Tuesday, February 28, 2006

Imeall #93: Seachtain na Gaeilge Chugainn

Orla Nic Shuibhne, Seachtain na Gaeilge
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Aréir i mBaile Átha Cliath, seoladh Seachtain na Gaeilge.
  • Chuireas agallamh ar bhainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Orla Nic Shuibhne.
  • Tuilleadh Eolais in Daily Star na Céadaoine seo, agus ar SnaG.ie
  • Na círéibeanna.
  • Tá scéal mór ag Keola! Comhgháirdeachas Keola - ceapaim go bhfuil an ceart agat!
  • Ceol Podslán: Through The Night le Beatrice Ericsson
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Monday, February 27, 2006

Imeall #92: An Bhfuil Gaeilge ag Google Adsense?

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Táim ag súil le diúltú ó Google ar m'iarratas ar fhógraíocht Adsense:
    "The AdSense ad code for contextually-targeted ads may be placed on pages with content primarily in any of our supported languages. Ads must not be displayed on any page with content primarily in an unsupported language."
    Chím go bhfuil an fhadhb chéanna ag an nGinearál!
  • Gradam na mBlag. Tá sé aistrithe go dtí Óstán an Alexander anois ar chúinsí spáis. Má tá tu ag dul ann, iarrtar ort clárú anseo chun go mbeidh Damien in ann na socraithe a dhéanamh don méid daoine a bheidh i láthair (meastar 150). Is iontach an rud é a bheith ainmnithe dá leithéid ach is cuma liom an duais i ndáiríre nuair a chuimhním ar an deis iontach a bheidh ann chun bualadh le daoine a bhfuil "ríomhaithne" mhaith curtha agam orthu - (GRMA a Aonghuis! :-))
  • Tá moladh mór tuillte ag Damien Mulley as an éacht oibre atá déanta aige ag eagrú na nGradam seo. Maith thú!
  • cruinniú na mblagadóirí teicniúla dá eagrú níos luaithe sa tráthnóna idir 3 agus 5 - agus tá súil agamsa cruinniú neamh-fhoirmeálta Gaeilgeoirí a shocrú roimis - ag 1:00 pm b'fhéidir?
  • Ní féidir leis an nGinearál a bheith i láthair - ar chúinsí slándála, bíodh fhios agaibh - níl an uain fábhrach fós! ;-)
  • Ar ámharaí an tsaoil is cosúil nach mbeidh aon ghanntanas Gaeilgeoirí in Óstán an Alexander an lá sin!
  • Ann ag lorg múinteoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Teastáionn oiliúint phríomháideach uaithe - an féidir leat cabhrú léi? Dein teagm´hial léi ag "forthelongrun ag gmail ponc com".
  • Fáilte roimh Danú Ní Liatháin ó Bhéal Feirste - a rugadh le déanaí. Comhgháirdeachas do Caroline, Concubhar agus Art.
  • Ceol Podslán: I Wanna Go Home le Samantha Murphy. Bhí Samantha páirteach sa Podcast Hotel le linn an deireadh seachtaine, áit ar bhuail sí le Robert Scoble. Is podchraoltóir í, agus is ceoltóir í chomh maith. Táim díreach tar éis a CD a cheannach!

Lipéid: , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Friday, February 24, 2006

Imeall #91: 10-4 Good Buddies, Thar agus Amach!

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáBhí comhrá agam leis an bpodchraoltóir Meiriceánach Séamas Ó Neachtain le linn na seachtaine. Bhaineas úsáid as an bhfón idirlín Skype chun glaoch a chur air ó mo ríomhaire i gContae an Chláir go dtí a ghnáth-fhón baile in Inis Fada, Nua Eabhrac. Thugamar nach mór uair a chloig ag caint agus níor chosain sé ach euro amháin orm. (Dá mbeadh Skype ag Seámas chomh maith, bheadh sé saor in aisce!) Tá an chuid is mó den gcomhrá taifeadta ag Séamas, agus d’fhoilsigh sé an chéad chuid de Dé Céadaoin ar phodchraoladh Chumann Carad na Gaeilge.

Agus sinn ag caint, dhein Séamas comparáid idir an ré seo agus an nós a bhí ann do raidió CB thiar sna 80-í. Tá an ceart aige. Tá daoine ar fud na cruinne ag caint lena chéile. ‘Siad lucht na teicneolaíochta is túisce atá ag glacadh páirte ann. Go deimhin más iad lucht na leoraithe móra is mó a bhí tugtha don CB, dealraíonn sé go bhfuil an dream céanna ag baint tairbhe as an modh nua seo cumarsáide chomh maith.

Ach maidir leis an Raidió CB, fágadh ag na “truckers” é sa deireadh, agus ní mór an trácht atá air i measc an phobail i gcoitinne anois. An amhlaidh a bheidh leis an mblagadóireacht?

Ag leanúint mhór-óráid stáit an Uachtaráin Bush an mhí seo chaite, d’fhoilsigh ceannaire chomhlacht chuardach na mblag, Technorati, David Sifry, an tuairisc is déanaí uaidh ar an “State of the Blogosphere”. Níl aon chosúlacht ann go bhfuil maolú ag teacht ar an mblagadóireacht. Dar le David, tá 27 milliún blag ar an saol, agus cé go dtéann cuid acu in éag go h-óg, tá leath acu fós ag cloí leis an mblagadóireacht tar éis 3 mhí Saolaítear blag nua gach soicind, agus tá méid na blagchruinne ag dúbailt gach 5 mhí. An faisean sealadach é seo, nó an bhfuil níos mó tiománaithe leoraí ann ná mar a ceapadh?
Graf le David Sifry, Technorati.com
Is i mBéarla atá thart ar leath na mblaganna seo ach is fóram iontach iad do theangacha uile an domhain. Tá breis agus 30 blag i nGaeilge anois ann, agus bhí díospóireacht bhríomhar againn ar cheist na blagadóireachta Gaeilge an tseachtain seo chaite tar éis dom féin a bheith ag machnamh ar shlite chun plé a dhéanamh i mBéarla le daoine gan Ghaeilge.

Tá smaoineamh maith ag blagadóir Meiriceánach chun cumarsáid a chothú idir teangacha blagáltha na cruinne. D’fhógair Liz ag literarytranslators.blogspot.com Feis Teangacha, ar an 28ú Feabhra. Ar an lá sin, iarrtar ar bhlagadóirí, mír atá foilsithe ag blagadóir eile a aistriú agus an t-aistriúchán a fhoilsiú ar a mblaganna féin. (Gabhaim buíochas le Ciarán ag Guth an Phobail don scéal seo.)

Cuidíonn leithéidí na h-iarrachta seo le so-fheictheacht teangacha ar an idirlíon – agus tá an Ghaeilge so-fheicthe go maith. Dheineas trácht an tseachtain seo chaite ar thionscnamh Ghuth an Vótóra le John Handelaar (tá Co. Liatroime clúdaithe anois acu), agus tá fógartha anois aige go bhfuil sé ag iarraidh cabhrach chun leagan Gaeilge a chruthú den láithreán. Is tionscnamh deonach é seo. Más mian leat cabhrú leis cuir teachtaireacht go dtí an meitheal oibre ag groups.yahoo.com/group/vocalvoter.

Beidh deis ag Gaeilgeóirí na tuairimí seo a phlé ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo chugainn sa Ghaillimh. “An Chéad Ghlúin Eile” an téama atá roghnaithe d’ócáid na bliana seo, agus, i measc ábhar eile, beidh trácht ar uirlisí nua na cumarsáide, an bhlagadóireacht agus an podchraoladh sna áireamh. Is féidir clárú don dTóstal anois, agus do thicéad a chur in áirithe ar-líne ag siopa.gaelport.com.
Rebecca Loebe, music.podshow.comLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, February 23, 2006

#90: An Chrannóg Ghaotaireachta

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Gradam Blag na hÉireann. 5 ainmnithe don nduais don "Blag is Fearr a Bhain Úsáid as an nGaeilge".
  • Buíochas le MacA ó SSI-Developer a bhfuil urraíocht déanta aige ar an gcatagóir Ghaeilge.
  • An mbeidh na daoine ar an ngearrliosta sin i láthair ar an oíche? Déanaígí teagmháil liom. Nó éinne eile le Gaeilge - nár bhreá da bhfeadfaimis teacht le cheile ar imeall na tionóla agus comhrá beag Gaeilge a bheith againn - agus ansin é a phochraoladh?
  • Smaoineamh nua: fóram cainte, glaoch grúpa, b'fhéidir? Ciorcal comhrá: cruinniú sa bhfíor-spás, nó sa cyber-spás. Timpeall an bhóird le tuairimí éagsúla. Fáilte roimh chách. É a dhéanamh go rialta agus é a phodchraoladh? Cad é bhúr meas?
  • seo an-ghreannmhar (buíochas le maca arís!):
    SIR - I am concerned by the fact that Welsh pupils are having such a pointless and out-of-date language thrust upon them in our schools.

    Our school curriculum continues to force the English language upon our children despite clear evidence that Spanish and Mandarin are the languages of the future.
  • Focal an lae (Dhá cheann!): "crannóg ghaotaireachta" - le Kay. Sin teideal do bhlag!
  • Ceol podslán: Cloud of Dust le Rustie Blue
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, February 22, 2006

Rúnaíocht

Ní chloisfear podchraoladh uaim inniu. In ionad a bheith ag podchraoladh, táim ag scríobh ríomhphostanna. B'fhéidir go bhfaighidh tú litir uaim? :-)

(Ní fíor na ráflaí go bhfuilim ag déanamh faillí ar mo dhualgaisí anseo chun go mbeinn ag scríobh Béarla ar an mblag eile ;-) )

Tuesday, February 21, 2006

#89: An Ghaeilge agus an BCI

Lipéid: , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Monday, February 20, 2006

#88: Réiteach?

Nasc díreach leis an gcomhad fuaimeTáim fíorbhuíoch do gach éinne a nocht a dtuairimí ar an gceist a chuireas an tseachtain seo chaite. Bhí cabhair agus comhairle mhaith i ngach aon cheann acu - agus bhí greann i gceann amháin!
An féidir leatsa freastail ar dhá mháistir? Aon lá amháin a theip orm d'alt a léamh, (inné), agus nuair a d'fhilleas, ní raibh romham ach sop de bhoigearán Béarla! Bhuail sé liom mar bhualadh "plap" ba, i measc bláthanna an Earraigh.

Go bhfóire Dia orainn!!!

Is féidir liom dul 'chuile áit chun a lethéid d'fháil, ach, go dtí aru inné ní raibh ach áit amháin le dul chun chúmhra úr ár dteanga dhúchais a léamh, agus a chloisint, i dteannta a chéile, sa chaoi a cheap Dia dúinn é.

Impím ort gan an "meascán marfach" a scaoileadh orainn ar do bhlag! Nach dtuigeann tú gurbé an Béarla an t-aon "arm ollscriosadh" atá ag bagairt ar an Ghaeilge? Tá tú ag damhsa leis an dorchacht!!!

Coimeád uainn é! Chuir sa leithreas é, faoin teideal "Ál John Bull.blogspot.com"

Béarla = Ola dubh greamaitheach ar tránna gheala an Ghaeilge.

Fág dúinn ár linn, ár foinse neamh-thruaillaithe Gaeilge ar an Imeall
An spórt! Agus aontaím leat a Phroinsias – cé go ndúirt tú níos deánaí go rabhais ró-dhian - aontaím go h-uile leis an bpointe anseo agat. Sin é atá á rá agam le fada: Má fhoilsíonn tú i mBéarla níl ionat ach braon sa tuille, ach tá géar-ghá le h-ábhar i nGaeilge.

Ach féachaimís ar an bhfeabhas atá tagaithe i gcúpla mí. Thagair Nicole don bpléascadh mór sna blaganna Gaeilge le bliain anuas. Dhá bhliain ó shin bhíos in ísle brí ag machnamh ar chúrsaí Gaeilge ar an idirlíon. Suíomhanna breátha staiteacha – cé gur maith iad iontu féin, ach bhí radharc ar shaol eile ar fad le fáil ó bhlagasféar an Bhéarla. Ábhar úr, tráthúil, á tháirgeadh ag gnáth-úsáideoirí. Nascadh agus tagairt do mhíreanna ar bhlaganna eile. Tráchtaireachtaí. Plé! Deineann Séamas tagairt don easpa plé ar an idirlíon Gaelach – ach is dóigh liom go bhfuil sé ag teacht. Teastaíonn líon mór úsáideoirí chun díospóireacht a chothú, agus tá siad ag teacht, a Shéamais, diaidh ar ndiaidh. Tá seo go léir ag fás ar bhonnsraith na gclár plé ar nós Beo.ie, agus anois tá úirlisí nua againn leis na blaganna seo.

Táimíd ag foghlaim cleasanna nua anseo, mar atá pobail éagsúla an domhain mhóir ag foghlaim. “Users and developers party together” an mana a bhí ag forbróirí an phodchraolta. Mar atá ráite agam cheana, is ionann na táirgitheóirí agus na tomhaltóirí sa réimse áirithe seo – agus táimíd ag cruthú meán nua dúinn féin, meán saoránach. Nílimíd ag iarraidh fáil réidh leis na meáin traidisiúnta, ná leis an iriseoireacht ghairmiúil. Cá mbeimís gan Charlie Bird? Ach féach gur féidir linn cur lena saothar – go h-áirithe i réimse na foilsitheoireachta Gaeilge, ina bhfuil na h-acmhainní chomh gann. Bíonn Lá tanaí a dhóthain uaireanta, ach nach mór an chéim ar aghaidh go bhfuil páipéar laethúil againn? Is oth liom na bearnaí móra Béarla in sceideal TG4 (cé gur mór an spórt é “Pimp My Ride”!), ach is aoibhinn liom go bhfuil eachtraí Dora, Spongebob agus Scooby Doo i nGaeilge ar fáil do mo leanaí.

Ná cáinimís ár meáin Ghaeilge – cuidímís leo. Ná bímís ‘nár suí ar ár dtóineanna ag pusaíl nach bhfuilimíd sásta leis an seirbhís atá curtha ar fáil dúinn. Cuirimísne, na tomhaltóirí, le h-iarrachtaí na dtáirgitheoirí agus líonaimís isteach na bearnaí Béarla. Sin é an smaoineamh a bhí ag “Bean in Éirinn” an tseachtain seo chaite. Chonaic sise an bhearna atá sa bhlagasféar ag an deireadh seachtaine nuair atá na h-oifigí iata agus na blagadóirí amuigh faoin aeir! Bheartaigh sí ar an mbearna a líonadh agus tá sé curtha roimpi féin aici go dtosnóidh sí "Nuachtán Domhnaigh" don nGaeilge ar an idirlín, le foilsiú úr ar a blag gach Domhnach. Bearna eile líonta!

Ní amháin go bhfuil buile eile ar son foilsíu na Gaeilge tugtha ag an mBean, ach spreagadh mise ag an samhail nuachtán a d’úsáid sí chun réiteach mo cheiste féin a aimsiú. Agus seo é an réiteach: Más é An tImeall mo “” pearsanta féin, cad ‘na thaobh ná beadh “Daily Ireland” de mo chuid féin agam chomh maith? Ní theastaíonn uaim Béarla a chur ar an Imeall, agus is léir go bhfuil an tuairim sin go láidir ag cuid mhaith agaibhse leis. Nílim fiú cinnte an dteastaíonn uaim mórán a scríobh i mBéarla - ach má scríobhaim, is ar bhlag eile a bheidh sé.

Ach cad chuige go mbacfainn le Béarla in aon chor? Cén fáth go dteastódh uaim bheith i mo “bhraon sa tuille”? Cad faoin tuairim a bhí agam ar dtús nach raibh aon ní ar leith le rá agam i mBéarla nach raibh á rá cheana sa teanga sin? Bhuel, sílim go bhfuil dearcadh amháin nach cloistear ró-mhinic i mblagchruinne an Bhéarla: dearcadh an Ghaeilgeóra.

Sibhse a léann agus a éistíonn leis an Imeall - ní bheidh puinn athrú ar an gcainéal seo. Ach tá turgnamh beag seolta agam thall ag imeall.wordpress.com, agus beidh fáilte romhaibh ansin chomh maith.

Thanks to everyone who commented on last Wednesday's post. I plan to comment further on this in English at imeall.wordpress.com.Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, February 17, 2006

#87: Ar do Shonsa a Oibríonn Siad

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáDheineas tagairt don ndaonlathas leictreonach an tseachtain seo chaite, ach ní raibh trácht cloiste agam fós ar thionscnamh John Handelaar. D'aistrigh John go hÉirinn anuraidh ó Shasana, agus tá curtha faoi aige i gCorcaigh. Tugann se scileanna ríomhaireachta leis, agus smaoineamh úr ó thailte John Bull.

Roimh Nollaig, d'fhógair John go dtógfadh sé leagan Éireannach den suíomh Breatnach writetothem.com, dá bhfaigheadh sé geallúntas ó 15 eile go gcabhróidís leis. Tharla go bhfuair sé breis agus an méid geallúntas a bhí uaidh agus tá sé dulta i mbun oibre, ag tosnú le Contae Mhaígh Eo. Is é atá i gceist leis an suíomh seo ná go mbeidh tú in ann do sheoladh a líonadh isteach agus go bhfaighidh tú liosta des na ionadaithe poiblí a bhaineann leis an áit áirithe sin. Ansin tabharfar an deis duit litir a scríobh ar chibé ceist atá ag déanamh tinnis duit: litir a seolfar chuig do rogha ionadaithe poiblí, nó chucu go léir, más mian leat é. De réir na cosúlachtaí ón méid atá á rá ag John, is i bhfoirm FAX a seolfar an litir chucu. Ná h-abair go bhfuil cuid acu fós gan ríomhphost!

Ach ní h-é sin an t-aon dea-smaoineamh don bpolaitíocht atá ag eascairt ón mBreatain. Cuireann an suíomh theyworkforyou.com ar chumas an tsaoránaigh súil ghéar a choimeád ar a ionadaithe tofa. Tarraingíonn an suíomh sin a chuid eolais ó fhoinsí éagsúla, ó chórais oifigiúla parlaiminte agus ó eagraíochtaí nuachta, agus baineann sé úsáid as writetothem.com chun teachtaireachtaí a sheoladh go dtí na polaiteoirí. Ní amháin sin, ach foilsítear fotha RSS (Really Simple Syndication - féach alt na seachtaine seo chaite) do gach aon fheisire le sonraí a gcuid eachtraí sa pharlaimint. Is féidir síntús a chlárú leis an bhfotha sin agus súil a choimeád ar na h-ionadaithe poiblí ar leathanach nuachta comhbhailithe, in éineacht le fothaí comhfhoilsithe eile cosúil le tuar na h-aimsire, scéala airgeadais, agus do rogha blaganna.

Is léir go bhfuil an Bhreatain go mór chun cinn orainn maidir leis an ndaonlathas leictreonach, ach tá tréan-iarrachtaí ar siúl chun é sin a leigheas. Agus tá grúpa blagadóirí Éireannacha ullamh cheana féin don chéad toghchán eile. Seoladh blag nua an tseachtain seo ag irishelection.wordpress.com, agus tá scór blagadóirí neamhspleácha ar an bhfoireann aige. Cheana féin, tá a n-aird dírithe acu ar an athshuaitheadh a dhein an Taoiseach ar na h-airí sóisearacha an tseachtain seo, agus tá mír acu ó aoí-bhlagadóir speisialta mar cheiliúradh ar sheoladh an tsuímh nua. Sin í Leas-Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, an Teachta Liz McManus, a bhfuil blag dá cuid féin aici ag lizmcmanus.blogspot.com.

Polaiteoir eile a bhfuil blag aige ná Méara Leitir Ceannainn, an Comhairleoir Damien Blake ó Fhianna Fáil. Agus bhí méara óg eile ina h-ábhar cainte aige agus é ag trácht ar an agallamh a chuir Pat Kenny ar Mhéara Chiarraí, an Comhairleoir Toiréasa Ni Fhearghasa ó Shinn Féin, ar an Late Late Show Dé Sathairn. Ní raibh aon tuairim ag Damien maidir le maidir le h-eachtraí faisin Thoiréasa ar an oíche úd. Go deimhin thacaigh sé léi ar an bpointe sin, ag rá nár chás dos na nuachtáin na ceisteanna polaitiúla a chíoradh seachas díriú ar a cuid éadaí. Mar sin féin, thapaigh sé an deis chun pointí polaitiúla a scóráil go réidh as an méid a bhí le rá aici, agus as an méid nach raibh le rá aici i dtaobh dúnmharú an Ghárda Gerry McCabe. Is léir go bhfuil cleachtadh maith ag Damien ar an ndíospóireacht sna blaganna: tá nascanna go flúirseach ina alt aige le blagadóirí agus le foinsí idirlín eile a thacaíonn lena thuairimí.
  • Ceol Podslán: Mark My Words le Granian
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, February 16, 2006

#86: FON: Agallamh le Antóin Ó Lachtnáin

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Agallamh le Antóin Ó Lachtnáin, atá in a chomhairleoir de chuid an chomhlachta nua FON.
  • Cuireann FON ar do chumas do cheangal idirlín a roinnt le daoine eile le cabhair Wifi (líonra raidió). Ma riarann tú do cheangal idirlíon le FON, beidh cead agat poinntí FON le daoine eile ar fud an daomhain a úsaíd agus tú ag taisteal.
  • Na h-aicmí ballraíochta: Linus, Bill, Alien!
  • Mar a oibríonn an córas, crua-earra, bog-earra.
  • Scéal FON agus na ndaoine atá páirteach ann.
  • An bhlagadóireacht i gcúrsaí gnó.
  • Maoiniú FON ag Skype agus Google.
  • VOIP (mar shampla Skype) agus feidhmeanna eile a bhainfidh leas as FON.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, February 15, 2006

#85: So, Should I Blog in English?

I've been drafting this post for a few weeks now, and thinking about it for a lot longer. It would have been the first time I had posted in English - except that last week I did a post for listeners to the Daily Source Code who heard my promo.

If it's not the first time I've posted on this blog in English, it may indeed be the last. But maybe it's time I started another blog?

Here's a link to today's podcast: Nasc díreach leis an gcomhad fuaime. As usual, it's in Irish, and today it discusses the same ideas I have here in print. Today's notes are in English in order to facilitate a wider audience, whose views on the subject are of interest to me. This is not a translation - I may express myself differently in the podcast, maybe that's a good thing?

Actually - I feel that it is. Blogging has taught me to appreciate different points of view. But so does being bilingual. There are many ways of looking at the same thing, even by the same person - and one of the ways a person can do that is to think in another language. I think this must be what TG4 mean by the slogan "súil eile"!

I am one of a lively community of bloggers in the Irish language. I am also part of a wider community of Irish and international bloggers - the vast majority of whom post in English. Many of us straddle more than one culture and language.

I want to contribute to the blogging community of which I am a member - particularly the Irish blogging community, and I am subscribed to a large number of them.

I try to comment on matters of interest to me - but sometimes I leave comments which are longer than the original post. I often think it would be better to respond in these cases with a post on my own blog instead - but in this case my blog is written in a language which is not understood by the person to whom I am responding.

When I started blogging, I chose to blog in Irish because:
  1. It is my preferred language
  2. I wanted to encourage others to do the same and so provide me with gael-blogs to read :-)
  3. I didn't think I had anything to add to the discussions taking place on English language blogs.
Reasons 1 and 2 have not changed - but 3 has. Back then, I thought that there were so many people blogging in English, that anything I might say would probably have been said already, and better, by somebody else.

In fact, point 3 was based on the fundamental misunderstanding of a blogging newbie. I thought that blogs were like traditional publishing - where all these opiniated people proclaimed their well-polished ideas from a soap-box, like opinion columnists, commentators or politicians. I didn't realise that blogging is conversation, ongoing conversation. I didn't notice how blogging is like "thinking out loud". I didn't see the common threads or the progression of debate in this apparent sea of "everyone talking at once". I thought that each blog post had to be a finished coherent masterpeice, instead of just another piece in the puzzle which will never be completed.

I don't believe I have anything earth-shattering to contribute to blogging in English. But I understand now that's not the point. The point is that I can join in if I want to. My unformed ideas are no less valid than what many others are publishing. But they may have a grain of truth which someone else could use, and by exposing my thoughts to comment, I can develop them further.

So I'm giving up blogging (and podcasting) in Irish then? Not a chance! Irish is important to me as a medium of communication, but I am interested in a variety of subjects. I blog about these things as Gaeilge, but they can be of a specialist and often technical nature. While they are interesting to me, that does not mean they resonate with large sections of the community, and the community who read blogs in Irish is very small. Conversely, what I post in Irish is often inaccessible to the people who have inspired that post and so, what could be a continuing conversation becomes a dead end.

English is the Latin of this age - the international language, and I am very fortunate to have it. I have learned so much from blogs written in English and I want to make my own small contribution to these international conversations.

There are a variety of solutions to this. An Spailpín Fánach posts in either one language or the other, and puts them on the same blog. Tim Quinlan recently started a separate blog for his Irish blogging. Emmanuel translates everything. Loic le Meur's English language blog is widely read, but he also blogs and podcasts en Francais.

What do you think?

Also in today's podcast:
Grá Oilimpeach Google
  • Interesting view from the letters page of the Belfast Newsletter.
  • Birth of a Podcast: Spudshow by Brendan Bolger. Here's his blog!
  • Google's Winter Olympics logo, with a subliminal Valentine card!
  • The Irish Blog Awards! Voting closes on Friday 17th February. Regardless of whether I make the shortlist or not I plan to attend and podcast. (Buswell's, Dublin, 11th March.) Interested in hearing from anyone who'd like to take part in those podcasts.
  • Podsafe Music: Shine by Kevin Reeves.
Lipéid: , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, February 14, 2006

#84: Ón Imeall, le Grá

... agus tá an bua ag ...
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Ceol: Ga an Ghrá le Hilary Bow
  • An freagra: "The Look of Love" le Burt Bacharach agus Hal David. Dusty Springfield a chan ar dtús é.
  • An buaitheoir: Karen Schmidt ó Charlottesville, VA, USA.
  • Smaointí deasa dea-scríofa ar ghrá an phósta anseo.
  • Agus léargas ón podfather, ó DSC #333.
  • Ceol: Tír na nÓg le Hilary Bow. Tá an dlúthdhiosca le ceannach ar-líne ó Claddagh Records
Lipéid: , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Monday, February 13, 2006

#83: Na Pajamadeen! (Séamas, Cuid III)

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cuid III den agallamh le Séamas Ó Neachtain. (Cuid I, Cuid II)
  • Cogaí idirlín agus díospóireachtaí sibhialta.
  • An bhfuil cothromaíocht i gclaontaí polaitiúla na meán éagsúla i Meiriceá? An gcloistear an dá thaobh?
  • Tionchar na blagadóireachta ar an ndíospóireacht phoiblí - na "Pajamadeen"!
  • Podchraoladh Shéamais le Cumann Carad na Gaeilge.
  • Ceol Podslán: Release of Tension le Exit.
  • Cuid III le teacht Dé Luain.
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Friday, February 10, 2006

#82: "Ná Déan Olc"

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáNuair a théann tú go dtí Google ag lorg eolais, cá bhfios duit go bhful an t-inneall cuardaigh cáiliúil ag insint na fírinne? Má deireann Google gur chaith sé 0.14 soicind agus go bhfuair sé 985 leathanach le h-aghaidh "poitín" an féidir a bheith muiníneach as na torthaí? Nó an bhfuil aon seans go bhfuil moráltacht éigin curtha i bhfeidhm i nGoogle a dhéanfadh iarracht sláinte an phobail agus císte cánach an stáit a chosaint ó alcól atá gan chaighdeán gan dleacht?

Tá cáil agus meas an phobail ar Google, agus deintear tagairt go minic ar chúltúr sainiúil agus ar phrionsabail lárnacha an chomhlachta, go h-áirithe an mana: "Ná deán olc". Mar sin cuireadh díomá ar roinnt mhaith blagadóirí le déanaí nuair a ghéill Google do éileamh rialtas na Síne go gcuirfí cinsireacht i bhfeidhm ar ábhair áirithe ina dtorthaí cuardaigh.

Má bhí cáineadh ar chinneadh Google, b'é an tuairim choitianta mar sin féin nach raibh mórán rogha acu. Tá plé maith ar an gceist ag Tom Raftery le lucht a léite ar tomrafteryit.net, agus tá podchraoladh suimiúil déánta ag Tom le Vint Cerf ó Google a d'fhoilsigh sé um Nollaig.

Tá léiriú suntasach ar an gcinsireacht ar Balrog. Taispéaintear an difríocht idir Google an Iarthair agus Google na Síne nuair a chuardaítear íomhánna leis an bhfocal "Tiananmen". Ach deineann John Naughton tagairt do alt ar opendemocracy.net a deir go bhfuil maolú suntasach amháin ar chinsireacht Google, 'sé sin: go n-insíonn siad duit nuair atá an chinsireacht deanta.

Mar chosaint, deir Google go gcaithfidh siad cloí le dlithe na dtíortha ina mbíonn siad ag feidhmiú, agus gur fearr seirbhís teoranta ná seirbhís ar bith. Baineann Microsoft úsáid as an argóint chéanna, agus iad ag déanamh cinsireacht ar a gcóras blagadóireacht MSN Spaces sa tSín. Tá Rebecca MacKinnon ag leanúint scéal Microsoft, ach tá liamhaintí níos tromchúiseacha fós aici in aghaidh Yahoo!. Tuairiscíonn sí go bhfuil téarma priosúnachta 10 mbliana gearrtha ar iriseoir síneach tar éis gur ciontaíodh é le cabhair sonraí óna chuntas ríomhphoist a thug Yahoo! dos na póilíní.

Roimh Nollaig, phléigh an Coimisinéir Eorpach Margot Wallström na ceisteanna seo ar a blag féin, agus cháin sí na trí chomhlacht Meiriceánach go géar. Fuair sí roinnt freagraí feargacha ó Mheiriceánaigh ag rá nach raibh aon ghnó ag feidhmeannach neamh-thofa de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith ag seanmóireacht faoin ndaonlathas!

Cúram an chaidrimh agus na cumarsáide atá ar an gcoimisinéar Wallström, agus is buile ar son na gcuspóirí sin an blag atá aici. Tá polaiteóirí ar fud an domhain ag tabhairt faoin mblagadóireacht. Tugann blag an deis do pholaiteoir seasaimh a ghlacadh agus é a fhorbairt go poiblí. Is taifead é ar a bhfuil ráite acu. Tugann sé deis do vótóirí a dtuairimí a nochtadh. Aithnítear gurb é feachtas Howard Dean do ainmníuchán an Pháirtí Daonlathaigh in 2004 a léirigh don chéad uair bua na blagadóireachta sa pholaitíocht. Ní mór an cáil a bhí ar Dean ag tús an fheachtais, agus, cé nár éirigh leis an t-ainmniúchán a fháil, meastar go raibh baint mhór ag a bhlag ar chomh maith agus a d'éirigh leis.

Baintear úsáid as blaganna anseo in Éirinn chun feachtais pholaitiúla a chur chun cinn, ach níl móran polaiteoirí ag baint úsáid astu go fóill. Tá James Corbett ag bailiú liosta polaiteóirí le blaganna ar Eolaire Oscailte na hÉireann, agus tá teachtaireacht aige do pholaiteóirí Iarthar Luimní sara cuirfear tús le stocaireacht an chéad toghcháin eile: "mura bhfuil blag agat, ní bhfaighfidh tú mo vóta!"Lipéid: , , , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, February 09, 2006

Fáilte, DSC Listeners!

Adam Curry played the promo for our Valentine quiz today, so if you've come from his shownotes: Fáilte! - Welcome!

Sean NovaTo be in with a chance to win your copy of Hilary Bow's album, Sean Nova, check out the promo, then mail me your answer at imeall@gmail.com. Check back here on Valentine's Day, Feb 14th, to see if you've won!

Hear the song, "Ga an Ghrá", in full on An tImeall #78, MP3, shownotes. Check out Hilary Bow at bowrecords.com. Buy the album online from Claddagh Records. Tell 'em you heard it on An tImeall!

Slán go fóill!
:-)
Conn

#81: "Is é an t-Idirlíon an Ghaeltacht is Mó" (Séamus, Cuid II)

Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, February 08, 2006

Sos craolta

Ní chraolfar An tImeall inniu, tá an iomarc ar siúl agam! Ach seo promo beag atá déanta agam do phodchraoltóirí an Bhéarla: Nasc díreach leis an gcomhad fuaime. B'fhéidir go gcasfaidh Adam é?

Bead ag caint libh!

Tuesday, February 07, 2006

#80: Agallamh le Séamas Ó Neachtain (Cuid I)

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Botún sa dáta a dúirt ag tús an phodchraolaidh. Inniu an 7ú lá!
  • Cuid I d'agallamh le Séamas Ó Neachtain, blagadóir, podchraoltóir, ceoltóir, gaeilgeóir.
  • Conas mar ar chuir Seámas suim sa Ghaeilge ar dtús. Chuala sé faoin dteanga ar an ollscoil, ach dúradh go raibh sí marbh. Ach fuair sé amach ina dhiaidh sin nach amhlaidh a bhí, ach oiread leis an coelocanth!
  • Mar ar thug sé faoin nGaeilge a fhoghlaim.
  • Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín, Inis Fada.
  • Cloisfear Cuid II Déardaoin.
  • Ceol Podslán: Fúg ar Mo Ghile Mear le Séamas Ó Neachtain.
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Monday, February 06, 2006

#79: Seafóid, Actually

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Comórtas Vailintín: cad is ainm do leagan Béarla an amhráin "Ga an Ghrá", le Hilary Bow? Seol do fhreagra go dtí imeall@gmail.com agus beidh seans agat cóip dá CD a bhuachaint.
  • Love actually! Scannánaíocht de réir foirmle: "Is aoibhinn le Meiriceánaigh an Bhreatain - agus Hugh Grant ach go h-áirithe". Seo scannán ón dream céanna a dhein 4 Weddings and a Funeral. Is breá liomsa rom-com maith - ach ní raibh seo go maith. Ní riabh teannas, ní raibh éiginnteacht, ní raibh oiread scéil ann agus atá i bhfís-scannán popcheoil. Bhí an iomarca carachtaeirí agus gan a dhóthain ama chun fás ná forbairt a dhéanamh ar aon duine acu. Ainneoin an méid ama atá sa scannán bhí cuid mhaith gan réiteach ag an deireadh. An cleas a bhíodh ag Shakespeare: mura raibh réiteach sásúil aige do charachtaer éigin, thug sé bás dó san acht deireannach. Ní raibh an méid sin féin sa scannán seo.
  • Tuairscíonn Dónal go bhfuil "Yu Ming is ainm dom" ar fáil anois ar an idirlíon.
  • Conas mar a chaithfidh tú do SSIA? Tá smaointí ag SSIA watch!
  • Tóstal na Gaeilge 06 "An Chéad Ghlúin Eile" - 24 Márta agus 25 Márta. Óstlann Corrib Great Southern, Gaillimh.
  • Aoí speisialta na seachtaine seo: Séamas Ó Neachtain
  • Ceol Podslán: The Game le The Butterfly Catchers
Lipéid: , , , , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Friday, February 03, 2006

#78: Syndication agus Syncopation

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáAgus tú ag léamh na mblaganna, ritheann sé leat go bhfuil na blagadóirí ar an eolas maidir lena bhfuil foilsithe ar réimse leathan suíomhanna éagsúla. Conas a éiríonn leo oiread suíomhanna a fhaire? Conas a chuimhníonn siad ar na seoltaí go léir. Conas ar feidir le príomh-bhlagadóir Microsoft, Robert Scoble, breis agus 1000 foinse idirlíon a léamh?

'Sé réiteach na ceiste seo ná an comhfhoilsiú (syndication). Foilsíonn formhór gach blag, agus roinnt mhaith suíomhanna eile nach iad, fotha comhfhoilsithe, nach bhfuil ann i ndáiríre ach comhad téacs in a bhfuil foilsitheoireacht an tsuímh sin curtha in eagar, gan na dathanna agus na stíleanna atá ar an mbun-suíomh féin, ach go lom simplí agus de réir caighdeán aitheanta. Tá caighdeáin éagsúla i bhfeidhm dos na comhaid seo, ach is é an ceann is coitianta faoi láthair ná RSS. Seasann na litreacha do Really Simple Syndication.

Ach cad é an buntáiste a bhaineann leis na fothaí seo? Cad ina thaobh go mbacfainn le leagan lom a léamh nuair a d'fhéadfainn an bun-alt a léamh ar an ngnáth-shuíomh? Bhuel - ní bhacfá, dá mba rud é nach raibh uait ach an t-aon suíomh amháin a léamh, ach más mian leat cnuasach suíomhanna éagsúla a léamh go rialta is ansin atá an bua ag an gcomhfhoilsiú, agus ag a chomrádaí: an comhbhailiú (aggregation).

Abraimís go dteastaíonn uait súil a chaitheamh go laethúil ar na suíomhanna seo a leanas: Times Nua Eabhrac, Nuacht RTE, blag Aonghus Ó hAlmhain agus na pictiúir go léir le téama Gaeilge ar Flickr. D'fhéadfá cuairteanna aonaracha a thabhairt ar an suíomhanna sin, nó d'fhéadfá úsáid a bhaint as comhbhailitheoir ar nós Bloglines, nó Newsgator chun fothaí comhfhoilsithe na ceithre suíomh a léiriú in aon leathanach amháin.

An rud is suntasaí faoi bheith ag léamh blaganna comhfhoilsithe, chíonn tú an comhrá agus an plé, an tagairt agus an fhreagairt idir na blagadóirí éagsúla. Dá mbeadh síntús agat le blaganna Fiona de Londras agus Richard Waghorne i do chomhbhailiú, bhí díospóireacht bhríomhar le sonrú le linn na seachtaine seo chaite. Ag scríobh di ina blag Mental Meanderings, chuir Fiona in iúl an díomá a bhí uirthi le Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht agus lena dtuairisc ar an dteaghlach. Dar léi gur cailleadh an deis chun aitheantas a thabhairt do lánúin aeracha, agus, mar dhuine aerach, braitheann sí go bhfuil an stáit ag tabhairt droim láimhe di féin agus dá leithéidí. Spreagadh Richard chun pinn dá freagairt ar a bhlag siúd, Sicilian Notes, mar ar dhein sé an poinnte, dar leis, nach bhfuil aitheantas ar leith tuillte ag aon aicme ón stáit, i gcúrsaí a bhaineann le stíl maireachtála, mar shampla creideamh.

Tarraingíodh roinnt mhaith de bhlagadóirí eile na tíre chun a gcuid tráchtaireachtaí a fhágaint ar bhlaganna na beirte, agus scríobh cuid mhaith a dtuairimí ar a mblaganna féin chomh maith. Dhein Kevin Breathnach tagairt don scéal agus é ag scríobh ar an mblag, Disillusioned Lefty. Ba údar sásaimh dó chomh maith go raibh agallaimh curtha aige ar Fiona agus ar Richard araon roinnt seachtainí sarar thosnaigh an díospóireacht eatharthu, agallaimh a thugan léargas ar chúlra agus ar dhearcadh na gcéile comhraic seo.

Cor nua is ea é sa bhlagchruinne le déanaí, go bhfuil na blagadóirí ag cur agallaimh ar a chéile, mar a bheadh cloiginn chainteacha na meán traidisiúnta! Agus ní amháin i gcló ach an oiread. Tá podchraoladh seolta ag an iriseoir Richard Delevan ina ndeineann sé cúrsaí an lae a chíoradh la painéal blagadóirí. Ná níl podchraoltóirí na Gaeilge in easnamh sna h-iarrachtaí seo ach an oiread - beidh Séamas Ó Neachtain ina aoí "ar an imeall" an tseachtain seo chugainn. Sean Nova
  • An Comórtas Vailintín! Cóip de Sean Nova le Hilary Bow don mbuaitheoir.
  • Aistriúcháin atá i gceist ar amhráin cháiliúla, "standards" an Bhéarla, i stíl Bossa Nova.
  • Casaimse ceann acu: Ga an Ghrá - ach cad is ainm don mbunleagan Béarla ónar aistríodh é? Seol do fhreagra go dtí imeall@gmail.com.
  • Ceol: Ga an Ghrá le caoinchead Hilary Bow. Is féidir teagmháil le Hilary ar a suíomh, agus an dlúthdhiosca a ordú uaithi féin, nó tá sé ar díol i siopa idirlín Cheirníní Cladaigh. Abair le Hilary gur chuala sibh "ar an imeall" é!
Lipéid: , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, February 02, 2006

#77: Agallamh le Eoin Ó Conchúir (Cuid II)

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • An dara chuid den agallamh le Eoin Ó Conchúir. (Cuid 1 anseo)
  • IrishGaelicTranslator.Com agus an pobal úsáiditheoirí atá dá chothú.
  • 300,000 teachtaireacht scríofa ó cuireadh tús leis an seirbhís i mí Bhealtaine 2002.
  • Trácht ar úirlisí féin-fhoilsithe na linne seo ar nós blaganna, agus gréasáin shóisialta ar nós Flickr.
  • Bonneagar an tsuímh IrishGaelicTranslator.Com, agus mar a bhfuil sé ag deileáil leis an éileamh.
  • Smaointí úra.
  • Comórtas Vailintín le fógairt amárach - bígí ag éisteacht!
  • Ceol Podslán: More Than 17 le Adrina Thorpe
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine With The Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, February 01, 2006

#76: Anois Teacht an Earraigh

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cill Aodáin
    le Antaine Ó Reachtaire (1784-1835)

    Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
    Is tar eis na féil Bríde ardóidh mé mo sheol.
    Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh me choíche
    Go seasfaidh mé thíos i lár Chondae Mhaigh Eo.
    I gClár Clainne Mhuiris a bhéas mé an chéad oíche,
    Is i mBalla taobh thíos de 'thosós mé ag ól,
    Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann,
    I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth' Mhóir.

    Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
    Mar éiríos an ghaoth nó mar 'scaipeas an ceo
    Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de
    Ar Sceathach a'Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo.
    Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
    Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,
    Is dá mbéinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
    D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

    Margrieten
    Originally uploaded by Garrulus.

  • Ceol Podslán: Summer Time Rhodes le Steffen Coonan
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers