Tuesday, July 31, 2007

Imeall #176: An Líonra Soghluaiste

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua“’Sé an líonra an ríomhaire”, dúirt John Gage ó Sun Microsystems i 1984. Táimíd fós ar an mbóthar chun an aisling sin a fhíorú, ach tá dul chun cinn mór á dhéanamh i láthair na h-uaire.

Nach cumasaí go mór an ríomhaire bóird agus acmhainní fairsinge an idirlín ar a thoil aige? Anois ‘sé an chéad chéim eile ná an líonra soghluaiste a fhorbairt. Tá na comhlachtaí fón póca ar a ndícheall ag cur táirgí nua ar fáil faoi láthair. ‘Siad O2 an dream is déanaí, le córas a chuirfidh 3.6kbps ar fáil tríd an aer do 75% do dhaonra na tíre.

Má tá an líonra ar fáil, méadaíonn na féidireachtaí. Tá fóin phóca ag athrú ina ríomhaírí beaga, agus tá ríomhairí beaga dá bhforbairt atá an-chosúil le fón. Meastar gurb é an Nokia N95 rí na ngiúirléidí beaga seo le tamall anuas – nó b’é go dtí gur tháinig an iPhone ar an saol.

Tá locht faighte ag daoine ar an iPhone i Meiriceá, toisc nach bhfuil cumas 3G aige. Úsáideann sé an córas EDGE, nach bhfuil chomh tapaidh le 3G. Ach tá WiFi aige, rud a chiallaíonn gur féidir leis suas le 11Mbps a fháil ó phoinntí rochtaine WiFi in oifigí, i dtithe ósta, agus fiú ar roinnt sráideanna cathracha, mar atá curtha ar fáil ag Google in Mountain View, California. Agus tá Google ag cur geall go bhfásfaidh an t-éileamh do sheirbhísí soghluaiste. D’fhógraíodar an tseachtain seo chaite go bhfuil rún acu breis agus $4.6 billiún a íoc ar mhinicíochtaí raidió a bheidh ag dul ar cheannt iMeiriceá.

Dála an scéil, má bhíonn tú ag lorg WiFi sa Chrúiscín Lán sa Spidéal, chífidh tú go bhfuil treoirbhilleog i nGaeilge ar fáil chomh maith. Bualadh bos don gcomhlacht Bhleá Cliathach Bitbuzz a chuir ar fáil í.

Ar deireadh, táim ag baint fíor-thaitneamh as eachtraí spreagúla an fhiontraí gnó Pat Phelan, mar atá á bhlagáil aige ar blog.roam4free.ie. Tá sé ag obair de ló is d’oíche chun a chomhlacht teileachumarsáide Cubic Telecom a sheoladh, agus tá sé chomh gnóthach gur laindeáil sé san óispidéal toisc gur dhein sé dearmad paiste nicitín a bhaint dá láimh! Tá sé i gceart is i gcóir arís, ach do chuir sé Lloyd Bridges i gcuimhne dom sa scannán Airplane: “Looks like I picked the wrong week to quit smoking!”Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, July 25, 2007

Grúpa Nua Ríomhphoist do Thuismitheóirí le Gaeilge

Fuaireas ríomhphost ó Bhrian Ó Broin:
Ba mhaith liom thú a chur ar an eolas faoi ghrúpa nua a bunaíodh ar "Yahoo Groups" le déanaí atá dírithe ar
thuismitheoirí le Gaeilge. Bheinn an-bhuíoch dá dtabharfá pé poiblíochta agus is féidir leat dó.

Is ró-mhinic, faraor, an tuismitheoir le Gaeilge ag streachailt araon i mbaile nó i gcathair, nó b'fhéidir fiú thar lear. Tá go leor againn singil nó pósta le daoine nach bhfuil Gaeilge acu.

Tá sé deacair go leor cheana féin páiste a thógáil le Gaeilge, go háirithe nuair nach bhfuil áiseanna sásúla ar fáil don tuismitheoir, nó nuair nach cainteoir dúchais an tuismitheoir. Fiú gan na fadhbanna seo, is annamh a gcasann tuismitheoirí le Gaeilge ar a chéile.

Díríonn an grúpa seo ar na fadhbanna seo uilig, ag iarraidh fóram a chruthú inár féidir le tuismitheoirí na fadhbanna a phlé, agus teacht le chéile i dtimpeallacht Ghaelach.

Tá ballraíocht sa ghrúpa saor in aisce, agus is féidir teacht ar an ngrúpa ag an seoladh idirlín seo leanas.

http://groups.yahoo.com/group/tuismitheoiri
Go raibh maith agat, a Bhriain - táim cláraithe!

Lipéid: , ,

Tuesday, July 24, 2007

Imeall #175: Fís

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an-thrácht ar chúrsaí físe ar an idirlíon le tamall. Tá YouTube.com luaite go minic againn, ach tá seirbhísí cosúil leis ag Revver.com, Dailymotion.com, Blip.tv agus ag na scórtha suíomh eile nach iad.

Tá an gné sóisialta an-thabhachtach sna suíomhanna seo, go h-áirithe sa mhéid is gur féidir físeáin a neadú isteach i mblaganna agus i leathanaigh idirlín eile. Má tá do bhlag féin agat, is deas an maisiúchán ar do leathanach féin é físeán taitneamhach dea-chumtha a bheith suite air.

Mar mhódh scaipthe faisnéise, oibríonn sé ar an bprionsabal céanna le h-eireaball na péacóige. Bronann géinte na péacóige a eireaball taibhsiúil air – agus cuidíonn sin leis na géinte céanna a dháileadh. Dá fearr an físeán, is ea is mó daoine a thaispeánfaidh dá gcáirde é. Treisíonn agus buanaíonn an gníomh sin an caidreamh atá ag an duine lena chiorcal sóisialta – agus scaipeann an físeán.

Luaigh mé Justin.tv cheana. Níl Justin agus a cháirde ag beo-chraoladh chomh minic agus a bhí ach tá roinnt mhaith daoine ag baint úsáid as seirbhísí cosúil le ustream.tv chun beo-chraoladh a dhéanamh ar imeachtaí ar leith. Mar shampla, baineann an craoltóir raidio agus idirlín Leo Laporte úsáid as ustream.tv chun pictiúrí beo a chraoladh ón stiúidío agus é i mbun oibre ar a chlár raidio “The Tech Guy” - lena chat ar a ghlúin aige!

Cuireann an teicneolaíocht seo ardán nua ar fáil do lucht déanta scannán – rud a thuigeann an comhlacht Éireannach Wildwave go rí-mhaith. Cruinníonn siad scoth na scannán ón domhan mór isteach ina gcainéil digiteacha atá ar fáil ar leithéidí córas Vodafone dos na fóin póca agus ar seirbhísí teilifíse idirlín ar nós Joost.com.

I ndáiríre – ní fís go Joost! Ní foláir suí siar i do chathaoir chun é a fheiscint i gceart. Líonann sé scáileán do ríomhaire le pictíurí de chaighdeán ard. Tá sé dian a dhóthain ar an gceangal idirlín, agus dá bhfágfá ar siúl é is dócha nach dtógfadh sé i bhfad air do theorainn mhíosúil á shárú ar do chúntas leathanbhanda. Ach tá sé go h-álainn ar fad – ní bheidh meas muice agat ar phictiúirí YouTube in a dhiaidh.

Réamh-amharc ar an dtodhchaí atá in Joost, agus tá tá an córas faoi thástáil beta príomháideach i láthair na h-uaire. Tá dhá chuireadh go dtí an beta le spáráil agam, don gchéad bheirt a dhéanfaidh teagmháil liom.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: In A Long Time le 46bliss.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, July 18, 2007

"Caithfear an t-imeall a chosaint" - Ó Cuív

Fan nóiméad - cad é seo? An amhlaidh cur cúis imní don Aire an suíomh beag seo?

Clic ...
"Caithfear an t-imeall a chosaint" sin a bhí le rá ag an Aire Éamon Ó Cuív, T.D., ar Adhmhaidin Raidió na Gaeltachta ar an 10.07.2007 agus é ag labhairt faoi thaighde pobail a rinneadh i Maigh Cuilinn Contae na Gaillimhe ina léirigh 92% den phobal gur mhaith leo go leanfadh an stádas Gaeltachta atá ag an bpobal.
Á ... ceart go leor, más ea ...
;)

Lipéid: , ,

Tuesday, July 17, 2007

Imeall #174: Tír Álainn Trína Chéile

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaBhuel, bhí laethanta saoire fada againn, ach táimíd ar ais i mbun oibre arís ar imeall.com. Agus tá blagadóirí na Gaeilge ag treabhadh leo i gcónaí – agus suíomhanna suimiúla nua ag teacht chun cinn, ar nós Gael-Taca.com, suíomh de chuid na h-eagraíochta sin i gCathair Chorcaí. Tá podchraoladh ar an suíomh acu chomh maith: sleachta seachtainiúla ón gclár raidio a dheineann siad ar Raidio Campus Ollscoile Chorcaí. Tá píosa deas acu san eagrán is déanaí ar bheatha agus ar shaothar an fhile Seán Ó Ríordáin.

Tá Tír na mBlag ar chúl an ríomhaire - agus i láthair na h-uaire tá sí gach pioc chomh trína chéile le Cúl a’ Tí! ‘Sí an chúis ná go bhfuil forbairtí agus athraithe ag teacht ar mhódhanna agus ar úirlisí na blagadóireachta. Dheineas trácht beag ar an mion-bhlagadóireacht sarar ghlac mé sos. Sin iad na córais ar nós twitter.com agus jaiku.com, a chuireann srian ar fhaid na dteachtaireachtaí ar féidir a scríobh, sa tslí is go n-oiriúnaíonn siad isteach i dteachtaireachtaí teács fón póca. Is féidir coimeád i dteagmháil le pobal cuíosach mór cáirde sa tslí sin. Ní gá go bhfaighfeá gach teachtaireacht ar do fhón póca – roghnaíonn tú na daoine a theastaíonn uait a “leanúint” sa tslí sin – ach bíonn comhráití suntasacha ag mórán daoine – agus cuid acu ag tréigint a mblaganna chun páirt a ghlacadh ann.

An rud eile atá ag mealladh na mblagadóirí ná Facebook. Líonra sóisialta iata is ea Facebook, ar nós Myspace nó Bebo, ach tá úirlísí fíorchumasacha cumarsáide aige chun caidreamh le do cháirde. Go dtí le fíor-dhéanaí, bhí sé teoranta don bhfearann .edu, líonraí na gcoláistí trí leibhéal i Meiriceá, ach tá blagadóirí an tsaoil mhóir ag baint úsáid as anois.

Tá forbairt chomh maith sna h-úirlisí ar féidir a úsáid chun smacht a choimeád ar na foinsí eolais seo go léir. Tá léitheoir na bhfothaí, Google Reader, feabhsaithe go mór le déanaí agus is é mo rogha bhainisteoir nuachta anois é. Cad ‘tá á léamh agam? Tá thart ar 80 foinse sa liosta léitheoireachta anois agam agus is féidir liom súil a choimeád orthu go léir gan stró ar aon leathanach amháin ag reader.google.com. Más suim libh, is féidir an liosta a bhrabhsáil go h-éasca sa bhfuinneog Grazr ar imeall deas an leathanaigh ar imeall.com (faoin dteideal “Eolairí ar an Imeall”). Agus má bhaineann éinne agaibh triail as Twitter, ná déanaigí dearmad gur féidir Twitter i nGaeilge a dhéanamh le sruth Twitter an Imill: twitter.com/imeall.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Independence Day le Jesta.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, July 16, 2007

Tá sé ag teacht ...

... 2007-07-17 ...mp3

Wednesday, July 11, 2007

CLIF

Chaitheas Gáire Ós Ard (GOA - nach bhfuil fhios agat?) nuair a chonac an nod seo in úsáid in ríomhphost a fuaireas inniu. CLIF: Chomh Luath agus Is Féidir!

Tá sé curtha leis an liosta agam, ar Wiki An Líonra.

Lipéid: , , ,

Monday, July 02, 2007

Damhsa na Cathrach

Físeán le Fearghus Ó Conchúir, ealaíontóir cónaithe le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ceol le Iarla Ó Lionáird.

"I'm investigating how our bodies react to the big changes in urban architecture that are taking places with the regeneration in cities like Dublin and Shanghai. So I'm making dance that's looking for its place inside, outside or alongside the buildings that are growing and dying with such speed."

Bodies and Buildings

Lipéid: , , , ,