimsiú; chun aischothú a fháil agus chun infheisteóirí a aimsiú.

Athchoimríonn scoth-bhlagadóir gnó na hÉireann, James Corbett, an liosta sin thuas in aon fhocal amháin: “líonrú”. “I blog to network”, a deir sé, a rá go bhfuair sé cuireadh chun dinnéir ó fhear i mBoston tar éis gur scriobh sé ar a bhlag go raibh sé chun cuairt a thabhairt ar an gcathair sin.

Sin é an líonrú atá faoi chaibidil againn ar An Líonra Soisialta. Ach cad é an “tá sé i do phóca” seo agam?

Bhuel, tá! Cuir do lámh i do phóca agus tarraing amach d’fhón. Feách ar liosta na n-uimhreacha guthán atá stóráltha agat ann. Sin é do “Líonra Sóisialta”. Gaolta, cáirde, siopaí, scoileanna, gnólachtaí – gach aon cheann acu ar fáil agat, ar iompú do bhoise! Sin é an Líonra Sóisialta So-ghluaiste, agus is é a bheidh ar chlár na seachtaine seo chugainn againn, ar an raidio, agus ar AnLionra.Com.

Comórtas na Seachtaine
Tá cóip amháin le bronnadh againn de gach leabhar i sraith na n-úrscéal ghrafach le Cló Mhaigh Eo.

  • An Táin
  • An Tóraíocht
  • An Sclábhaí
  • An Teachtaire

Cuir freagra na ceiste seo chugainn: Cén sean-ainm a bhí ar Chúchulainn sara fuair sé an t-ainm ‘Cúchulainn’?

(Ábhar na seachtaine seo chugainn: Fóin Phóca. )

Thursday, September 28, 2006

Líonra 1.4 - Ríomh-aithne, Blag-aithne, Skype-aithne

  • Cuid 2 den agallamh leis an mblagadóir Hilary Mhic Shuibhne.
  • Dar le Hilary, ní h-é go ndíríonn an blagadóir ar aicme ar leith éisteoirí agus go bhfreastalaíonn sí orthu. Is féidir leis an mblagadóir scriobh ar an ábhar is suim léi féin. Má tá pobal ann a bhfuil suim acu san ábhar céanna, bainfidh siad do bhlag amach.
  • Pléitear na meáin nua idirlín agus deintear tagairt don suíomh físe youtube.com
  • Ceol Podslán: Harvest le Hungry Lucy (Gréasán Podslán).
  • Nuacht an Líonra le Fiona Ní Chéirín

Wednesday, September 27, 2006

Líonra 1.3 - Blagadóirí agus Bebóirí

Tuesday, September 26, 2006

Líonra 1.2 - Hilary NY


Monday, September 25, 2006

Líonra 1.1 - Bígí Linn

  • Guth an Phobail: Cuirfear fáilte roimh bhúr dteachtaireachtaí
    • Fág teachtaireacht ar an suíomh seo! Is féidir "tráchtaireacht" a fhágaint ag deireadh gach míre.
    • Cuir ríomhphost: eolas@anlionra.com. Geobhaidh tú nuachtlitir sheachtainiúil.
    • Glaoigh orainn, nó seol téacs! 087 2602205
  • Beidh comórtas againn gach seachtain.
  • Seo iad na ábhair eile a bheidh faoi chaibidil:
    • An bhlagadóireacht agus Bebo
    • Fóin Phóca
    • Ceol agus MP3
    • Podchraoladh
    • Grianghrafadóireacht agus Fís
    • Léarscáileanna & Saolta Fíorúla
    • Wiki agus Obair Dheonach ar an nGréasán.
    • Cláracha Plé & Polaitíocht.
    • Oideachas & An Ghaeilge
    • Na hEalaíona & Cóipcheart
    • Iriseoireacht agus Foilsitheoireacht

Saturday, September 23, 2006

Líonra 0.1: Seoladh

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Seoladh An Líonra Sóisialta inné le "réamhchlár" beag.
  • Tosnóidh an tsraith i gceart, nuair a chraolfar mír 1.1 Dé Luain.
  • Gach rud a bheidh á fhoilsiú agam ar AnLionra.Com, beidh sé anseo "ar an Imeall" chomh maith, ach amháin na tráchtaireachtaí.
  • Beidh mé ag leanúint orm ag déánamh píosa beag gnáth-bhlagadóireachta anseo chomh maith - nuair a gheobhaidh mé seans!
  • Bead ag caint libh! ;-)

Friday, September 15, 2006

Líonra Beta 5: Naisc Bhlasta

Thursday, September 14, 2006

An Líonra Sóisialta Beta 4

Wednesday, September 13, 2006

An Líonra Sóisialta Beta 3

Tuesday, September 12, 2006

An Líonra Sóisialta Beta 2

Monday, September 11, 2006

An Líonra Sóisialta



AnLionra.Com



Cionaodh a dhein an logo. Go raibh maith agat a chara!

Lipéid: , , ,

Friday, September 08, 2006

Imeall #170: Súile an Stróinséara

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeTá an domhan ag cúngú. Sháraíomar na farraigí agus na h-aigéin sa chéad seo chaite, le forbairt an aer-thaistil. Ach fos féin, ní raibh ach fíor-bheagán in achmhainn leas a bhaint as. Ba phribhléid ar leith é tailte iasachta a shiúil. Sin í an chúis go mbíodh - agus go bhfuil fós - oiread éilimh ar an gcúntas taistil: an travelogue.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTá meas i gcónaí ar despatches an taistealaí. Agus is módh iontach í an bhlagadóireacht chun iad a sheoladh. Go deimhin, is ar thaisteal is mó a chuimhníonn daoine nuair a chloiseann siad faoi bhlaganna don gchéad uair: “Ó – dá mbeifeá ar laethanta saoire …”.

Ach ní h-é amháin go mbeadh suim ag an dream ag baile in eachtraí a gcomrádaithe thar lear – tá léargas an-mhaith le fáil ag aon duine ó shúile an stróinséara ina dtír féin.

Mar a bheifeá ag súil leis, is Meiriceánaigh iad formhór na mblagadóirí iasachtacha anseo in Éirinn. Tá ceann sean-bhunaithe ag irisheagle.blogspot.com faoin bhfo-theideal “Life without baseball”.

Ní foláir go bhfuil mianach éigin sa duine a chuireann faoi thar lear, nó b’fhéidir gurb é an gníomh sin ann féin, a chuireann lena gcumas cruthaitheach. D’fhéadfadh gur míniú é sin ar ealaíon neamh-choitianta an Mheiriceánaigh Jett Loe, údar an phodchraolaidh Letter to America a deintear i mBéal Feirste. Tá teorainneacha na podchraoltóireachta casta as a riocht ag samhlaíocht Jett le cúpla mí anuas. Tá sé ag spraoi lena lucht éisteachta i gcónaí. Cad í an fhírinne? Nach cuma leatsa? Bain taitneamh as an seó.

Tá mór-fhorbairt déanta ar phodchraoltóireacht na hÉireann ag Meiriceánach eile i gcaitheamh an tsamhraidh seo, agus cuspóir an oideachais mar spreagadh aige. Tá Bernie Goldbach ina léachtoir ag Institiúd Thiobrad Árann, agus is é atá i bhfeidhil an tsuímh podcasting.ie. Na mic léinn san ilmheán a bheidh i mbun oibre ar an suíomh i gcaitheamh na bliana acadúla, bainfidh siad tairbhe as na podchraoltaí seo mar áiseanna foghlamtha, agus foghlaimeoidh siad féin conas an teicneolaíocht úr seo a chur i bhfeidhm mar scil oibre.

Ag caint ar phodchraoltóirí, is mór an spórt a bheith ag éisteacht leis an Podfather na laethanta seo. Tá dearcadh an eachtrannaigh ina ábhar siamsaíochta ag an Meiriceánach Adam Curry agus ag a bhean Patricia ón Ísiltír, anois go bhfuil siad buailte fúthu i nGuilford Shasana. Is aoibhinn leo Sasana, agus muintir na tíre sin – ach ní fheadar siad ach go bhfuil córas díolta tithe na tíre sin ina mearbhall gan chiall! Cad déarfaidís le hÉirinn?

Is díol suime ar leith é dearcadh an eisimircigh a fhilleann. Tá tobar smaointe i mblag an údair Dermod Moore le roinnt seachtainí anuas, agus é tar éis filleadh ar chathair a dhúchais, Baile Átha Cliath, i ndiaidh 13 bliana.

Agus dár ndóigh, tá ceangal láidir á chothú idir Éirinn agus an Pholainn na laethanta seo, agus na mílte oibrí Polannach ag obair inár measc. Cad é a meas ar Éirinn? D’fhéadfá é a léamh ar bhlag le Krystian Kozerawski.

Is ionadh le Krystian nach gcuireann níos mó Éireannaigh suim ina dteanga dúchais. Deir sé go mba mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim. Agus níl sé in a aonar. Tá Ann ó Mheiriceá tugtha faoi go fonnmhar mar atá údar an bhlag rubrication.net. An t-aon fhadhb atá ag na daoine seo leis an nGaeilge? Éireannaigh a aimsiú atá ábalta, agus sásta, í a chleachtadh leo.

Cá bhfuil na Gaeilgeoirí go léir? Ag blagadóireacht!
  • Seo an podchraoladh deiridh i sraith seo an Imill. Ach bígí ag faire an leathanaigh seo! Seolfar suómh An Líonra Sóisialta le nasc ón suíomh seo Dé Luain.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Woman from Tokyo le Deep Purple.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Thursday, September 07, 2006

Imeall #169: An tImeall Leath-Dhéanach

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Leath-dhéanach - Penultimate! Nach breá an focal é!
  • Amárach an t-eagrán deireannach go ceann tamaill den Imeall.
  • Tosnóidh An Líonra Sóisialta ar 18ú Meán Fómhair.
  • Scéal suimiúil in eagrán na seachtaine seo den Clare People. An Béarla ina theanga mionlaigh i measc naíonáin bhunscoile.
  • Ceol Podslán: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Lipéid: , ,
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, September 06, 2006

Imeall #168: 50ú Shéamais

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Mé i bhfeighil an linbh (agus Eeyore chomh maith).
  • Comhgháirdeachas le Séamas Ó Neachtain. Tá an 50ú eagrán de Phodhcraoladh Chumann Carad na Gaeilge foilsithe aige.
  • Sliocht as úrscéal nua le Séamas.
  • (Dála an scéil - ní bheidh aon leanaí le clos ar An Líonra Sóisialta. Clár raidio a bheidh ann - mar sin caithfimíd cuma proifisiúnta éigin a chur orainn féin! ;-)
  • Ceol: Mambó Mhamó le caoinchead an cheaoltóra, Séamas Ó Neachtain.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Tuesday, September 05, 2006

Imeall #167: Ag Fanacht le Bus Bernie

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Monday, September 04, 2006

Imeall #166: An Scoil Phodchraolta

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Bhí an-shuim sna podchraoltaí a dheineamar ag Scoil Merriman.
  • Nár bhreá dá bhféadfadh leithéidí Chumann Merriman úsáid a bhaint as an nua-theicneolaíocht chun a gcuid léachtaí a chur fé bhráid phobal an idirlín?
  • Mar shampla - féach a bhfuil ar siúl ag IT Conversations.
  • Cad é bhúr meas? An mbeadh éileamh ar phodchraoltaí mar seo?
  • Ceol: Ga an Ghrá le caoinchead Hilary Bow. (Dátaí Camchuairte)
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Friday, September 01, 2006

Imeall #165: Maith Dúinn ár bhFiacha

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeBarraíocht Eolais! Sin é mór-fhadhb Ré seo an Eolais. Tá foinsí agus modhanna seachadta an eolais forbartha as cuimse againn, ach fós féin níl ach péire súl, péire cluas agus 24 uair a’ chloig sa ló againn chun an t-eolas a thógaint isteach.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTá sean-taithí ar an bhfadhb seo ag éinne a fhaigheann mórán ríomh-phost. Deich mbliana ó shin, is beag oifig ina raibh ríomh-phost, ach anois tá taithí ag nach mór gach éinne air. Níl aon dabht ach gur modh iontach é chun eolas a roinnt le daoine eile – bídís san oifig chéanna, nó ar an dtaobh eile den domhan.

Ach más saoráideach an áis é, b’fhéidir go bhfuil sé ró-shaoráideach ar uaireanta. Tagann na teachtaireachtaí ina sruth gan staonadh – uaireanta ina dtuile gan trócaire.

“Cad é do mheas … ?” “FYI …” “An tusa a bhíonn ag plé le … ?” “I’m looking for information about my ancestors …”

Nílim fiú amháin ag caint ar spam anseo (ríomhphostanna margaíochta nár iarradh). Ach tá cuid den ríomhphost oibre níos measa fós ná spam. Is féidir spam a chaitheamh sa bhruscar gan chuimhneamh air. Ach le ríomh-phost oibre, caithfidh tú é a oscailt agus a léamh agus cinneadh a thógaint – an mbaineann sé leat?

An toradh atá ar seo: inbhoscaí lána, le teachtaireachtaí neamh-léite – agus coinsias buartha.

Sinne a bhíonn ag soiscéalú ar son na nua-theicneolaíochta, ba nós linn a bheith ag maíomh go raibh sárú cuid des na fadhbanna seo sa bhlagadóireacht, agus sa chomhfhoilsiú RSS ach go h-áirithe. Agus is cinnte gur mór an chabhair í chun na céadta blaganna a léamh más féidir leat suíomh comhbhailithe cosúil le bloglines.com a úsáid chun na foinsí comhfhoilsithe sin a leámh ar aon leathanach amháin – seachas a bheith ag triall ar na suíomhanna éagsúla. Ach is í an fhírinne fós nach bhfuil teorainn ar bith leis na fothaí suimiúla a d’fhéadfainn a léamh, ach tá teorainn, agus teorainn ghéar leis an am, agus leis an aird atá agamsa le caitheamh orthu.

Sinne a ghlac “síntús” le gach blag nó foinse nuachta suimiúil a tháinig faoin ár mbráid, níorbh fhada go raibh ualach scéalta gan léamh againn – cosúil leis an inbhosca ríomhphoist úd – ag iad ag luí go trom orainn!

Is ar an gcúis sin a thugas “maithiúnas ginearálta” dom féin an tseachtain seo chaite. Níl na blagmhíreanna sin léite agam, agus ní léifead go deo iad anois!

Cuireann na h-úirlisí nua seo ar ár gcumas eolas a láimhseáil go sár-mhaith, ach táimíd fós ag foghlaim conas iad a úsáid. Tá saoithe na blagchruinne ag plé na ceiste. Molann Dave Winer coincheap “Abhainn na Nuachta”. Ligimís don nuacht sní tharainn – má chaill tú píosa nuachta inné, nach cuma? Nach mó an tabhacht le nuacht an lae inniu?

Dar le blagadóir Luimní James Corbett, níl de dhíth orainn anseo ach gnáthchiall (eirepreneur.blogs.com). Táimíd de shíor ag glacadh eolais isteach sa ghnáth-shaol, ón nóiméad a saolaítear sinn. Ach ní thugfaimíd an áird céanna ar gach phíosa eolais. Molann sé rannú ar ár gcuid foinsí eolais – cuid a léitear, cuid nach dtugtar ach sracfhéachaint orthu, ar na ceannlínte, ó am go h-am.

Tugann James “feed grazing” ar an modh seo chun blaganna agus a leithéid a léamh. Agus anois tá sé ag obair le comhlacht i Meiriceá chun úirlisí a fhorbairt don “innilt” seo. Tá sampla desna h-úirlisí seo le feiscint ar mo shuíomh anois: fuinneog Grazr. Agus tá mo pholasaí nua léitheoireachta curtha i bhfeidhm agam sa bhfuinneog sin, le mo chuid fothaí eolais roinnte anois ina ndhá chuid: Reading agus Grazing.

Agus sinn ag caint ar bhlagadóireacht do scríobhnóirí le coicíos anuas, fuaireas scéala faoi dhá bhlag eile suimiúil. Tá blag an údair Éireannaigh Darren Shan ag darrenshan.blogdrive.com. Agus tá úrscéal do dhéagóirí dá fhoilsiú i bhfoirm sraithscéil ar an mblag mortalghost.blogspot.com.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Tír na nÓg le Hilary Bow
  • Tá Hilary ar chamchuairt:
    • Anocht, 1ú MF: The Glens Centre, Manorhamilton, Co. Leitrim (aoí speisialta Eamonn Galldubh ar na píobaí uillinn), 8:30pm, Oifig na dTicéad 071-98 55833
    • Amárach, 2ú MF: Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, 8:30pm, Oifig na dTicéad 091-593017
    • Dé hAoine 8ú MF, Triskel, Cathair Chorcaí (aoíonna speisialta Martin Nolan ar na píobaí uillinn agus feadóg, agus Karl Rooney ar saxophone agus fliúit), 8:30pm, Oifig na dTicéad 021-427 2022
    • Dé Sathairn 9ú MF, Mermaid Arts Centre, Bray, Co. Wicklow (aoíonna speisialta Martin Nolan ar na píobaí uillinn agus feadóg, Michael Buckley ar saxophone agus fliúit, Tommy Halferty ar an ngiotár), 8:00pm, Oifig na dTicéad 01-272 4030
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie