Thursday, November 30, 2006

Cad is fiú an cur i gcéill?

Ó suíomh An Líonra Sóisialta: Táimse agus Kay ag caint faoin dtráchtaireacht atá ar siúl sna meáin Bhéarla faoi láthair ar an Acht Teanga agus Dingle-Dangle-Coosh:
Nílim i bhfábhar an éigeantais olc ná maith, ach ní ceist éigeantais í seo. Tá sé rí-shoiléir go bhfuil muintir bhaile an Daingin ag iarraidh an craiceann agus a luach.

Mura bhfuil siad sásta an Ghaeilge a úsáid in ainm an bhaile, cén dóchas go n-úsáidfidh siad i gcomhair aon rud eile í?

Ní ceist éigeantais í seo - ach ceist chonartha. Bronntar stadas Gaeltachta ar áit agus tá buntáistí áirithe leis sin. Tá dualgaisí áirithe leis chomh maith. Nílim i bhfábhar iachall a chur ar aon áit a bheith sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Mura mheasann muintir bhaile an Daingin gur fiú an margadh é, níor chóir go mbeadh orthu fanacht sa Ghaeltacht. Mura bhfuil siad sásta fiú cuma na Gaeltachta a chur ar an áit, cad is fiú an cur i gcéill?

Tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne laistiar den nDaingean. Ní Gaeltacht é Dingle, agus ní mian leo a bheith sa Ghaeltacht. Ní h-ionann sin is a rá nach bhfuil Gaeilge ann - ach tá Gaeilge in a lán áiteanna lasmuigh den n”Gaeltacht”. Ní fheicimse aon chúis ná comhartha gur chóir go mbeadh stádas “Gaeltachta” ag Dingle thairis Tralee, Killarney ná Ennis.

Labels: , , , ,

Líonra 10.4 - Irish Gaelic Translator .Com

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le hEoin Ó Conchúir ó IrishGaelicTranslator.Com.
  • Mar a d'fhás an fóram as a phréamhacha i leathanach baile pearsanta Eoin
  • Tá 28,000 ball a bhfuil ar a laghad teachtaireacht amháin seolta acu ar IrishGaelicTranslator.Com.
  • Is iad na baill a chothaíonn an suíomh, agus a spreagann agus a mhodhnaíonn an cumarsáid air.
  • Tagann daoine - b'fhéidir Meiriceánaigh ... tá fhios acu go bhfuil sin-seanathair acu as Éirinn. Tagann siad le h-aghaidh aistriúchán ar tattoo, deirimís. Ach i ndiaidh sin feiceann siad go bhfuil pobal ann. Tosnaíonn siad ag caint leis na baill atá ann cheana féin, agus b'fhéidir is ag an bpoinnte sin a thosnaíonn siad ag smaoineamh faoi, b'fhéidir, an teanga a fhoghlaim, rud atá an-mhaith.
  • Ceol Podslán: Mr. Lovely le Beth Thornley.
  • Beth Thornley
  • Nuacht an Líonra, le Fiona Ní Chéirín.
    • An bhfuil aithne agat ar eachtrannach ina chonaí in Éirinn a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i gclár teilifíse ar RTE ina bhfoghlaimeoidís an Ghaeilge? Dein teagmháil le Caitríona Nic Giolla Bhríde ag 086 3676694.
    • 100ú eagrán de Nuachtlitir Gaelport!
    • Seirbhis Ilteanga molta do TG4

Wednesday, November 29, 2006

'Ölelo Gaeilge au

Ó iSpeak Hawaiian (podchraoladh nua):
'Ölelo Hawai'i au.
(I speak Hawaiian).

Being able to say those words could mean the difference between a Hawaiian comfortable with his or her ethnic identity and a Hawaiian with less self-esteem, as Kiaka (Ki-a-ka) Gaughen found when researching his master's degree thesis at the University of Hawai'i.

"(Research) revealed that Hawaiians who participate in a Hawaiian-language course had a significant increase in self-esteem compared to those Hawaiian students that were not taking Hawaiian-language courses," said Gaughen, a Hawaiian.

Líonra 10.3 - Mahalo

Líonra 10.2 - Idirlíon

    Dr. John Walsh
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Comhrá faoin nGaeilge agus an tIdirlíon, leis an Dochtúr John Walsh, soctheangeolaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
  • An Ghaeilge ar Bebo
  • Suailcí na h-irise idirlín Beo.ie
  • "Tá sé in am do ríomh-thionscnamh mór Gaelainne, dáiríre, a bheith ag cur go mór le líon na suíomhanna dá leithéid a bheadh ann a cheanglódh an pobal fíorúil le chéile"
  • Caighdeán na Gaeilge ar an idirlíon. Téacschaint. "Braitheann sé ar an gcomhthéacs."
  • Podchraoladh nua le Mark Bodah: An Baile Ceoil
  • Ceol ó Myspace: Zerotoy (agus Mark Bodah!)

Monday, November 27, 2006

Líonra 10.1 - Gaeilge

Friday, November 24, 2006

Líonra 9.5 - Stocaireacht

Buail anseo chun éisteachta!

‘Sé An Líonra Polaitiúil a bhí faoi chaibidil an tseachtain seo ar an gclár.

Shílfeá go bhfuil an t-idirlíon - agus an bhlagadóireacht ach go h-áirithe - saincheapaithe don ndíospóireacht pholaitiúil. Tá an deis agus an saoirse cainte céanna ag gach aon duine. Tá sé mar a bheadh fóram abhalmhór, nó halla an bhaile – ach níl aon duine fágtha ar lár de bharr go bhfuil siad ar imeall na gcríocha.

Má mheasann tú go dtugtar áird thar cuimse sna meáin traidisiúnta do thuairimí mhuintir Bhaile Átha Cliath 4 - bíodh sé fíor, nó ná bíodh - chífidh tú nach bhfuil aon chóid phoist ar an idirlíon. Go minic ní bhíonn ainmneacha ná sloinnte ach an oiread, ná cultacha éadaí, ná inscne, ná creideamh, ná dath craicinn.

Dár ndóigh, bíonn na h-airíonna sin ag na daoine atá ag díospóireacht ar an idirlíon, agus téann siad i bhfeidhm orthu agus ar a dtuairimí polaitiúla. Ach ní h-iad na rudaí is túisce a fheiceann tú agus tú i mbun cumarsáide leo. An chéad rud a fheiceann tú ná an argóint.

Dar le Mick Fealty, bunaitheoir mór-bhlag polaitiúil Tuaisceart Éireann Slugger O’Toole, is é bua mór a shuímh ná go gcothaíonn sé an plé agus an argóint seo i slí nach bhfuil ar siúl in aon áit eile. Cabhraíonn “cultúr” an tsuímh go mór, go h-áirithe an mana: “Gabh isteach ar an liathróid – chan ar an bhfear!” Ní h-aon iontas go bhfaigheann Slugger O’Toole breis aguis 5,000 cuairteoir in aghaidh an lae.

Tá agallamh fada le Mick le clos i bpodchraoladh an lae inné ar anlionra.com.

Labhraíomar le duine eile de mhuintir Uí Thuathail an tseachtain seo chomh maith! Sin é seanadóir neamhspleách Ollscoil na hÉireann, Joe O’Toole. Tá seisean ag baint úsáid as an líonra sóisialta chun cumarsáid lena “dháilcheantar domhanda”: céimithe na hOllscoile. Ach ní ag blagadóireacht atá sé in aon chor, ach ag podchraoltóireacht. Foilsíonn sé podchraoladh úr gach Aoine faoin dteideal My Week, This Week agus tá sé ar fáil ag an suíomh joeotoole.net.

In eagarfhocal an lae inné sa nuachtán seo deineadh trácht ar an gconspóid faoin méid a dúirt an Seanadóir O’Toole faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Arsa an t-eagarfhocal:
“Faraoir ní raibh an t-árdán céanna ag Dáithí Mac Cárthaigh, iarrthóir don Seanad agus uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, a d’fhéadfadh freagra a thabhairt ar chaint an tSeanadóra ar Nuacht a hAon ar RTÉ inné”
Is cinnte go bhfuil árdán ag an Seanadóir ar mheáin traidisiúnta na tíre seo. Ach nach bhfuil sé suimiúil, mar sin féin, an meas atá á léiriú aige ar na módhanna nua cumarsáide? B’fhéidir go bhfuil ceacht ansin do lucht na Gaeilge, nó d’éinne a bhraitheann go bhfuil siad fágtha ar an ngannchuid ag na mór-mheáin chumarsáide?

Agus olltoghchán na bliana seo chugainn sa deisceart ag teannadh linn, tá iarrachtaí ar leith ar siúl chun súáilcí an líonra sóisialta a chur i bhfeidhm sa stocaireacht. Tá an suíomh irishelection.com ag dul ó neart go neart, leis na céadta alt ó breis agus leathchéad blagadóir atá ag glacadh páirte ann. Agus tá smaoineamh nua ag Simon McGarr ó tuppenceworth.ie: comórtas “viral video” a chur chun chinn d’fhonn daoine a spreagadh chun a gcuid físeanna stocaireachta féin a dhéanamh agus a scaipeadh ar leithéidí youtube.com.

‘Sí an aidhm ar chóir a bheith ag na físeáin seo ná go mbeidís chomh taitneamhach suimíúil agus go scaipfí “ar nós víris” iad - agus a dteachtaireachtaí polaitiúla in éineacht leo.

Buíochas le Dia agus Michael Dí, níl aon easpa scileanna teilifíse i measc lucht na Gaeilge sa tír seo anois. Meas tú an dtabharfaidh éinne an dúshlán chun cás na Gaeilge agus Acht na dTeangacha a chur chun cinn go cliste, cumasach i bhfíseán víreasach?

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: I Do le Rob Costlow (www.robcostlow.com)
  • Comórtas na Seachtaine: Buaigh dlúthdhiosca Clea
    • Cén sloinne atá ar Simon, breitheamh X-Factor?
    • Seol an freagra, go dtí eolas@anlionra.com, nó teács 087 2602205 nó, i Meiriceá, glaoigh ar (201) 984 3419.

Thursday, November 23, 2006

Líonra 9.4 - Slugger O'Toole

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Mick Fealty ó sluggerotoole.com.
  • Is é Slugger O'Toole príomh-bhlag polaitiúil Tuaisceart Éireann.
  • Faigheann sé breis agus 5,000 cuairteoir gach lá.
  • "Gabh isteach ar an liathróid - ní ar an bhfear"
  • Nuacht an Líonra, le Fiona Ní Chéirín.

Líonra 9.3 - Guth an Phobail

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Ciarán Quinn ó guthanphobail.net.
  • Tá torthaí vótála na sean-thoghchán léirithe ar a shuíomh: mionsonraí gach comhaireamh sna dáilcheantracha éagsúla.
  • Tá inneall réamhaithris aige. Cuir isteach torthaí na pobalbhreithe is déanaí go gchífidh tú an toradh a d'fhéadfadh a bheith ag an tacaíocht sin ar chomhshuíomh na Dála.
  • Buíochas le Focal.ie a thug an téarmaíocht cheart dom! Ionadaíocht Chionmhar, Aonvóta Inaistrithe.
  • Ceol Podslán: Sound Scientist le Bill

Tuesday, November 21, 2006

Líonra 9.2 - Joe O'Toole

    An Seanadóir Joe O'Toole
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Joe O'Toole, Seanadóir agus Podchraoltóir
  • Modh oibre Joe, mar a dheineann sé a chuid podchraoltóireachta.
  • Deineann sé gach aon rud é féin: scríobh agus cur i láthair, taifeadadh agus léiriú, agus foilsiú ar an idirlíon.
  • "Seo é an chéad uair le ceathrú céid anuas go raibh píosa teicneolaíochta tagtha chugainn a chuireann chun cinn pearsantachta an duine féin."
  • Baineann sé úsáid as an dteicneolaíocht chun cumarsáid a dhéanamh lena "dháilcheantar domhanda". (Tá Joe tofa ag céimithe Ollscoil na hÉireann.)
  • Ceol Podslán: The Special Two le Lucy Evans.

Líonra 9.1 - Download It

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Ábhar na seachtaine seo: An Pholaitíocht
  • Ceol Podslán: Download It le Clea
  • Clea
  • Comórtas: Buaigh dlúthdhiosca Clea: Trinity
    • Freagair an cheist seo: Cén sloinne atá ar Simon - an breitheamh mí-thrócaireach ar X-Factor agus American Idol?
    • Seol an freagra, go dtí eolas@anlionra.com, nó teács 087 2602205 nó, i Meiriceá, glaoigh ar (201) 984 3419.
    • Spriocdháta: 1ú Nollaig
  • Guth an Phobail: Go raibh maith ag Céhéhí. Comhgháirdeachas le hAonghus, le hUta agus lena gclann - Buíochas le Proinsias as scéal suimiúil an Mechanical Turk.
  • Beidh mé ag tabhairt Leácht ar "An Líonra Sóisialta: An Ghaeilge Ar an nGreásán" anocht in Ollscoil Luimní, ar 19:30 i Léachtlann John Holland. Fáilte roimh chách!

Saturday, November 18, 2006

Líonra 8.5 - Meitheal

Buail anseo chun éisteachta!

Tá tionscal na ríomhaireachta ag tnúth go mór le seoladh táirge tabhachtach an mhí seo chugainn. Sin é an córas oibriúcháin nua Microsoft: Windows Vista.

Tá Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh curtha in áirithe ag Microsoft don 5ú Nollaig d'fhonn é a chur i láthair.

Tá na blianta caite, ag na mílte innealtóir i Microsoft ag obair ar Windows Vista. Beidh Microsoft ag iarraidh luach saothar na h-infheistíochta sin a bhaint anois, le praghas thart ar €200 don mbunchóip (nó €100 le h-aghaidh uasghrádú ó Windows XP).

Ach ní gá na céadta euro a íoc ar chóras oibriúcháin. D'fhéadfá cóip de Linux a íoslódáil gan táille, agus é a chur ar oiread ríomhairí agus ar mhaith leat gan oiread agus pingin a chaitheamh.

Cosúil le Windows Vista, tá na mílte forbróirí tréis na blianta a chaitheamh ag tabhairt eithne Linux agus na feidhmchláir éagsúla GNU a oibríonn leis chun foirfeachta.

Ach, ní h-ionann agus foireann Microsoft, ní obair lán-aimseartha atá i gceist le Linux, ná fiú obair íoctha don gcuid is mó.

Ná ní "le" aon duine ná comhlacht an bog-earra a tháirgítear sa tslí seo. Agus ní rún é an cód foinse as a bhfuil sé déanta. Is féidir le h-aon duine téacs na ríomhchlár GNU/Linux a fheiscint. Má tá an cumas agus an claonadh agat, is féidir leat féin cuidiú leis an iarracht, botúin a aimsiú agus a chur faoi bhráid na bhforbróirí, nó bheith i d'fhorbróir tú féin.

Tugtar bog-earraí "foinse oscailte" ar earraí den tsaghas seo - agus tá siad i bhfad níos coitiantaí ná mar a cheapfá.

Mar shampla: tromlach mór na ríomhairí freastal ar an ngréasán domhanda, ritheann siad ar an bog-earra foinse oscailte Apache.

Níl aon chostas ar Apache, agus níl aon chomhlacht amháin freagrach as. Ach mar sin féin, tá mór-shuíomhanna an idirlín sásta muinín a chur ann chun a gcuid seirbhísí gréasán a chur ar fáil.

Ná ní ar an back-end amháin a chífidh tú earraí foinse oscailte in úsáid. Tá an-shuim á chur i leagan deas snasta de Linux atá curtha in oiriúint go maith don ngnáth-úsáideoir: Ubuntu (tá téama deas seacláide ar an leagan atá in úsáid agamsa!)

Agus fiú más úsáideoir Windows tú, tá scair mhaith de mhargadh an bhrabhsálaí gréasán tógtha anois ag an earra foinse oscailte Firefox ó Internet Explorer le Microsoft. Is togra foinse oscailte é Firefox a d'eascair as an gcinneadh a thóg an comhlacht Netscape thiar i 1998, cód foinse a mbrabhsálaí cáiliúil a fhoilsiú faoi cheadúnas foinse oscailte. Ní raibh aon dul as acu. Bhí port Netscape seinnte agus bhí cath na mbrabhsálaithe buaite ag Internet Explorer. Mar a bheadh an Tuatha Dé Danann, d'fhágadar an tír os cionn talún ag Microsoft agus d'éalaigh Netscape isteach i dTír an Fhoinse Oscailte. Féach anois, sliocht Netscape ag filleadh ar a oidhreacht!

Is fiú go mór aiste Eric S. Raymond, The Cathedral and The Bazaar, a léamh:. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar mhuintir Netscape ag an am.

Tá earraí foinse oscailte eile ann a bhfuil an-tóir orthu, ina measc an t-eagarthóir fuaime Audacity atá in úsáid go forleathan anois ag podchraoltóirí.

Conas gur féidir na h-earraí seo a chur ar fáil gan chostas ar bith? Is amhlaidh, in ionad slua mór forbróirí íoctha ag obair ar thogra, go mbíonn slua abhalmhór forbróirí deonacha ag obair go páirt-aimseartha. Cad 'na thaobh go ndeineann siad an obair seo? Don gclú agus don gcáil, uaireanta - agus go minic toisc go bhfuil gá acu féin leis an úirlis ar a bhfuil siad ag obair.

Tá cuid den bprionsabal céanna i gceist leis an "ábhar pobal-scríofa" atá go forleathan ar an idirlíon anois, agus go h-áirithe leis an Wiki a bhí faoi chaibidil an tseachtain seo ar An Líonra Sóisialta. I dtráchtaireacht ar an gclár againn an tseachtain seo chaite, chuir an blagadóir Aonghus Ó hAlmhain an ghluaiseacht seo i gcomparáid leis an slí ina dtógann pobal Ámach Mheiriceá scioból. Cuireann sé scéalta mo thuismitheoirí i gcuimhne domsa, faoin slí ina dtugadh gach páiste fód amháin móna ar scoil leo gach maidin, chun go bhféadfaí an seomra ranga a théamh.

Dár ndóigh, tá focal ar leith sa Ghaeilge againn do chomhoibriú pobail den tsaghas seo: meitheal.


  • Rogha Ceoil Phodslán na Seachtaine: See The Sun le Black Lab

Thursday, November 16, 2006

Líonra 8.4 - Foinse Oscailte

Wednesday, November 15, 2006

Líonra 8.3 - Aloha

    Nahenahe.net le Keola Donaghy
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Níl an Wiki-scríobh seo chomh h-éasca agus a cheapamar. Bhí maidin bhreá ghnóthach ag Fiona ag cruthú altanna nua ar Wikipedia - ach níl tásc ná tuairisc ar a cuid oibre anois! :(
  • Scéal an dá-theanga agus an dá chultúr faoi léigear. Mar a spreagann Keola Donaghy agus mé féin a chéile.
  • Ceol Podslán: The Lie le Clea
  • Clea
  • Dheineas leasú ar an alt faoi Clea sa Wikipedia.
  • Vicipéid na Gaeilge
  • Léarscáil an Líonra

Tuesday, November 14, 2006

Líonra 8.2 - Wiki.ie

Dr. John Breslin

Monday, November 13, 2006

Líonra 8.1 - 3 Ollamh

Friday, November 10, 2006

Líonra 7.5 - Saol Eile

Buail anseo chun éisteachta!

An tseachtain seo chaite ar An Líonra Sóisialta, craoladh agallamh le Leas-Cheannaire TG4, Pádhraic Ó Ciardha. D'fhéachamar siar ar éachtaí an stáisiúin ina chéad deich mbliana agus, i measc na spriocanna atá ag bainistíocht an stáisiúin don gchéad 10 mbliana eile, luaigh sé go raibh súil acu go bfhéadfaidís múineadh a chur ar Hiúdaí!

Má tá Hiúdaí feicthe riamh agat is dócha go mbainfidh san gáire asat. Is é Hiúdaí an beo-charachtaer deisbhéalach a "chuidíonn" le cur i láthair clár na bpáistí ar TG4. Agus 'sé an mí-mhúineadh an comhartha sóirt atá aige (bhuel - é sin agus an t-eireaball is dócha!)

Tá cead ag Hiúdaí a bheith níos dánaí ná a chomh-láithreoirí "daonna" mar is puipéad é. Is sean-thraidisiún drámaíochta é seo. Tá Dustin an Turcaí chomh dána céanna, gan trácht ar na sean-bhuachaillí gránna Podge agus Rodge! Téann an traidisiún siar go dtí Punch & Judy - agus tá sé preámhaithe go dlúth sna h-ealaíona traidisiúnta i dtíortha ar fud an domhain.

Tugtar cead agus saoirse don bpuipéad nach dtugtar go minic don aisteoir daonna, ainneoinn gur duine atá ag tarraingt na sreanganna.

Níl sreang ná cipín ag Hiúdaí, áfach - ná níl substaint féin aige! Nil ann ach scáil ar scáileán: íomhá beo ríomh-ghinte.

Mar sin, is mó an dealramh atá aige le h-abhatáir (avatars) an chórais Second Life, ná le Punch agus Judy.

'Sé tá i gceist leis an bhfocal "abhatár" ná "ionadaí": íomhá, nó dealbh, nó samhail a sheasann i gcomhair duine éigin - an té ar leis an abhatár.

Más ball de chlár plé idirlín tú, tugtar abhatár ar an íomhá beag a roghnaíonn tú le taispeáint in éineacht le d'ainm, in aice leis na teachtaireachtaí a scríobhann tú.

Mar shampla, úsáidimse pictiúr den droichead in aice le teach mo mháthar mar abhatár ar mo bhlag An tImeall.

Agus is abhatár chomh maith é an bréagán beag a roghnaíonn tú chun an turas a dhéanamh ar do shon thart timpeall ar chlár an chluiche Monopoly.

Má imríonn tú cluichí ríomhaire, beidh abhatár níos cumasaí agat. Beidh sé ábalta siúl agus féachaint timpeall. Beidh tú ábalta é a chur ag léim, nó ag troid.

Agus más MMORPG (Massive Multiplayer Online Role-Playing Game) é an cluiche sin - bhuel, ní bheidh aon easpa comhluadair ag d'abhatár!

Sin é más ea atá sa chóras Second Life: stáitse mór na bpuipéad!

Feidhmchlár is ea Second Life a chuireann tú ar do ríomhaire. Nuair a cheanglaíonn tú leis an idirlín é, nochtaítear tír samhailteach ós do chomhair amach ar an scáileán. Agus d'abhatár, mo ghraidhn é! Brúigh an cnaipe. Siúlann sé (tú?), isteach sa tír.

Tá saoirse an phuipéid agat sa tír seo. Ar mhaith leat damhsa? Ní bheidh éinne ag magadh fút! Ar mhaith leat eitilt? Tá an cumas sin ag gach abhatár in Second Life!

Ar mhaith leat a bheith níos airde, níos tanaí, níos dathúla? Ar mhaith leat riocht ainmhí a ghlacadh? Tá go leor furries in Second Life!

Ar mhaith leat rud éigin a chruthú? Ar mhaith leat foirgneamh a thógáil? Ar mhaith leat gáirdín a dhearadh? Cuir do shamhail i grích sa tsaol fíorúil seo - agus bain triail as.

An féidir leat rud éigin a shamhlú? Más ea - is féidir leat do shamhail a fheiscint i Second Life. Níl de dhíth ort ach am - agus airgead.

'Sea, airgead! Íoctar in Dollair Linden. (Is é Linden Labs ainm an chomhlachta atá ina bhun). Ach ní airgead Monopoly é seo - tá malartán airgid ann inar féidir leat L$ a cheannach le US$!

Beartaítear US$500,000 ann gach lá agus tá an geilleagar ag fás le breis agus 10% in agahaidh na míosa.

Ní h-aon iontas más ea go bhfuil fógartha ag Comhchoiste Eacnamaíochta Chomhdháil na Stáit Aontaithe go bhfuil siad chun inúchadh a dhéanamh i dtaobh cáin a ghearradh ar an ngeilleagar seo.

Na puipéid bhochta! Is cuma cén tsaoirse atá agat, ní féidir éalú ón gcáin!
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Running le Allison Crowe.
Allison Crowe i gColáiste na Tríonóide (pictiúr le Billie Woods)

Thursday, November 09, 2006

Líonra 7.4 - GúgalDomhan

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Tuilleadh cainte le Justin McCubbin ar Google Earth.
Corcaigh ó 1000 troigh
  • Is as Baltimore, MD, USA do Justin ó dhúchas. Conas mar ar fhoghlaim sé Gaeilge.
  • Ceol Podslán: Firefly le Kevin Burdick.
  • Nuacht an Líonra le Fiona Ní Chéirín.

Wednesday, November 08, 2006

Líonra 7.3 - Frappr

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Téann Fiona Ní Chéiríin i mbun fiosruithe ar na seirbhíse idirlín a bhaineann feidhm as léarscáileanna
  • N.B. Is feidhmchlár seachtrach é Google Earth. Ní oibríonn sé sa bhrabhsálaí. Ní mór é a shuiteáil ar do ríomhaire - ach is fiú é! Tuilleadh faoi Google Earth amárach le Justin McCubbin.
  • Ceol Podslán: Our Nights le Lovespirals
  • Léarscáil an Líonra (ar Frappr)

  • Cad é do mheas ar an stuif seo? Dein Teagmháil: eolas@anlionra.com, Glaoigh ar 087 2602205, nó (201) 984 3419 i Meiriceá.

Tuesday, November 07, 2006

Líonra 7.2 - Mapaí

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Justin McCubbin, Cartagrafaí, ag plé seirbhísí léarscáile ar an idirlíon.
  • Ceol Podslán: Planetary Woman le Eoghan Colgan

Monday, November 06, 2006

Líonra 7.1 - Úirlisí na Samhlaíochta

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Samhlú an saol mar atá le léarscáileanna
  • Saol Fíorúil Second Life
An tÉan Corr

Friday, November 03, 2006

Líonra 6.4 - Comhbhailiú

Buail anseo chun éisteachta!

Níl an t-am agamsa don idirlíon.

‘Sé sin le rá: níl an t-am agamsa bheith ag cuardach agus ag tóraíocht an eolais atá uaim. In ionad sin, teastaíonn uaim go dtiocfadh an t-eolas chugamsa.

Is ar éigin gur cuimhin linn, uaireanta an dul chun cinn mór atá déanta ó laethanta tosaigh an ghréasáin. 10 mbliana ó shin, cé go raibh cuid againn an-thógtha leis, ní mór an t-eolas a bhí ar fáil air. Measadh go mbeadh sé ina áis fíor-mhaith, nuair a bheadh níos mó comhlachtaí agus eagraíochtaí ag cur eolais ar fáil tríd. Thiocfaidís, dúramar.

Ach níorbh iad an pobal mór sin ba thúisce a tháinig – ach lucht na drúise is an chearrbhachais. Agus d’fhág sin go riabh sé níos deacra ná riamh an rud a bhí uait a aimsiú (ach amháin sa chás gur drúis agus cearbhachas a bhí uait!)

Ansin, ba chuma chomh neamh-urchóideach agus a bhí na focail chuardaigh a d’úsáid tú, bhí cleas ag lucht na drúise chun go luafaí an suíomh acusan go h-ard sna torthaí. Chuir siad liosta mór focal coitianta i bhfolach ar a gcuid leathanach. Bhídís seo i bhfolach i gcód an leathanaigh uaireanta. Uaireanta eile, chuirfidís na focail ar aghaidh an leathanaigh féin, thíos aige bun, ach chuirfidís an dath céanna ar na litreacha agus a bhí ar chúlra an leathanaigh, d’fhonn is nach gchífeadh éinne iad ach na h-innill chuardaigh amháin.

Is ar éigin gur cuimhin linn anois é, ach is minic nach mbíodh ach dramhaoil sa cheád leathanach cuardaigh a chuirfí ar fáil duit, de bhar na caimiléireachta seo. Ach ansin, tháinig Google.

Tá leagan éigin de theicneolaíocht Google in úsáid anois ag nach mór gach aon inneall cuardaigh. ‘Sé sin, go gcuireann siad torthaí na gcuardach in eagar de réir “tabhacht” na leathanach. Measann Google an tabhacht atá ag leathanach ó líon na leathanach eile a bhfuil nasc acu leis. Áiríonn siad gach nasc mar “vóta”, don leathanach, agus meáitear gach vóta chomh maith, de réir tabhacht an leathanaigh óna dtagann an nasc.

Tugann Google PageRank (TM) ar seo. Ní ó “leathanach” a thagann an t-ainm, ach ó ainm Larry Page, duine de fhondúirí Google.

Mar sin – tá cúrsaí cuardaigh athraithe ó bhun go barr – agus anois táimíd in ann an t-ábhar go bhfuil suim againn ann a aimsiú. Seo chugainn, más ea, an cheád chéim áisiúlachta eile san idirlíon: an comhfhoilsiú (syndication).

Abraimís go bhfuil suíomh aimsithe agat le Google, ar a bhfoilsítear go rialta eolas go bhfuil suim mhór agat ann (torthaí spóirt, an aimsir, praghas na dtithe i gcathair na Gaillimhe.) Is féidir leat filleadh ar an suíomh sin lá i ndiaidh lae, agus mura bhfuil uait ón idirlíon ach an t-eolas sin amháin ní chuirfidh sin aon stró ró-mhór ort.

Ach, abraimís go bhfuil scór seirbhís mar sin go bhfuil tú ag iarraidh a léamh gach lá. Anois tá badaráil agus trioblóid agat, bualadh cnaipí agus stiúradh luchóige ar thóir an eolais. Nárb fhearr go mór dá bhféadfadh na blúiríní eolais seo go léir a leathanaigh dhúchais a fhágaint agus teacht le chéile go saoráideach ar aon leathanach amháin?

Dealbh an chomhfhoilsithe RSSTugtar comhfhoilsiú ar an dteicneolaíocht a chuireann a leithéid ar fáil agus tá méadaithe go mór ar an úsáid atáthar ag baint as. Aon uair anois a chíonn tú an cnaipe beag oráiste leis na tonnta ag eascairt ó phonc-fhoinse lárnach, is comhartha é sin go bhfuil fotha (feed) comhfhoilsithe curtha ar fáil ag an suíomh sin. Agus má tá, is féidir an fotha sin a chomhbhailiú la fothaí eile i gcomhbhailitheoir (aggregator).

Tá comhbhailitheoirí maithe ag na suíomhanna bloglines.com agus newsgator.com, Tabharfaidh siad treoir duit conas do leathanach sainiúil pearsanta féin a chur le chéile, le do rogha féin fothaí nuachta agus eolais. Tugann Microsoft an deis duit do leathanach pearsanta féin a dhéanamh ag live.com, agus tá ard-mholadh faighte le déanaí ag an leagan is déanaí den Google Reader.

Mura bhfuil an t-am agat don idirlíon – is é an comhbhailiú an réiteach. Ó - agus seo rud eile: uaireanta cuirtear comhaid fuaime agus físe isteach sna fothaí sin. Tugtar podchraoltóireacht air sin – ach sin scéal eile!

  • Rogha Ceoil Phodslán na Seachtaine: Building Our Own Future le Howard Jones (PMN)
  • Toradh an Chomórtais Phodchraoltóireachta. T-Líonraí (TM) buaite ag:
    • Pádraig Schaler
    • Aonghus ó hAlmhain
    • Iníon Ní Mhurchú
    • (Déanaígí teagmháil liom, le bhúr dtoil, le bhúr gcuid seoltaí poist!)
  • Sibhse atá ag an Oireachtas - bain sult as! Faraoir ní bheidh mé ann mar a bhíos ag súil leis.
An tseachtain seo chugainn: Mapaí

Thursday, November 02, 2006

Líonra 6.3 - Cearta Digiteacha

Wednesday, November 01, 2006

Líonra 6.2 - Focal.IE

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Seoladh Focal.ie, bunachar sonraí téarmaíochta na Gaeilge an mhí seo chaite. Bhí Fiona Ní Chéirín i láthair.
  • I measc na ndaoine a bhí ag caint le Fiona bhí Úna Bhreathnach agus Michal Boleslav Mechura ó Focal.ie; Fidelma Ní Ghallchobhair ón gCoiste Téarmaíochta agus an Feisire Páirliminte Eorpaigh Seán Ó Neachtain.
  • Ceol Podslán: Baby Hates Me le Danko Jones.
  • Conas a deirtear an t-ainm sin atá ort?;) Scairt ó mhuintir Podcasting.ie
  • Caith chugainn bhúr gcuid podchraoltaí!
    • 087 2602205 in Éirinn.
    • (201) 984 3419 i Meiriceá
    • eolas@anlionra.com (MP3)
  • Léarscáil an Líonra. Fáilte roimh Keola, Pádraig, Seán agus Al.