Thursday, September 27, 2007

Imeall #181: An Bua ag an Slua

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaReachtálfar PodChampa Éireann i gCill Chainnigh Dé Sathairn seo chugainn, ar mahithe le h-eolas a roinnt faoin bpodchraoltóireacht, faoi “na meáin shóisialta”, agus faoin slí ina gcuirtear i bhfeidhm iad i gcúrsaí gnó, oideachais, sóisialta srl.

Tugtar “neamhchomhdháil” ar an sort imeachta seo. ‘Sé sin le rá: tá sé préamhaithe sa phrionsabal nach iad na “cainteoirí” na daoine is tabhachtaí ag an gcomhdháil. Go deimhin, b’shin cuid den spreagadh a bhí ag an dream a chuir tús leis. Bhí siad tinn tuirseach de bheith ag éisteacht leis na daoine ceannan céanna ag rá na rudaí ceannan céanna ag comhdháileanna éagsúla, bliain i ndiaidh bliana. Bíodh is gur fiú éisteacht le taithí agus le tuairimí an bhoic mhóir – ní féidir gurb é sin bun agus barr gach scéil, nó sin é a mheas siad.

Ag breathnú ar a gcomhleacaithe ag freastal ar na comhdháileanna sin, chonacthas dóibh go raibh cuid mhaith acu ar aon intinn leo. Go deimhin, bhí sciar maith daoine nach raibh ag bacaint le h-éisteacht leis na cainteanna in aon chor. In ionad suí go ciúin sa lucht éisteachta, bhíodar amuigh sna pasáistí ag bladar le daoine eile ar aon intinn leo – ag “líonrú” mar a deirtear agus ag foghlaim óna chéile.

Tá bun-airteagal ar leith de chuid na gluaiseachta nua idirlín i gceist anseo nach miste a shonrú: finiméan ar a dtugtar “Gaois an tSlua”. Ní h-ionann sin le rá go bhfuil an slua níos clistí ná an saineolaí i gcónaí. Dá mb’amhlaidh a bhí ní bheadh aon ghá againn le saineolaithe. Ach mar a mhíníonn James Surowiecki ina leabhar, “The Wisdom of Crowds”, tá an bua ag an slua, sá chás go sásaítear coinníollacha áirithe.

‘Sé atá sa neamhchomhdháil, mar sin, ná iarracht na coinníollacha sin a chomhlíonadh, agus súáilcí na gcomhráití imeallacha sa phasáiste a thabhairt isteach go croí-lár na comhdhála.

An neamhchomhdháil is mó trácht air ná BarCamp. Cuireadh tús leis na campaí teicneolaíochta seo mar aighneacht i gcoinne chomdháil eile, FooCamp, nach féidir freastal air ach go bhfaigheann tú cuireadh ó lucht a stiúrtha. Bhí an BarCamp is déanaí in Éirinn i nGaillimh Dé Sathairn seo chaite. Agus tá na podchampaí ag teacht sna sála anois orthu! Beidh tionól Chill Chainnigh ar an gchéad cheann in Éirinn.

Mar sin, más suim leat níos mó a fhoghlaim faoin bpodchraoltóireacht, beidh fáilte romhat. Tá PodChampa saor in aisce, ach iarrtar ort clárú roimh-ré ag podcampireland.com le gur féidir tú a chothú! Ach ná bí ag ceapadh go ligfear duit suí i do thost ag sú na gaoise! Ní h-é sin nós na neamh-chomdhála. Mura bhfuil agat ach ceisteanna, beidh tú ag cur leis an iarracht, chomh maith le h-aon saoineolaí.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Saturday, September 15, 2007

Lá Breithe Sona, a Raidió Fáilte

Raidió Fáilte, stáisiún Gaeilge Bhéal Feirste, ag ceiliúradh bliain ar an bhfód inniu. Tá an-áthas orm go bhfuair An tImeall cuireadh go dtí an chóisir, agus táim ag tnúth go mór leis an ócáid um thráthnóna sa Chultúrlann.

Go raibh fada buan sibh!