Friday, March 25, 2005

Laethanta Saoire

Tá súil agam go raibh Féile Pádraig deas ag gach éinne, pé áit ar domhain in bhfuil sibh! Féile idirnáisiúnta is ea í anois, agus deis don náisiún seo é féin a chur chun cinn. Nách trua, más ea, na tréan-iarrachtaí a dhein daoine áirithe droch-chlú a tharrach orthu féin agus ar mhuintir na h-Éireann i gcoitinne? Tá 364 lá eile sa bhliain a d'fhéadfaidís a chaitheamh ar an ndrabhlás - cad 'na thaobh go gcaithfidís seó a dhéanamh díobh féin ar an lá náisiúnta?

Thaitin an sos go mór liom. An chéad saoire ó bhi an Nollaig. Agus ritheann sé isteach go deas le saoire na Cásca atá buailte linn anois. An t-Earrach i mbarr a réime; an dúlra á chorraí féin tar éis an Gheimhridh; an fás le brath, le clos - nách mór - i ngach aon áit; an teas san aimsir agus an síneadh sa tsolas. Tá geimhreadh fada dorcha curtha dínn: dorcha agus sinn ag fágaint chun dul ag obair, dorcha agus sinn ag filleadh. Ní fheiceann comharsana béal dorais a chéile ó Dheireadh Fómhair go Márta.

Seachtain na Cásca, osclaíonn páirceanna carbhán Chill Chaoi a ngeataí don tséasúr nua. Áitreabhaigh Luimní, de réir sean-nós a sinsear, fillfidh siad ar na tithe so-ghluaiste a choimeádann siad ó bhliain go bliain. Osclóidh siad na fuinneoga agus na dóirsí agus rachaidh síos ar an dtrá ag siúl, ag ligean do ghaotha úra na Márta aer leamh an iaimh a scuabadh amach. Caithfidh siad cuid mhaith den tsamhradh anseo: deireadh seachtainí agus laethanta saoire na scoile, tráth a fhanfaidh leanaí anseo i dteannta a máithreacha, Daidí ag filleadh ar an gcathair chun oibre. Ní bhraithfidh siad uatha cáirde an gheimhridh - tá cuid mhaith acu san ag campáil anseo chomh maith - agus níl aon easpa comhluadair do dhream a fhilleann ar shean-shlite, bliain i ndiaidh bliana. Go deimhin, tá caidrimh ar leith acu anseo leis, le h-athnuachan sna laethanta atá rompu.

Seo tús an tséasúir do lucht gnó agus d'oibrithe tionscail na turasóireachta - agus tráth gníomhach gnóthach leis do lucht na siopaí péinte agus crua-earraí, agus dos na lár-ionaid garraíodóireachta! Táimíd dár gcroitheadh féin agus ag ullmhú chun bogtha (seomra le péinteáil agamsa!) Go n-éirí lenár n-iarrachtaí go léir, pé beag nó mór!

Lipéid: ,

Comhbhailitheoir Blaganna Éireann

Agus mé ag trácht ar chomhbhailiú, seo chugainn suíomh nua, www.irishblogs.ie, ag díriú ar bhlaganna Éireannacha. Tá roinnt mhaith des na blaganna is fearr liom bailithe ann cheana féin, agus táim ag súil go mór leis an suíomh seo a úsáid.

Lipéid: , ,

Wednesday, March 16, 2005

Cois Cuain

An sobaldráma is fearr in Éirinn - tá sé i nGaeilge, ach ní ar Ros na Rún atáim ag caint. Craoltar Cois Cuain ar Radio na Gaeltachta. Ní fheadar go cruinn cén sceideal craolta atá aige, ach tá sé cloiste go minic agam mar mhír sa chlár "Cuideachta", a bhíonn ar siúl ó Luan go Déardaoin ag a 3 a chlog i.n.. Tá scoth na h-aisteoireachta agus na léirithe ann, ach dar liom 'sé caighdeán na scríobhóireachta an gné is tabhachtaí den sort seo drámaíochta, agus níl sárú Chois Cuain ann.

Ní mór an cur amach atá agam art na carachtaeirí ná ar an scéal - níl sé cloiste minc a dhóthain agam. Ach is aoibhinn liom an chaint a bhíonn acu. Comhráití beoga, bríomhara nádúrtha i nGaeilge bhinn Thír Chonaill. Caint nádurtha a chloisfeá ar an sráid, sa tsiopa - nó dá mba chuil ar an bhfalla tú - i gcistiní dhúiche ar bith.

An comhrá idir an déagóir Imelda agus a máthair, a chuala Dé Luain, mar agallamh drámatúil bhí sé chomh maith le h-aon rud a chuala riamh. An teannas agus an choimhlint, an gliceas agus an deisbhéalachas, an casadh tobann agus an t-ábhar drámatúil - bhí na píosaí riachtanacha go léir ann - agus caint bhreá líofa nádúrtha. Bhaineas an-phléisiúr as, mar ar léir gur bhain na h-aisteóirí chomh maith céanna. Maith thú a scríobhnóir, agus maith sibh RnaG na nDoirí Beaga!


Tá an t-uafás ama á chaitheamh agam sa charr na laethanta seo. Rud a thugann deis dom leithéidí Chois Cuain a chlos. Ach dá fheabhas í seirbhís RnaG, ní féidir do chluas a choimeád leis an raidio an lá ar fad. Tá sé i gceist agam cóip de SnaG'05 a cheannach go luath, ach láthair na h-uaire táim ag éisteacht le Éist, a fuaireas ar iasacht le déanaí. Paul Brady agus Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair! Iontach - beidh an téip caite agam sara fada má leanann an síorchasadh seo!

Lipéid: , , ,

Monday, March 14, 2005

Lipéid Technorati

De réir mar a théim i dtaithí orthu seo, is ea is mó a thugim an cumas atá acu.

Táimse chun cinn Ghaeilge a úsáid. Ní h-aon mhaith dom, mar shampla, an lipéad computing a úsáid. Chuirfeadh san isteach le cnuasach blaganna Béarla ó chríocha uile an domhain mé, agus níorbh fhiú é sin a dhéanamh ar mhaithe leis an gcéatadán beag Gael-geeks a chifeadh ann é! Má's Gaeilgeoir tusa agus má's suim leat an ríomhaireacht, is cóir duit a bheith ag faire an lipéid . Díreach mar atá lucht na Fraincíse ag lipéadú le informatique.

Déanfaidh mé eisceacht amháin: 'sé sin . Má táthar ag súil go bhforbróidh an lipéad sin mar chomhbhailitheoir tuairimíochta na tíre seo, is ann, i lár an aonaigh, is ceart agus is cóir do thuairimí Gaeilge a bheith.

Lipéid: , , ,

Sunday, March 13, 2005

Blaganna agus Comhbhailiú

Tá ualach eolais agus tuairimí ar fáil sa bhlagchruinne. An-éagsúlacht. Agus an-thráthúlacht, ach go h-áirithe. Is i dtráth an eachtra féin, nuair atá an saol i gcoitinne lasta le caint ar ábhar mór conspóide éigin, a mbíonn fiúntas ar leith na mblaganna le sonrú. Scaipeann an scéal ó bhlag go blag, agus cuirtear an t-iomlán le chéile: fíricí, fiainise, ainilís, tagairtí d'ábhair agus d'eachtraí eile, tuairimí agus malairt tuairimí - i bhfocal amháin: "léargas".

Bhuel, sin an teoiric, ar aon nós! Tá fírinne an scéil ábhairín difriúil.

Laige bheag amháin a chímse leis na blaganna is ea an claonadh láidir atá ag blagadóirí chun dlúth-chaidreamh a chothú leo san a bhfuil na tuairimí agus an pholaitíocht chéanna acu. Is claonadh nádúrtha daonna é. Má tá dearcadh ar leith agamsa, cuirfidh mé suim i mblaganna le daoine a bhfuil dearcadh cosúil acu. Is iad na blagadóirí báiúla seo a bheidh sonraithe i mo bhlag-rolla agam. Léitheóirí mo bhlag, cífidh siad tacaíocht do mo chuid tuairimí agus iad ag léamh na blaganna eile atá i bpáirtíocht liom.

Tríd is tríd, teastaíonn ó bhlagadóirí a dtuairimí a phlé le daoine a bhfuil réimse leathan tuairmí acu, ach tá sé deacair a shéanadh go gcítear an cnuasach céanna blaganna sonraithe ar bhlag-rollaí a chéile. Rud nádúrtha is ea é seo, agus tá sé deacair claonadh mar seo a shárú.

In alt do Blogger, míníonn Biz Stone go bhfuil léargas na fírinne le fáil ar do rogha ceist - ach do dhóthain blaganna a chíoradh! Tagraíonn sé do thurgnamh na "jelly beans" rud a léiríonn go bhfuil gaois sa tslua, ach an slua a bheith comhshuite de réir coinníollach áirithe, 'siad san:
  1. Éagsúlacht tuairimí

  2. Neamhspleáchas na mball

  3. Dílárnú

  4. Módh chun na tuairimí a chomhbhailú

Sásaíonn blag ar bith an chéad trí choinníoll go fuirist, ach tá rud amháin eile sa bhreis de dhíth ar formhór na mblaganna chun an ceathru ceann á shásamh. Is é sin an módh cómhbhailithe. Mar a dúirt, ní leor na nascanna ar na blag-rollaí a leanúint má tá tú ag iarraidh an scéal iomlán. Ach tá réiteach ann.

Samhlaigh, más maith leat, go bhfuil blagadóirí Lilliput in achrann faoi cheist na n-uibheacha, agus ciocu is fearr iad a oscailt ag an bhfoirceann beag nó ag an bhfoirceann mór. Ní léann siad blaganna a chéile (arsa Gulliver: "the books of the Big-endians have been long forbidden"). Mar sin, ar bhlag-rollaí na Big-endians níl ach nascanna go Big-endians eile, agus mar an gcéanna le blagadóirí na bhfoirceann beag.

Ach samhlaigh dá mba nós leis an ndá dhream a n-altanna a ghreanadh le lipéid Technorati. Agus dá gcuirfídís araon, big-endians agus little-endians, an lipéad |uibheacha| ar na h-altanna ina bpleánna siad an cheist sin. Ansin, dá mbeifeá ag iarraidh an léargas iomlán a fháil ar an mór-cheist seo, ní bheadh le déanamh agatsa ach dul go dtí http://www.technorati.com/tag/uibheacha, áit a gheofá tuairimí an dá thaobh.

Sin é, mar sin, an módh éifeachtach comhbhailithe a shásaíonn an ceathrú coinníoll. Seo é atá i gceist ag Bernie Goldbach nuair a mholann sé, mar chéim tosaigh ar a laghad, gur cheart go mbeimís go léir ag cur an lipéad lenár mblag-bhlúiríní. Tá torthaí comhbhailithe na h-iarrachta san le feiscint ar http://www.technorati.com/tag/Irishblogs.

Dár ndóigh, ní hé Technorati an t-aon réiteach ar fhadbh an chomhbhailithe. Má tá fóram agat d'ard-chaighdeán, a bhfuil éagsúlacht mhór cainteóirí sásta é a úsáid, beidh an toradh céanna air. Ach is é an prionsabal céanna atá ann i gcónaí. Cás speisialta atá in Slugger O'Toole, áit a bhfuil mór-cheist á plé ar suim le roinnt mhaith daoine. Is fiú suíomh speisialta a reachtáil dá leithéid. Ach d'fhéadfaí an comhbhailiú céanna a chur i gcrích (gan an dea-chuma agus eagar atá ar Slugger, dár ndóigh) dá n-úsáidfeadh na scríobhnóirí go léir an lipéad |northernirelandpolitics| (nó fiú |sluggerotoole| - is cuma cén t-ainm atá ar an lipéad chomh fada is a thoilíonn gach éinne an lipéad céanna a úsáid) ina mblaganna féin.

Tuilleadh plé ar an ábhar seo ar WhoisIreland Review agus ar LoopDiLoop.

Gluais

Lipéid: , ,

Blaganna Éireannacha - Blaganna Gaeilge

Tá ceist á plé le déanaí i mblagchruinne na h-Éireann maidir le saintréithe an bhlag Éireannaigh. Thagair Bernie Goldbachle déanaí, agus spreag freagra uaimse.

Saturday, March 12, 2005

Gaeilge OK anseo? - Braitheann sé.

Cíorann clar ple beo ceist an Ghaeilge i siopaí agus caiféanna Gaelacha. Arsa Fear na gCrúb:
Bhuail mé féin isteach i gcaife Gaelach lá amháin agus bhí comhartha breá ann le uchtach a thabhairt dom an Ghaeilge a labhairt… “Labhair an Ghaeilge anseo”…. “dhá cheapaire sicín agus pota tae” arsa mise. “I’ve no chicken left, and that’s all the Irish I have too” arsa bean an tí.

Agus sin í an fhírinne! (ní luafaidh mé áit no ionad ar bith)

Agus bhí scéal mar sin ag Michal:
Luafaidh mise. Tharla a leithéid dom uair
amháin sa Bhananaphoblacht (an t-aon uair a bhí
mé ann) i nGaillimh

agus ceann agam féin:
Agus domsa chomh maith i mBananaphoblacht, tuairim is bliain o shoin. Cosúil leat féin a Mhichíl, b'shin í an t-aon uair riamh a bhíos ann, agus bhí díomá orm dá bharr, ach níor thógas orthu é. Meiriceánach óg a bhí taobh thiar den gcúntar an oíche chéanna, agus bhí ar an bhfear bocht a leithscéal a ghabháil as an easpa Gaeilge agus an easpa bídh a bhí aige: bhí sé déanach san oíche agus gan acu ach caife agus rudaí éadroma - cé go rabhas-sa ar thóir dinnéir.

Ach is cuma san. Tá a gcuid fógraí agus a mbia-chláir Gaeilge le feiscint ann, agus déarfainn dá mba am éigin eile é go mbeadh flúirseacht Gaeilge le clos ann. An rud is tabhachtaí ná go raibh sé soiléir go raibh fáilte roimh mo chuid Gaeilge ann! 'Sé sin le rá: níor bhraitheas ait ag baint triail as Gaeilge a labhairt leis. Níor bhraitheas go rabhas ag brú mo chuid Gaeilge air, ná ní rabhas maslaithe nuair ná raibh sé in ann mé a fhreagairt. Sampla is ea é seo do "chuirtéis teanga" - tréith a bhíonn le sonrú áit a mbíonn sochaí ilteangach aibí. (Ar chuala éinne agaibh Neasa Ní Chinnéide ó Bhiúró Eorpach na dTeangacha Neamh-Fhorleathana ag caint faoi seo ar "An Saol ó Dheas", RnaG le linn na seachtaine? Caint an-stuama agus dochasach maidir le todhchai na teangan. An-shuimiúl.)

Mar sin, fair play do Alex Hijmans, agus go maire sé a ghradam ó Ghaillimh le Gaeilge. Agus maith iad Bríd Ní Chonóile agus foireann G-le-G. Tá a rian fágtha ar ghnúis na cathrach ag an sár-obair atá curtha isteach acu leis na blianta.

Ar deireadh, tá pointe suntasach ag An chuileog ar an mballa maidir leis an leisce a bhíonn ar mhuintir na Gaeltachta Gaeilge a labhairt le stróinséirí:
Chaithfeá Gaeilge / Gaelainn / Gaelaic a bheith agatsa féin ag leibhéal an chainteoir dúchais -- árdchaighdeán Gaeilge agus í líofa blasta agat -- sula labhródh muintir na Gaeltachta a dteanga phríobháideach féin leat agus tú i do stróinséir acu. Chaithfeá-sa do chumas Gaeilge a léiriú i dtosach. Ní cur i gcéill ná gallamaisíocht acu sin í an Ghaeilge ach a dteanga teaghlaigh féin agus ní mian leo bheith badaráilte le lucht cúpla focal, daoine a thiocfadh isteach ag Béarlóireacht eatarthu féin agus ansin ag caitheamh cúpla focal Gaeilge le "muintir na háite" le gaisce a dhéanamh os comhair a gcairde. B'fhéidir nach náire atá orthu ach bród.

Thagair Neasa Ní Chinnéide don nós seo chomh maith agus í ag caint le Mícheál Ó Sé, Déardaoin. Dúirt sí go mba mhór an dainséar don teanga dá gcúlódh sí isteach sna cistiní príomháideacha, agus mura cloisfí í á labhairt go poiblí. Mar a dúirt, an-chaint a bhí ann, agus an-ghríosadh d'aon duine ar chúis leo cur chun cinn na Gaeilge i saol na linne seo. Is trua ná coimeádann RnaG ach an t-aon leagan amháin is déanaí dá gcuid cláracha ar a suíomh idirlín. Tá an comhad fuaime sábhálta agam féin, b'fhéidir go mbeinn abálta blúire dó a chur ar fáil anseo, ach n'fheadar cad iad na ceisteanna cóipchirt a bhainfeadh leis sin a dhéanamh?

Úirlisí na blagála

Ní mór an t-achar é ón uair ná raibh tuairim agamsa cad í an chiall a bhain leis an bhfocal "blog", agus fós féin braithim go bhfuil printíseacht fhada romham sa cheird seo. Ón méid atá feicithe agam, is dócha go bhfuil formhór phobal na blagála ag foghlaim leo ar an gcaoi chéanna, agus sinn go léir ag dul i dtaithí ar fhéidireachtaí suntasacha an chaidrimh seo idir stróinséirí.

Roghnaíos blogger.com mar gur dóigh liom gurb é is fusa le n-úsáid, go h-áirithe don nuíosach. Táim thar a bheith sásta leis, ach mar sin féin, do thugas fé ndeara ón dtús go bhfuil éagsúlacht mhór uirlisí in úsáid ag an bpobal i gcoitinne. Ach go h-áirithe, tá cuid des na blaganna is fearr liom ag baint úsáide as an gcóras Moveable Type. Mar aon leis sin, úsáideann roinnt mhaith daoine bun-sheirbhís Blogger.com, ach in ionad an bun-chóras dos na freagraí úsáideann siad córas Halo. De réir cosúlachta, tá buntáistí leis seo, ach go h-áirithe sa mhéid is go tacaíonn Halo le "Trackback" (féach anseo, leis), rud a chothaíonn an caidreamh idir bhlaganna.

Táim ag smaoineamh ar Halo a chur i bhfeidhm anseo, agus b'fhéidir cúpla leasú eile (pictiúirí, mar shampla) de réir mar a bhím ag foghlaim. Ní saothar aon lae a bheidh ann, pé scéal é. Má tá moltái nó tuairimí agaibh i dtaobh na gcóras is fearr, abraigí libh!

Wednesday, March 09, 2005

Go raibh maith agat, Live 95 FM

Do bhí an-rogha ceoil ar Live 95 FM Luimní, agus mé ar an mbóthar ar maidin mhoch. Mama Cass Elliot – “Dream a Little Dream”. Aoibhneas! É ina phop-amhrán foirfe, an tslí ina bhfuil sé léirithe ag guth aoibhinn Chass. Fillim ar RnaG – ach mo léan, táim rodhéanach – cloisim an láithreoir a’ ra go bhfuil sí tar éis Róisín Elsafty a chasadh agus í ag canadh “Coinnleach Glas an Fhomhair”. Tá guth agus ealaíon osnádúrtha ag an gcailín sin – agus cóiriú álainn déanta ar an dtaifeadadh sin ina bhfuil sí á tionlacan ag ceolfhoireann RTE.

Ag filleadh ar stáisiún Luimní arís - cad é seo? Dord agus piano? Cas in airde é! Bagatelle agus “Love is the Reason”. Tá an bóthar seo dom' thabhairt siar go 1980! Seachain an teorainn luais, a thiománai!

Sunday, March 06, 2005

Plé Cheist na Gaeilge sna Meáin Bhéarla

Táim buíoch do Gaelport.com a chuireann an téacs seo ar fáil. Alt i mBéarla is ea é, scríofa ag Pól Ó Muirí ón Irish Times do Magill na míosa seo chaite, ina dtugann sé dúshlán na díospóireachta claonta sna meáin Bhéarla ar cheist na Gaeilge. Aimsíonn sé croí na faidhbe nuair a deireann sé go bhfuil téarmaí tagartha na díospóireachta dá leagadh síos ag daoine atá naimhdeach don nGaeilge agus aineolach ar shaol na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Níl de chur amach acu ar an dteanga ach mar ábhar scoile nach bhfuil puinn tabhacht aige ina saol anois. Cuireann Ó Muirí ainmneacha le laochra geala saol Gaeilge na linne seo; réalta Éirinn atá "faoi cheilt". Braitheann sé go bhfuil an díospóireacht curtha as a riocht toisc ná tugtar an seans do na Gaeilgeoirí súáilceacha seo a gcás a chur ós comhair phobal an Bhéarla.

Dála an scéil, tá Kevin Myers róstaithe go maith ag Panu ar a bhlag siúd. Dár ndóigh chaitheas-sa lámh chúnta a thabhairt don ndea-obair sin! :-)

Saturday, March 05, 2005

Acmhainní Gaeilge ar an Idirlíon