Tuesday, August 28, 2007

Imeall #180: Meitheal Meebo

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaTá meithil an idirlín pléite go minic cheana againn: an tslí in a ghlacann an pobal páirt i bhforbairt bhogearra éigin, ar mhaithe leis an bpobal. Ní neart go cur le chéile, agus tá roinnt mhaith ríomhchlár agus seirbhísí gréasán nach bhfeicfí go deo, murach go raibh slua daoine ábalta an obair a roinnt.

Ní gá gur obair theicniúil a bheadh i gceist ach oiread. Go deimhin, agus an dul chun cinn atá déanta ar theangacha agus ar úirlisí ríomhchlárúcháin, is minic gurb é an bun-leagan, sa chéad-teanga, an chuid is fusa den obair. Caithtear na mílte uair a chloig ina dhiaidh sin ag aistriú an bhogearra agus a chuid cáipéisíochta agus á logánú ar mhaithe le teangacha agus le cultúir éagsúla ar fud an domhain mhóir.

Is cinnte gur obair throm í an logánú, mar sin ní h-aon ionadh é go ndeineann comhlachtaí bogearraí meá agus machnamh cúramach agus iad ag roghnú na dteangacha ar a fhreastalóidh siad.

Tá ard-mholadh faighte ag Microsoft as ucht an leagan Gaeilge de Windows a chur ar fáil agus tá sé tuillte acu. Ach ní le barr cineáltais agus dea-mhéine amháin a deineadh é. Chuidigh Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí eile leis an iarracht agus caitheadh airgead poiblí chun é a thabhairt chun críche.

Ach ainneoinn gur togra eagraithe lárnaithe a bhí i gceist ansin, bhí tuiscint mhaith ag lucht a stiúrtha ar an gcomhairle a luaitear go minc le tograí den gcinéal “foinse-oscailte”, sé sin: dá mhéid súl ag féachaint ar bhogearra, ‘sea is fearr an caighdeán.

Mar sin tugadh cuireadh don bpobal a dtuairimí a chur in iúil i dtaobh na téarmáiochta ríomhaireachta a bhainfí úsáid as. Cuireadh an liosta téarmaíochta ar fad ar fáil ar an idirlíon agus chuidigh an pobal leis an iarracht.

Mar a deirim, is sean-sheift é sin i dtograí foinse oscailte. ‘Sé Firefox an ceann is mó trácht air – ach ní h-é an t-aon cheann. ‘Sé Meebo an táirge is déanaí atá ag tabhairt an deis do lucht a úsáidte é a aistriú go dtína dteanga féin más suim leo é. Córas is ea Meebo a chuireann do rogha úirlis teachtaireachtaí meadaireachta ar nós Skype, MSN, nó AIM ar fáil duit ar leathanach gréasán. Agus tá an gaelú tosnaithe cheana féin air ag an suíomh wiki.meebo.com. Cén Ghaeilge a chuirfeása ar “Oops! Meebo detected a network interruption.”?
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Warwick le Ethan Stone.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, August 21, 2007

Imeall #179: Trá Gan Ghaeilge

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaNí chaithimse mórán ama ag machnamh ar stáid ná ar shláinte na Gaeilge. Ní fhéadfainn a rá an fíor nó nach fíor go bhfuil na Ghaeilge ag fáil bháis mar, chun an fhírinne a rá, ní maith liom smaoineamh air.

Sílim go bhfuilim ar nós mórán Gaeilgeóirí sa mhéid seo. Ar shlí amháin, ní fhaighim locht ar mar sheasamh: is fearr liom mo chuid fuinnimh a chaitheamh ar ghníomh ná ar smaoineamh agus ainilís.

Ach an rud nach feidir a thomhas, ní féidir é a stiúradh - agus is amhlaidh atá le h-iarrachtaí ar mhaithe leis an nGaeilge. Mar sin, cé nach maith liom an droch-scéal a chlos, is maith liom go bhfuil daoine ann a dheineann an scagadh agus an tuar seo.

In alt i mBéarla ar a bhlag dátheangach Fiche Focal, cíorann an scríobhnóir Tomaltach an fhianaise agus níl sé dóchasach. Samhlaíonn sé cainteoirí dúchais na Gaeilge mar chlocha i ndroichead a nascann pobal na hÉireann, ar bhruach amháin, lenár dteanga dhúchais ar an dtaobh thall. De réir mar a chailltear na clocha tá an droichead ag meath, agus tiocfaidh an lá go mbeimíd fágtha ar thrá gan Ghaeilge.

Ar mhaith leat a bheith i d'úinéar ar chlub sacair sa Bhreatain? Bhuel d'fhéadfá scaranna a cheannach i gclub atá liostaithe ar an stocmhargadh, b'fhéidir, ach cad a thabharfadh sé sin duit seachas píosa páipéir? Cén seans go mbeadh aon tionchar agat ar stiúradh an chlub?

Geallann an suíomh myfootballclub.co.uk go mbeidh seans ag gach ball a chláraíonn leo páirt a ghlacadh i mbainistíocht fóirne. Ta breis agus 50,000 ball a bhfuil táille ₤35 stg an duine íoctha acu, agus tá siad i mbun cainteanna anois le 4 chlub éagsúla, féachaint an féidir leo margadh a dhéanamh a chuirfidh i gceannas iad ar bhord stiúrtha cheann des na clubanna sin. Nuair a bheidh sin déanta, beidh deis ag na baill vóta a chaitheamh ar na cinnithe móra, piocadh na fóirne san áireamh!

Tá feachtas ar siúl i Meiriceá faoi láthair chun an dlí a athrú maidir le táillí nua cóipchirt atá beartaithe do suíomhanna a sholáthraíonn beo-shruthanna fuaime: craoltoirí idirlín. Táthar ag maíomh go gcuirfidh na táillí seo deireadh le h-earnáil an raidió idirlín. Tuilleadh eolais ag savenetradio.org.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Where To Now, St. Peter? le Ann Wilson agus Elton John.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, August 16, 2007

Imeall #178: Eolaithe Óga agus Caifé Oscailte

Buail anseo chun éisteachta!

Foilsíodh an t-alt seo in eagrán na Máirte seo chaite de Lá NuaIn 2005 b’é Patrick Collison ó Chontae Thiobrad Árann a thug leis an chraobh ag Comórtas na nEolaithe Óga i mBaile Átha Cliath. Cé nach raibh sé ach san idirbhliain i gColáiste Chaladh an Treoigh i Luimneach ag an am, dhein sé A-Levels an bhliain dár gcionn agus mar thoradh ar sin ghnóthaigh sé áit ollscoile ag MIT i Massachusetts. Ach nuair a tháinig sé abhaile le h-aghaidh saoire na Nollag anuraidh bheartaigh sé ar chomhlacht a bhunú lena dheartháir John agus chuir sé a chúrsa ollscoile ar fionraí.

Thóg Patrick agus John oifig ar chíos i gcathair Luimní agus chuadar i mbun oibre ar bhogearra nua a fhorbairt: úirlisí gnó do dhaoine a thuilleann a mbeatha ag díol earraí ar an shuíomh idirlíon eBay.

Ag an am céanna go raibh siad ag obair ar an dtáirge, bhí siad ag lorg infheistíochta chun go bfhéadfaí an gnó a fhorbairt. Ach cé go raibh dea-thoradh ar na h-iarrachtaí sin, ní as Éirinn a tháinig an caipiteal.

Ghlac an císte fiontraíochta Meiriceánach, Y-Combinator, le h-iarratas na ndeartháireacha Collison agus chuir siad in aithne iad le beirt Shasanach a raibh táirge cosúil á fhorbairt acu. Cuireadh an dá chomhlacht le chéile faoin ainm Auctomatic.com agus bhogadar go léir go San Francisco.

Lean siad orthu ag forbairt na dtáirgí atá anois faoi thástáil ag grúpa beag úsáiditheoirí, agus tá luach $300,000 d’infheistíocht bhreise faighte acu ó shin.

Bhí scairteanna gáirí i seomra cruinnithe san Absolute Hotel i Luimneach Déardaoin seo chaite nuair a fiafraíodh de Patrick cad é an meas a bhí aige ar thábhairní Silicon Valley. Ag 18 mbliana tá sé ró-óg chun deochanna mheisciúla a bhlaiseadh i Meiriceá – agus níl ach 16 bliana ag John!

Refuel Cafe Table Topics.  Pictiúr le Bernie GoldbachBhí grúpa fiontraithe bailithe ar an láthair mar a bhíonn gach ré Déardaoin – ‘sé sin Club Caifé Oscailte Luimní.

Is i Londain a tionóladh an chéad “Club Caifé Oscailte”, mí Mhárta seo chaite agus tá 66 cinn ar fud an domhain anois: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Béal Feirste ina measc. Is cruinnithe neamhfhoirmeálta iad do fiontraithe agus do infheisteoirí. Tá gach eolas ag opencoffee.org.

Táim ag baint an-sult as podchraoltaí físe le déanaí. Tá GeekBrief go maith chun nuacht na teicneolaíochta a sholáthar gach lá, agus taitníonn an tsraith sean-bhunaithe Rocketboom liom chomh maith, Agus tá ceann nua ar an saol le seachtain nó dhó anois: webbalert.com.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Super Wonderful le Wil Deynes.
Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, August 07, 2007

Podchampa Éireann

Nochtaíodh an lógó um thráthnóna. (Tá leagan Béarla chomh maith ann!)

Tuilleadh eolais i bpodchraoladh an lae inniu agus anseo.

Imeall #177: Sceallóga Silicon agus Polcaí

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaMá tá suim agat sa phodchraoltóireacht beidh deis agat níos mó a fhoghlaim fúithi ag Podchampa Éireann a bheidh á reachtáil i gCill Chainnigh ar an 29ú Meán Fomhair.

“Neamhchomhdháil” atá sa Phodchampa. ‘Sé sin le rá go bhfuil sé ina bhunphrionsabal aige gur “reált” é gach duine a fhreastalóidh ar an ócáid. Cinnte, beidh saineolaithe ann ach, de réir rialacha na bpodchampaí, ní thabharfar tús áite dóibh agus iarrtar ar gach éinne páirt a ghlacadh.

Tá tuilleadh eolais ar bhlag an Phodchampa. Tá wiki ann chomh maith (leathanach idirlín ar féidir le h-éinne scríobh air) agus ní amháin gur féidir leat d’ainm a chlárú ann ach iarrtar ort do mholtaí féin a dhéanamh faoinar mhaith leat a fheiscint ag an bpodchampa. Beidh Podchampa Éireann saor in aisce.

Luaigh mé Pat Phelan an tseachtain seo chaite agus a chomhlacht Cubic Telecom. Bhí dea-scéal aige ó shin, nuair a chuala sé go bhfuil Cubic á mheas, san áireamh le 100 comhlacht eile, as a roghnófar 20 ar leith a geobhaidh an deis dul ar stáitse ós comhair mhór-infheisteoirí Silicon Valley ag an gcomhdháil TechCrunch20.

Ócáid é seo atá á reachtáil ag Michael Arrington, úinéar an bhlag TechCrunch. Is díol suime ann féin é scéal TechCrunch. Thosnaigh Michael an blag dhá bhliain ó shin chun tuairisceoireacht a dhéanamh ar na comhlachtaí úrnua a bhí ag teacht chun cinn i réimse na teicneolaíochta. Anois tá 16 eagarthóir fostaithe aige ag obair ar TechCrunch, blag a thuilleann breis agus $200,000 ón bhfógraíocht gach mí.

Níl aon amhras ach go bhfuil freastal maith ar sceálta teicneolaíochta i mblaganna, ach ní ar sceallóga silicon amháin a mhaireann na blagadóirí! Mar chruthúnas d’fhoilsigh blog.humblehousewife.com liosta de 30 blag Éireannacha a phléann cúrsaí bia agus dí! In a measc tá blag de chuid Ice Cream Ireland sa Daingean, a luadh cheana sa cholún seo. Ba dheas liom a léamh le linn na seachtaine, go mbeidh údar an bhlag sin, Kieran Murphy, ag scríobh colún seachtainiúil don Irish Times le linn mhí Lúnasa.

Agus fuaireas suíomh eile fíor-shuntasach ar an liosta céanna: ifoods.tv! Clár cócaireachta don idirlíon, meas tú? ‘Sea, ach tá níos mó ná sin i gceist. Tuigeann na cócairí seo an líonra sóisialta! Is féidir clárú leis an suíomh agus na h-oidis a phlé le h-úsáideoirí eile. Cruthaigh do leathanach féin ar an suíomh, agus beidh deis agat do chuid físeán cócaireachta féin a fhoilsiú ann! Blasta!
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Throw Me a Line le Kevin Reeves.
Lipéid: , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers