Friday, December 31, 2004

Ag filleadh ar an ngnáth-shaol

Tá an Nollaig thart. Dár ndóigh, in áiteanna áirithe ar domhain, tá sí thart le stáir anois, ach anseo in Éirinn, is amhlaidh go mbaintear oiread faid, leithid agus toirte as féile mhór an Gheimhridh agus is féidir. Faoiseamh mór is ea í i ndiaidh an tsaothair agus brú mór an tsaoil agus braithim go gcuirtear i bhfad níos mó béime uirthi mar fhéile anois go bhfuilimíd go léir d'ár gciapadh ag strus agus ag brú a' Tíogair Cheiltigh.

Táid ann a mbíonn deacracht acu an siúl a bhíonn futhu a mhaolú, agus an saol a thógaint go réidh. Go deimhin, is amhlaidh go mbraitheann siadsan níos mó brú ná riamh le breacadh na h-Aidbhinte (siopadóireacht le déanamh, cártaí Nollag le seoladh, bia, bóthar agus badaráil!). Chaithfinn a admháil gurb é sin an claonadh atá ionam féin go h-iondúil. Ach tá tabhacht na Nollag foghlamtha agam le blianta beaga anuas. Ní amháin an tabhacht bhunúsach a bhaineann lena teachtaireacht Chríostúil, ach an deis a thugann sos agus faoiseamh an ama seo dúinn chun díriú ar ár saoil féin. Cuirtear uainn cúramaí an tsaoil ar feadh cúpla lá (nó ar feadh seachtaine!), agus dírítear ar chlann, ar leanaí, ar ghaolta, ar cháirde. Deintear teagmháil agus cuartaíocht. Caithtear an bhliain ar fad ag cur rudaí den tsaghas seo ar an méar fhada, ach, aimsir na Nollag éirionn linn, don chuid is mó, breith suas linn féin agus lena chéile. Agus meabhraítear dúinn, athuair, cad iad na nithe fónta inár saol.

Monday, December 20, 2004

Oíche Chiúin

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Cách 'na suan dís araon,
Dís is dílse 'faire le spéis
Naoín beag gnaoigheal ceananntais caomh
Críost, 'na chodhladh go séimh.
Críost, 'na chodhladh go séimh.

Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús chuala 'n scéal;
Allelúia aingeal ag glaoch.
Cantain suairc i ngar is i gcéin
Críost an Slánaitheoir Féin
Críost an Slánaitheoir Féin

Gluais

Saturday, December 18, 2004

Blaganna Gaeilge

Tá tamaillín caite agam ag trálaeireacht ar Ghúgail agus in áiteanna eile, do bhlaganna Gaeilge. Is díol spéise é go bhfuil formhór na mblaganna a dheineann tagairt don nGaeilge scríofa, don chuid is mó, i mBéarla. Aithním an meon sin go ró-mhaith, mar bhí sé agam féin ar feadh i bhfad: "Is maith liom a bheith maíomh go bhfuil tuiscint na teanga agam, ach go h-áirithe agus mé ag caint faoi mo chultúr ós comhair eachtrannaigh: no - we're not English - separate nation - totally different country and all that - we've our own language, you know - no I don't actually speak it every day - well, to be honest, actually, never ..."

'Sea tá tusicint na teanga againn, agus gan dabht tá bá! Tá sí báite le bá! Ach mura bhfuiltear á labhairt, níltear á clos - agus tá sí ag meath, ceal úsáide, inár cloigeannacha báiúla.

Sin é a d'imigh ormsa - go dtí gur baineadh geit asam lá amháin ar léir dom go raibh mo chuid Gaelainne ídithe chomh mór sin nár fhéadas comhrá le sean-chara.

Chun cothram na féinne a thabhairt do fhormhór na mblaganna báiúla Béarla a chonac inné ní mór a admháil:
  1. Ceann de mhór-chuspóirí na blagála ná tuairimí a nochtadh agus cur 's cúiteamh a spreagadh leis an lucht léite. Fiú má tá tú ag caint faoin nGaeilge féin, tá 'fhios ag gach aon Ghael beo gur bríomhaire go mór an díospóireacht a bheidh ann tré mheán an Bhéarla!
  2. Feictear dom go bhfuil meán-aos an bhlagadóra óg a dhóthain, formhór acu sna luath-fichidí. Bhíos-sa 30 bliain sarar thuigeas an fhreagracht phearsanta atá orm fhéin an Ghaelainn a chur chun chinn, agus an módh is éifeachtaí agus is símplí chun sin a dhéanamh, 'sé sin: í a labhairt agus a scríobh, agus, más feidir, í a fhoilsiú!
Ní foláir nó go bhfuil tréith náisiúnta i bhfeidhm sa chás seo: an tréith chéanna a chuidigh linn ár dteanga a chaitheamh uainn chomh réchúiseach agus a deineadh laistigh de chúpla glúin. Mar chruthúnas air sin, féach gur "eachtranaigh" iad tromlach mór údar na mblaganna atá sa liosta thíos agam. Más eachtranaigh féin iad, is Gaeil go smior iad, agus léiríonn a ndílseacht don teanga a tabhacht ó thaobh oidhreachta cultúrtha na h-Eorpa agus an domhain. Ní le h-Éireannaigh amháin an Ghaeilge, ach oiread gur le Sasana amháin an Béarla. Agus is maith an rud nach bhfuil an Ghaeilge ag brath go h-uile is go h-iomlán ar mhuintir na h-Éireann amháin chun tacaíochta. Taimíd go maith chun a bheith ag maíomh as ár dteanga agus an cultúr, ach í a labhairt? Sin scéal eile ar fad.

Ar Blogger/Blogspot:Ar LiveJournal:Ar Jablog:
Agus mé ag tagairt do éagsúlacht mhór na mblaganna, níor chás dom a mhíniú nach aon saothar mór liteartha a bheidh sa cheann seo. Níl aon tuairimí láidre polaitíochta agam, ná ní bheinn ag maíomh go bhfuil aon tuiscint ar leith agam ar cheisteanna casta an tsaoil. Níl aon léargas sainiúil agam le roinnt le lucht léite an bhlaga seo. Go deimhin, níl aon dóchas ró-mhór agam go mbeidh léitheóir ar bith aige seo. Dá mbeadh ní dócha go scríobhfainn i nGaelainn é. Ach is ar mhaithe leis féin amháin atá an cat seo ag crónán: táim á scríobh seo toisc go bhfuil fonn láidir scríofa orm. Tá na focail ag pléascadh amach as mo chloigeann - agus caithfear iad a chur in eagar agus a bhreacadh síos.

Agus cad fé ndear an brú mór focal seo? Tá an freagra sin an-shimplí: 'Sí an Ghaelainn atá ag déanamh tinnis do mo cheann. Ní h-aon scríobhnóir mé, ná níor bhraitheas riamh an dúil focal seo a spreagann na fíor-scríobhnóirí, im' thuairimse. Ach is duine mé atá in éagmais bhealaigh éalaithe do mo chuid Gaelainne. Dá mbeadh deis agam í a labhairt go laethúil i ngnáth-bheartais an lae, ní dóigh liom go gcuimhneóinn riamh ar bhlagáil. Ach táim mar atá, anseo ar an imeall, ag sú Gaelainne isteach ó mheáin chumarsáide Ghaelacha na tíre seo, á labhairt le mo chlann agus le mo chomh-dhíograiseóirí ag ócáidí fánacha Chonradh na Gaeilge, ach don chuid is mó, srianta, balbhtha ag an dtimpeallacht chathardha seo ná tuigeann ach Béarla.

Mar sin - seo geek-blog eile! Seans ag an ndíograiseóir aonair a phaisean ciúin a chleachtadh, agus b'fhéidir, (cá bhfios?) é a roinnt le corr-chomh-dhíograiseoir eile - más ann dóibh?

Ní déarfainn gur andúil mhí-shláintiúil í, ach táim cuíosach tógtha le cúrsaí na teangan le blianta beaga anuas. Ní mar sin a bhínn, agus, ar feadh stáir bhíos breá sásta mé féin a áireamh mar "dhuine a bhfuil Gaeilge aige, a labhródh í dá bhfaigheadh sé an deis". Ach dár ndóigh, ní fhaightear an deis i gceantracha neamh-ghaeltachta na tíre seo, agus mar sin is ionann an duine atá "ag fanacht leis an ndeis" agus an té nach labhrann Gaeilge. Agus tar éis tamaill, braitheann an duine sin a chuid Gaeilge ag sleamhnú uaidh. Mar sin - tá rogha an-shimpí aige, i bhfocail an bhéarlóra: "Use it or Lose it!"

Mar sin, tá an Gaeilgeóir imeallach seo ag iarraidh a chuid bheag Ghaelainne a chaomhnú chomh maith agus is féidir. Í a labhairt gach seans a fhaigheann sé chuige - agus í a bhreacadh anseo ar a bhlag beag féin. Téamaí an bhlaga seo? Ní phléifear cúrsaí oibre, rialtais, eacnamaíochta ná spóirt - ach ar éigean. Ceol? - b'fhéidir. Gaelainn? - cinnte. N'fheadar fós cé mhéid a theastaíonn uaim a nochtadh. Céim ar chéim, más ea.

Friday, December 17, 2004

Nóta an-ghearr é seo. Táim fíor-bhruidiúil - mar a bhíonn gach éinne, is dócha, an t-am seo den bhliain. Im' shuí go déanach ag scríobh cártaí Nollag. Cuid acu ag imeacht go dtí daoine ná bíonn puinn teagmhála agam leo an chuid eile den bhliain - ach is fiú caidreamh éigin a chothú i gcónaí - fiú mura bhfuil ann ach an cárta Nollag. Rud tromchúiseach is ea é, dar liom, má stopann tú ag cur cárta Nollag go duine - tá teachtaireacht ar leith sa mhéid sin féin.

Sunday, December 05, 2004

Tá an chuid is mó de bhliain imithe ó sheolas an iarracht seo, agus thit sé i léig láithreach! Ach táim meallta thar n-ais anseo ar chúis éigin.

Ní h-é go bhfuil aon rud ar leith le rá agam. Go deimhin, uaireanta teipeann ar mo mhisneach mar bhlagálaí nuair a chím na tuairimí láidre, lán-fhorbartha a léirítear i roinnt mhaith blaganna. Bolscaireacht agus seanmóireacht is ea roinnt mhaith dó agus níl aon amhras ná éiginnteacht ar lucht a scríte. Líonann siad a mblaganna le tagairtí do scéalta, do altanna, agus do bhlag-bhlúiríní a thacaíonn lena dtuairim siúd ar ábhair éagsúla (deas/clé, caomhach/liobrálach, Boston/Berlin, Israel/Pailistín, kerrygold butter/polyunsaturated sunflower spread ...). Dar leis na daoine seo, is bréagadóirí agus lucht comhcheilge iad aon duine a cheistíonn pé cheart-chreideamh atá acu, agus is feargach nimhneach mar a thugann siad faoi "naimhde" seo "na saoirse"/"Dé"/"pé rud é".

Ar feadh tamaillín, mheasas gurb é sin nádúr na mblaganna. Ach más fíor sin, cad is fiú é? Níl puinn suime agamsa a bheith ag léamh na bolscaireachta céanna lá i ndiaidh lae, fiú má aontaím féin leis. An bun-locht atá air ná nach bhfuil sa chuid is mó de ach athrá ar na sean-manifestos atá ar eolas againn go léir. Cuir 3 cheist ar George Bush nó ar Gerry Adams i dtaobh a seasamh ar cheisteanna móra polaitíochta agus ní gá duit fiú fanacht leis na bhfreagraí. Tá seasamh na bhfear sin ar eolas go maith, agus níl rud ar bith níos leadránaí ná ag bheith ag éisteacht le duine dá lucht tacaíochta ag pearóideacht a gcuid ráitisí.

Ach dár ndóigh ní h-iad san an t-aon sort blag atá ar fáil. Tá ho-hum-blogs ann: "Chuaigh mé go dtí an siopa. D'fhill arís gan faic a cheannach." Tá tech-blogs, art-blogs, archaelogy-blogs agus iliomad geek-blogs eile. Tá lucht a léite ag gach aon cheann acu is dócha.

Agus ansin, tá seod-bhlaganna. Thána ar cheann inné: www.dervala.net. Níl aithne dá laghad agam ar an mbean seo - ach is breá an scríobhnóir í go deo. Ní amháin go bhfuil ard-chumas teanga agus scéalaíochta aici, ach tá macántacht agus croí ina cuid cainte, úire agus oscailteacht ina cuid smaointe.

Níl Dervala ag maíomh go bhfuil réiteach fadhbanna an domhain aici, ná ag díol idéalachais sheanchaite linn. Ach tá sí in ann labhairt le h-údárás ar rudaí go bhfuil taithí pearsanta aici féin orthu, agus tá sí ag cur síos ar an ndomhain mar a fheictear di féin é ar na sráideanna agus na cúl-bhóithre agus i measc gnáth-dhaoine.

Ní bheinn féin ag súil go scríobhfainn aon rud chomh snasta ná chomh cumasach agus atá ag Dervala. Ach má éiríonn liom a bheith chomh macánta léi, beidh mé thar a bheith sásta. Seo linn arís más ea!