Thursday, August 28, 2008

Séasúr na nGradam

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de La Nua

Anois teacht an Fhómhair - tá séasúr na nGradam chugainn, agus tá aitheantas ar leith á thabhairt don nGaeilge i gcúirsaí idirlín.

Baineann an fógra is práinní acu seo le h-ócáid nua: na Irish Web Awards a reachtálfar i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fomhair. Amárach an spriocdháta dos na h-ainmniúcháin - níl aon táille i gceist, agus tá 25 catagóir ar fad ann, ina measc, duais don suíomh Gaeilge is fearr. Ar mhaith leat aitheantas agus gríosadh a thabhairt do shuíomh idirlín Gaeilge? Seo do sheans, ag awards.ie.

Má tá an seoladh sin feicthe cheana agaibh, ní nach ionadh. Is amhlaidh go bhfuil gaol gairid ag an Irish Web Awards leis na Irish Blog Awards a luadh go minic cheana sa cholún seo. Is é Damien Mulley an té a eagraíonn an dá ócáid seo agus tá an-thóir agus éileamh ar na h-ocáidí seo le blianta beaga anuas.

Go deimhin, is amhlaidh go bhfuil Gradam na mBlaganna ró-mhór anois don sean-láthair ina raibh sé le trí bliana anuas. Ní amháin sin, ach tá sé chun an ardchathair a thréigint don mbliain seo chugainn. Is i gCorcaigh a bheidh Gradam na mBlaganna 2009.

I gcás an dá ghradam-ócáid sin, tugadh aitheantas speisialta don nGaeilge ón gchéad lá. Sílim nach miste é sin - agus cuireann sé i gcuimhne don bpobal, go bhfuil deiseanna fíor-mhaithe ann chun an Ghaeilge a úsáid i réimse an idirlín.

Is mór an sásamh dom a fheiscint go bhfuil an dearcadh céanna ag an Irish Internet Association, stiúrthóirí Ghradam na hAislinge - The Net Visionary Awards. Is í seo an chéad bhliain go bhfuil catagóir Gaeilge acusan. Arís, is féidir le h-aon duinesuíomh a ainmniú don nGradam seo, agus cuirfear críoch leis an bpróiséas ainmniúcháin ar 12ú Meán Fomhair.

Agus ní amháin go bhfuil lucht na ríomhaireachta ag tabhairt aitheantais don nGaeilge - ach tá lucht na Gaeilge ag tabhairt aitheantais do shaol an idirlín chomh maith céanna. Is ag deireadh na míosa seo chugainn a fhógrófar buaitheoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais. I measc na n-úrscéal agus na n-aistí i mbliana, beidh comórtas don mblagáil - duais atá urraithe ag Oifig na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Píosa spraoi chun críoch a chur le tuairisc an lae inniu. Tá fhios ag an saol mór go bhfuil cumas ósnádúrtha imeartha ag Tiger Woods, ach an bhfuil sé in ann siúl ar an uisce? Bhuel tá an leagan fíorúil de Tiger in ann é a dhéanamh, anois ó chuir EA Games "Módh Íosa" sa leagan is úire dá gcluiche ríomhaireachta gailf. Tá físeán spraoiúil faoi sin inniu ar imeall.com, a d'aimsigh mé ar bhlag le Keith Bohanna ó Chill Chainnigh (bohanna.typepad.com).

Monday, August 25, 2008

Tá deiseanna cláraithe ar líne, ambaiste!

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an 21 Lúnasa de La Nua

Ambaiste.com, ScaoilAmachÉ.com, DoRoghaRud.com ...

Cad é an tréith comónta ag na h-ainmneacha fearainn sin - agus go leor eile nach iad? Má bhaineann tú triail astu i do bhrabhsálaí gréasán, feicfidh tú láithreach - ní ann dóibh!

'Sé sin le rá: níl na h-ainmneacha sin cláraithe. Níl aon suíomh idirlíon ag na seoltaí sin. Níl iontu ach ainmneacha a phioc mé as an spéir.

Ach ní bheadh sé deacair in aon chor na seoltaí sin a chlárú. Ar mhaith leat do AinmSloinne.com féin a bheith agat? Níl deacracht ar bith le seoladh dá leithéid a chlárú ar an bhfearann dot-com - agus má tá ainm breá gaelach agat, tá seans maith ann nach mbeidh an seoladh sin cláraithe ag éinne eile romhat.

Sin é an tréith ar leith faoin bhfearann dot-com. 'Sé 'tá i gceist leis an "com" ná "comhlacht" ach 'sí an fhírinne ná nach bhfuil srian ar bith ann maidir le cén saghas duine nó eagraíocht ar féidir leis seoladh dot-com a chlárú.

Gan srianta, tá deiseanna ann. Ach tá dainséirí ann chomh maith. Bhí sé ina scéal mór roinnt bhlianta ó shin nuair a cheannaigh bithiúnaigh éigin an t-ainm fearainn bertieahern.com, agus chuir siad íomhánna pornagrafacha ag an seoladh sin, ag súil go bhféadfaidís an taoiseach a náiriú ionas go gceannódh sé an t-ainm fearainn uathu ar phraghas árd.

Tá an fearann dot-com ar nós an Iarthar Fiáin. Más féidir leat sealbh a ghlacadh ar ainm, is leat é. Tá cásanna áirithe inar éirigh le comhlachtaí cás dlí a thógaint, ar an gcúis go raibh trádmharc dá gcuid á shárú, ach is bealach achrannach costasach é an módh áirithe sin.

Tá fearainn eile ann, áfach, ar a ndeintear bainistíocht sa tslí is go ndeintear iarracht bac a chur ar dhaoine ag clárú ainmneacha nach bhfuil siad i dteideal a úsáid. Ina measc tá fearann náisiúnta na hÉireann: .ie.

Measann daoine áirithe go gcuidíonn sin le muinín a bheith ag daoine as seoltaí ar an bhfearann sin. Má theastaíonn uait briancowan.ie a chlárú (agus dála an scéil, tá sé ar fáil!) beidh ort cóip dod' theastas breithe a chur ar fáil mar chruthúnas gurb é sin an t-ainm atá ort.

Ach pé fhearann a roghnaíonn tú - agus tá go leor eile ann seachas .com agus .ie - moltar do gach duine a bhraitheann ar a ainm dá ghnó nó dá chlú pearsanta, gur cóir iarracht a dhéanamh an t-ainm sin a chosaint sa réimse leictreonach. Níl sé costasach. Is féidir ainm .com a cheannach ar €6.96 faoi láthair ó blacknight.com. Agus tá seoltaí .ie ar fáil ar €25. Táillí bliantúla atá i gceist anseo ach ní gá go mbeadh aon chostas eile ag baint leis. Ní gá súiomh idirlín a chruthú mura dteastaíonn uait. Is féidir ainm fearainn a cheannach agus é a fhágaint gan suíomh. Is leor sinchun stop a chur le "cybersquatters", agus is fiú smaoineamh air.

Thursday, August 14, 2008

Imeall #194: Podchraoladh an Lae

  • Buail anseo chun éisteachta!


  • Níl caighdeán an phictiúir seo ró-mhaith. Roghnaíos caighdeán íseal físe d'aon ghnó i dtreo is go mbeadh caighdeán árd fuaime ann.
  • Alt na seachtaine seo do Lá Nua
  • Ceol Podslán: Super Wonderful le Will Deynes

Beochraoladh Idirlín

Grianghraf le Trey Ratcliff, stuckincustoms.com

Foilsíodh an t-alt seo inniu i Lá NuaBhíos ar cúpla lá saoire an tseachtain seo chaite: faoiseamh beag ón idirlíon agus ón dteicneolaíocht.

Táim ar ais i mbun oibre, agus an-shuim á chur agam i gcórais bheochraolta físe ar an idirlín.

Luaigh mé justin.tv cheana, agus Qik, an stáisiún teilifíse "i do phóca", a oibríonn ar fón póca.

Tá ag éirí go maith le Qik: an chuid daoine ag baint úsáid as toisc a eásca agus atá sé fón a láimhseáil, seachas ríomhaire agus ceamara gréasán.

Agus anois tá comhlacht Éireannach ag dul san iomaíocht le Qik: UBCam ó Chontae Loch Garman.

Le UBCam is féidir fís a bheochraoladh ó do ríomhaire, nó ó d'fhón póca. Tá liosta na bhfón lena n-oibríonn sé le fáil ar ubcam.com.

Tá roinnt córas eile ar an saol a chuidíonn leat clár níos castaí agus níos taibhsí a chraoladh - mar shampla le ceamaraí éagsúla, agus rannpháirtíocht an lucht féachana. Ina measc tá mogulus.com, a fuair infheistíocht $10m le déanaí ó chomhlacht nuachtán, agus stickam.com.

Tá feidhmeanna agus féidireachtaí éagsúla ag na seirbhísí seo. Is minic comhlachtaí meáin chumarsáide traidisiúnta ag baint úsáid astu, mar shampla stáisiúin raidio ag cur ceamara físe sa stiúidíó.

Staísiún raidio a dheineann seo ná liveireland.com. Tá lucht éisteachta acu seo ar fud an domhain - ach ní féidir iad a chlos ar ghnáth-ghleás raidio. Ar an idirlíon amháin atá sruth fuaime agus físe an stáisiúin seo.

Agus mé ag caint ar fhíseanna - tá físeán iontach ar an suíomh AnLionra.net, suíomh sóisialta na Gaeilge. Dhein Breandán Ó Labhaois ó Bhaile Átha Cliath fís-thuairisc an suntasach faoin dturas a thug sé go Gleann Cholmcille ag cur feabhas ar a chuid Gaeilge. Tá sé ar fáil ag pobal.anlionra.net/ilteangach.



Cuirfidh mé ar fáil inniu é ar imeall.com chomh maith, mar aon le físeán suntasach eile a chonaic mé le déanaí. Ar chuala sibh faoin bhfear a chláraigh an frás "saoirse cainte" mar mar thrádmhairc i dtreo is go mbeadh cosc (go teoiriciúil ar aon nós) ar dhaoine eile na focail sin á úsáid? Is amhlaidh go raibh sé ag iarraidh cás a chur in aghaidh srianta cóipchirt agus maoine intleachtúil ar an gcúis go gcuireann siad bac mí-réasúnta le núálaíocht agus leis an saoirse cainte féin.



Mar chríoch, seo nasc go dtí suíomh fíor-thaibhseach, blag griangrafadóireachta le Trey Ratcliff ag stuckincustoms.com. Pictiúirí áille, portráidí agus tírdhreachanna le fear a dheineann cuid mhaith taistil, is cosúil. Bhí sé i Chernobyl le déanaí agus is fiú go mór na pictiúirí a thóg sé sa talamh tréigthe a fheiscint.

Lipéid: , ,

Monday, August 11, 2008

An tImeall #193: Rhona Ní Chearbhaill

Buail anseo chun éisteachta!

Inniu ar an tImeall, labhraíonn Bríd le Rhona Ní Cearbhaill, múinteoir agus amhránaí ón gCeathrú Rua, faoin amhránaíocht agus faoin gceoil. Casann Rhona an tamhrán 'Bríd Óg Ní Mhaille'.

Wednesday, August 06, 2008

An tImeall #192: Liz Davis, ceoltóir R n B

Buail anseo chun éisteachta!

The HubInniu labhraíonn Bríd le Liz Davis, ceoltóir Eireannach R n B, faoi ceol s'aici agus conas mar a cuireann sí í féin chun tosaigh ar shuíomhanna cosúil le MySpace agus downloadmusic.ie.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Liz ag www.myspace.com/lizdavisdublin.

Cloistear In Here, amhrán a chum Liz féin.

Friday, August 01, 2008

An tImeall #191: Féílte Ceoil an tSamhraidh


Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers