Tuesday, January 31, 2006

#75: Agallamh le Eoin Ó Conchúir (Cuid I)

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Eoin ar Champus
  • Seo an chéad chuid de agallamh le Eoin Ó Conchúir, riarthóir an chláir phlé IrishGaelicTranslator.Com.
  • Mac Léinn ó Inis i gContae an Chláir is ea Eoin. D'fhás IGT as an leathanach baile a bhí aige agus é ina dhéagóir
  • Craolfar an dara chuid Déardaoin.
  • Ceol Podslán: Thrill of the Hunt le Natives of the New Dawn
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, January 30, 2006

#74: "Lá Leictreónach" - Ar Fud An Domhain!

Lá - An t-Eagrán PDF
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Inniu tá leagan leictreónach de nuachtán laethúil na Gaeilge, , seolta. Seo leagan dúinne - do phobal Gaeilge an idirlín. Tacaímís leis an iarracht seo. Léimís sa leagan PDF. Cuirimís ár dtuairimí in iúil do bhainistíocht an nuachtáin. Fúinne atá sé cur leis na h-iarrachtaí chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dúinn.
  • Cuirfear agallamh ar eagarthóir Lá anseo ar an Imeall i gceann cúpla seachtainí. Má tá ceisteanna agaibh dó, cuirigí in iúil dom iad, i dráchtaireachtaí ar an mblag, nó in ríomhphost go dtí imeall@gmail.com, nó i dteachtaireacaht ghutha Skype go dtí imeallach.
  • Aoí speisialta na seachtaine seo: Eoin Ó Conchúir, riarthóir IrishGaelicTranslator.Com. Craolfar an t-agallamh i ndhá chuid: Dé Máirt agus Déardaoin na seachtaine seo.
  • Scéal an chaidrimh idir mise agus Eoin. Aithne ar a chéile le nach mór 15 bliana - ach ní bhuaileamar riamh le chéile go dtí an tseachtain seo chaite!
  • Ceol Podslán: Sullivan's John le James Connolly
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, January 27, 2006

#73: An Ceart agus an Chóir

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáTugadh rialú i bhfábhar cheathrar ballchomhlacht den Irish Recorded Music Association (IRMA) an tseachtain seo, i gcás a thugadar san Árdchúirt i mBaile Átha Cliath, ag iarraidh go gcuirfí iachall ar sholáthraithe seirbhísí idirlín, ainmneacha agus seolta 49 dá gcuid custamaeirí a nochtadh.

Nuair atá ríomhaire ceangailte leis an idirlíon, aithnítear é le h-uimhir shainiúil ar a dtugtar an seoladh IP. Tá an seoladh IP cláraithe don soláthraí seirbhíse, sa chás seo: Eircom, BT Communications Ireland Ltd agus Irish Broadband Internet Services Ltd. 'Sé tá á mhaíomh ag na comhlachtaí ceoil ná go raibh ríomhairí le seoltaí IP ar leith, ag amanna ar leith, ar a raibh comhaid cheoil curtha ar fáil mar chuid de sheirbhís riartha comhad, agus go raibh seo ag teacht salach ar an gcóipcheart sa cheol sin.

Tá ceisteanna casta anseo, a bhaineann le cearta maoine agus le cearta príobháideachais. Tá ábhar cainte ann dos na blagadóirí, a bhfuil cuid mhaith acu gníomhach ar son chúis na gcearta digiteacha. Díreach roimh Nollaig, seoladh eagraíocht nua dárb ainm Digital Rights Ireland, agus tá cur síos maith ar chás na Máirte seo chaite ar bhlag na h-eagráiochta sin, mar aon le alt ó mhí na Samhna a dheineann plé doimhin ar an gceist agus a mhíníonn na cúiseanna imní atá acu. Admhaítear go bhfuil cearta ag baint le maoin intleachtúil, ach deirtear nach cóir go ndéanfaí faillí ar chearta an phríomháideachais agus an cás á fhiosrú.

Ach dár le roinnt bhlagadóirí, ní h-iad riarthóirí na gcomhad amháin ar chóir a bheith buartha faoi IRMA. Dar le Bernie Goldbach, má dheineann tú cóip MP3 de dhlúthdhiosca atá ceannaithe agat féin, tá tú ag briseadh an dlí mar atá sé i bhfeidhm faoi láthair. Dhein sé cúis gáire dó nuair a thug sé cuairt ar Thaispeántas na n-Eolaithe Óga coicíos ó shin, áit a raibh na seinnteoirí MP3 go tiubh ag an aos óg agus iad in úsáid go h-oscailte i radharc na nGardaí!

Ach ní h-é sin an t-aon chúis mhagaidh amháin sa scéal. Tuairiscíonn údar an bhlag runningwithbulls.com, agus é ag déanamh tagairt don bplé ar boards.ie, gurb amhlaidh go bhfuil fógraí dá dtaispeáint ar na leathanaigh cuardach ar shuíomh idirlíon IRMA. Deamhan locht atá ar an méid sin ann féin - tá sé de cheart iomlán acu cúpla pingin a thuilleamh as an suíomh ar mhaithe leo féin agus a mballeagrais bhochta. (Is iad EMI Records Ireland Ltd, Sony BMG Music Entertainment Ireland Ltd, Universal Music Ireland Ltd agus Warner Music Ireland Ltd na comhlachtai a thug an cás cúirte an tseachtain seo.) An t-aon fhadhb atá leis áfach ná nach bhfuil na fógraí seo, a taispeántar ar a suíomh, roghnaithe ag IRMA. Fógraíocht Google Adsense/Adwords atá i gceist anseo, ina léirítear fógraí ar leathanach ag brath ar chomhthéacs ábhar an leathanaigh féin. Agus má chuardaíonn tú suíomh IRMA, ag lorg eolais ar an seasamh atá glactha acu in aghaidh na seirbhísí riartha MP3, gheobhaidh tú: fógraí do sheirbhísí riartha MP3 - cuid acu dleathach, b'fhéidir, ach an bhfuil siad go léir?

Spreag suirbhé an Irish Times agus an plé ar chúrsaí inimirce caint ar bhlaganna ar nós Planet Potato agus Most Sincerely Folks. Agus tá alt i nGaeilge ag an Spailpín tiomnaithe do Dhara Ó Cinnéide a d'fhógair go bhfuil sé ag éirí as an gcaid idir-chontae. Dár ndóigh is réalt de chuid Raidió na Gaeltachta an Cinnéideach chomh maith ach bhí díomá ar an bpodchraoltóir seo an tseachtain seo chaite, agus é ag léamh na n-agallamh sna meáin Ghaeilge le ceannaire úr an stáisiúin sin. Caithin a nochtóidh siad a bpleanannna podchraolta? Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, January 26, 2006

#72: Is mór an spórt é seo!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Beannachtaí do Turla Ó Colbáird, agus muintir Bhreac-Ghaeltacht Bherkeley i San Franscisco, California! Mana 's misean na BreacGhaeltachta:
      Má tá fonn cainte/comhrá i nGaeilge agat agus má theastaíonn deiseanna eile uait chun an Ghaeilge a labhairt go rialta, bheidh fáilte romhat bualadh isteach ar seisúin craic `s comhrá atá ar siúl ar a sé thart faoi seacht a chloig gach Dé Máirt i mBeckett's Irish Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley. Beidh deis agat freisin bualadh le daoine oilte cneasta eile atá ag cleachtadh a cuid Gaeilge, a blas bídeach a labhairt ós áird go socair suaimhneach in atmasféar taitneamheach neamhfhoirmeálta.
      Beidh an bhéim ar dhíospóireacht, cluichí idirghníomhacha agus ar mhodhanna spraoíúla eile chun daoine a chur ag caint agus ag comhrá as Gaeilge! Beidh áisitheoir i láthair gach seachtain. Níl aon táille i gceist agus tá fáilte roimh chách. Tá tuilleadh eolais le fáil ar tadx4 (AG) aol.com
  • Tá an dáta socair do Ghradam na mBlag. 11ú Márta, Óstán Buswells i mBÁC. Tráthnóna Sathairn ag 19:00. Táimse ag dul ann. Beidh podchraoltaí Gaeilge dá dtaifeadadh. Ar mhaith leat páirt a ghlacadh iontu?
  • Na moltaí a sheolas isteach dos na Gradaim:
  • Ceol Podslán: Olaim Puins le Séamas Ó Neachtain
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, January 25, 2006

#71: An Podchraoladh agus RnaG

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, January 24, 2006

#70: Rith!

FáilteLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, January 23, 2006

#69: An tImeall Laethúil

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime 11'12", 10 MB.
  • Tá próiseas ainmnithe na mBloscars iata anois! Beidh mise ag triall ar an ócáid seo - deis iontach a bheidh ann chun bualadh le blagadóirí eile. Má tá tú ag cuimhneamh ar dul ann - abair liom é.
  • Nasc don bpodchraoladh seo in iTunes le Apple.
  • Cuir do rian ar Léarscáil na Gaeilge.
  • Ceol: Chant le caoinchead Mihana Souza. Buíochas do Keola a d'iarr an cead ar mo shon.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Sunday, January 22, 2006

#68: Conas Blag a Thosnú

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, January 20, 2006

Conas Blag a Thosnú

(Téacs alt na seachtaine seo sa nuachtán . Déanfar podchraoladh amárach air.)

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáMá chuir tú romhat é mar rún don athbhliain, triail a bhaint as an mblagadóireacht, d'fhéadfadh go mbeidh sé ar cheann des na rúin is fusa duit a chur i gcrích!

Tá sé an-fhuirist blag a thosnú. Tá sé ábhairín níos deacra leanúint leis, ach nach fíor sin do dhea-rún ar bith? Má tá sé ar intinn agat triail a bhaint as, níl aon easpa áiseanna saoráideacha ar fail. Is féidir blag a thosnú, agus do chéad mhír a fhoilsiú taobh istigh de chúig nóiméad.

Baineann roinnt mhaith tosnaitheoirí úsáid as an gcóras blagadóireachta Blogger. Dála roinnt mhaith seirbhísí eile, ní gá ach seoladh ríomhphoist a thabhairt chun do chúntas a chruthú. Roghnaíonn tú ainm úsáideora agus focal faire. Ansin iarrtar ort teideal a bhaisteadh ar an mblag féin, (mar shampla, An tImeall), agus ainm fearainn a bheidh ina sheoladh ag suíomh do bhlag ar an idirlíon. Baineann Blogger úsáid as an bhfearann blogspot.com chun na blaganna a fhoilsiú, mar sin, beidh an t-eireaball sin ar sheoladh do shuímh, (mar shampla imeall.blogspot.com). Má tá suíomh agat cheana, tugann Blogger an deis duit a gcóras siúd a úsáid chun an blag a fhoilsiú go dtí do shuíomh féin, ach ní gnách do thosnaitheoirí a leithéid a bheith acu, agus tá an bunús sásta seirbhís óstaithe blogspot.com a úsáid.

Anois níl le déanamh ach do chéad bhlagmhír a fhoilsiú. Cuirtear bosca téacs ar fáil duit agus ní gá duit ach do bhriathra a bhreacadh. Tá cnaipí beaga os cionn an bhosca ar féidir a úsáid chun stíleanna ar leith a chur i bhfeidhm ar nós chló tromiodálach. Agus tá cnaipe ann chun naisc a chur ón dtéacs go dtí suíomhanna tagartha eile ar an idirlíon. ‘Siad na naisc a chothaíonn trácht an idirlín, agus is mó an meas agus an tóir a bheidh ar do shuíomhsa má chuireann tú naisc le foinsí eile ar fáil.

Is féidir an mhír a shábháil mar dhréacht agus filleadh arís air, ach ní cóir duit an iomarca ama a chaitheamh ag cur snais air. Foilsiú ar an idirlíon atá i gceist anseo – beidh sé as dáta sar i bhfad - agus ní dócha go mbeidh aon duine á chrochadh i bhfráma! Ní bhítear ró-bhuartha faoi mhionlochtanna sa chur i láthair de ghnáth, agus má tá locht san ábhar substaintiúil féin is féidir é a cheartú arís agus é a ath-fhoilsiú: níl sé greanta sa chloch! Go deimhin, má leanann tú dea-shampla phlúr na mblag, agus má thugann tú cead don lucht léite tráchtaireachtaí a scríobh ar a bhfuil foilsithe agat, ní fada go mbeidh an botún ceartaithe acusan duit!

Brúigh ar "Publish" - agus sin a bhfuil. Tá sé chomh simplí le ríomhphost a scríobh – go deimhin tugann Blogger seoladh ríomhphoist ar féidir leat do mhíreanna a sheoladh chuige chun go bhfoilseofar iad, más é sin do rogha.

Tá córais eile seachas Blogger ann. Tá LiveJournal go mór in úsáid ag an aos óg. Tá meas mór ar Wordpress, an córas foilsithe foinse oscailte. Tá seirbhís óstaithe le Wordpress ar fáil ar wordpress.com, agus in Éirinn ó blogs.ie. Chomh maith leis sin, baineann an clár plé boards.ie úsáid as Wordpress chun blaganna a chur ar fáil dá mbaill chláraithe.

Ar an mblagadóireacht is suntasaí an tseachtain seo, tá na míreanna a d’fhoilsigh Bernie Goldbach ó Thaispéantás na n-Eolaithe Óga, mar aon leis na pictiúir a ghlac sé agus na podchraoltaí a dhein sé leis an ngrúpa mac léinn ó Institiúid Thiobraid Árann. Fógraíodh go ndúnfar an phróiséas ainmnithe do Ghradam Blag na Éireann ar an 23ú Eanáir, agus tá fógra séanta i nGaeilge le h-aghaidh ríomhphostanna curtha ar fáil ag an Seanchaí (via Michele).

Lipéid: , ,

Friday, January 13, 2006

#67: Slándáil agus Scoraíocht

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáDheineas trácht an tseachtain seo chaite ar an mbagairt slándála WMF do chórais ríomhaireachta le Microsoft Windows. Tá paiste slándála MS06-001 eisithe anois ag Microsoft. Tabharfaidh an paiste seo cosaint in aghaidh víreas a bhaineann feidhm as an éasc WMF. Má tá Windows ar do ríomhaire, ba chóir duit an paiste seo a chur i bhfeidhm.

Ní h-é sin deireadh an scéil áfach. Tá bagairtí nua ag teacht chun solais i gcónaí, agus is beag ríomhaire nach raibh thíos le víreas uair éigin. Moltar réamhchúramaí simplí chun do ríomhaire a chosaint. Má fuair tú ríomhaire nua ó Dhaidí na Nollag, ní miste iad a shonrú.

De réir mar a nochtaítear fadhbanna slándála i mbog-earraí, eisíonn na táirgitheoirí athshonraithe agus paistí chun na fadhbanna sin a réiteach. Go minic, is féidir na h-athshonraithe a fháil go h-uathoibríoch, mar shampla i gcás na seirbhíse "Windows Update" atá ag Microsoft. Is fiú go mór úsáid a bhaint as athshonraithe uathoibríocha den tsaghas seo.

Don dara céim slándála, ba chóir duit córas frith-víreas aitheanta ar nós Norton, F-Secure nó MacAfee a chur i bhfeidhm ar do ríomhaire. Cuimhnigh nach fiú faic iad na h-úirlisí seo áfach mura bhfuil siad sonraithe le saintréithe na víreas is déanaí. Baineann an bog-earra frith-víreas úsáid as na saintréithe seo chun comhaid a bhfuil an víreas tolgtha acu a aithint. Mar sin, ceannaigh síntús leis an gcomhlacht frith-víreas chun na saintréithe is déanaí a fháil go rialta.

Tá cúpla rud eile ar féidir a dhéanamh chun an baol ó víris a mhaolú. An ceann is éifeachtaí ná "firewall". Scrúdaíonn an falla tine seo an chumarsáid ar do líonra agus cuireann sé cosc ar chumarsáidí áirithe. Nuair a chuirtear i bhfeidhm ar dtús é ní mór dó foghlaim cén sórt tráchta atá ceadaithe agus cad 'tá "amhrasach". Cuirfidh sé ceisteanna ort maidir leis na ríomhchláracha atá agat, mar shampla: "An bhfuil tú sásta ligean do Firefox teagmháil ar an líonra?" Ní mór tuiscint áirithe a bheith agat ar do chóras chun falla tine a úsáid ach is mór an díonadh é má tá sé agat. Go deimhin tá saineolaithe áirithe a mhaíonn gur féidir déanamh gan bhog-earra frith-víreas ach falla tine a bheith cóirithe go maith agat. Ní mholtar don ngnáth-úsáideoir, áfach, brath ar fhalla tine amháin. Tá falla tine iniata le Windows XP, agus má tá córas leathanbhanda baile agat, is minic a bheidh an chosaint sin le fáil ón modem nó ón router chomh maith.

Nuair a "logáileann tú isteach" i do chóras oibrithe ríomhaire bíonn cearta agus ceadanna áirithe agat mar úsáideoir. Go h-iondúil, tá dhá shaghas cearta úsáideora i gceist: cearta an riarthóra, agus cearta an ghnáth-úsáideora. Más tusa úinéar nó riarthóir an ríomhaire, mar shampla i gcás ríomhaire baile, beidh cearta an riarthóra agat. 'Sé sin le rá: beidh sé ar do chumas aon chomhad a athrú ar an gcóras - fiú más chun donais é an t-athrú. Is féidir cuntas an riarthóra a úsáid chun bog-earra a shuiteáil ar do ríomhaire, nó chun píosa trealaimh nua ar nós priontálaí a chóiriú. Ach níor chóir duit cuntas an riarthóra a úsáid le h-aghaidh do ghnáth-ríomhaireacht. Ba chóir duit cuntas gnáth-úsáideora a chruthú agus é a úsáid nuair atá tú ag scimeáil ar an ngréasán nó ag scríobh ríomh-phostanna. Sa tslí sin, má tholgann tú víreas agus tú logáltha isteach le cearta teoranta an ghnáth-úsáideora, ní bheidh an víreas in ann do chuid pribhléidí riarthóra a úsáid chun dochar a dhéanamh dod' ríomhaire.

Cuimhnigh chomh maith: ní bhaineann slándáil riomhaire leis an idirlíon amháin. Ní mór a bheith ar aire maidir le dioscaí floppy, dlúthdhioscaí agus cipíní USB. Ná sáigh aon rud i do ríomhaire mura bhfuil tú sásta gur tháinig sé ó fhoinse dea-cháilithe.

Is fíor, mar a dúirt tráchtaire ar mo bhlag i leith scéal na seachtaine seo chaite, gur lú an chontúirt do úsáideoirí an chórais Linux. Tá cúiseanna éagsúla leis sin ach mar sin féin, ní mór na bearta seo a chur i bhfeidhm ar ríomhaire ar bith, is cuma cén córas oibrithe atá aige. Cuimhnímís chomh maith nach bhfuil slándáil foirfe iomlán insroichte, ach amháin i gcás ríomhaire atá múchta, faoi ghlas, agus an eochair briste!
  • Ceol Podslán: Love's Long Sleep le Candy Butchers
  • Cruinniú Blagadóirí Luimní!
    Outside Podcast
    Tús curtha le sraith oícheanta caidrimh. An tEirepreneur agus An tImeallach i láthair, in Óstan an Clarion aréir. Caifé, wifi, agus podchraoladh ar bhruach na Sionainne.
  • Duaiseanna na mBlag. Roinnt ainmniúchán faighte ag an Imeall - go raibh maith agaibh. Caithfidh mé machnamh a dhéanamh ar na h-ainmiúcháin a dhéanfaidh mé féin le linn an deireadh seachtaine.
  • Cogar - podchraoladh nua Gaeilge seolta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge!
  • Gaelfest: féile chultúrtha ghaeilge sa Chabhán. 7 - 8 Aibreán 2006. Buíochas do Dharagh Ó Tuama ó Ghlór na nGael as an bhfógra a chur chugam.
  • An dtaitníonn an fhuaim fheabhsaithe libh? Tuilleadh feabhsaithe le teacht. Agallamh an tseachtain seo chugainn.
  • Ceol Podslán: In My Dreams le Natalie Brown.
Soilse Séimhe
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, January 10, 2006

Cruinniú na mBlagadóirí

Má tá tú i i gcomharsanacht chathair Luimní Déardaoin seo chugainn, buail isteach go dtí Óstán an Clarion thart ar 8:00pm. Beadsa ann, in éineacht le James Corbett agus táimíd ag súil go dtiocfaidh blagadóirí eile ó gceantar ann chomh maith. Bígí linn, nó scaip an scéal! Tuilleadh eolais ag an Eirepreneur.

Dála an scéil, tá an próiséas ainmniúcháin ar oscailt anois do Duaiseanna Blag na hÉireann.

Bead ag triall ar Luimneach um thráthnóna, ag súil le trealamh podchraolta a cheannach.

Lipéid: ,

Saturday, January 07, 2006

#66: Deisiú na bhFuinneog

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime 30 nóiméad, 20.6 MB.
  • Bagairt Slándála Windows. Alt an bhlagadóra don tseachtain seo i . Athshonrú: An paiste oifigiúil ar fáil anois ó Microsoft.
  • Ceol Podslán: Waiting le Taxi Doll
  • Bua Bob Quinn sa bhfeachtas in aghaidh na fógraíochta teilifíse dírithe ar leanaí.
  • Fáilte mhór roimh Ciotóg atá ag cur le blagadóireacht le Gaeilge le déanaí!
  • An mhoill ar an dtrealamh nua.
  • "Rúnta Athbhliana"? Maith dom mo dhroch-ghramadach!
  • Ceol Podslán: Effortless le Allison Crowe
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, January 06, 2006

Bagairt Slándála Windows

Athshonrú: Agus an t-alt seo seolta chun cló, d'fhógair Microsoft go raibh an paiste oifigiúil le foilsiú niós luaithe mar a bhí geallta ar dtús. Tá sé ar fáil anois anseo.

(Téacs alt na seachtaine seo sa nuachtán . Déanfar podchraoladh air amárach.)

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáTá do ríomhaire i mbaol - 'sé sin le rá más é Microsoft Windows an coras oibrithe atá i bhfeidhm air. D'fhógair an mórchomhlacht bogearraí an tseachtain seo chaite go raibh éasc aimsithe i Windows a chuirfeadh ar chumas víreas agus ríomhchláracha mailíseacha eile mí-úsáid a bhaint as ríomhairí. Is cosúil go bhfuil an locht ar an gcóras Windows Meta File (WMF) i Windows, a bhaintear úsáid as chun pictiúir a léiriú.

Ní víreas ar leith atá i gceist anseo - ach leochaileacht sa chóras oibrithe ar féidir le víris úsáid a bhaint aisti chun smacht a fháil ar do ríomhaire. Agus iompraítear na víris seo i gcomhaid a shamhlófá a bheith neamh-urchóideach de ghnáth, 'siad sin: pictiúir.

Go h-iondúil, is pictiúir sa bhformad WMF atá i gceist, agus de ghnáth bíonn an síneadh WMF ag comhaid den tsaghas seo (mar shampla, PICTIUR.WMF). Ach tá rabhadh tugtha go bhféadfaí na comhaid WMF seo a chur i mbréagriocht le síntí formad grafaiciúil eile: BMP, GIF, JPG agus PNG san áireamh. Níl sé deacair comhad fabhtach a aistríu go dtí do ríomhaire, iniata le ríomhphost, nó fiú léirithe ar leathanach gréasáin, agus má léirítear an comhad leis na coinníollacha cuí, imreoidh sé a dhrochchleasanna ar do ríomhaire.

Ach má tá an laige seo ar eolas, faraoir níl leigheas oifigiúil air go fóill. Tá Microsoft ag obair ar phaiste a réiteoidh an fhadhb, ach ní bheidh sé ullamh go dtí an 10ú Eanáir. Tá cosaint áirithe agat má tá bog-earra frith-víreas i bhfeidhm agat agus é athshonraithe leis na saintréithe víreas is déanaí. Ach i ndáiríre níl cosaint ansin ach in aghaidh na víreas a bhí ar eolas ag an am gur foilsíodh an t-athshonrú. Agus an scéal ag scaipeadh, tá víris nua ag éirí atá bunaithe ar an éasc seo, agus tá lucht na gcomhlacht frith-víreas ar a ndícheall ag iarraidh coimeád suas leo.

Ní mór do Microsoft a bheith cúramach le forbairt agus le tástáil an phaiste - níorbh aon mhaith dóibh é dá ndéanfaidís scéal níos measa. Ach mar sin féin is fada an t-achar é coícíos i bpriacal. Tá moltaí agus modhanna seachanta foilsithe acu idir an dá linn, agus tá eolas maith ar fáil ó foinsí blagadóireachta an chomhlachta. Tá meas go forleathan ar phríomh-bhlagadóir Microsoft, "soiscéalaí teicniúil" an chomhlachta Robert Scoble, agus tá obair mhór déanta aige ag cothú agallaimh idir an ollchomhlacht agus a chuid custamaeirí maidir leis an eachtra seo, agus eachtraí eile nach é. Treoraíonn Robert a chuid léitheoirí go dtí blag oifigiúil na fóirne slándála, mar aon le blag pearsanta Jesper Johansson, mar a bhfuil an t-eolas is údarásaí agus is déanaí ar fáil.

Ach, más fada leat an paiste oifigíuil, tá réiteach neamh-oifigíuil ar fáil chomh maith. Scríobh an saineolaí ríomhaireachta Ilfak Guilfanov paiste neamh-oifigiúil agus d'fhógair sé é a bheith le h-íoslódáil óna bhlag. Má dhein, ní raibh coinne aige leis an dtóir a bheadh air! Chlis ar ríomhaire freastail Ilfak agus é ag iarraidh freastal ar an éileamh, ach tá sé ar fáil arís anois.

Cad é an tslí is tapúla agus is simplí chun do ríomhaire a chosaint a fhaid is atá tú ag fanacht leis an réiteach oifigiúil? Ta athchoimriú deas gonta i gcúpla líne ar fáil ar bhlag pearsanta an innealtóra Tiernan O'Toole i mBaile Átha Cliath. Fág faoi Bhleá-cliathach é, dul go croí-lár na ceiste! Coinnígí slán amuigh ansin!

Lipéid: , ,