Wednesday, November 30, 2005

#51: Pobal Scaipthe na Gaeilge

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Seo an clár ar chóir a bheith foilsithe inné - mar sin, cloisfidh sibh mé a' rá gur inniu an Mháirt! (Tá sé dá fhoilsíu anois agam ar an gCéadaoin 30 Samhain)
  • 47 ainm luaite ar an léarscáil frappr ag an bpoinnte seo. Maith sibh go léir! Seo iad an chuid de phobal na Gaeilge atá ag baint úsáid as an idirlíon chun a chuid Gaeilge a chleachtadh. Ag féachaint ar an léarscáil is léir gur chóir aitheantas a tabairt do Ghaeltacht Shasana Nua agus Nua Eabhrach ach go h-áirithe i Meirceá!
  • Níl mórán as Éirinn luaite ar an léarscáil. Tá Gaeilge in Éirinn dar ndógh, agus tobar breá Gaeilge sa Ghaeltacht, cé nach bhfuil aon bhiorán sa léarscáil don nGaeltacht. Ach is sa fíorspás atá an Ghaeilge sin in úsáid - agus ní ar an idirlíon. Sinne atá scaipthe amach ó Ghaeilge 'nár dtimpeall, táimíd ag brath go mór ar an idirlíon agus ar na meáin traidisiúnta, chun Gaeilge a chlos agus a chleachtadh.
  • Beirt a sheol isteach Voxpopanna ar an gceist, "Cá bhfuil tú?". Keola in Hawaii, agus April as Rockford Illinois! Maith sibh beirt.
  • Voxpop nua. Cén fáth Gaeilge? Freagraí taifeadta, nó scríofa, go dtí imeall@gmail.com, Nó cuir glaoch Skype ar imeallach agus fág teachtaireacht.
  • Bhíos im' aoi inné ar Raidió na Gaeltachta. Nuair ar taifeadadh an podchraoladh seo bhí sé sin fós romham, ach tá sé thart anois. Beidh an clár (Cúrsaí an Lae, eagrán na Máirte) ar fáil ar shuíomh RTE ar feadh seachtaine. RealPlayer ag teastáil chun éisteacht leis.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, November 29, 2005

Ar an Imeall, gan aon Leathanbhanda!

Ni chloisfear ón Imeall inniu. Táim as baile, ar cuairt le mo mhuintir. Tá podchraoladh an lae taifeadta, ach deir mo ríomhaire liom go dtógfaidh sé 2 uair a chloig é a chaitheamh in airde ar an ríomhaire freastal ag úsáid líne guthán mo mháthar!

Monday, November 28, 2005

#50: Cúrsaí Ceoil

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, November 25, 2005

An tImeall #49 : An Ríomhaire Glúine ar $100

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
LáTáim an-thógtha le scéal a chuala i gcaitheamh na seachtaine. An cuimhin libh Nicholas Negroponte? Is é atá ina chathaoirleach ar an Media Lab in Institiúid Teicneolaíochta Massachussets (MIT). Bhí an-thrácht air sa tír seo nuair a bunaíodh Media Lab Europe i mBaile Átha Cliath, le tacaíocht ón rialtais. Faraoir, dúnadh MLE ag tús na bliana seo. Níor éirigh leo tacaíocht airgeadais a mhealladh ó chomhlachtaí príomháideacha agus ní raibh an rialtas sásta leanúint orthu á mhaoiniú. Ach tá Media Lab MIT i mbun taighde i gcónaí agus d'fhógair siad tionscnamh ar leith an tseachtain seo chaite: an "riomhaire glúine ar $100".

Conas is féidir ríomhaire glúine a dhéanamh chomh saor? Níl aon diosca crua ann chun na comhaid a chur i dtaisce, ach cuimhne "flash" - an stuif céanna a bhíonn sna cipíní USB atá ag tógaint áit na bhfloppies le tamall anuas. Ná níl aon foinse cumhachta aige ach an oiread - ach hanla tochrais clogoibríoch. Má deintear an hanla a chasadh ar feadh nóiméad, cuirfidh sé oiread cumhachta ar fáil agus a choimeádfaidh an ríomhaire ar siúl ar feadh 40 nóimeád. An cuimhin libh an "clockwork radio" a ceapadh roinnt bhlianta ó shin? Seo an smaoineamh céanna, agus tá sé dírithe ar an margadh céanna: lucht an tríú domhain.

Cuimhnigh ar an deis a thabharfaidh seo do intinní óga éirimúla an tríú domhain, a scileanna a fhorbairt chun go bhféadfaidís oibriú ar son leasa a bpobail. Tá méadú as cuimse tagtha ar tháirgiúlacht an domhain fhorbartha le leathnú na teicneolaíochta faisnéise. Sin é an sprioc atá ag an ngrúpa seo, "One Laptop Per Child". Teastáionn uatha síol na forbartha sin a chur i measc páistí an tríú domhain. Tiocfaidh na ríomhairí seo le cumas líonra "Mesh" a chur i gcrích le comharthaí raidió idir na ríomhairí sa chomharsanacht. Agus beidh bogearra "foinse oscailte" aige chun go spreagfar na leanaí chun dul i mbun forbartha ar an mbogearra dóibh féin.

Cé go n-admhaítear gur dócha go mbeidh an loinnir ó scáileán an ríomhaire seo ar an bhfoinse solais is gile i gcuid des na tithe ina mbeidh sé in úsáid, ná ceaptar mar sin féin gur cur amú acmhainní é na h-úirlisí seo a thabhairt do dhaoine atá chomh gann sna riachtanaisí bunúsacha. Tá teicneolaíocht na faisnéise ag cothú na forbartha sna tíortha seo le stáir, agus tá cumas nach beag á léiriú ag na daoine agus iad á láimhseáil. Tá líonraí teileafóin so-ghluaiste ag leathnú i gceantracha iargúlta anois agus iad ag feabhsú na cumarsáide in áiteanna ná leagfaí cáblaí go deo. Agus an bhfuil gréasán siopaí teileafóin acu mar atá anseo in Éirinn? Níl ná é: ach tá seastáin i margaí na sráide a chuirfidh caoi ar do fón póca ar phraghas réasúnta. Cad a dheinimíd anseo in Éirinn nuair a imíonn an gíog as an bhfón againn? Caithfimíd uainn é, mar go ndeireann lucht na siopaí fón linn nach fiú an costas iad a dheisiú agus praghas an fhóin nua chomh h-íseal.

Níl a fhios agam ar deineadh scéal Negroponte a chlúdach ins na mór-mheáin chumarsáide in Éirinn. Má dhein, ní uatha a chuala é. Bhi an scéal ag an irisleabhar Wired, ach ní ann a léas é ach an oiread. Fuaireas an t-eolas ó foinse idirlín, ach ní ón léitheoireacht in aon chor a tháinig sé ach isteach i mo dhá chluais i bhfoirm phodchraolta. Tá an podchraoladh cosúil le clár raidio, ach gur féidir leat éisteacht leis uair ar bith is mian leat. Tá sé cosúil leis an idirlíon, ach gur féidir leat é a aistríu ón ríomhaire go dtí seinnteoir so-ghluaiste ar nós iPod agus é a thabhairt leat amach faoin aeir. 'Sea, agus saortar do lámha óna cnaipí, agus do shúile ón scáileán chun gur féidir leat rudaí eile a dhéanamh, díreach cosúil leis an raidió. Ag an am a chuala scéal an ríomhaire chlogoibrígh, bhíos ag tiomáint ar bhóithre Chontae Luimní.

Is ar bhlag, 'sé sin "weblog" pearsanta le duine darb ainm Justin Mason a léas an scéal faoi dheisitheóirí fón na hIndia. Agus tá gné suntasach amháin eile ag an mblagadóireacht agus ag an bpodchraoladh: 'sé sin gur féidir le h-aon duine é a dhéanamh. Ní gá tarchuradóir agus ní gá ceadúnas - ná ní gá trealamh costasach ach an oiread. An podchraoladh a thug chugam scéal an ríomhaire ghlúine, Technolotics, tá sé dá chur amach ag dornán mac léinn i mBaile Átha Cliath. Baineann siadsan úsaíd as áiseanna an stáisiúin ollscoile Trinity FM chun é a thaifeadadh, ach ní gá fiú an méid sin a bheith agat. Ar cheann des na podchraoltaí is mó éisteachta ar domhain i láthiar na h-uaire tá Dawn and Drew. Meastar breis agus 100,000 éisteoir acu sin, ach níl de threalamh fuaime acu ach ríomhaire glúine agus micreafón neamhchostasach. Is é sin an trealamh céanna atá in úsáid agam féin ar an Imeall. Eisítear podchraoladh nua ar an suíomh idirlíon An tImeall gach lá ó Luan go hAoine - agus ar an Aoine feasta déanfar comhfhoilsiú ar ábhar phodchraolta an lae sa nuachtán . Má tá seo a léamh agat sa pháipéar, tugtar cuireadh duit go dtí an suíomh imeall.blogspot.com, aít a gheobhaidh tú nascanna go dtí na foinsí idirlín ar a bhfuil an píosa cainte seo bunaithe, chomh maith le comhad fuaime MP3 ionas gur féidir leatsa, más mian leat é, sos a thabhairt dod' shúile, agus éisteacht leis an nuachtán!

Beidh mé ag caint libh!

Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, November 24, 2005

An tImeall #48 : Déardaoin ar éigin

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Athshonrú gairid. Suim léirithe ag na mór-mheáin Ghaeilge in eachtraí an Imill.
  • Alt an lae amaírigh do scríofa agus seolta
  • An léarscáil ag líonadh. Fáilte roimh Keola!
  • Na Vox-popanna - Dé Domhnaigh an sprioc agus craolfar iad Dé Luain nó Dé Máirt. Fáilte roimh phodchraoltóir nua: April!
  • Fáilte roimh Bhlag Aonghusa!
  • Ceol Podslán: Mercury in Retrograde le The Reverse Engineers
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, November 23, 2005

An tImeall #47 : Ag Dul Thar Sáile

Bad Farantóireachta na Sionainne I
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Podchraoladh taifeadta ar bord an Shannon Breeze, bád de chuid Comhlacht Farantóireachta na Sionainne idir Tairbeart agus Cill Íomaí.
  • Ceol Podslán: Our Nights le Lovespirals
  • Táim "hireáilte"! Foilseofar An tImeall ina cholún sa nuachtán , ar feadh tréimhse triallach, ag tosnú Dé hAoine seo chugainn.
Bad Farantóireachta na Sionainne II
Lipéid: , , ,

Tuesday, November 22, 2005

An tImeall #46 : Agallamh ar Raidio na Life

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • An t-agallamh a chuir lucht An Ríomhchlár ar Raidió na Life orm ar 14ú Samhain. Táim buíoch de Fearghas a sheol chugam an cóip.
  • Tá an Ríomhchlár ina phodchraoladh anois chomh maith ós rud é go bhfuil Fotha RSS curtha ar fáil acu atá so-léite ag bogearraí podghabhála.
Lipéid: , , ,

Monday, November 21, 2005

An tImeall #45 : Léarscáil Frappr na Gaeilge

Léarscáil Frappr na GaeilgeLipéid: , , ,

Friday, November 18, 2005

An tImeall #44 : Cá Bhfuil Tú?

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Éisteoirí an Imill ar fud an domhain
  • Vox Pop na seachtaine seo chugainn spreagtha ag léarscáil na gcuairteoirí.
  • Ceist na seachtaine seo: Cá bhfuil tú?
    • Is fearr abairt amháin. 15 soicind ar a mhéid.
    • Seol na comhaid fuaime go dtí: imeall@gmail.com
    • Nó skype orm ag an seoladh "imeallach" agus fág teachtaireacht.
    • Spriocdháta Déardaoin, 24ú.
  • Ceol Podslán: Drive Away le Matthew Ebel
Lipéid: , ,

Thursday, November 17, 2005

An tImeall #43 : Podchraoladh Laethúil agus iTunes

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Maidir leis an plé a bhí againn ar cé chomh minic agus is cóir dom an clár seo a fhoilsiú - go raibh maith agaibh as bhúr bhfreagraí. Beimíd ag cloí leis an gcóras mar atá.
An tImeall ar iTunes
  • Treoracha agam anseo ar Flickr maidir le conas do bhogearra iTunes a shocrú chun na h-eagráin go léir do phodchraoladh laethúil a tharraingt anuas.
  • Rudaí atá beartaithe agam: Agallaimh, Spaisteoireacht, Fánaíocht
  • Cursai Ceoil - le leathnú.
  • Bhúr míreanna a chraoladh - sibhse a ghríosadh. Cuirigí tús le bhúr mblaganna agus podchraoltaí féin. Bímís ag léamh agus ag éisteacht lena chéile. Beidh an Vox pop á sheoladh arís amárach.
  • Ceol Podslán: Emily Has Compassiion Fatigue le 3 Blind Mice.
Lipéid: , ,

Wednesday, November 16, 2005

An tImeall #42 : Eachtraí Dawn and Drew

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Podchraoladh na seachtaine seo: Dawn and Drew! Sliocht anseo le "mashup" a a cheap a gcara "Stalker Ed". Féachaígí an t-agallamh teilifíse a dhein Fox 6 News - Milwaukee leo. Tá sé ar fáil ar an leathanach seo.
  • Píosa Filíochta an lae inné in ómós do North Atlantic Skyline
  • Tuairiscí ar an Oireachtas ó Chlár Plé Beo agus cuntas an bhlagadóra ó Hilary.
  • Borradh na blagadóireachta Gaeilge:
    • April ar ais i mbun blagadóireachta!
    • Oistín Mac Giobúin - Blag lán-ghaelach seolta aige.
    • GaelTeic. Ceann nua a fuaireas luaite i mo cuntas tarchuir (referral logs!)! Ar fheabhas - teicneolaíocht as Gaeilge!
    É seo go léir bailithe le chéile ar kinja.com/user/gaeilge.
  • An Ghaeilge agus an Ardteist. Díospóireacht shuimiúil ar Wysiwyg.
  • Slándáil Ríomhaireachta:
    • "Rootkit" Sony! Agallamh ag Chris Pirillo le Mark Russinovich a thug an rootkit chun solais. Dearcadh suimiúil ar chúrsai DRM (Digital Rights Management), tionscal an cheoil agus Sony ach go h-áirithe ag P.W. Fenton ar Digital Flotsam.
    • Fiscearacht (Phishing?!) :-) Bígí ar aire do ríomhphostanna ag ligean orthu gur ó eagraíochtaí áirithe iad agus ag iarraidh ort do fhocal faire a nochtadh. Alt maith anseo ar an ábhar ó Michele Neylon
  • "Oíche Mhaith a h-Inkernet"!
Lipéid: , ,

Tuesday, November 15, 2005

An tImeall #41 : Tháinig long ó Valparaiso

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime

    Tháinig Long ó Valparaiso
    Pádraig de Brún 1889-1960

    Tháinig long ó Valparaiso,
    Scaoileadh téad a seol sa chuan,
    Chuir a hainm dom i gcuimhne
    Ríocht na Gréine, Tír na mBua.

    "Gluais,' ar sí, 'ar thuras fada,
    Liom ó scamall is ó cheo,
    Tá fé shleasaibh gorm Andes
    Cathair scáfar, glé mar sheod."

    Bhíos óg is ní imeoinnse,
    Am an dóchais, tus mo shaoil,
    Chreideas fós go raibh i ndán dom
    Iontaisí na ndán 's na scéal.

    Ghluais an long thar lintibh mara,
    Fad ó shin is a crann mar ór,
    Scríobh a scéal ar phár na hoíche,
    Ard i rian na réaltean mór.

    Fillfidh sí aris chugam áfach;
    Chífead cathair bhán fén sléibh,
    Le hais mara na síochána -
    Creidim fós beagnach, a Dhé.

Ceol Podslán: Chopin Nocturne Opus 15 Uimhir 2 le In The Hands
Spreagtha ag North Atlantic Skyline.
Nílim cinnte an bhfuil "Valparaiso" á rá i gceart agam "Valpar-AY-so" a deirimís agus mé ar scoil! :-)

Lipéid: , , ,

Monday, November 14, 2005

An tImeall #40 : Rannpháirteacht

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Gréasán 2.0. Réabhlóid na dtomhaltóirí. Tá liosta nascanna iontrálach bailithe le chéile agam. Cuirfidh mé ar an mblag iad go luath.
  • Fadhbanna fuaime na hAoine seo chaite. Gabh mo leithscéal - agus go raibh míle maith agaibh sibhse a chuir ar an eolas mé. Táimid ag foghlaim na ceirde seo de réir a chéile - agus tá sibhse páirteach san iarracht. Léiriú fuaime, ábhair cainte, leagan amach agus cur i láthair. Is iarracht chomhoibríoch é seo: "Users and developers partying together" Níl idirdhealú idir táirgitheoirí agus tomhaltóirí: táimse ag baint oiread sasaimh as a bheith ag eisteacht leis na rudai ata ag teacht isteach uaibhse.
  • Ceol: Mambo Mhamó le Séamas Ó Neachtain.
  • Bead ar an raidio arís um thráthnona. An Ríomhchlár ar Raidió na Life, inniu ar 6:30pm.
Lipéid: , ,

Friday, November 11, 2005

Athfhoilsiú

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Dheineas praiseach den gcaighdéan fuaime in eagrán an lae inniu. Tá leagan eile anseo atá ábhairín níos fearr. Gabh mo leithscéal.

An tImeall #39 : Níl puinn ullmhúcháin déanta agam

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • An tImeall "Remix". Athmheascaithe ag Séamas Poncán! :-)
  • Ciocu is fearr libh: cláracha gearra laethúla, nó clár fada seachtainiúil?
  • Bíodh deireadh seachtaine deas agaibh!
Lipéid: , , ´

Wednesday, November 09, 2005

An tImeall #38 : Oscars na mBlaganna

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Tá rannóg Ghaeilge molta dos na Irish Blog Awards. 'Sé mo thuairimse gur chóir an teideal "Best Irish Language Blog" a leathnú go dtí “Best Use of the Irish Language in a Blog”. Tá mo thuairim curtha in iúil agam go dtí lucht eagraithe na nduaiseanna ar an suíomh seo. Cad a cheapann sibhse?
  • Scéal an Phíobaire
  • Cloisfear an tImeallach ar an raidió anocht - ar an gclár Tobar an Cheantair, ar KCLR 96FM i gCeatharlach.
  • Ceol Podslán: Shine On Me, le hellozero
Lipéid: , , ´

Tuesday, November 08, 2005

An tImeall #37 : Fáilte don Éan

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime

Failte don Éan
le Séamas Dall Mac Cuarta (1647? - 1733)

Fáilte don éan is binne ar chraoibh,
Labras ar chaoin na dtor le gréin;
Domsa is fada tuirse an tsaoil,
Nach bhfeiceann í le teacht an fhéir.

Gach neach dá bhfeiceann cruth na n-éan,
Amharc Éireann, deas is tuaidh,
Bláth na dtulach ar gach taoibh -
Is dóibh is aoibhne bheith á lua.

Cluinim cé nach bhfeicim gné,
Seinm an éin darb ainm cuach;
Amharc uirthi i mbarra géag,
Mo thurise géar nach mise fuair.

Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar mo amharc a fháil
Go bhfeicfinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás;
Cuid de mo ghruaim nach gluaisim ag cruinniú le cách,
Le seinm na gcuach ar bhruach na coille go sámh.


Lipéid: , , ,

Monday, November 07, 2005

An tImeall #36 : Táim fós anseo

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Voxpopanna ar an gceist: "Conas do dhochtúir teaghlaigh a athrú?" Podchraoltóirí na seachtaine seo: Nicole agus Séamas! Go raibh maith agaibh beirt! (Ceol Podslán: Irish Eye le The Meshes)
  • Mo sheoladh nua gmail (buíochas do Nicole a bhronn cuireadh orm!): imeall@gmail.com.
Lipéid: , , ´

Wednesday, November 02, 2005

An tImeall #35 : Ag Baint an Fhéir Ghoirm

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Podchraoladh na Seachtaine: The Bluegrass Preservation Society, Gassaway, West Virginia. Dhá shliocht anseo: ó eagráin 45 agus 49.
  • Táim mí-shásta le Odeo mar phodghabhálaí! Ag filleadh ar iPodder Lemon
  • Speam agus gadaíocht na bhfocal faire. Bígí ar aire do ríomhphostanna ó "PayPal" nó "Ebay" - mar dhea! Táim buíoch do Caoimhe a dhein an t-ábhar seo a bhlagáil cheana. Comhairle Paypal:
    "NEVER give your password to anyone, including PayPal employees. Protect yourself against fraudulent websites by opening up a new web browser (e.g. Internet Explorer or Netscape) and typing in the PayPal URL every time you log in to your account."
Lipéid: , ,

Tuesday, November 01, 2005

An tImeall #34 : Cuir Skype Orm!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cursai caighdeán fuaime: beidh cláracha uile na sechtaine seo ionchódaithe ag 96kbps. Insígí dom le bhúr thoil má bhíonn aon fhadhb agaibh leis an gcaighdeán sin fuaime.
  • Áiseanna táirgithe fuaime don Vox Pop:
    • Sound Recorder: ba chóir go mbeadh an clár seo fite fuaite le Windows ("C:\windows\system32\sndrec32.exe")
    • Audacity
    • Castblaster
  • Skype! Faigh Skype ón suíomh skype.com, ansin cuir glaoch skype orm ag an ainm "imeallach" (Scaidhp Orm!), agus fág teachtaireacht ar mo bhosca "voicemail"!
  • Ceol Podslán: romany dance gitano flamenco le hellozero
Lipéid: , ,