Tuesday, February 27, 2007

Spiorad na Fiontraíochta - Spiorad an Ghréasáin

Tá an colún seo foilsithe inniu sa nuachtán Lá Nua.Is blagadóir é Pat Phelan, agus fiontraí gnó. Tá an príomh-bhlag aige ag blog.roam4free.ie, ainm a thugann leid faoin earnáil gnó ina bhfuil sé ag saothrú. Tá roinnt táirgí agus tionscnamh éagsúla idir lámha aige: córas chun costas fánaíocht idirnáisiúnta na bhfón póca a shábháil, agus córas chun glaoch thar lear ar neamhní – nó geall leis (allfreecalls.net, nó allfreecalls.ie as Éirinn).

Tá spiorad na fiontráiochta i Pat, rud a mheasann Eddie Hobbs a bhí riamh i muintir na hÉireann, ach go raibh ar na fiontraíthe dul ar imirce go tíortha eile sara fuaireadar deis a gcuid fiontraíochta a chur i gcrích. Labhair Eddie ag comhdháil de chuid IT@Cork i mí na Samhna agus foilsíodh an óráid a thug sé i bhfoirm phodchraoladh an tseachtain seo chaite.

Tá cáil an droch-scéil ar Eddie - fear a insíonn an fhírinne lom faoi chúrsaí maoine agus fiacha do dhaoine nach bhfuil sásta í a admháil. Agus bhí droch-scéal aige an uair seo don ngeilleagar domhanda: ní féidir brath air go leanfaidh an fás eacnamíochta gan staonadh, os rud é go bhfuil an fás sin bunaithe ar ola atá cuíosach saor. Mhol sé nár chóir d’aon phlean gnó ciallmhar neamh-áird a dhéanamh de “fadhb na buaice” maidir le h-ola, agus cháin sé nach bhfuil aon ainilís déanta ag an rialtas ar na h-impleachtaí a bheidh ann do chúrsaí gnó sa tír seo nuair a shroichfidh an breosla $200 in aghaidh an bhairille. Tá aitheasc Eddie le clos ag itcork.ie.

Bead féin ag labhairt faoi scáth na h-eagráiochta IT@Cork um thráthnóna, dála an scéil. Reachtálfar seimineár ar “An Phodchraoltóireacht i gCúrsaí Gnó” ag 5:30 in Ionad na mBogearraí (NSC) i Machain, Corcaigh.

Beidh podchraoltóir Bhaile Átha Cliath, Brian Greene, ina aoi-chainteoir ag an NSC chomh maith inniu, agus tá feachtas nua blagadóireachta seolta aige sin le deánaí. “Nach ait”, cheap sé, “nach féidir seirbhís teilifíse digití RTE agus TG4 a fháil, mura bhfuil síntús agat le Sky?” Má aontáionn tusa le Brian, is féidir a thuilleadh a léamh, agus achainí leictreónach a shíniú, ag rte2fta.com.

Murach an coinne i gCorcaigh, bheadh fonn mór orm a bheith i láthair inniu in Óstán an Alexander i mBaile Átha Cliath, don gcomhdháil lae faoin dteideal “An Ghaeilge Agus Do Vóta” faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Ach ar a laghad tá fhios agam go mbeidh tuairisceoireacht mhaith ar imeachtaí an lae ar Gaelport.Com, agus ar bhlag nua na Comhdhála gaelport.blogspot.com.

Is san Alexander a bheidh Gradam na mBlaganna Dé Sathairn, agus táthar ag glacadh le réamh-áirithintí ar na suíocháin anois ag an suíomh awards.ie.

I measc na mblaganna is mó a mheastar go bhfuil seans maith aige sna Gradaim sin tá an blag “cúlchainteach” blogorrah.com. D’fhoilsigh siadsan an tseachtain seo ceann des na pictiuírí is greannmhara a chonacsa le fada an lá: léirsitheoir ag Páirc an Chrócaigh le comhartha ag éileamh “No To Foreign Games” - agus culaith sacair Cheiltigh Ghlaschú á chaitheamh aige!

Ar deireadh caithfidh mé tagairt a dhéanamh do físeán álainn atá ag fáil an-chuid tráchta ar Youtube. Dhein an Dr. Michael Wesch, ollamh cúnta san antraipeolaíocht chultúrtha, fiseán taitneamhach a mhíníonn buanna an ghréasáin nua le téacs. Téacs a lúbann agus a aistríonn de réir mar a shoiléiríonn sé a bhfuil á rá aige. Agus é á scríobh agus á chóipeáil i mboscaí téacs ar shuíomhanna idirlíon, taispéanann sé an fhorbairt, ó pheann agus pár, go próiseálaí focal, go suíomhanna idirlín simplí, go blaganna agus wiki-eanna, go dtí YouTube srl.

Dar ndóigh ní féidir é a thaispeáint daoibh ar leathanach an nuachtáin ar maidin. (Níl an teicneolaíocht sin ag Lá Nua – go fóill!) Ach tá sibh á léamh seo ar an leagan idirlín de cholún na seachtaine seo.

Anois, dá mbeadh leagan Gaeilge ann …

Lipéid: ,

Sos Podchraolta

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil an t-am ná na h-acmhainní agam chun podchraoladh a dhéanamh i láthair na h-uaire. Beidh sos podchraoltóireachta ar an suíomh seo go ceann roinnt seachtainí eile, agus tá sé i gceist agam leanúint le seirbhís seachtainiúil ina dhiaidh sin.

Leanfar le gnáth-bhlagadóireacht agus leis na colúin do Lá Nua.

Is dona liom an briseadh - Go raibh maith agaaibh.

Ag Athrú Comhlachta Ón mBonn Aníos

Gabh mo leithscéal - táim an-dhéanach ag cur an ailt seo faoi bhúr mbráid. Foilsíodh é in Lá Nua an tseachtain seo chaite.

Lá Nua. Iompaíonn an t-idirlíon gach rud bun os cionn.

Tugann sé cumhacht na foilsitheoireachta don bpobal, don ngnáthdhuine. ‘Sea agus cumhachtaí eile leis.

Is féidir le duine a thuairimí a nochtadh, agus a mhí-shástacht a chur in iúil ach go h-áirithe.

Maidir le cúrsaí gnó, agus margaíochta ach go h-áirithe, tá athrú fíor-bhunúsach ag titim amach. Cabhraíonn an t-idirlíon go mór leis an tomhaltóir. Má tá tú ar thóir earraí d’aon tsaghas sa lá tá inniu ann, níl tú sásta brath ar fhógraíocht an díoltóra amháin chun eolas a fháil faoin dtáirge. Téann tú ag googleáil féachaint cad tá le rá ag na daoine a bhfuil an táirge sin ceannaithe agus úsáidte acu cheana.

Sin ceann des na bunphoinntí a bhí ag an leabhar The Cluetrain Manifesto a foilsíodh roinnt blianta ó shin. ‘Sé sin: go bhfuil margadh na dtomhaltóirí ag líonrú agus ag comhrá leo féin. Níl siad ag tógaint aon cheann de bholscaireacht “oifigiúil” na gcomhlachtaí, ach ag cloisint na fírinne óna chéile. Ní éireoidh le comhlachtaí mura dtuigeann siad an méid seo, mura mbíonn meas ar a gcustamaeirí acu, agus mura nglacann siad féin páirt sa chomhrá macánta seo le “guth daonna”.

Tá trácht déanta cheana agam ar an mblagadóir Breatanach, Hugh MacLeod. Cuireann seisean prionsabail an Cluetrain i bhfeidhm leis na comhlachtaí ina bhfuil sé páirteach: siopa táilliúra agus comhlacht fíona, agus tá a leagan féin den bhfealsúnacht aige, ar a dtugann sé an Hughtrain.

Le roinnt míonna anuas, tá turgnamh uaillmhianach ar siúl ag Hugh: an féidir íomhá (agus dearcadh) corporáideach ollchomhachta a athrú ón dtaobh amuigh, beag beann ar (nó i ngan fhios do!) bhainistíocht an chomhlachta sin?

Cartúnaí is ea Hugh MacLeod, agus dhein sé pictiúr a sheol sé go dtí cáirde leis atá ag obair le Microsoft.
Hugh made a Blue Monster for Microsoft!
Tá “an t-arracht gorm” ag scaipeadh i measc fostaithe Microsoft. Tá sé in úsáid acu i gcumarsáidí inmheánacha agus tá an-chuid daoine ar an idirlíon ag caint faoi. Agus ní raibh baint dá laghad ag lucht margaíochta Microsoft leis!

Tá an “guth daonna” le sonrú ar fud an bhlag-chruinne. Is deas liom eachtraí Heather Armstrong a léamh. Blag proifisúnta atá anseo atá ar ceann des na blaganna is mó tráchta ar domhan, ach níl d’ábhar cainte ann ach eachtraí pearsanta Heather agus a clann. Tá scoth-scríobhnóireacht ann, agus greann. Agus an guth daonna, na fíor-mhothúcháin sna “litreacha” a fhoilsíonn sí gach mí dá h-iníon Leta. ‘Sí litir uimhir 36 an ceann is déanaí ar an suíomh, ag ceiliúradh 3ú lá breithe an chailín óig.

Ós ag caint ar pháistí atáim, tá daidi-bhlag breá á léamh agam le déanaí: “From Bath to Cork With Baby Grace”. Tá an daonnacht go tiubh anseo – lom, macánta agus fíor-chumhachtach. Tá mír iontach ann a foilsíodh le déanaí faoin dteideal “Coming Off Antidepressants”.

Faraoir, níl “Bath to Cork” i measc na mblaganna a fógraíodh ar an ngearrliosta an tseachtain seo dos na Irish Blog Awards. Ach d’eírigh go maith le tograí Gaeilge sna rannóga podchraoltóireachta, go h-áirithe agus Séamas Ó Neachtain ó Chumann Carad na Gaeilge i Nua Eabhrach liostáltha i rannóg na físphodchraoltóireachta. Aitheantas eile is ea é seo ar shaothar an chumainn sin, agus iad fós ag ceiliúradh an bhua mhóir a bhí acu i gComórtas Domhanda Ghlór na nGael a fógraíodh seachtain agus an Aoine seo chaite. Tá tuilleadh eolais in eagrán 69 de phodchraoladh fuaime an chumainn ag an suíomh philo-celtic.blogspot.com. Maith sibh a Ghaela Mheiriceá – nár laga Dia sibh!

Lipéid: ,

Sunday, February 18, 2007

RTE Saor Chun Aeir

Ní féidir seirbhís digiteach teilfíse RTÉ a fheiscint gan chuntas a cheannach le Sky.

Nár chóir don tseirbhís náisiúnta, maoinithe le cáin an cheadúnais teilifíse, a bheith ar fáil saor in aisce, mar atá seirbhísí saitilíte an BhBC?

Sínígh an achainí.

Tuilleadh eolais.

Lipéid: , ,

Tuesday, February 13, 2007

An Ghaeilge i Lár Aonach na mBlaganna

    (Déanfar podchraoladh ar an alt seo amárach)
    Irish Blog Awards
Tá an fheadóg séidte agus an cluiche ar siúl. Tá an vótáil phoiblí ar siúl do Ghradam Blaganna na hÉireann agus cuirfear críoch leis Dé hAoine seo chugainn.

Tá an t-alt seo foilsithe inniu sa nuachtán Lá Nua.Ní shílim go bhfuilim ag baint mí-úsáide as an gcolún seo a cháirde, má chuirim ar an eolas sibh i dtaobh gné amháin den gcomórtas seo. ‘Sé sin le rá: go bhfuil deis anseo chun an Ghaeilge a chur chun chinn.

Má thugann sibh cuairt ar an suíomh awards.ie, chífidh sibh go bhfuil blaganna Gaeilge ainmnithe i gcuid mhaith rannóg seachas an rannóg Ghaeilge amháin. Is céim mhór chun tosaigh é an méid seo ann féin. Is fíor nár ghá ach an t-aon moladh amháin chun go n-áireofaí blag ar an liosta fada seo, agus go bhféadfaí gur ó údar an bhlag féin a tháinig an moladh seo ach - fiú más amhlaidh atá - sin duine amháin ar laghad a mheasann gur fiú an suíomh a chur faoi bhráid an phobail le breithiúnas a thabhairt air.

Nílim ag iarraidh go dtabharfadh éinne tús áite do bhlag Gaeilge ar an gcúis amháin gur i nGaeilge atá sé, ach má tá níos mó meas agat ar shuíomh mar gheall ar an dteanga ina bhfuil sé scríofa, nach bhfuil sé de cheart agat an tuairim sin a bheith agat? Agus nach bhfuil an meas céanna tuillte agatsa agus ag do thuairimí – is cuma cén t-údar atá acu – agus atá ag éinne eile? Agus má tá tusa ar son suímh ar mhaithe len é a bheith i nGaeilge, nach bhfuil fhios agat go mbeidh daoine áirithe in a choinne díreach ar an gcúis chéanna?

Déanaigí de réir bhúr gcoinsiasa, más ea, agus scaipígí an scéal le daoine atá ar aon intinn, agus chomh consiasach libh féin. An t-aon rud a d’iarrfainn oraibh ná gan níos mó ná vóta amháin a chaitheamh in aghaidh an duine. Sin é, dáiríre, an t-aon riail atá lucht eagraithe an chomórtais ag iarraidh a chur i bhfeidhm, agus tá córas á chur in áit acu chuige sin.

Seo dhaoibh, más ea, liosta na mblaganna Gaeilge (agus breac-Ghaeilge) atá ainmnithe: spailpin.blogspot.com, imeall.blogspot.com, achgohairithe.com, cainteoir.blogspot.com, chetwyndedowns.blogspot.com, naceithrehairde.travellerspoint.com, caomhach.blogspot.com, ansaol.blogspot.com, philo-celtic.blogspot.com, dorasoscailte.blogspot.com, spudshow.libsyn.com, gaeilgefaoithalamh.blogs.ie, somhairle.blogspot.com, hilaryny.blogspot.com, mhwombat.blogspot.com, myspace.com/nobyegarawn, roinntsmaointe.blogspot.com, gaeilgepanu.blogs.ie, agus aonghus.blogspot.com.

Tá blag Gaeilge ainmnithe i ngach ceann de 15 as an 22 rannóg atá sa chomórtas ar fad, agus tá an t-eolas ar fad, agus an fhoirm vótála ag awards.ie/vote.

In thuairimse, ‘sé an gné is suntasaí de bhlagadóireacht na Gaeilge ná an tslí in a dtéann sí i bhfeidhm ar mhórphobal blagadóirí Béarla na tíre seo. Spreagtar cumarsáid idir bhlagadóirí go han-éasca. Ní gá go mbeidís ag scríobh ar bhlaganna a chéile, fiú – is leor go ndéanfadh blagadóir amháin tagairt do bhlagadóir eile chun go n-aireodh an dara bhlagadóir go bhfuil nasc nua ag seoladh cuairteoirí chuige.

Sin é a tharla an tseachtain seo chaite nuair a scríobh mise faoi chomhlachtaí nua sa cholún seo. Níorbh fhada go raibh Conor O’Neill ó LouderVoice.Com ag cur suime sa mhéid a bhí ráite agam faoi, agus é ag dul i muinín englishirishdictionary.com chun cabhrú leis.

Chuir sé sin ag machnamh é ar na slite in a d’fhéadfaí nua-theicneolaíocht na wiki-eanna agus na ngreásán sóisialta a chur i bhfeidhm chun foclóirí aistriúcháin a thógáil ar an idirlín. Bhlágáil sé na smaointí a bhí aige agus tharraing sé slua maith tráchtairí isteach ar a bhlag ag plé na ceiste.

Fiontraíthe idirlín agus ceapaitheoirí is ea Conor agus a leithéidí. Bíonn smaointí mar seo acu gach aon lá. Tá fhios agam go bhfuil daoine eile ag obair ar áiseanna idirlín don nGaeilge i gcónaí. Ach nach deas an tsuim a fheiscint ó Éireannaigh éirimiúla nach bhfaigheann an deis plé leis an dteanga de ghnáth?

Rud a d’fhoghlaimíos agus mise féin ag glacadh páirt sa phlé seo – is cosúil go bhfuil an focal blag liostáltha anois ag an suíomh focal.ie. Ainmfhocal firinsncneach is ea é, de réir dealramh, sa 4ú díochlaonadh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, February 08, 2007

Foclóir 2.0 ?

Tá seo thar barr! Dheineas tagairt don gcomhlacht úr LouderVoice.Com san alt deireannach, agus spreagadh bunaitheoir an chomhlachta, Conor O'Neill, chun dul i muinín englishirishdictionary.com agus é á áistriú. Chuir sé sin ag smaoineamh é, an bhféadfaí módhanna pobail an ghreásáin nua a úsáid chun úirlisí dá leithéid a fheabhsú?

An toradh: breis agus scór tráchtaireacht ó dhaoine éagsúla ag plé na ceiste! Is daoine fíor-ghnóthacha iad atá ag glacadh páirt sa chomhrá, mar sin tá seans nach mbeidh toradh ar an gcaint - ach nach iontach mar sin féin an tsuim atá á léiriú?

Lipéid: , ,

Tuesday, February 06, 2007

Imeall #173: Tionóltaí

  • Buail anseo chun éisteachta!

  • An Buathóir
  • Ceiliúradh an Bhua Mhóir! :) Go raibh míle maith agaibh as an dtacaíocht do An tImeall.
Foilsítear an t-alt seo inniu sa nuachtán Lá Nua.Tá fuinneamh ar leith i mblaganna na hÉireann le roinnt míonna anuas, agus éagsúlacht mhór ábhar á plé.

Slí amháin ina spreagtar an comhchaidreamh seo ná le cruinnithe a thugann deis do dhaoine a bhfuil "ríomh-aithne" acu ar a chéile, an caidreamh a fhorbairt. Tá seo ag tárlúint níos minicí le déanaí, agus tá an-éagsúlacht féin sna ócáidí atá dá reachtáil.

I bPort Láirge an mhí seo chaite, bhí tionól do bhlagadóirí na fiontraíochta agus na teicneolaíochta, BarCamp Ireland South-East, a reachtáladh ar champus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Tháinig breis agus 80 duine le chéile le h-aghaidh chomhdháil neamhfhoirmeálta ar bhruach na Siúire chun clár ábhar a phlé a bhí roghnaithe acu féin, pléite roimh ré ar a mblaganna, agus leagtha amach acu féin ar shuíomh wiki (suíomh idirlín ar féidir leis an léitheoir a aistriú).

I measc na seisiún ba shuntasaí ag BarCamp bhí agallamh painéil le cúigear fiontraí gnó a bhfuil gnólachtaí idirlín á sheoladh acu: Joe Drumgoole (putplace.com), Conor O’Neill (loudervoice.com), Walter Higgins (pixenate.com), Jan Blanchard (touristr.com) agus Helene Haughney (zinadoo.com).

Tá cur síos an-mhaith ar imeachtaí an lae ar bhlag Ken McGuire, agus in áiteanna eile.

Cuireadh an-shuim i dtáirge Conor O'Neill, ó nochtaigh sé don chéad uair ag BarCamp cad é an saghas gnó a bheidh in LouderVoice. Seirbhís léirmheastóireachta atá i gceist leis, a chuideóidh le blagadóirí a gcáil, agus cáil a suíomhanna, a mhéadú.

Agus tá moltaí maithe ag Jan Blanchard d'éinne atá ag iarraidh gnó idirlín a bhunú in Éirinn. D'fhoilsigh sé 'cúig cheacht' atá foghlamtha aige féin ar blog.touristr.com.

Bhíos féin i láthair ag BarCamp, ag múineadh scileanna podchraoltoireachta. Chuir sé áthas orm an méid daoine a chuir suime sa seisiún a bhí agam féin le Bernie Goldbach, agus a raibh podchraoltaí seolta acu, nó a bhí ag caint ar phodchraoltaí a dheánamh. Is féidir éisteacht le cuid den tseisiún sin ar podcasting.ie. Agus bead i measc na gcainteoirí ag seimineár faoin dteideal "Podcasting for your business" faoi scáth na h-eagraíochta it@cork ar an 27ú Feabhra.

Is i gCorcaigh a thionólfar an chéad BarCamp eile i mí Bhealtaine (an dara cheann sa chathair sin) agus tuairiscíonn Paul Walsh ar an mblag web2ireland.org go bhfuiltear ag réiteach don gchéad BarCamp Bhaile Átha Cliath chomh maith.

Cé go bhfuil na BarChampaí neamh-fhoirmeálta go maith (tugtar "unconference" ar an modh comhdhála atá i gceist), is féidir blag-chruinnithe a eagrú ar bhonn níos éasca fós. An tseachtain seo chaite d'fhógair Paul, atá in a phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht seirbhísí gréasán segala.com, go raibh rún aige dul i gcomhair béile curry oíche Déardaoin i mBaile Átha Cliath, agus d'iarr sé ar éinne a raibh suim acu a bheith i láthair dul i dteagmháil leis.

Bhíos-sa ag na Digital Media Awards an oíche chéanna, agus bhí scata beag blagadoirí i measc an tslua san áit sin chomh maith, ach 'sé an chéad mhórthionól eile a bheidh ag blagadóirí na hÉireann ná an Irish Blog Awards ar an 3ú Márta. Beidh lucht na teicneolaíochta agus na fiontraíochta ina mionlach ag an ócáid seo, nuair a dheinfear ceiliúradh ar líon agus ar éagsúlacht bhlaganna na tíre seo. Tionólfar an ócáid in Óstán an Alexander agus beidh fáilte roimh chách. Gearrfar táille beag ar an ndoras ar mhaithe le Brainwave, Cumann Titimis na hÉireann. Tá an pearsa raidio agus blagadóir Rick O'Shea ina phátrún ar an eagraíocht sin agus is é a bheidh in a fhear tí arís i mbliana. Tá tuilleadh eolais ag awards.ie.

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: The Way You Are le 46bliss.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, February 02, 2007

Grand Prix do Phodchraoladh Gaeilge

Digital Media Awards
Fuair togra Gaeilge an príomh-ghradam aréir ag na Digital Media Awards a reachtáladh in Óstán an Burlington i mBaile Átha Cliath.

Ainmíodh an podchraoladh Gaeilge An tImeall ina bhuathóir ar Grand Prix an chomórtais tar éis do an duais a fháil don bPodchraoladh Neamhspleách is Fearr.

Bhronn an tAire Cumarsáide Noel Dempsey an duais ar Conn Ó Muíneacháin as an gcomhlacht Edgecast Media ó Chontae an Chláir. Chur seisean tús le An tImeall i 2005: an chéad phodchraoladh i nGaeilge.

Clár raidio i nGaeilge don idirlíon atá i gceist leis. Cuirtear comhaid fuaime ar fáil ar an suíomh idirlín imeall.com agus is féidir éisteacht leo ar ríomhaire, no iad a aistriú go dtí seinnteoir MP3.

Lipéid: , , ,

Thursday, February 01, 2007

Imeall #172: Lá 'le Bríde

    Digital Media Awards
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Tost an Phodchraoltóra.
  • Táim ag triall ar Bhaile Átha Cliath inniu. Tá An tImeall ar liosta na n-ainmnithe don nGradam don bPodchraoladh Neamhspleách is Fearr ag na Digital Media Awards anocht.
  • Colún na Seachtaine: Fuath
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Shine le Rachel Fuller. Tá podchraoladh físe ag Rachel, in éineacht lena leannán Pete Townshend, ag intheattic.podshow.com.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers