Thursday, January 31, 2008

Ealaíon an Íomhá

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhíos ag caint le cara liom inné a bhfuil dúil aige sa ghrianghrafadóireacht. Chuireas ceist air an raibh sé chomh tugtha céanna don gcaitheamh aimsire sin sarar tháinig na ceamaraí digiteacha ar an saol?

"Ó do bhí", a d'fhreagair sé, "ach chosain sé an t-uafás airgid orm!"

Mhínigh sé dom gurb é an nós a bhí riamh aige ná oiread pictiúirí agus a d'fhéadfadh sé a thógaint, ag súil go mbeadh ar a laghad cúpla ceann maith sa bheart.

Sin é bua mór na grianghrafadóireachta digití. Is féidir cliceáil leat, gan a beith buartha faoi chostas na scannán. Os rud é go bhfuil srian an chostais sin tógtha as an áireamh, is fusa don bhfoghlaimeoir rudaí a thriail agus foghlaim óna chuid botúin. Agus don ngrianghrafadóir cumasach, tugann sé níos mó saoirse dó a bheith cruthaitheach agus ealaíonta agus dul sa tseans.

Dar ndóigh, níl i dtógaint na bpictiúirí féin ach cuid den ealaíon. Tá deiseanna eile le bheith cruthaitheach sa phróiseáil a deintear ina dhiaidh sin. Is é Adobe Photoshop an feidhmchlár is mó a úsáidtear don obair seo agus tá oiread cáil air go bhfuil an focal photoshopping in úsáid go forleathan - ainneoinn gur féidir feidhmchláir eile a úsáid chomh maith.

Is é an úsáid is mó a bhaineann an gnáthdhuine as Photoshop, ná na "súile dearga" a cheartú. Ach níl ansin ach tús an scéil. Tá físeán iomráiteach ar an idirlíon ina dtaispeáintear cleasanna lucht na h-aerscuaibe agus iad ag cruthú na bpictiúirí taibhsiúla de mhainicíní agus de spéirmhná a fhoilsítear in irisí agus i bpóstaeirí. Is é an comhlacht Dove a dhein an físeán, mar chuid den bhFeachtas ar son na Fíor-Áilleachta atá acu, atá ag cur in aghaidh an íomhá de mhná a chruthaíonn tionscal na h-áilleachta.



Tá an grianghrafadóir Natalie Dybisz i mbun feachtais den tsaghas céanna. Tá cleachtadh maith aici ar Photoshop ach ní ar son na margáiochta ach ar son na h-ealaíne a dheineann sí a cuid pictiúirí. 'Sí féin an t-ealaíontóir, agus an mainicín, agus an coimeádaí ar a gailearaí idirlín féin ar an suíomh Flickr.

Is féidir le daoine Flickr a úsáid chun pictiúirí a roinnt lena gcáirde agus lena ngaolta. Ach tá roinnt mhaith ealaíontóirí ag baint úsáid as chomh maith. Spreagtar comhrá faoi phictiúirí. Pléitear an pictiúir féin, an teicníc, an trealamh, an phróiseáil agus an ealaíon.

'Sé atá i Flickr ná acadamh ealaíne, agus tá ealaíontóirí aitheanta ar nós Jim Fitzpatrick ag baint úsaid as mar aon le leitheidí Natalie, nach bhfuil aon traenáil fhoirmeálta aici ach a bhfuil foghlamtha aici ón idirlíon, agus ón aischothú a fhaigheann sí dá cuid iarrachtaí óna comrádaithe ar Flickr. Mar thoradh ar an bhfeabhas atá bainte amach aici, tá sí tosnaithe ar phictiúirí a dhíol agus ar thaispeántaisí poiblí a chur ar fáil i ngealaraithe. Níl sí ach 21 bliain d'aois.

Lipéid: , , , ,

Thursday, January 24, 2008

Blag-ghráin

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaMá bhí tusa den tuairim gur rud maith í an bhlagadóireacht, tá dul amú ort, is cosúil!

Is mór an sólás, mar sin, go bhfuil an cumadóir Eoraifíse agus colúnaí an Irish Times John Waters againn chun sinn a threorú ar bhóthar ár leasa.

Tá John buartha faoin bpornagrafaíocht agus faoin ndiabhal-adhradh atá go forleathan ar an idirlíon, dar leis, ach is cosúil nach bhfuil sé leath-chomh buartha futhu agus atá sé faoin mblagadóireacht.

“Fiafraímse de dhaoine: An blagadóir tú?”, a dúirt John le Raidio Newstalk an tseachtain seo chaite. “Agus má deir siad gurb ea, deirimse leo: Fág an áit uaim, anois díreach!”

Is cosúil go measann John go bhfuil sé ceart go leor tuairimí a bheith agat, agus iad a fhoilsiú, chomh fada is go bhfuil imprimatur agat ó eagarthóir nuachtán.

Ach má tá droch-mheas ag John Waters ar na blagadoirí, is measa fós an déistin atá ar chuid mhaith blagadoirí do MTV agus do léiritheoirí an chláir My Super Sweet Sixteen.

Seans go bhfuil an clár seo feicthe agaibh a Ghaela, agus sibh ag fanacht le Pimp my Ride ar TG4.

Clár “firinne” is ea é, a dheineann cur síos ar chóisirí lá breithe le déagóirí saibhre loitithe i Meiriceá. Ach ní i Meiriceá a bhí an chósir a craoladh an tseachtain seo chaite ar MTV, ach i nDún Dealgan.

Bhí an scéal ag Jim Carroll ar a bhlag “On the Record”, suíomh a fhoilsítear faoi scáth an Irish Times. (Ná h-abair le John Waters é!)

Ar deireadh inniu, ní mór dom tagairt do cheann des na físeáin is suaithinsí ar an idirlíon i láthair na h-uaire. Éireannach mná atá ina h-údar air, agus Gaeilgeoir chomh maith, más fíor don “cúpla focal” atá in éineacht leis an bhfíseán aici ar YouTube. Sin í “Sowra” an “Groovy Dancing Girl”! Tá dhá fhíseán curtha in áirde aici, agus í ag damhsa lena stíl úr siamsach féin! Is é an chéad cheann is mó a bhfuil éileamh air, le ceol ó Daft Punk. Tá nach mór 2 mhiliún casadh tugtha ag an lucht féachana don bhfíseán sin le bliain anuas. An-éacht go deo, a “Shamhradh” - maith thú!



Lipéid: , ,

Friday, January 18, 2008

Aitheantas ó Oireachtas na Gaeilge don mBlagadóireacht

Tá an scéal inniu ag Lá Nua.
Beidh sé mar chuid de Chomórtais Liteartha an Oireachtais agus déanfaidh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) urraíocht air.

Dála an scéil níl ach cúpla uair a chloig fágtha chun blag a ainmniú don nduais eile seo!

Thursday, January 17, 2008

Imeall Eile

Guíonn An tImeall gach rath ar Imeall Geal (níl gaol eadrainn!), an tsraith nua teilifíse i nGaeilge a chuirfear tús leis anocht ar BBC2, ag 10:00 pm.

Lipéid: , ,

Ainmnigh do Rogha Blag do Ghradam na Gaeilge

Gradam na mBlaganna chugainn arís eile agus tá deis agaibh bhúr rogha blaganna a ainmniú i gcatagóirí éagsúla, an Ghaeilge san áireamh.

Arís i mbliana tá mo chomhlachtsa ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir don mblag is fearr a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Más cuimhin libh, 'sí Hilary an thug an chraobh sin léi anuraidh.

Ní gá gur blag lán-Ghaeilge a bheadh i gceist anseo ach oiread. Tá blag ar bith a chuireann an Ghaeilge os comhair lucht a léite i dteideal cur isteach ar an rannóg seo.

(Dá mba mhaith leat an blag seo a ainmniú, go raibh maith agat, ach ní ghlacfar leis os rud é gur mise an t-urraí!)

Amárach an sprioc-dháta d'ainmnniúcháin, 6:00 pm.

Lipéid: , ,

Ron Paul agus na Nerds

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhí botún san alt seo mar ar foilsíodh é sa nuachtán an tseachtain seo chaite. Dúradh go mba liobrálach é Ron Paul, duine des na h-iarrthóirí do ainmniúchán uachtarántachta Pháirtí na Poblachta i Meiriceá.

Dár ndóigh, ní liobrálach in aon chor é Ron Paul. Is liobraíoch é, nó mar a deirtear sa Bhéarla: libertarian. Tá an-dhifríocht idir an dá rud!

‘Sé tá sa liobraíochas ná fealsúnacht pholaitiúil a chuireann béim ar leith ar shaoirse an duine agus ar chearta maoine, agus a chuireann in aghaidh rialacháin agus rialtas gníomhach.

Tá teoiricí ar leith i gceist maidir le h-eacnamaíocht agus córas airgeadais, agus tá cuid mhaith liobraíoch i gcoinne Chogadh na hÍaráice chomh maith. Molann an fhealsúnacht seo rialtas “beag”: nach cuireann a ladar i saol a saoránach féin, ná i gcúram thíortha eile ach an oiread.

I Meiriceá, tír na saoirse, tá slí do gach aon saghas fealsúnachta agus creidimh – agus tá cuid mhaith i dtuairimí an liobraíochais a mheallann daoine a bheag nó a mhór. Níl aon duine ag iarraidh labhairt i gcoinne na saoirse, an bhfuil?

Ag labhairt ar a son tá an clár raidio Free Talk Live a chraoltar ar na scórtha stáisiún raidio ar fud Mheiriceá, agus atá in a phodchraoladh chomh maith. Agus tá feachtas ar siúl ag cuid acu chun “saorstáit” a bhunú a thabharfadh tús áite do phrionsabail an liobraíochais.

Is é New Hampshire an stáit atá roghnaithe ag an Free State Project agus tá siad ag iarraidh ar a lucht leanúna geallúntas a shíniú go mbogfaidh siad go New Hampshire, agus nuair a bheidh siad ann go n-oibreoidh siad “chun sochaí a chruthú in arb é an ról is mó a bheidh ag an rialtas sibhialta ná cosaint na beatha, na saoirse agus na maoine”.

Is é sin an ráiteas is mó a thugann léargas ar chré na liobraíoch. Níl slí ann do sholáthar oideachais ná cúram sláinte ag ranna rialtais. Tá saoirse ag an nduine a rogha rud a dhéanamh chomh fada is nach gcuireann sé isteach ar bheatha, ar shaoirse ná ar mhaoin a chomharsan.

Má tá poinntí maithe ag an bhfealsúnacht seo, d’aontódh mórán daoine go bhfuil go leor argóintí in a coinne chomh maith. Sin an chúis go bhféachtar ar leithéidí Ron Paul mar iarrthóirí imeallacha i measc an phobail i gcoitinne, agus sna gnáth-mheáin chumarsáide. Ach mar a dúirt an tseachtain seo chaite, tá difríocht suntasach idir an tacaíocht atá ag an Dr. Paul sa tsaol mór agus an tsuim a chuireann lucht an idirlín ann, áit a bhfuil sé i measc na n-iarrthóirí is mó trácht air.

Is é an freagra is coitiantaí a thugann Ron Paul ná gurb é Bunreacht na Stáit Aontaithe a phríomh-threoir i ngach ceist. Sílim go luíonn an smaoineamh sin go maith le nerds an idirlín, ar mhaith leo cáipéis a shamhlú ina mbeadh réiteach gach ceiste – ar nós clár ríomhaireachta maith!

Dream eile a mhealltar chuig na fealsúnachta sin ná lucht na ngunnaí. Cuid mhaith acu sin, is baill iad de mhílistí aitiúla. Is nós é seo a mhol cuid des na “founding fathers” agus atá taobh thiar de “Cheart na n-Arm” mar atá sé i mBunreacht Mheiriceá. Maítear gur deacra a bheadh sé pobal armtha a chur faoi chois – ag ionróirí, nó ag a rialtas féin fiú.

Ach más loighiciúil, réasúnta cuid des na smaointe seo i slí amháin, faraoir is minic go ngabhann rudaí gránna in éineacht leo: ciníochas agus sceimhlitheoireacht ina measc. Bhí Timothy McVeigh, buamálaí Oklahoma, in a liobraíoch.

Séanann lucht Free Talk Live an fhoréigean, mar a shéanann Ron Paul na tuairimí ciníocha a léirigh scríobhnóir anaithnid i nuachtlitreacha a foilsíodh in a ainm sna nóchaidí. Ach spreagadh cuid mhaith dá lucht leanúna idirlín chun athmhachnaimh nuair a tógadh raic faoi na litreacha arís an tseachtain seo chaite. Mar a deir an seanfhocal: "Inis dom do chomhluadar agus ‘neosfad duit cé thú féin".

Lipéid: , ,

Blag-thoghchánaíocht

Foilsíodh an t-alt seo sa nuachtán Lá NuaIs dócha nach bhfuil ábhar ar bith níos oiriúnaí do shíor-argóint na mblaganna ná an pholaitíocht. Foilsíonn inneall cuardaigh na mblaganna Technorati.com liosta des na blaganna is mó agus ní h-aon iontas, agus an bhlagadóireacht fós ina h-óige, gurb iad na blaganna teicneolaíochta atá ar bharr an liosta.

Ach ag uimhir a ceathair ar an liosta tá The Huffington Post, blag nuachta agus tuairimíochta a bhfuil ceann-áras aige in Washington DC agus na scórtha fostaí ar an bhfoireann aige. Tá cáil chomh maith ar dailykos.com – tá sé ag uimhir 11.

Más geall le nuachtáin iad cuid des na mórbhlaganna seo, níl na h-eagráiochta traidisiúnta ag cailliúint an deis ach oiread chun leas a bhaint as formad na mblaganna chun a scéalta a scaipeadh. Níl le déanamh ach féachaint ar mhór-chruinnitheoir na mblagscéalta polaitúla memeorandum.com, go gchífidh tú gurb iad blaganna leis na nuachtán is mó a nochtann na scéalta, agus go gcuireann na blaganna beaga leis an bplé ar na scéalta sin ina dhiaidh.

Is iad Hilary agus Obama, dár ndóigh, na h-iarrthóirí Daonlathacha is mó go bhfuil na blagadoirí ag caint futhu, agus sa mhéid sin níl aon easaontas idir iad agus na meáin traidisiúnta maidir le cé h-iad na priomh-iomaitheoirí sa pháirtí sin. Ach ar thaobh na bPoblachtánach níl sé chomh soiléir is dócha – nó ní raibh go dtí gur thosnaigh an vótáil. Go dtí seo bhí sé an-shuimiúil go raibh an-chuid cainte ar an idirlíon faoi iomaitheoir nach raibh mórán suime ag na meáin traidisiúnta ann: ‘sé sin an Dr. Ron Paul.

Tá aigne neamhspleách ag Ron Paul, is cosúil, agus níl sé ar aon intinn lena pháirtí ar roinnt mhaith ceisteanna. Cloíonn sé go docht le bunreacht na Stát Aontaithe in a chuid tuairimí polaitiúla agus measann sé an tsaoirse a gheallann an cháipéis sin a bheith maolaithe go maith ag rialtaisí éagsúla le céad bliain anuas.

Is cinnte gur duine imeallach é Ron Paul, fiú ina pháirtí féin (measann sé go bhfuil cogadh na hÍaráice mí-bhunreachtúil), ach mar sin féin tá roinnt mhaith tacaíochta meallta aige ó dhaoine a bhfuil meas acu ar an neamhspléachas agus an liobraíochas.

Thána ar roinnt mhaith suíomh suimiúil Gaeilge le déanaí. Tá blag breá nua ag gaeilgeóir Meiriceánach darb ainm Liam Hart. Tá Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge ar líne ag tomhaltoir.com – agus tá siad ar Bebo agus ar MySpace chomh maith! Agus tá taispeántas fuinniúil Des Bishop, agus é ag léimt thart ag an Oireachtas i gCathair na Mart, le feiscint ar YouTube, bail ó Dhia air!


Lipéid: , ,

Bliain na Físe

Foilsíodh an t-alt seo sa nuachtán Lá Nua“Ní fís go Joost”, a dúirt mé in alt anseo anuraidh, ag tagairt don tseirbhís teilifíse idirlín Joost.com. Go deimhin, dúirt faoi dhó é: i mí an Mhárta agus i mí Iúil chomh maith ar eagla na mí-thuisceana is dócha!!

Dár ndóigh ní raibh i gceist agam leis sin ach go mb’é Joost an ionchollaíocht ab fhearr a bhí feicthe agam ag an am sin de chinniúint an idirlín. ‘Sé sin le rá: an teilifís.

Agus sinn ag breathnú romhainn in 2008, níl aon amhras orm faoi cad é an gné is suntasaí agus is tabhachtaí des na teicneolaíochtaí úra seo a bhíonn á bhfaire agam. Cinnte, beidh béim ar an so-ghluaiseacht agus tiocfaidh scata gléasanna cumasacha eile sna sála ar an iPhone iomráiteach (nach bhfuil ar díol fós i ndeisceart na tíre).

Beidh scáileán chomh breá soiléir ar ghach aon ghléas acu agus atá ar an iPhone féin – ‘sea agus níos fearr. Agus beidh iad in oiriúint go maith d’fhíseáin.

Agus ní físeáin amaitéaracha ar leathchois atá i gceist agam ach oiread. Im’ thuairimse, ‘sé an gné is spreagúla faoin dteicneoláiocht seo ná an rogha leathan saothar neamhspleách atá ar fáil. Ach más mian leat is féidir míreanna CSI a fheiscint ar Joost (i Meiriceá amháin ag an bpoinnte seo).

Is féidir tuilleadh de shaothar Hollywood a fheiscint ar an seirbhís nua Hulu atá faoi thástáil i láthair na h-uaire. Chomh-fhiontar atá in Hulu de chuid NBC Universal agus comhlacht Rupert Murdoch, News Corp, agus tá sé molta go mór ag cuid mhaith dóibh san a bhain triail as go dtí seo.

Ar cheann des na córais is fearr agus is forbartha atá ar fáil anois tá Miro. Togra “foinse-oscailte” is ea é a tosaíodh leis an ainm “Democracy”. Tarraingíonn sé físeáin isteach ó shuímh éagsúla, ó YouTube dar ndóigh, ó Blip.TV, ó dailymotion.com agus ó na mílte foinsí podchraolta eile.

Cad é an tslí is fearr chun rogha físe an domhain mhóir a fheiscint? Ar do theilfíseán – dár ndóigh. Ná bac le scáileán an ríomhaire agus pianta droma! Sín amach ar an dtolg, agus bain úsáid as bosca Apple.TV chun cláir bhreátha ardghléine (HDTV) a tharraingt isteach ar do cheangal leathanbhanda agus a thaispeáint ar theilifíseán leathanscáileáin!

Is bosca agus bog-earra é Apple TV – ach ní h-é an t-aon rogha córais ach oiread é. Is féidir ríomhaire le Miro nó le Joost a cheangal le do theilifíseán, agus tá córas oibriúcháin Windows Media Centre ar fáil ó Microsoft. Nó tá comhlachtaí ag díol boscaí atá bunaithe ar an gcóras Myth TV, a ritheann ar Linux.

Dár ndóigh, cuirfidh an fhorbairt seo níos mó éilimh ar achmhainní leathanbhanda. I mo chás féin, tá mo theorainn íoslódála le Eircom á sárú agam gach aon mhí anois ó bhí an samhradh ann. Ach níl dabht ar bith faoin dtreo ina bhfuil cúrsaí ag dul. Ní mharóidh an t-idirlíon an teilfís, ach athróidh sé í, go h-uile agus go h-iomlán.

Lipéid: , ,

Leisce Nollag a Shíneann Isteach sa Bhliain Nua!

Tá suil agam go raibh Nollaig dheas agaibh a cháirde. Bhí sé ró-dheas agam fein, agus chuaigh mé i dtaithí arís ar 8 n-uaire a chloig codlata a fháil gach aon oíche!

Tá mé ag éirí as an droch-nós leisciúil sin arís agus ag filleadh ar mo chúramaí ar an suíomh seo! :) Scríobhas 2 alt do Lá Nua le coicíos anuas nár foilsíodh in aon chor anseo. Réiteoidh mé an t-easnamh sin anois díreach, agus tá an tríú h-alt chugainn inniu chomh maith.

Faraoir níl aon phodchraoltaí ag gabháilt leis na h-altanna seo. Tá sé i gceist agam tabhairt faoin bpodchraoltóireacht físe arís, agus cuirfear tús leis sin chomh luath agus is féidir liom cíor agus rásúr a aimsiú.