Friday, April 28, 2006

Ceann ón gCartlann

Gabh mo leithscéal a cháirde ach ní bheidh mé in ann eagrán nua den Imeall a chur in bhúr láthair inniu. Ar Flirt FM inniu cloisfear an ceann seo ón gcartlann: Imeall #70: Rith!

Thursday, April 27, 2006

Imeall #124: Mark Bodah, Cuid II

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, April 26, 2006

Imeall #123: Íomhánna Éireann

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Tuesday, April 25, 2006

Imeall #122: Agallamh le Mark Bodah

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Monday, April 24, 2006

Imeall #121: Ar an Raidio

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Flirt FM
  • An tImeall ar an raidio. Tá an podchraoladh ar fáil anseo i gcónaí, ach beidh sé le clos gach lá feasta ag 17:30 ar Flirt FM, 105.6 i gcathair na Gaillimhe.
  • Stáisiún na mac léinn is ea Flirt FM. Táim ag filleadh ar mo dhúchas.
  • Ceol Podslán: Stress le Jim's Big Ego
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Friday, April 21, 2006

Imeall #120: Mamaíbhlagadóireacht

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAgus colún na seachtaine seo á scríobh agam, táim i bhfeighil na leanaí. Tá an leanbh óg ina shuí i lár an úrláir ag iarraidh eilifint a bhrú isteach i gcaráiste traenach – obair mhór – agus mise suite ag bord na cistine ag iarraidh an litir seo a scríobh. Cuimhním ar Dooce.

Nuair a thosnaíos ag léamh na mblaganna, níorbh fhada gur tháinig mé ar Dooce (ar dtús?). Ní h-aon iontas an méid sin. Áiríonn an suíomh cuardach blag Technorati dooce.com ag uimhir a 19 as 36 milliún suíomhanna éagsúla, de réir líon na nascanna (9,332) ó suíomhanna eile go Dooce.

Leasainm is ea Dooce atá ag Heather Armstrong ó Salt Lake City, Utah. Ní fheadar cén bunús atá leis, ach is cuid de bhéarlagair an idirlín anois é, ó chaill sí a post mar thoradh ar a raibh scríte aici ina blag. Anois tá “dooced” ina bhriathar, mar shampla: “Dúsáladh Peadar inné – bhí sé ag magadh faoin saoiste ina bhlag.”

Tá Dooce ag blagadóireacht léi i gcónaí, ach ní h-iad eachtraí na h-oifige atá dá spreagadh anois. Is máthair anois í, le h-iníon óg, agus tá an greann agus an léargas céanna á bhaineadh sí as an saol gnó aimsithe anois aici sa Mhamaí-bhlagadóireacht!

Is gné suntasach ar leith é blagadóireacht na dtuismitheoirí. Ní éirímíd riamh tuirseach den gcaint seo, ag plé agus ag ath-phlé, agus ag síor-phlé na n-eachtraí beaga; ag déanamh comparáid ar na céimeanna forbartha, agus ag gearán faoin easpa codlata. Tá an comhrá seo le sonrú ag aon gheata scoile nó in aon seomra feithimh dochtúra. Ní h-aon iontas go bhfuiltear ag leanúint leis ar na cláracha plé agus ar suíomhanna ar nós www.rollercoaster.ie. Agus mar ábhar cainte, tá sé in oiriúint go fíormhaith don mblagadóireacht.

Dar ndóigh tógann an bhlagadóireacht seo am, agus ní bhíonn mórán ama le spáráil ag tuismitheoirí. Ach is féidir an obair a roinnt agus blag grúpa a chur ar bun, mar atá ag bloggingbaby.com.

Tá freastal maith ar bhlagadóireacht na dtuismitheoirí anseo in Éirinn. Is féidir eachtraí máthar aonair an déagóra a léamh ag redmum.blogspot.com, agus tá Sarah Carey ag stracadh leis an ngobán súraic le tamaillín anuas. Ach, ach oiread le tuismitheoir ar bith, ní h-í an tuismitheoireacht an t-aon ghné amháin dá saol. Tugann RedMum léargas ar leith ar shaol Bhaile Átha Cliath lena sraith grianghrafanna – tá an ceamara ina láimh i gcónaí. Agus tá súil ghéar ag Sarah agus í ag trácht ar chúrsaí reatha. Tá aitheantas iriseoireachta faighte ag an mbeirt acu as an mblagadóireacht. Is féidir colún seachtainiúil le RedMum a léamh san Echo i nDeisceart Bhaile Átha Cliath, agus foilsítear tuairimí Sarah Carey gach seachtain sa Sunday Times.

Léiríonn na scéalta seo nach leor ann féin amháin a bheith ag blagadóireacht ar an dtuismitheoireacht. Caithfidh bua na scríobhnóireachta a bheith agat chun scéalta suimiúla a fháil ó eachtraí laethúla. I gcás Heather Armstrong, is é an greann an tréith is suntasaí atá aici – is cuma cén t-ábhar cainte. Níor fhill sí ar an obair oifige. Is blagadóir lán-aimseartha í anois, ag fáil luach saothair óna suíomh di féin agus dá fear céile, a d’éirigh as a phost siúd chun cabhrú leis an dtionscnamh.

Tá blagadóirí na hÉireann ag baint an-spórt as eachtraí an aisteora Tom Cruise na laethanta seo agus tá siad ar lasadh le scéal bhreith a linbh le Katie Holmes. Molann The Community at Large gur chóir do Katie teitheadh agus tá nasc acu le freekatie.net. Agus mheas Rick O’Shea gurb fhiú ceannteideal an Irish Mirror a chaomhnú lena cheamara fóin. Ag trácht ar ráiteas Tom gur theastaigh uaidh placaint Katie a ithe, d’fhógair an nuachtán: Tom Chews!
  • An tImeall ar an raidió! Ag tosnú Dé Luain beidh éisteoirí i gcathair na Gaillimhe in ann an podchraoladh a chlos ar stáisiún raidió na mac léinn Flirt FM 105.6.
  • Comhrá: Beidh mise ar fáil Dé Domhnaigh, le cúnamh Dé.
  • Ceol Podslán: Regression le Green Eyes (Lucy Evans)
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil: Podcasting.ie

Wednesday, April 19, 2006

Mise Eire Competition

Click here for details in English.

Saoire Chásca

An tImeall ar saoire bheag Chásca - go dtí Dé hAoine! Beannachtaí na Féile dhaoibh.

Tá comórtas Mise Éire ar oscailt go dtí an 30ú Aibreán. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Imeall #119. Seo fógra beag a scaipeas inné go dtí podchraoltóirí an Bhéarla.

Friday, April 14, 2006

Imeall #119: Mise Éire

Mise Éire
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Colún an Bhlagadóra: An Bhlagadóireacht Ghnó.
  • Atheisiúnt cheol Mise Éire.
  • Is féidir Mise Éire a cheannach díreach ó Siopa Ceoil Gael Linn!
  • Comórtas le h-aghaidh dlúthdhiosca nua Mise Éire. Freagair an cheist: Cén lá den tseachtain ar ar thosnaigh Éirí Amach 1916? Seol na freagraí go dtí: imeall@gmail.com. 5 dhlúthdhiosca le bronnadh.
  • Ceol: Mise Éire le Seán Ó Riada agus Ceolfhoirean Shiansach Radio Éireann. Le caoinchead an fhoilsitheora, Gael Linn.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

An Bhlagadóireacht Ghnó

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá(Seo dhaoibh an téacs atá i gcolún an Bhlagadóra mar atá sé foilsithe inniu sa nuachtán Lá. Is féidir éisteacht leis an alt seo á léamh in Imeall #119 atá foilsithe sa chéad mhír eile ar an mblag seo.)

Thugas cuairt ar Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin, ar cheannáras Chumann na nInnealtóirí mar a raibh seimineár á reachtáil ag Cumann Idirlín na hÉireann ar an mblagadóireacht agus ar an bpodchraoltóireacht i gcúrsaí gnó.

An bhlagadóireacht ghnó, an ea? Ach níl sa bhlagadóireacht ach caitheamh aimsire, nach ea? Bhuel, is caitheamh aimsire í do dhaoine áirithe – ach ní caitheamh aimsire a bhí ar siúl ag an lucht gnó a bhí i láthair ag Bóthar Clyde maidin Dé Ceádaoin.

Mhínigh An tUasal Michele Neylon ó Blacknight Solutions conas ar feidir le comhlacht úsáid a baint as an mblagadóireacht mar áis bholscaireachta agus caidreamh poiblí. Luaigh sé sampla an chomhlacht fíona Stormhoek a méadaíodh ar a ndíolachán faoi dhó taobh istigh de aon bhliain amháin, mar thoradh ar fheachtas blagadóireachta. Agus bhí go leor comhairle phraiticiúil aige ar bhuntáistí agus ar dhainséaraí na blagadóireachta do ghnólachtaí.

Ag cuardach na mblaganna, tá plé an-mhaith ar an ábhar seo i mblagmhír a d’fhoilsigh Tom Raftery le déanaí. Tá doimhin-mhachnamh agus tuairimí maithe sa bhun-alt – ach arís chítear bua na mblaganna sa tslí ina fhorbraíonn an plé i mbreis agus 20 tráchtaireacht a fágadh ar an leathanach sin. Sin é a spreag James Corbett chun tagairt don mhír sin nuair a chonaic sé tráchtaireacht ó Mary Gilmartin ón gcomhlacht Advanced Technology Products i Luimneach. Tá Mary ag blagadóireacht le roinnt míonna anois, cé go bhfuil sí buartha nach bhfuil lámhainní tís a comhlachta chomh tarraingteach sportúil mar ábhar blagála agus atá ríomhairí táibléadacha mar shampla.

Chuir an slua ag seimineár na Céadaoine an-shuim sna cainteanna ar an bpodchraoladh. Thug Brian Greene ó Doop Design míniú ar chúlra agus ar mhodhanna na podchraoltóireachta. Tá Brian agus a chomhlacht sáite sa phodchraoltóireacht. Tá podchraoladh aige ag radio.wxtc.net agus suíomh maith eolais phodchraolta chomh maith ag Podcasting News Ireland. Agus tháinig mé ar scéal ansin a mheabhraigh dom nach áis í an phodchraoltóireacht do ghnólachtaí amhaín: tá podchraoladh ag an Seanadóir Joe O’Toole.

Chríochnaigh an seimineár le caint ó Stephen McCormack, príomhfheidhmeanach Wildwave, comhlacht a chuireann ábhar físe digiteach in oiriúint agus ar fáil do bhealaí nua dáilithe ar nós fóin phóca. Labhair Stephen ar an stráitéis phodchraolta atá ag a chomhlacht, ar a mhodh táirgithe podchraoltaí agus ar chúrsaí urraíochta.

Bhí go leor ceisteanna ó na rannpháirtithe ar chúrsaí dlí agus clú-mhillte. Tá freagraí ar chuid des na ceisteanna sin ar digitalrights.ie, agus tá tagairt ag Damien Mulley an tseachtain seo d’alt maith ar an ábhar ar siliconrepublic.com.

Agus deireadh seachtaine comórtha 1916 buailte linn, tá an ócáid i mbéal na mblagadóirí. Ach níl aon duine a bhfuil oiread scríte aige aige ar an ábhar agus atá ag United Irelander. Is é seo a thalamh dúchais, stair an náisiúin agus an náisiúnachais, agus tá eachtraí, pearsanna, agus comhthéacs comhaimseartha 1916 pléite go mion aige le seachtain nó dhó anuas.

Dream amháin nár mhiste dóibh a bheith eolach ar an stair ná roinn mhargaíochta Ben & Jerry’s. Deineann The Dossing Times iontas don uachtar reoite is déanaí atá seolta acu: “Black & Tan”. Deir Damien Mulley go mbeidh fáilte fuar roimhe i gCorcaigh!

Tá an bhlagadóireacht Ghaeilge ag fás go tréan, agus tá fáilte mhór dá cur roimh roinnt bhlagadóirí Béarla atá tosnaithe ar Ghaeilge a scríobh ar a mblaganna, windsandbreezes.org ina measc.

Agus sinn ag trácht ar 1916, tá an scór iomlán a chum Seán Ó Riada don scánnán Mise Éire eisithe don chéad uair ag Gael Linn inniu. In ónóir na h-ócáide tá 5 chóip le bronnadh agam ar éisteóirí le mo phodchraoladh. Tugaigí cluas le h-eagrán #119 atá foilsithe inniu ag imeall.blogspot.com.

Lipéid: , ,

Thursday, April 13, 2006

Imeall #118: Concubhar Ó Liatháin, Cuid II

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cuid II den agallamh le hEagarthóir , Concubhar Ó Liatháin.
  • Straitéis idirlín .
  • Conas mar atá ag éirí leis an leagan PDF agus leis an bpodchraoladh úr.
  • Is iad an chéad nuachtán in Éirinn chun triail a bhaint as an bpodchraoladh.
  • Ceol Podslán: Without You le Black Lab.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, April 12, 2006

Imeall #117: Turas Traenach

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, April 11, 2006

Imeall #116: Conchubhar Ó Liatháin

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Agallamh (le Skype) le eagarthóir an nuachtáin , Concubhar Ó Liatháin.
  • Is é Lá an t-aon nuachtán laethúil i nGaeilge.
  • Dúshlán na foilsitheoireachta laethúile.
  • 64 leathanach Gaeilge dá bhfoilsiú in aghaidh na seachtaine.
  • An fhoireann oibre.
  • Deacrachtaí maoinithe.
  • Tá Foras na Gaeilge ar tí "léirithe suime"a lorg do nuachtán laethúil Gaeilge. Má éiríonn le Lá an conradh sin a fháil, beidh a chuid maoiniú nios daingní.
Lipéid: , , ,

Monday, April 10, 2006

Imeall #115: 13 bliana

Lipéid: , , ,

Saturday, April 08, 2006

Imeall #114: Cócaireacht, Filíocht agus ... Gormachaí

Lipéid: , ,

Friday, April 07, 2006

Cócaireacht agus Filíocht

(Seo an téacs, agus nascanna ann, do cholún an Bhlagadóra in eagrán an lae inniu den nuachtán . Déanfar podchraoladh air amárach.)

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAn rud faoi na blaganna seo, tá sé suimiúil iad a scimeáil de réir téama, nó ábhar spéise comónta éigin. Chríochnaíos an colún seo an lá cheana ag caint ar bhrioscaí sceallóg seacláide, ach - má dhein - níorb fhada go rabhas ag treabhadh na mblaganna go cíocrach craosach ar thóir scéalta bia!

Seod-bhlag atá sa tsuíomh bibliocook.com. Éireannach mná atá ina bhun, Caroline Hennessy, agus mar a shílfeá ón dteideal, cuireann sí suim ar leith, ní amháin sa chócaireacht, ach i leabhair chócaireachta ach go h-áirithe. Tá sí ag blagadóireacht le bliain anois, agus chaith sí leath na tréimhse sin ina cónaí sa Nua-Shéalainn. Mar aon leis na blaganna is fearr ar ábhar ar bith, tá eolas cuimsitheach agus paisean aici don ábhar, ach cuireann sí leis an méid sin lena pearsantacht agus lena tuairimí féin. Is cúntas pearsanta é blag ar bith, is cuma cén t-ábhar, agus is cúntas taistil é cuid mhaith de Bibliocook chomh maith, ina dtugann an t-údar dúinn léargas, ní amháin ar bhia na Nua-Shéalainne agus na hÉireann ach ar chultúr agus ar nósanna na dtíortha agus ar an gcodarsnacht eatarthu. Insíonn sí na h-eachtraí beaga a bhaineann le gach scéal, agus tugann sí comhtheács don mbia. Tuigeann mór-chócairí na meán sa lá tá inniu ann an tabhacht a bhaineann leis an eachtraíocht seo, leithéidí Jamie agus Nigella agus dár ndóigh fear mór an taistil agus na cócaireachta: Keith Floyd!

Má thagann tú ar bhlag a thaitníonn leat, is fiú súil a chaitheamh ar an mblagrolla atá acu. Sin é an t-ainm a tugtar ar an liosta a bhíonn ar imeall an leathanaigh ag blagadóir, le nascanna go dtín a rogha pearsanta blaganna féin. Is minic na liostaí sin as dáta, ach mar sin féin is foinse maith eolais iad ar bhlaganna a bhfuil tréithe comónta acu leis an mblag ar a bhfuil siad luaite. Agus tá liosta maith suíomhanna cócaireachta eile ar imeall an leathanaigh ag Bibliocook.

Blag nach bhfuil ar an liosta sin ná blag an chócaire Martin Dwyer, ach sa chás seo arís, tá an ilghnéitheacht agus an phearsantacht go smior ann. Cócaire is ea Martin, é ina mháistir ar a cheird, ach ní h-é sin tús agus deireadh a scéil. Go deimhin tá mórán scéalta aige, ó bhlianta fada, i dtíortha éagsúla, faoi na pearsanna agus na bialanna lena raibh raibh seisean agus a bhean agus a chlann páirteach. Scéal pearsanta is ea gach aon scéal aige, agus arís cuirtear an bia i gcomhthéacs eachtraí an tsaoil, le grianghrafanna óna gháirdín, le scéal bheatha Naoimh Olaf agus le dánta grá dá bhean chéile!

Agus más dánta ata uait (anois go bhfuil an t-ocras sásaithe), níl aon ghanntanas blaganna filíochta ach an oiread. Tá ceann nua ag poeticlicence.wordpress.com a mheascann scéalta greannmhara gáirsiúla le véarsaí glice dánfhoclacha. Dhein Sinéad Gleeson tagairt don mblag sin le linn na seachtaine, agus tá léiriú sa bhlagmhír sin le Sinéad ar mhódh iontach eile chun blaganna a aimsiú. Tá tuilleadh blaganna filíochta luaite sna tráchtaireachtaí a scríobh daoine eile ar bhlag Shinéad. Ina measc, tá an blag de chuid an White House Poetry Revival i gcathair Luimní, grúpa a thagann le chéile gach seachtain chun filíocht a léamh.

Bhí go leor focal ómóis ó na blagadóirí don údar John McGahern, nach maireann, ar bhlag Shinéad Gleeson, ar bhlag Arm Rúnda na Gaeilge agus ar go leor blaganna eile.

Níl aon ghanntanas tráchtaireachta ar dhúnmharú Denis Donaldson ach an oiread. Is é Slugger O’Toole an poinnte tosaigh is fearr. Is cuma cén dílseacht pholaitiúil, nó teoiric chomhcheilge is rogha leat: tá trácht orthu go léir anseo.

Lipéid: , ,

Thursday, April 06, 2006

Imeall #113: Agallamh le Colleen, Cuid II

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cuid II den agallamh a chuireas ar Colleen Dollard, ag Tóstal na Gaeilge, am lóin ar an Satharn.
  • Deintear tagairt do David McWilliams - bhí sé tar éis óráid a thabhairt an mhaidin sin.
  • Cad a spreagann daoine nár tógadh in Éirinn chun an teanga a fhoghlaim?
  • Conas ar féidir le Meiriceánaigh an teanga a shealbhú as a n-iarrachtaí aonair, agus fós níl Gaeilge ag Éireannaigh tar éis 13 bliana scolaíochta?
  • Mar a d'fhéadfadh na Meiriceánaigh an féin-mhuinín agus an meas ar an oidhreacht a mhúineadh ath-uair dúinne sa tír seo.
  • Tóstal '06 agus saol rúnda na Gaeilge, mar a bheadh lucht Harry Potter, faoi cheilt i measc "Muggles" an Bhéarla!
Lipéid: , ,

Wednesday, April 05, 2006

Imeall #112: Podchraoladh Lá

Lipéid: , , ,

Tuesday, April 04, 2006

Imeall #111: Agallamh le Colleen Dollard

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Deineadh an comhrá seo a thaifeadadh ag Tóstal na Gaeilge 2006.
  • Mar ar fhoghlaim Colleen Gaeilge i Meiriceá, le Daltaí na Gaeilge.
  • Múineadh na Gaeilge i gColáiste na Trionóide.
  • Plé ábhair theicniúla i nGaeilge. Foclaíocht.
  • Cloisfear Cuid II den agallamh seo Déardaoin.
Lipéid: , ,

Monday, April 03, 2006

Imeall #110: Gaelú an Idirlín

Lipéid: , ,