Saturday, June 25, 2005

Ar Imeall an Aonaigh

An Slua
"It was on the 23rd of June, the day before the fair ..."

- rud a dh'fhágfadh gur chóir gur an an 24ú lá a bheadh an t-aonach féin. Sílim gur mar sin a bhí ar feadh na céadta blian go dtí le déanaí. Anois is amhlaidh go dtionóltar an t-aonach ar an ndáta is cóngaraí don 24ú a oireann do ócáid mar seo. Ní foláir nó gur ceapadh nár mhaith an rud é moill a chur ar trácht na hAoine agus mar sin, is ar an nDéardaoin (an 23ú féin) a bhí "The Fair of Spancil Hill" i mbliana.

Ceann CapaillCleachtadh nua is ea é seo do Bhlag an Imill: an fotabhlagáil. Tá na pictiúirí i dtaisce ar Flickr - córas a luíonn go han-mhaith leis an mblagáil. Seo cur síos maith ar Flickr ó Bernie Goldbach. Tugann sé "doirteal ama" air, agus is fíor dhó! Is iad na lipéid (tags) an gné is suaithinsí dó, é sin agus an tslí ar féidir na lipéid a leanúint idir na pictiúirí atá riartha go poiblí. Is é Flickr a úsáideann Monasette dá chuid íomhánna taibhsiúla chomh maith.

Cuireann an bheirt seo, agus blagadóirí eile nach iad, an lipéad irishblogs lena gcuid íomhánna i Flickr. Seo gné suntasach eile dó: an comhbhailiú (aggregation). Anseo atá dearcadh súl na blagadóirí Éireannacha cruinnithe. Tá soláthar RSS ar fáil don lipéad seo agus is féidir bog-earra cliantach ar nós Feeddemon a chóiriú le síntús chun an soláthar sin a fhaire. Níos suntasaí fós, ar an gcomhbhailitheoir ginearálta Technorati, nuair a iarrann tú na soláthair leis an lipéad irishblogs, tógann Technorati soláthair ó fhoinsí éagsúla san áireamh, Flickr ina measc, a bhfuil an lipéad sin acu. Léirítear in aon leathanach amháin, na blaganna, na pictiúirí, na leabharmharcanna srl., a bhfuil an lipéad irishblogs acu - agus tá léargas ar leith ar zeitgeist (bliain ag blagáil - agus sin é an chéad uair dom ag úsáid an fhocail sin! :-) ) phobal blagadóirí na hÉireann.

Capaill ar Díol
Ní raibh aon trácht ar zeitgeist ag Spancil Hill Déardaoin. Capaill agus asail - dá ndíol agus dá gceannach - an cúram a bhí orthu - agus an chuid againn ná raibh gnó againn ann ag baint lán na súl agus sásamh as an dtaibhsíocht agus as an seó saor-in-aisce!

Lipéid: , ,

Sunday, June 19, 2005

N'fheadar an bhfuil RnaG ag ullmhú do Phodchraoladh?

Tá foinse comhad fuaime Raidió na Gaeltachta iata acu fé láthair, agus fógra in áirde acu ag cur in iúl go bhfuiltear ag obair ar chóras nua.

Tharraing Socadán an cheist anuas ar Chlár Plé Beo, ag fiafraí an raibh fhios ag éinne cad a bhí beartaithe ag muintir RnaG. Chuir sé mise ag machnamh:
Nár bhreá dá gcuirfidís córas mar seo a leanas i bhfeidhm?
  • MP3 seachas RealAudio. Saorfaí an t-éisteoir óna bheith ceangailte leis an ríomhaire agus d'fhéadfaidís na cláracha a bhreith leo ar ghléas seinnte so-ghluaiste ar nós iPod.
  • Soláthar RSS a chur i bhfeidhm do gach clár raidió. Comhad beag XML a d'fhógródh ar an idirlíon go bhfuil eagrán nua den gclár ullamh, agus a thabharfadh treoir do bhog-earra an éisteora maidir le suíomh an chomhaid nua MP3. Is féidir le bog-earra an éisteora (podcatcher) an comhad a tharrach anuas go h-uathoibríoch - mar shampla le linn na h-oíche dá dteastódh. Saorfaí an t-éisteóir óna bheith ag faire amach don gclár, óna bheith ag cuardach suíomh an chomhaid, óna bheith ag fanacht go n-íoslódálann sé agus ón mbaol go gcaillfidís eagrán áirithe mura bhfaighidís é sara mbeadh eagrán an lá dár gcionn curtha in áit.
Tugtar "Podcasting" air seo. Saortar an t-éisteóir ó srianta an sceidil, agus ó chúram na ríomhaireachta. Tá cláracha iontacha ar Raidió na Gaeltachta gur bhreá liomsa a chlos go rialta ach nílim i gcóngar an raidió nuair a chraoltar iad, ná níl an t-am agam suí ós comhair an ríomhaire ag éisteacht le RealAudio. Tá deis iontach anseo ag RnaG freastal ar phobal na Gaeilge agus cur lena lucht éisteachta dá dtapóidís é.
Tuilleadh Eolais:Rogha Podchraoltaí an Imill!Rogha Podghabhálaithe (Podcatchers):
  • iPodder go maith ach ní oibríonn sé go maith taobh thiar de "firewall", agus ní dheineann sé faic ach na h-iatáin MP3 a bhailiú duit - ní léiríonn sé aon leathanach gréasáin a bhaineann leis, mar shampla.
  • Táim ag baint triail as Feeddemon faoi láthair. Feidhmíonn sé mar chomhbhailitheóir do ghnáth-bhlaganna chomh maith le bheith ina phodghabhálaí. Ní foláir díol as má theastaíonn uaim é a choimeád thar 20 lá. Táim ag ceapadh go mb'fhéidir gur fiú an $30 é.
Lipéid: , , ,

Friday, June 10, 2005

What did he say?

Thána ar an bpíosa cainte seo le déanaí, sliocht as oráid a thug polaiteóir Chonamara Pól Ó Foighil, go ndéana Dia trócaire air, i Seanad Éireann ar an 12 Iúil 1990 i ndíospóireacht ar Acht Craolacháin na bliana sin. Ní hé ábhar na díospóireachta is suim liom sa lá tá inniu ann - is iomaí acht craolacháin atá rite ó shin - ach an léiriú a tugtar ar chás an Ghaeilgeóra agus é ag iarraidh a theanga a úsáid. Tabhair faoi deara go ndeir Ó Foighil gur trua leis nach bhfuil an deis ag an Aire é a thuiscint go h-uile agus go h-iomlán - ach ag an am céanna ní ghabhann sé leithscéal as labhairt sa Ghaeilge.
Is le díomá a éirím anseo inniu chun mo chuid cainte a dhéanamh i dtaobh an Bhille seo atá os ár gcomhair. Ba mhaith liom, i dtosach báire, a mhíniú don Aire atá i láthair, agus a bhfuil fáilte roimhe, nach le haon dímheas air féin ná ar dhuine ar bith sa Teach seo nó sa Teach eile, a bhfuilim chun mo chuid cainte uilig a dhéanamh, trí Ghaeilge. Is trua liom nach bhfuil an deis ag an Aire agus ag daoine mar é, an méid atá le rá agamsa a thuiscint go huile is go hiomlán toisc nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Níl aon locht agamsa orthu mar gheall air sin, ná ar dhuine ar bith nach bhfuil saoráid cainte aici nó aige i nGaeilge. Ar an dtaobh eile de, ní dóigh liom go mba chóir go mbeadh locht á fháil ormsa, ag an Aire ná ag duine ar bith, eile sa Teach, ar chúis go labhróinn i nGaeilge ar ábhar atá chomh tábhachtach sin don tír.
De réir na tuairisicí a deineadh air tráth a bháis anuraidh, bhí tuairim an-láidir ag Ó Foighil i dtaobh an áit chóir a thabhairt don nGaeilge san Oireachtas. Sílim gur chuala gur thug sé a chuid cainteanna ar fad i nGaeilge a fhad is a bhí sé sa tSeanad - ach nílim cinnte faoi sin. Ní fhéadfainn a rá ach an oiread an raibh an córas aistriúcháin comhuaineach atá anois acu i bhfeidhm an uair sin - ach tá an cuma air ón méid a deir Ó Foighil anseo ná raibh. Ach má tá an córas sin ar fáil inniu, deirtear ná baintear úsáid as. De réir cosúlachta, is amhlaidh ná cuirfidh na teachtaí dála na cluaisíní orthu féin mar gur comhartha é sin nach bhfuil tuiscint na teanga náisiúnta ar a dtoil acu!

Maidir le Gaeilgeóirí na Dála, is mian leo go dtuigfí iad. Ní féidir locht a fháil orthusan má labhrann siad i mBéarla agus iad ag plé ceisteanna tabhachtacha polaitiúla, agus fios iomlán acu ná tuigfidh a gcomh-theachtaí, ná go-háirithe na h-iriseóirí iad má labhrann siad i nGaeilge?

Má labhrann tú i nGaeilge ní bhfaighfidh tú droch-mheas, ach rud atá níos measa ná sin: neamh-áird.

Lipéid: ,

Tuesday, June 07, 2005

Runaway Sunday

In éineacht le Peter Gabriel, tá cluas agam fé láthair don albam "Runaway Sunday" le Altan. Bhíos idir dhá chomhairle an gceannóinn an ceann sin, nó "The Red Crow" - ach bhí cuid mhaith den Red Crow cloiste agam cheana. Ní fear mór port agus ríleanna mé de ghnáth - ach is breá liom na h-amhráin go speisialta. Is aoibhinn an ceoltóir í Máiréad Ní Mhaonaigh agus is breá liom a bheith ag éisteacht léi.

I wish my love was a red red rose thar barr ar fad. An saghas amhráin nár mhaith leat go stopfadh sé. Is minic, nuair a chríochnaíonn sé, go gcuirim an seinnteoir siar go tús an amhráin sin arís chun é a chlos arís. Tá Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair ann chomh maith. Amhrán Gaeilge é seo a scrígh athair Mháiréad, Proinsias Ó Maonaigh, le fonn Paddy's Green Shamrock Shore. Sílim gurb é an t-amhrán is fearr liom ar fad é i láthair na h-uaire. Bhí meas ar leith agam le tamall maith ar an bhfonn sin. (Creid nó ná creid, thug na Corrs léiriú an-bhreá dó ar a gcéad albam.) Ach ní raibh 'fhios agam go raibh an leagan Gaeilge ann go dtí gur chuala cara liom á chanadh ag pósadh mo dheirféar anuraidh. B'fhéidir gur mar gheall ar go gcuireann sé spórt na h-oíche san i gcuimhne dom é, ach tá dúil mhór agam san amhrán ó shin. Agus is é leagan breá anamúil Paul Brady an ceann is ansa liom - tá sé aige ar an albam Éist - Songs in Their Native Language. Tá cóip agam sa charr, agus mar a déarfadh Dara Ó Cinnéide: ardaíonn sé an croí!!

Tá leagan Altan des na Gleanntáin Ghlasa an-shéimh i gcomparáid le Paul Brady - ach tá sprid agus anam dá chuid féin aige. Agus tá an-éifeacht sa didgeridoo: taibhsí na h-eisimirce ina ghlór.

Tá amhrán ar leith ag cur críoch leis an albam: Time has Passed. Is ar an mbás atá an t-amhrán seo ag trácht - ar an mbás agus ar an gcaidreamh atá briste ag an mbás. Is í Máiréad féin a scrígh é, agus is dócha gur in ómós do Frankie Kennedy atá sé, ach tá na smaointí atá ann fíor do dhuine ar bith atá ag caoineadh duine muinteartha: "I must carry on".
Mo ghrá go deo, I lár mo chroí
Mo ghrá go deo. 'Fhad a bhéas mé beo

Chuala Mark Kelly ón ngrúpa á chur faoi agallamh ag Áine Hensey ar RTE Radio 1 cúpla oíche ó shin. Tá albam nua acu, is cosúil: Local Ground. Chas Áine suantraí an-dheas Dún Do Shúil. Ceann eile don wishlist!

Lipéid: , ,

Sunday, June 05, 2005

na tithe ina bhfuil na taiscí focal i bhfolach

Buíochas do Pete Baker ag Slugger O'Toole a dheineannn tagairt don alt aoibhinn seo le Ciarán Carson in Guardian an lae inné, ina ndeineann Carson cur síos ar an obair a bhí aige a aistriúchán nua-fhoilsithe ar Chúirt an Mheán Oíche a chur le chéile. Tá rudaí fíor-shuaithinseacha le rá aige ar an ndá-theangachas agus ar an aistriú. Deir sé go raibh sé ag fánaíocht ar theorainneacha an Bhéarla agus na Gaeilge - rud a léirigh dó a easpa cumais sa dá theanga. Ní h-aon iontas an méid sin do aon duine a chaitheann saol dá-theangach thart ar na teorainneacha céanna.

Anseo ar an imeall, ní mór an cur amach a bhí agamsa riamh ar Mherriman ná ar a dhán cáiliúil go dtí le fíor-dhéanaí. Bhí fhios agam go dtagadh scoláirí le chéile faoi scáth na scoile samhraidh gach aon bhliain - ach ní raibh an dán fiú léite agam go dtí timpeall an ama seo anuraidh. Mar sin féin, cé gur suarach an tuiscint atá ag mo chloigeann neamh-oilte ar an mór-shaothar seo, aontaím le Carson ar chúpla rud ach go h-áirithe. Ar an gcéad dul síos: go bhfuil an Ghaeilge sa dán seo fáiscithe ag Merriman sa tslí go bhfuil sé teann le brí agus le ealaín. Tá deich bhfocal do gach brí - agus uaireanta deich mbrí ag gach focal. Agus bí ag caint ar an gceol atá ann - dúshlán eile don aistritheoir é sin a bhreith leis!

Agus an tarna rud: gur gaisce fíor-chróga é aon iarracht chun ealaín an dáin seo a léiriú i dteanga eile. Dar ndóigh ní h-é Carson an chéad duine a d-aistrigh. Tá an-fheidhm bainte agamsa as leagan Noel Fahey, atá curtha ar fáil aige ar an ngréasán.

Níl aon chuimhneamh agamsa léirmheas a dhéanamh ar scoláireacht na ndaoine seo. Níl cumas ná cáilíocht agam sna cúrsaí seo. Ach ní gá 'bheith i d'ollamh chun pléisiúr a bhaint as ealaín Mherriman - ná chun buíochas a ghabháil leo siúd a chabraíonn liom a theacht i dtír air.

Lipéid: ,