Tuesday, March 20, 2007

Cad déarfá le Gaillimh?

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaThugas cuairt ar Ghaillimh an tseachtain seo chaite, chun léacht a thabhairt i mo shean-choláiste: Ollscoil na hÉireann Gaillimh mar a tugtar anois air. Tréis an léachta, chaitheamar lón le sean-cháirde agus chuireas aithne ar chara nua, an blagadóir Ina Ó Murchú.

Is taighdeoir í Ina in Ionad Taighde na Fontraíochta Digití (DERI) san Ollscoil, agus caitheann sí súil ar chúrsaí idirlín ar a blag. Ni amháin sin, ach tá colún aici i nuachtán nua na Gaillimhe: Galway First.

Caitheann Ina súil ghéar ar an dteicneolaíocht agus tá léargas cruinn aici ar mhór-imeachtaí na h-earnála. Ach tá casadh úr spraoíúil aici ar ghnéithe na nuachta teicneolaíochta chomh maith, mar shampla nuair a thuairiscigh sí an tseachtain seo chaite go bhfuiltear ag cur an milleán ar an ngréasán faoin easpa suime atá ag muintir na Seapáine i gcúrsaí gnéis!

Ós ag caint ar Ghaillimh atáim, is fiú i gcónaí féachaint ar na griangrafanna breátha ar an suíomh monasette.com. Bhuaileas le John, údar an tsuímh seo ag Gradam na mBlaganna le déanaí agus dúirt leis go dtaitníonn sé go mór liom an éagsúlacht ábhar a bhíonn aige. Is ball é John do ghrúpa cnocadóirí agus foilsíonn sé griangrafanna áille de dhúlra an iarthair. Ach tá cónaí air i lár chathair na Gaillimhe - agus is spéisiúil spreagúil iad na h-íomhánna cathracha a ghlacann sé chomh maith.

Is dócha gurb é saol suimiúil an chraoltóra is cúis leis, ach is iontach iad na rudaí a aimsíonn Rick O'Shea le cur ar a bhlag ricksbreakfastblog.blogspot.com. Cad déarfá leis an ndearthóir a bhfuil teach ar díol aige atá leagtha amach aige mar a bheadh árthach Star Trek? Nó an blag atá tiomnaithe do chailíní áille ag ól tae?

Más é YouTube a spreag an chaint anuraidh faoinar féidir a dhéanamh le teilifís ar an idirlíon - is cosúil nach teilifís go Joost! Tá triallacha teoranta ar siúl faoi láthair don gcóras árd-chaighdeáin físe seo. Ag trácht dó ar sheirbhís atá cosúil leis (babelgum.com) tagann Eamonn Fitzgerald ar nua-Bhéarla: "leanback". Sin é an difríocht leis an gcaighdeán seo teilifíse idirlín, dar leis an gcomhlacht: go suífeá siar chun féachaint air, in ionad cromadh chuige.

Ní raibh aon easpa cáinte sna blaganna don Sunday Independent agus don Mail on Sunday as an dtuairisceoireacht a dheineadar ar bhás tragóideach an tSairsint Tania Corcoran agus a mac. Tráchtann an t-iriseoir Adam Maguire ar an leisce atá ar eagarthóir an Sunday Independent, Aengus Fanning, aon leithscéal a ghabháil.

Tagann na blagadóirí agus imíonn siad, agus uaireanta eile fileann siad arís. Cé go raibh "that girl" ar saoire óna blag "thinkingoutloud.biz, d'fhill sí arís air. Agus anois, tá sí tréis cuireadh a thabhairt do roinnt sean-bhlagadoirí eile aoí-mhíreanna a scríobh. Ina measc, tá beirt a bhí in adharca a chéile tráth: Fiona Londras agus Richard Waghorne. N'fheadar an meallfar chun na bruíne arís iad?

Lipéid: , ,

Tuesday, March 13, 2007

Twitter: Cad ‘tá ar siúl agat?

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaFaoin am go mbeidh an t-alt seo foilsithe, tá seans an-mhaith ann go mbeidh mé tar éis géilleadh don bhfiniméin is nuaí (agus b’fhéidir is amaidí) ar an idirlíon: Twitter! Go dtí seo bhí tú in ann leithéidí Bebo a úsáid chun comhrá a bheith agat le liosta cáirde a roghnaigh tú – ach tá casadh úr ar an scéal sin anois leis an gcóras nua seo.

Cosúil le Myspace nó Bebo, cuireann Twitter ar do chumas liostaí cáirde a ainmniú agus teachtaireachtaí a chur chucu. Ach níl córas Twitter ag iarraidh ort aistí fada a scríobh, nó plé casta a dhéanamh ar cheisteanna móra. Cuireann Twitter an cheist: “Cad ‘tá ar siúl agat?”, agus tugann sé an deis duit teachtaireacht ghearr le smaoineamh sealadach a roinnt láithreach le do cháirde – ar leathanach idirlín, nó i dteachtaireacht mheandarachta – nó fiú i dteachtaireachtaí teács go dtí fón póca.

“Cad chuige?”, deir tú. Bhuel, ní fheadar éinne fós cad chuige Twitter – ach níl sin ag cur stop leis an twitteráil! Rud eile: shílfeá gur déagóirí is mó a chuirfeadh dúil i Twitter – ach ní h-amhlaidh atá in aon chor! Go dtí seo, tá an nós ag scaipeadh don chuid is mó i measc daoine atá críonna a ndóthain – lucht na teicneolaíochta a bhformhór ag an bpoinnte seo.

Mar a thuarisicíonn Ross Mayfield, thart ar seachtain ó shin, thosnaigh an pléascadh i líon na dtwitteoirí. Agus tá sé tráthúil go maith, ó tá a chéad lá breithe ag Twitter inniu. Fuair sé bronntanas deas Dé Domhnaigh nuair a fógraíodh gur bhuaigh sé an Gradam don mblag-úirlis is fearr ag an bhféile South-By-South-West (SXSW) in Austin, Texas.

Dála an scéil bhí suíomh Éireannach istigh ar an gcomórtas sin chomh maith, i rannóg na mac léinn. Thaisteal 4 mac léinn iarchéime ó Choláiste an Tríonóide ó cheann ceann na tíre ag glacadh pictiúirí don dtionscnamh. Tá torthaí a saothar ar aroundireland.net.

Seachtain na Gaeilge 2007Mar aon le h-iarrachtaí eile ar mhaithe le Seachtain na Gaeilge, is cinnte go mbeidh méadú ar an méid Gaeilge a scríobhfar i mblaganna an tseachtain seo. Inné, thug eagarthóir polaitiúil an Irish Examiner, Harry McGee, an dea-shampla nuair a d’fhoilsigh sé alt lán-Ghaeilge ar a bhlag pearsanta ag harrymcgee.blogspot.com.

Ar deireadh, agus fógra teilifíse Trócaire d’fheachtas an Charghais faoi chosc ag an gCoimisiún craolacháin ar TV3, tá cuid mhaith blagadóirí Éireannacha ag taispeáint an leagan YouTube ar a suíomhanna i dtaca leis an dteachtaireacht atá ann. Is féidir é a aimsiú gan stró ar Google, nó tá sé anseo againne chomh maith ar imeall.com.


Lipéid: , , ,

Monday, March 05, 2007

Na Blagadóirí Buacha

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaTháinig na blagadoirí go Baile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo don dara Gradam na mBlaganna. D’fhill siad ar an seomra céanna, san óstán céann ina raibh an ócáid anuraidh. Bhí an fear tí céanna ann – agus cuid mhaith den lucht eagraithe deonach céanna i mbun a gcúramaí éagsúla.

Ach bhí difríochtaí suntasacha ann chomh maith. An difríocht ba mhó ná an líon daoine a bhí i láthair. Ní h-aon iontas é an méid sin má chuimhníonn tú ar an bhfás atá tagaithe ar an mblagadóireacht in Éirinn i gcaitheamh na bliana sin. Meastar breis agus 4000 blaganna gníomhacha anois in Éirinn, nó ag gaeil thar lear.

MafiosiAgus bhí aitheantas don ngael thar lear sa bhua a bhí ag Hilary Mhic Shuibhne don nGradam Gaeilge. Rugadh agus tógadh Hilary in Éirinn ach tá sí ina cónaí i Stáit Nua Eabhrach le roinnt bhlianta. Tá sí sáite in imeachtaí phobal na Gaeilge sa réigiún sin le fada an lá, agus sin é a spreag í chun a blag féin a chruthú: Hilary NY.

Ghlac cara le Hilary, Cormac Mac Fhionnlaíoch, leis an ngradam ar a son oíche Dé Sathairn. D’inis seisean dom gur chaith sé féin tamall ina chónaí i Meiriceá agus go raibh aithne mhaith aige ar Hilary agus ar Dhaltaí na Gaeilge ón uair sin. Mheasamar beirt go mba mhaith an t-aitheantas an gradam seo dos na gaeil i gcéin – agus, dár ndóigh, do Hilary ach go h-áirithe as a cuid iarrachtaí.

Má bhí aitheantas ann do ghael i Meiriceá, bhí sé ann chomh maith do Mheiriceánach in Éirinn. Tá Bernie Goldbach ó Chaiseal na Rí an bhródúil as a shinsear Éireannach, ach is amhlaidh gur tógadh é féin i bPennsylvania agus gur thaisteal sé an domhan mór sarar tháinig sé chun cónaí in Éirinn thart ar 12 bhliain ó shin.

Bhí Bernie ainmnithe faoi dhó Dé Sathairn agus bhí sé ina bhuathóir faoi dhó! Ach ní h-é sin an t-aon chúis go bhfuil sé i mbéal na mblaganna i ndiaidh eachtraí na h-óiche sin. Bhuaigh sé an gradam don mblag teicneolaíochta ab fhearr, agus cúpla nóimeád in a dhiaidh sin, glaodh a ainm arís, do ghradam an “Best Contribution” - don té is mó a d’oibrigh chun leas phobal blagadoirí na hÉireann. Tháinig Bernie go dtí an stáitse, ach dhiúltaigh sé an trófaí a thabhairt leis. In ionad san, bhronn sé ar Damien Mulley é, fear stiúrtha na nGradam, fear mór feachtais agus duine a bhfuil diúltaithe aige i gcónaí a ainm a ligean san áireamh d’aon onóir mar sin. Ní raibh aon dul as aige an uair seo áfach, os comhair an tslua! Tá aitheantas tuillte ag Bernie é féin, is cinnte, as an obair spreagúil a dheineann sé chun an bhlagadóireacht a chothú in Éirinn, ach is mó fós an meas atá air de bharr gur thapaigh sé an deis sin chun an t-aitheantas a thabhairt do Damien.

D’éirigh go h-an-mhaith le blag na h-áilleachta Beaut.ie, a ghnóthaigh gradam don dearadh is fearr agus don nua-bhlag is fearr chomh maith. (Tá sé ar an bhfód le 5 mhí anuas.) Bhuaigh icecreamireland.com ón nDaingean dhá ghradam chomh maith: mar bhlag gnó agus mar bhlag sainiúil. Fuair an blag grúpa IrishElection.Com na gradaim don mblag nuachta agus don mblag polaitiúil agus thug Twenty Major mór-chraobh na h-oíche leis don dara bhliain as a chéile le Gradam an Bhlag is Fearr – agus bhuaigh sé an Greann is Fearr chomh maith.

‘Siad na buathóirí eile a bhí ann ná: Allyn Quigley, Tom’s Sporting Almanac, RedMum, In Fact Ah, Nialler9, Sinéad Gleeson, Headphoneland, agus Conor O’Neill. Bhí dhá ghradam ann do phodchraoltaí - dála an scéil – agus bhí an bua ag tograí Gaeilge sna rannóga sin. (Is dócha gur leor sin mar nod don eolach!)

Dála an scéil, bhí comhrá na dtrí phodhcraoltóir Gaeilge nuair a bhuail mise le Kay Uí Chinnéide agus le Pádraig Schaler. Tá taifead den agallamh sin agam agus beidh sé ina phodchraoladh amach anseo ar imeall.com!
Disco Bloggers

Lipéid: , , ,

Comhgháirdeachas a Hilary!

Buathóir Ghradam na Gaeilge, urraithe ag Edgecast Media, ag na Irish Blog Awards:

Hilary NY!

Lipéid: , ,