Thursday, August 11, 2005

Freastal ar Dhá Thrá

I dtosach báire, gabh mo leithscéal as an sos comhraic gan choinne atá i bhfeidhm ar an suíomh seo le breis agus coícíos anuas. Bhíos thar a bheith gafa le cúramaí an tsaoil agus, chomh maith leis sin, bhí gá le roinnt machnaimh a dhéanamh maidir leis an dtionscnamh seo - agus an ród atá roimis.

Mar atá ráite agam cheana, tá dhá mhódh chun tabhairt faoin bpodchraoladh ach go h-áirithe. Is iad san:
  1. An píosa cainte a ullmhú roimh ré, é a scríobh mar a bheadh gnáth bhlagmhír, agus ansan é a léamh.
  2. Gan an chaint a ullmhú - ach labhairt de réir sruth na smaointe.
Tá a gcuid buntáistí agus mí-bhuntáistí féin ag an dá chur chuige seo. Bíonn snas níos fearr ar an bpíosa réamh-ullmhaithe. Bíonn na smaointe dírithe agus forbartha agus ní bhíonn aon éiginnteacht sa chur i láthair. Ach tógann sé an t-uafás ama i gcomparáid leis an bpíosa scaoilte. Agus bíonn sé ábhairín balbh nó leamh i gcomparáid leis an bpíosa scaoilte.

Maidir leis an bpíosa scaoilte: bíonn an beocht agus an úireacht agus an nádúrthacht aige nach mbíonn ag an bpíosa réamh-ullmhaithe, agus is fusa go mór é a chur le chéile - ach má's fuirist féin é, 'sea is tabhachtaí don bpodchraoltóir go mbeadh srian aige/aici ar a chuid cainte, agus smacht aige ar a chuid smaointe, agus go gcoimeádfadh sé a áird dírithe ar chibé ábhar atá idir lámha aige don bpodchraoladh áirithe sin. Nílim ag rá nách féidir le fánaíocht chainte a bheith taitneamhach ná tairbheach ar uairibh - ach bhriseadh sé do chroí uaireanta a bheith ag éisteacht le píosaí mar sin. Tá an claonadh san chun bladarála gan toradh le sonrú i gcuid des na hiarrachtaí tosaigh a bhfuil déanta agam sa réimse seo agus ní cás dom é a sheachaint más féidir.

Tá buntáiste amháin eile ag baint le leagan scríte chur ar fáil in éineacht le píosa cainte, agus is é sin an cúnamh a thugann sé do lucht foghlamtha na teangan. Tá síntús agamsa faoi láthair do phodchraoltaí i nGáidhlig na hAlban agus sa bhFraincís agus ní fhéadfainn aon chiall a bhaint astu murach go bhfuil an téacs curtha ar fáil ag lucht a bhfoilsithe. Mar an gcéanna leis seo, cé ná molfainn an podchraoladh seo mar eiseamlár dea-Ghaeilge, agus is cinnte nach bhfuil sé caighdeánach; mar sin féin, tá sé in a phríomh-sprioc ag an dtionscnamh seo cur le húsáid na Gaeilge ar an idirlíon agus chuige sin, más féidir aon chabhair a thabhairt do lucht a foghlamtha, is ceart agus is cóir dom an deis san a thapú.

Deirtear nach féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal - ach is féidir le dhá ghobadán an cúram a roinnt eatarthu! Mar sin, is ar an gcaoi sin a dhéanfaidh An tImeall freastal ar iPodóirí na Gaeilge. Tá sé beartaithe agam go mbeidh dhá shaghas clár sa tsraith seo: ceann scríte, agus ceann scaoilte - agus gurb amhlaidh a bheidh go ceann tamaill eile ar aon nós.

Tógfaidh sé seachtain nó dhó eile orm mé féin a chuir in eagar i gceart, ach ina dhiadh san bheinn ag súil go bhféadfainn eagrán amháin den dá shaghas clár a fhoilsiú in aghaidh na seachtaine. Nílim cinnte cad iad na laethanta ab oiriúnaí dos na cláracha - ach mas fearr leatsa lá amháin ná lá éigin eile - anois an t-am chun é sin a chur in iúil dom. Cuir r-phost go dtí imeall@iol.ie, agus má tá moltaí no tuairimí ar bith eile agat i dtaobh ar mhaith leat a chlos ón Imeall - abair leat. Agus na deanaigí dearmad go mbeidh an t-eolas is deanaí ar fáil i gcónaí ar an suíomh imeall.blogspot.com. Tá soláthar RSS ar fáil don leathanach san - geobhaidh sibh tuilleadh eolais ar an suíomh: imeall.blogspot.com.

Lipéid: , ,