Tuesday, June 26, 2007

Firefox a Dó

Faigh FirefoxTá sé thar am agam Firefox 2.0 a shuiteáil ar mo ríomhaire (agus thar am agam blagmhír a scríobh ar an Imeall - ach sin scéal eile - do lá eile!)

Tá Internet Explorer 7.0 in úsáid agam le stáir anois - agus tá an ghráin agam air, i ndáiríre. Tá sé chomh tuathalach, mí-chruthaithe le h-aon bhogearra dá bhfaca mé riamh.

Mar sin, seo linn le Firefox a Dó, i nGaeilge, dár ndóigh, agus focal.ie le m'ais chun na téarmaí neamhchoitianta teicniúla a mhíniú dom. Nach breá gaelach an saol ríomhaireachta ata anois againn? :)

Lipéid: , , ,