Friday, May 30, 2008

Imeall #188: An Líonra & Scéalta Eile

Athmhuscailt an phodchraolaidh seo. Fáilte go dtí an seó!
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Fáilte roimh Bhríd
  • AnLionra.net - suíomh sóisialta nua na Gaeilge
  • Gréasán Gaeilge - ach cad a thabharfar air?
  • An chúis go bhfuil ainm nua á lorg againn don Líonra
  • Tá obair fós le déanamh ar ghaelú an chórais. Bogearra nua chugainn i gceann cúpla mi a dhéanfaidh beart níos fearr de. Beidh na teachtaireachtaí ríomhphoist, a fhaightear ón gcóras, i nGaeilge faoin am sin.
  • Abair.ie - sintéiseoir urlabhra i nGaeilge (Buíochas do Abigail a raibh an scéal aici!)
  • Ceol: All The Little Things le caoinchead Martin Saunders agus i gcomhair le MyHost.ie
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, May 29, 2008

Cuir do mhuinín i ndaoine, agus ní i meaisíní!

Tá an t-alt seo foilsithe inniu i Lá NuaMás fíor a bhí á rá agam an tseachtain seo chaite, nach bhfuil sé éifeachtach níos mó dul i muinín seifteanna SEO (Search Engine Optimisation) chun do do shuíomh idirlín a chur ós comhair an phobail, an bhfuil straitéis ar bith eile ar fáil?

Tá sé an-shimplí, deir glúin úr an ghréasáin linn. "Cuir do mhuinín i ndaoine, agus ní i meaisíní!"

Is féidir dallamullóg a chur ar meaisín, ar chóras gan anam. Is féidir an córas a fhoghlaim agus ansin is féidir é a imirt! Is féidir cártaí a chomhaireamh. Is féidir staitisticí agus dóchúlachtaí a ríomhadh. Is féidir tú féin a chur ag tús an líne, má thuigeann tú an tslí in a stiúraítear an scuaine.

Níl sé chomh fuirist bob a bhualadh ar dhaoine. Sin é an fáth go bhfuil mórán daoine ag cur a muinín i ngréasán a gcairde, nuair a theastaíonn freagra ar cheist uatha, seachas i roulette na n-inneall cuardaigh. Má léann tú blaganna le daoine a bhfuil ábhar spéise den tsaghas céanna acu agus atá agat féin, tá seans ann go gcuirfear go leor ábhar fónta faoi do bhráid. Nó má tá tú ag cuardach bialann, nó lóistín i gcathair stróinséartha, arb fhearr duit fiafraí de Google nó ceist a chraobhscaoileadh i measc do chairde ar an gcóras mionteachtaireachtaí Twitter?

Tá sé déanta agam féin go minic le bliain anuas. Ag lorg treoracha d'áit éigin i mBaile Átha Cliath - cuirim ceist ar Twitter. Taobh istigh de 2 nóimeád faighim 4 theachtaireacht teács - comhairle ó na h-áitreabhaigh, agus glaoch gutháin: "Ní raibh fhios agam go rabhais ag teacht - bhfuil tú ag iarraidh bualadh liom i gcomhair lón?"

Idirlíon Sóisialta atá i bhfeidhm anseo - agus ní idirlín na meaisíní.

Tá an sampla is suaithinsí de le fáil faoi láthair sa chomhlacht Mahalo. Inneall cuardaigh is ea Mahalo - ach in ionad córais ríomhaireachta a bheith ag cur leathanaigh na dtorthaí i dtoll a chéile, is amhlaidh gur saothar daonna atá i gceist. Tá sé ina sprioc acu an 50,000 cuardach is coitiantaí a sholáthar, le h-obair a lámh.

Tá an prionsabal céanna i bhfeidhm i gcás na líonraí sóisialta atá tagaithe chun cinn le blianta beaga anuas. Agus mar is eol daoibh creidimse go láidir go gcuidíonn na gréasáin sóisialta seo go mór le mionlaigh, le h-ábhair spéise ar leith agus le pobail scaipthe - ar nós pobal na Gaeilge.

Gréasán Gaeilge - ach cad a thabharfar air?Tá na Gaeil ag baint leasa as na mor-chórais aitheanta ar nós YouTube agus Bebo anois le stáir. Ach anois tá córas dár gcuid féin againn, atá ina acmhainn teagmhála agus foilsitheoireachta do phobal na Gaeilge. Mar a léigh sibh sa nuachtán seo an tseachtain seo chaite, tá an suíomh sin ar fáil anois ag anlionra.net. Má bhí sibh ag éisteacht le Rónán Mac Aodha Bhuí ar Raidio na Gaeltachta an tseachtain seo, beidh fhios agaibh chomh maith go bhfuiltear ag cuardach ainm níos fearr don suíomh. Sin é an chéad gníomh más ea, do phobal an ghréasáin seo. Cad a ghlaofar ar Ghréasán seo na Gaeilge? Cad a deir sibh?

Lipéid: , ,

Cad é SEO?

(Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an 22ú Bealtaine de Lá Nua)

An bhfuil fhios agat cad é SEO? Ní "seo" atá i gceist agam in aon chor ach S.E.O. I mBéarla: "Search Engine Optimisation", ábhar a dheineann tinneas agus buairt go minic dóibh siúd a bhíonn ag gabháilt do ghnó idirlín.

'Sé creideamh lucht an SEO ná go bhfuil an cheird s'acu an tabhachtach ar fad. Dar leo, mura bhfuil tú ar phríomhleathanach cuardaigh Google dos na téarmaí is rogha leat, níl tú ag obair. Agus dar leo, ní féidir áit a bhaint amach ar an leathanach sin gan a gcuid seirbhísí tecniúla a cheannach.

Ach tá dream eile ann a deir nach bhfuil san SEO ach "cacamas", mar a dúirt an dearthóir gréasán i mBaile Átha Cliath, Eoghan McCabe i mblag-phostáil a scríobh sé cúpla mí ó shin.

Dar le lucht cáinte an SEO, níl ann ach cleasaíocht, caimiléireacht agus faillí ar ghnólachtaí idirlín agus ar a gcustaméirí chomh maith. "Ola nathaireacha", mar a deir Eoghan.

Spreagadh díospóireacht bhríomhar ar bhlaganna a chomleacaithe i dtionscal gréasáin na hÉireann ar an ábhar, agus plé ar SEO "maith" agus "olc".

Ach tá poinnte ag Eoghan, bíodh is go mb'fhéidir go raibh sé abhairín bagrach agus é a chur i láthair aige.

Más seirbhís innealtóireachta é an SEO ar féidir a cheannach - ní gá mar sin go mbeadh sé fíor go bhfuil fiúntas maith don úsáideoir i gcónaí sna suíomhanna idirlín atá ar leathanach 1 de thorthaí an chuardaigh.

Go deimhin tuigeann na h-innill chuardaigh an méid seo go rí-mhaith, agus tá siad ag obair i gcónaí chun caighdeán a gcuid torthaí cuardaigh a fheabhsú.

Mar gheall ar an obair seo, tá an baol ann go ndí-cháileodh leithéidí Google suíomhanna as a gcuid torthaí cuardaigh, má mheasann siad go bhfuil cleasanna SEO den gcineál "hata dubh" á imirt acu.

An straitéis a mholann cuid mhaith daoine mar sin: cuir ábhar fiúntach ar fáil. Cothaigh "údarás" don ábhar lena bhfuil tú ag plé. Déanfaidh daoine nascanna go dtí do shuíomh ag tagairt ort, agus scóráilfidh tú go h-ard leis na h-innill chuardaigh.

Módh an-mhaith chuige sin is ea blag.

Aon rud eile ar féidir a dhéanamh? Cothaigh pobal. Beidh a thuilleadh ar an ábhar seo againn an tseachtain seo chugainn.

Duine amháin atá an-ghnóthach ag cothú phobal digiteach anseo in Éirinn na laethanta seo is ea an fear Gaeltachta Anton Mannering. Ceapadh le déanaí é don togra uile-Éireann Digital Media Network, agus tá sé fós ag gabháilte dá chuid cruinnithe Techludd do fhiontraithe.

Tuesday, May 27, 2008

Comórtas Raidio na Gaeltachta..!

Sheol Raidio na Gaeltachta comórtas inniú le ainm a fháil do anlionra.net - suíomh líonra sóisialta nua na gaeilge. Tá céad euro ar fáil don buaiteoir, mar sin, má tá moladh agat téigh i dteagmháil le R na G ar uimhir téics 51553!

Beidh Conn le cloisteáil ar clár Rónan Mac an Bhuí gan mhoill, is feidir éisteacht arlíne ar www.rnag.ie, nó anseo ar ball nuair a mbeidh an tagallamh le cloisteáil mar podcraoladh anseo ar an tImeall.

Wednesday, May 21, 2008

Fiontraithe le Gaeilge

Bhí sé de phribhléid agam le déanaí a bheith ag obair le togra ar a dtugtar Fiontraithe le Gaeilge.

Ní neart go cur le chéile!



Tuilleadh eolais ag AnLionra.Net

Thursday, May 15, 2008

Ag aithint aghaidhe

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae innu de Lá.


Chuir léitheoir dílis de chuid an cholúin seo ag smaoineamh mé, lena theachtaireacht ag trácht ar an alt a bhí anseo agam coicís ó shin faoin ngreásán séimeantach.

Arsa Prionsias:

"Níl a fhios agam an bhfuil an cumas atá mé chun a leagan amach anseo chuid den Ghréasáin Séimeantach, ach, táim ar bís ag feitheamh lena theacht. 'Sé atá ar intinn agam ná bheith in ann pictiúr a ghlacadh le ceamara, é a íoslódáil chuig mo ríomhaire agus é a chur isteach i gclár chuardach, mar eochair, chun gach rud a fháil amach mar gheall ar ábhar an phictiúir."

Luaigh sé chomh maith go gceaptar go bhfuil teicneolaíocht mar seo cheana féin in úsáid ag "seirbhísí rúnda" de chuid tíortha áirithe ...

Chreidfinn go bhfuil, ach n'fheadar cé chomh maith agus a oibríonn sí?

I saol na tráchtála, bíonn caint chomh maith ar na féidireachtaí atá ag baint le córais ríomhaireachta ar féidir leo pictiúirí a aithint. Ach sílim gurb í an fhírinne i gcónaí gur fearr an teoiric ná an taithí go fóill.

Mar shampla bhí comhlacht darb ainm Riya ag forbairt chórais a d'aithneodh aghaidheanna ar ghrianghrafanna agus a chuideodh leat rangú a dhéanamh ar na mílte pictiúr de ghaolta agus cáirde atá againn go léir, ar dhioscaí crua agus ar mheáin eile, i ré seo na griangrafadóireachta digití.

Ach bhí an fhadhb níos deacra ná a mheas siad, agus níorbh fhiú an iarracht. Tá Riya dírithe ar ghnó eile anois.

Ach ní gá a bheith ag brath ar ríomhairí chun pictiúirí a aithint ionas go bhféadfaí meatashonraí (sonraí a insíonn duit faoi shonraí) a chur le pictiúir ar an idirlíon.

Ní gá ach a insint don ríomhaire cad tá ann.

Sin é atá ar siúl ar flickr, mar shampla, nuair a chuireann tú clibeanna le do ghrianghraf ansin. Sin mar a chuirtear isteach nach mór gach aon phíosa eolais i dtaobh nithe ar an idirlíon.

Cuid den eolas seo - cuirtear isteach é d'aon ghnó, mar shampla clibeanna ar Flickr, ar Zoomr, nó ar Technorati. Ach tugtar spreagadh i mbealaí éagsúla do dhaoine chun an córas "a mhúineadh".

Mar shampla, nuair a líonann tú sonraí ar do phróifíl ar Facebook nó ar Bebo, tá tú ag súil le cairde a mhealladh a mbeidh spéis acu sna h-ábhair chéanna leat féin.

Ach ní cairde amháin a mhealfaidh tú. Ar thug tú riamh faoi ndeara má luann tú ar do leathanach go bhfuil suim agat i bpeil, nó i gcúrsaí faisin, go bhfeiceann tú fógraí oiriúnacha dos na h-ábhair sin ar imeall an leathanaigh?

Agus ná bí ag caint ar cad a insíonn na focail chuardaigh a úsáideann tú sna h-innill chuardaigh fút! Sin scéal eile do lá eile, sílim!

Tuesday, May 13, 2008

Podchraoladh Nuala

Buail anseo chun éisteachta!

Tá tamall maith ó bhí podchraoladh ar an suíomh seo, is oth liom a rá. Táimíd i ndiaidh a bheith ag obair "ar chúl an stáitse" anseo agus beidh fógra againn daoibh an tseachtain seo chugainn faoin obair sin, agus an toradh atá air.

Mar chúiteamh beag, chun leithsceál a ghabháil agus chun tús a chur athuair le foilsiú na fuaime ar an suíomh seo, seo dhaoibh podchraoladh nua a dhein Edgecast Media le déanaí, ar son chustaiméir dár gcuid: Seirbhís Leabharlainne Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin.

Ní eagrán den Imeall é seo, agus níl sé go hiomlán i nGaeilge, ach sílim go gcuirfidh lucht leanta na sraithe seo suim ann mar sin féin.

Sa phodchraoladh seo, léann an file Nuala Ní Dhomhnaill dánta óna leabhar nua, "The Fifty Minute Mermaid". D'oibrigh sí in éineacht leis an bhfile Paul Muldoon, a chuir Béarla ar na dánta, agus tá na h-aistriúcháin le clos le h-ais na Gaeilge sa taifead seo.
Féile Filíochta

Deineadh an taifeadadh in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire, ar an 2ú Nollaig 2007, le linn taispeántas filíochta a reachtáladh mar chuid den bhFéile Filíochta, comórtas idirnáisiúnta a eagraíonn an leabharlann gach bhliain, do dhánta i 10 teanga, an Ghaeilge san áireamh.

Tá painéal idirnáisiúnta moltóirí ann chomh maith, ach ar an ócáid áirithe seo bhí triúir des na moltóirí Éireannacha ann. Agus mar ar tharla sé, bhí Gaeilge ag gach aon duine acu. I dteannta Nuala ar an lá sin bhí Gabriel Fitzmaurice a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla, agus Rita Ann Higgins, a bhfuil cáil bainte amach aici dá chuid saothar sa Bhéarla ach a bhfuil Gaeilge aici chomh maith.
  • Buail anseo chun éisteachta! Rita Ann Higgins
  • Buail anseo chun éisteachta! Gabriel Fitzmaurice
Chuireas-sa suim ar leith sa mhéid atá le rá ag Nuala Ní Dhomhnaill. Mar a chloisfidh sibh, tá meafar don athrú teangan i scéal na murúch a thréig an fharraige. Ní labhrann sí faoin gcúis ar tharla an t-athrú seo, ach díríonn sí ar an dtionchar atá aige ar an bpobal agus ar an daoine aonaracha lenar tharla sé.

Tá tagairt bheag ag Rita Ann dos na cúiseanna. Labhrann sí faoina h-athair, arb as an nGaeltacht dó, ach nach raibh toilteanach í a labhairt lena pháistí.

Táimíd ag prapáil chun oibre anseo arís a cháirde. Gabhaim buíochas libh as an bhfoighne.

Lipéid: , , ,

Thursday, May 08, 2008

Ábhar cainte ar na mblaganna: imeacht Bertie

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu in Lá Nua...


Bertie bocht! Bíodh is go raibh sé féin in ann deoir a ghol ós comhair an tsaoil, is cosúil nach bhfuil mórán daoine ag caoineadh ina dhiaidh! Port seinnte, óráidí tugtha agus ar aghaidh linn.

Bhuel, níl na blagadóirí buartha faoi ar aon nós. Nílim a rá gur dheineas taighde doimhin sa scéal, ach ní rabhas in ann aon duine a aimsiú nach raibh sásta go raibh sé imithe.

Cad a d'imigh ar Bhertie na ndaoine? An Taoiseach Teflon? Bhí gach éinne ceanúil air - nach raibh?

Sílim féin gur chuidigh Gift Grub leis an íomhá pearsanta a chothaigh sé le linn a thréimhse cumhachta. "Duine beag maith go leor", mar a deireadh cara liom faoina leithéidí. Bertie? - dheara níl aon dochar ann!

Ach ní raibh gach duine den tuairim chéanna. Tá alt suimiúil ar an mblag greeninkpen.blogspot.com ina gcuireann an t-údar an cheist: "cén uair a thosnaigh tusa ag tabhairt fuatha do Bhertie?"

Luaitear blag eile san alt sin, publicenquiry.eu. Bhí Anthony, údar an bhlag sin chomh tógtha le h-alt le Eamonn Sweeney sa Sunday Independent, ag cur síos ar Bhertie mar phusachán, gur athfhoisligh é sé ina iomláine é.

Sa bhlag céanna, tuairiscíonn Anthony go raibh iontas ar Sam Smyth ar Today FM, gur dhein pobal Mheiriceá neamhshuim de chamchuairt Bhertie agus dá aitheasc ós comhair theachtaí an náisiúin sin i Washington. Cad is fiú an mór is fiú?

Ní miste féachaint ar shuíomh cuardaigh na mblaganna, technorati.com, go bhfecifidh tú cad faoi a bhfuil na daoine ag caint i Meiriceá. Tá Britney Spears chun tosaigh ar John McCain i liosta na n-ábhar atá á bplé. Hilary agus Obama chun tosaigh ar an mbeirt acu ó thaobh líon na n-alt ag caint futhu. Ní nach ionadh go bhfuil siadsan taobh le taobh sna cairteanna comhrá seo - ní luaitear duine acu gan a chéile comhraic!

Cruinníonn memeorandum.com na mórscéalta ó na blaganna agus deineann a chuid ríomhairí ainilís ar na focail a luaitear iontu agus ar na h-altanna a dheineann tagairt dá chéile le nascanna idirlín. Ansin cuirtear i láthair ar an bpríomhleathanach, in órd de réir tabhacht agus údarás na mblaganna ar a bhfuil siad foilsithe.

Suíomh a bhfuil cáil ar leith air ná digg.com. Tugann sé deis do dhaoine vóta a chaitheamh ar na scéalta is ansa leo - agus sin é a shocraíonn cé chomh h-ard ar an leathanach a bhíonn an scéal.

Tá tóir ar Digg is measc an aosa óig ach go h-áirithe, mar sin tá níos mó Britney ná Barack ar an suíomh sin. Ach níl oiread agus alt amháin ag tagairt do Bhertie!

Ach tá go leor cainte faoi ar politicsinireland.com. Tá na mílte alt anseo, cruinnithe ó bhlaganna Éireannacha agus rangaithe ina gcatagóirí de réir ainm an pholaiteora, páirtí agus dáilcheantar. Níl aon easpa cainte faoi Bertie. An t-aon rud atá in easnamh ná deora.

Friday, May 02, 2008

An gréasán séimeantach

Scríofa ag Conn...

Roinnt seachtainí ó shin, scríobhas faoi na gluaiseachtaí móra i dteicneolaíocht na faisnéise atá ag múnlú idirlíon an todhchaí - agus an saol mór in éineacht leis. Luaigh mé leathnú an leathanbhanda, an fhorbairt sa chumarsáid soghluaiste agus an dul chun cinn i gcumhacht na ríomhairí féin - rud a chiallaíonn go bhfuil ríomhairí níos cumasaí inár bpócaí anois ná mar a bhí ar roicéid Apollo a chuaigh go dtí an ghealach.

Scríobhas alt iomlán ar ghné eile: an t-idirlíon sóisialta. Inniu teastáionn uaim díriú ar an gcúigiú gné a bhí luaite agam: an Gréasán Séimeantach.

Gabhaim párdún as na focail neamhchoitianta atá in úsáid inniu agam. Ní h-aon sólás é go bhfuil na focail sin i mBéarla díreach chomh neamhchoitianta céanna. Táim buíoch, arís eile, don suíomh focal.ie, agus sa chás seo don bhFoclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíocht Faisnéise atá mar chuid de bhunachar an tsuímh sin.

Ciallaíonn an focal "séimeantach", "bainteach le brí agus ciall". I gcúrsaí ríomhaireachta tuigtear go bhfuil an t-uafás faisnéise stóráilte ar dhioscaí crua, i mbunachair sonraí, foilsithe ar leathanaigh idirlín srl. Ach is cuma cé mhéid eolais atá agat mura bhfuil fhios agat cad leis a bhaineann sé. Níl aon mhaith i liosta focal mura bhfuil fhios agat an liosta siopadóireachta é, nó liosta ainmneacha daoine, nó tomhais cuirtíní.

Ach cad í an fhadhb a deir tú? Nach bhfuil fhios ag an saol an difríocht idir liosta daoine agus liosta siopadóireachta? Bhuel tá fhios ag daoine cén difríocht idir na saghasanna éagsúla sonraí seo - mar tuigimíd na focail (má tá tuiscint againn ar an dteanga ina bhfuil siad scríofa).

Ach níl 'fhios ag ríomhairí. Níl rud ar bith níos aineolaí ná ríomhaire i ndáiríre, agus ní foláir gach rud a mhíniú dó. Mar sin má tá tú ag iarraidh ar ríomhaire rud éigin ciallmhar a dhéanamh le do chuid sonraí, ní mór duit a insint dó cén saghas sonraí atá i gceist.

Samhlaigh leathanach próifíl ar líonra sóisialta ar nós Bebo nó Facebook. Tugtar ainm an duine, leasainm, aois, baile, liosta na rudaí a thaitníonn leis, srl. Nuair a léann duine an leathanach sin, tuigeann sé an brí ar leith atá ag gach mír ar an leathanach. Ach nuair a léann ríomhaire é - ní fheiceann sé ach sraith d'aonacha agus neamhníonna.

Is féidir a insint don ríomhaire cén cód ina bhfuil na h-uimhreacha seo, mar shampla go seasann na h-uimhreacha do charachtaeírí teács de réir cód éigin ar nós ASCII (American Standard Code for Information Interchange) nó Unicode. Ach fós féin ní dhéanfaidh an ríomhaire idirdhealú idir ainm dílis agus baile, ná fiú idir Ghaeilge agus Sanskrit mura dtugta tuilleadh eolais dó faoi na sonraí.

Tugtar "meatashonraí" ar na sonraí seo - "sonraí faoi sonraí", (metadata sa Bhéarla) agus cuireann siad go mór le cumas na ríomhairí obair ar ár son. Má thuigeann gach ríomhaire na córais chéanna chun cur síos ar shonraí, nochtaítear féidireachtaí nua. Ar mhaith leat a fháil amach cé mhéid daoine i measc do cháirde Facebook a bhfuil dúil acu i mbia síneach, mar shampla? D'fhéadfadh gnáthchuardach ríomhaire a fháil amach an bhfuil "bia síneach" scríofa ar a leathanach próifíl. Ach inseoidh cuardach séimeantach duit cé acu an bhfuil na focail sin scríofa ar an ngrá-liosta nó ar an ngráin-liosta acu!

Tá an-chuid taighde ar siúl faoi láthair ag iarraidh na prótacail séimeantacha seo a aontú, agus tá cuid den obair sin ar siúl anseo in Éirinn. Go deimhin tá ainm gaelach ar thogra amháin. Seasann an t-ainm SIOC do Semantically Interlinked Online Communities agus is iad taighdeoirí an Digital Enterprise Research Institute (DERI) i nGaillimh atá á fhorbairt. Ní h-aon timpiste é an t-ainm gaelach ach oiread. Tá baint aige le togra eile darb ainm SNEACHTA!