Wednesday, May 31, 2006

Cláraigh do Vóta! Cuir Glór Gaelach sa tSeanad!

Bhí áthas orm bualadh le sean-chara ag Oireachtas na Bealtaine i dTrá Lí. Is é sin Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh. D'inis sé dom go mbeidh sé san iomaíocht i dtoghchán an tSeanaid arís i 2007, ar phainéal Ollscoil na hÉireann. Is céimí de chuid an "NUI" mé féin, agus ba mhaith liom tacú leis ach, dála roinnt mhaith eile atá i dteideal vóta a chaitheamh ar an bpainéal sin, nílim cláraithe.

Mar a mhíníonn Daithí an scéal:
In ainneoin go bhfuil c.100,000 duine ar chlár na vótóirí, níl ach c. 30,000 de na vótaí sin beo. Ní chláraíonn formhór mór na ndaoine atá i dteideal vóta a chaitheamh.

Freisin, is mó duine atá cláraithe ag sean-seoladh nó seoladh ollscoile agus nach dtagann an vóta chomh fada leo dá dheasca sin. Is le vóta poist is ea a chaitear na vótaí.

Tátar ag clárú vótóirí nua faoi láthair. Éinne a chláróidh as seo go dtí an 31.12.06, beidh vóta aige/aici i dToghchán Seanaid 2007.

Fuair mé 1,273 vóta céad rogha i 2002. Ba é 8,062 an cuóta. Toghadh na seanadóirí reatha gan an cuóta a bhaint amach ...

... An dúshlán atá romhainn chun guth láidir ar son na Gaeilge a chur isteach sa Seanad, go háirithe i bhfianaise an bhrú agus na ndeiseanna maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais, 5,000 vóta a chlárú idir seo agus deireadh na bliana.

Is céimithe na gColáistí seo a leanas atá i dteideal clárú: Coláiste na hOllscoile, B.Á.C. (UCD); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC); Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG); Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (NUIM); Coláiste Ríoga na Lianna (RCSI); An Coláiste Náisiúnta Ealaíon agus Dearaidh (NCAD); Coláiste Bhainistíocht Óstaíochta na Sionna (Shannon College of Hotel Management); An Foras Riaracháin (IPA); Milltown Institute of Theology and Philosophy; agus Coláiste Oideachais Naomh Aingeal, Sligeach (St. Angela's College of Education, Sligo).

Tá foirmeacha clárúcháin iniata. Bheinn an-bhuíoch díot ach iad a dháileadh ar do chairde agus do lucht aitheantais agus iarraidh orthu iad a líonadh amach agus a chur chuig: Jamie Ó Tuama, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2.
Tá an Ghaeilge ina h-ábhar polaitiúil i láthair na h-uaire, le cur i bhfeidhm an Acht Teangan, i ndiaidh an Fheachtas Stádas, agus anois, le cinneadh polasaí Fhine Gael go mbainfidh siad riachtanas na Gaeilge ó cháilíocht na Árdteistiméireachta má thoghtar sa rialtas iad. Agus b'f´hieidir nach aon droch-rud é an méid sin ach an oiread. Ní deintear dul chun cinn sa daonlathas, ach amháin tríd an bpolaitiocht.

Árdáimís ár nglórtha mar sin. Cláraímís, vótáilímís, agus cloistear glór láidir ar son na Gaeilge i Seanad Éireann!

Lipéid: , ,

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #95

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #95: Stealladh Cainte

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 2ú Márta 2006.

Tuesday, May 30, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #92

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #92: An Bhfuil Gaeilge ag Google Adsense?

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 27ú Feabhra 2006.

Monday, May 29, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #91

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #91: 10-4 Good Buddies, Thar agus Amach!

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 24ú Feabhra 2006.

Friday, May 26, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #90

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #90: An Chrannóg Ghaotaireachta

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 23ú Feabhra 2006.

An Blagadóir: Blagadóireacht na Fiontraíochta

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáBhíos ag caint ar an gcartúnaí Hugh MacLeod an tseachtain seo chaite. Ach tá cáil eile air chomh maith i measc blagadóirí: mar fhiontraí gnó.

Is é Hugh an té atá luaite le feachtas margaíochta blagadóireachta an chomhlacht fíona Stormhoek. Méadaíodh ar a ndíolachán faoi dhó mar thoradh ar a gcuid stocaireachta i measc na mblagadóirí.

Agus tá sé i bpáirtíocht le táilliúir Saville Row, Thomas Mahon a bhfuil custamaeirí ar fud an domhain aige de dheasca a bhlag English Cut.

Chruinnigh fiontraíthe idirlín na hÉireann san Helix in DCU an mhí seo chaite chun éisteacht le duine de laochra Silicon Valley, Marc Canter ag labhairt ag an gcomhdháil Web 2.0 a d’eagraigh Enterprise Ireland. Thuairiscigh Paul Browne go raibh an sainmhíniú seo ag Kevin Sherry ó Enterprise Ireland: “Web 2.0 is the second wave of internet business activity”.

Phléasc Web 1.0 le briseadh na dot-coms in 2001, ach táthar ag súil go mbeidh toradh níos buaine ar an dtonn seo. Tá fuadar faoi chomhlachtaí beaga óga i Silicon Valley agus in áiteanna eile agus faoi lucht an chaipitil atá ag lorg deis mhaith.

Spreag ócáid Enterprise Ireland caint ar na blaganna maidir le nádúr na fiontraíochta agus na coinníollacha atá riachtanach chun í a chothú. Go h-áirithe: cad é an bua mór atá ag Silicon Valley, agus an bhféadfaí a leithéid a chruthú in aon áit eile?

Sin é an cheist a phléigh Paul Graham ag an gcomhdháil XTech in Amsterdam an tseachtain seo chaite. Tuairiscíonn an blag Strange Attractor gur shonraigh Graham na sainghnéithe atá ag Silicon Valley, dar leis, a chuidíonn leis an bhfiontraíocht. Ach ní raibh Jeremy KeithJustin Mason ró-shásta leis an méid a bhí le rá ag Graham faoin nGaeilge.

Tá ainilís ar óráid Graham ar an mblag plasticbag.org agus, mar is minic a bhíonn, tá an léargas is géire le fáil sna tráchtaireachtaí ar an mír sin. Deir Cory Doctorow gurb é an difríocht is suntasaí idir Silicon Valley, agus Londain ná an soiniciúlacht, nó a h-uireasa i gcás an chliamháin cháiliúil teicneolaíochta.

Spreagadh James Corbett chun ceoil le leagan den tsean-bhailéid: “If We Only Had The Valley Over Here”. Agus tá tuilleadh tráchtaireachta ar bhlag James ón aireagóir Chorcaíoch Walter Higgins. Dar le Walter, ‘sé an príomh-phoinnte atá ag Graham ná go gcastar daoine cruthaitheacha agus daoine saibhre ar a chéile i Silicon Valley. Deir Walter go bhfuair na gíceanna agus lucht an chaipitil radharc ar a chéile ag ócáid Enterprise Ireland, ach gur beag an chumarsáid a bhí eatarthu. Dála an scéil, is fiú go mór féachaint ar thionscnamh glic Walter ag pxn8.com.

Measan daoine áirithe go bhfuiltear ag dul thar fóir leis an ndíograis go léir. Dhein beirt innealtóir Bhleá Cliathach suíomh scigaithrise do chomhlacht bréagach a thóg ionspráid ó éachtaí Bruce Willis in Die Hard (nakatomiweb.com). Maireann an tsoiniciúlacht beo beathaíoch i gcónaí.

Tionólfaidh an grúpa IT@Cork cruinniú leath-lae ar Ghréasán 2.0 ar an 8ú Meitheamh i gCorcaigh. Beidh Fergus Burns ó chomhlacht Shligigh nooked.com ina chainteoir, agus beidh teachtaí Silicon Valley ann chomh maith, ina measc Shel Israel, comh-údar an leabhair Naked Conversations ar an mblagadóireacht i gcúrsaí gnó.

Déanfar iarrracht spiorad an chaidrimh neamhfhoirmeálta ó Silicon Valley a aimsiú le “dinnéar na ngíceanna” an oíche roimhré. Agus tuairiscíonn Tom Raftery go mbeidh Stormhoek ag soláthar an fhíona!

Coup margaíochta beag eile do Hugh McLeod, más ea, ach fágaidh mé an focal scoir aige maidir le h-aisling na fiontráiochta idirlín 2.0. Cuireann an teicneolaíocht ar chumas Hugh gnó idirnáisiúnta a stiúradh óna bhaile i gCumbria, slán ó chostáisí árda maireachtála Londain. Ní ar thóir an tsaibhris atá sé, deir sé, ach ar thóir na saoirse.

  • Rogha ceoil idirlín na seachtaine: In Aimsir Bhaint an Fhéir le Connie Dover, cloiste ar Spudshow.
  • Buíochas do focal.ie don téarmaiocht in alt na seachtaine seo!
Lipéid: , , ,

Thursday, May 25, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #88

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #88: Réiteach?

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 20ú Feabhra 2006.

Wednesday, May 24, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #87

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #87: Ar do Shonsa a Oibríonn Siad

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 17ú Feabhra 2006.

Tuesday, May 23, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #86

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #86: FON: Agallamh le Antóin Ó Lachtnáin

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 16ú Feabhra 2006.

Podmheas? Podbhuíochas!

Tá rudaí iontach deas le rá ag Alex Hijmans faoi "An tImeall" in eagrán na seachtaine seo de Foinse. Tugann sé léirmheas an-chineálta ar mo chuid iarrachtaí podchraoltóireachta, ach ní h-é sin is mó atá ina údar sásaimh dom ach seo: is cosúil ón méid a dúirt sé gurb é seo an tús ar shraith altanna léirmheastóireachta ar phodchraoltaí.

Más amhlaidh atá, tá sé ar an gcéad cholún dá leithéid in aon pháipéar nuachta, in aon áit, go bhfios domsa. Mar atá ráite cheana agam, creidim go bhfuil buntáistí na podchraoltóireachta níos soiléire fós i gcás mionteanga ná i gcás an mhórchultúir. Tá áthas orm go bhfuil Foinse ag scaipeadh an dea-scéil le lucht a léite. Beidh meáin an Bhéarla ag sodar 'nár ndiaidh sa chás áirithe seo!

Lipéid: , , ,

Monday, May 22, 2006

Cuidigh le Mary!

Agus mé ag bailiú mo chóipeanna des na nuachtáin ghaelacha ar maidin, thug úinéir an tsiopa, Mary, píosa páipéir dom ar a raibh na frásaí seo a leanas:
  • Happy Christmas
  • Christmas Greetings
  • Special Wishes this Christmas
D'inis sí dom go bhfuil comhlacht cártái ag iarraidh cártaí Gaeilge a chur ar fáil don Nollaig agus go bhfuil siad ag lorg cabhair le Gaeilge dheas chruinn a chur ar na ráitisí seo.

Cad é bhúr meas, a cháirde? Tá an chéad dá cheann fuirist a ndóthain - ach cad faoin dtríú ceann? Agus an bhfuil aon bheannachtaí deasa traidisiúnta go bhféadfaimís a chur faoina mbráid?

Lipéid: , ,

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #85

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #85: So, Should I Blog in English?

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 15ú Feabhra 2006.

Saturday, May 20, 2006

Colún Podchraolta

Friday, May 19, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #84

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #84: Ón Imeall, le Grá

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 14ú Feabhra 2006.

An Blagadóir: Luach 1000 Focal

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá(Seo téacs an ailt ó Cholún an Bhlagadóra mar atá foilsithe inniu in . Déanfar podchraoladh amárach air.)

Tá an iliomad saghas blag ann. An rud is coitiantaí ná go scríobhann duine éigin cúpla focal gach aon lá. Má tá comhad fuaime nó físe istigh leis an dtéacs, is féidir a rá gur “podchraoladh” é. Uaireanta bíonn pictiúir ann, agus uaireanta is iad na pictiúir féin príomh-ábhar an bhlag.

Tá daoine áirithe a bhfuil sé de bhua acu go bhfuil siad in ann smaoineamh a chur in iúil i bhfoirm phictúir. Is féidir 1000 focal a léamh sa nuachtán ag cur síos ar ábhar nuachta éigin, ach is minic a d’fhéadfadh go mbeadh léargas chomh cruinn céanna leis le fáil in aon radharc amháin – i gcartún.

Albanach-Meiriceánach is ea Hugh McLeod a chaith tréimhsí maithe sa dá thír. Agus é ina chónaí i Nua Eabhrach, thosnaigh sé ag tarraingt cartún ar chúl cártaí gnó. Thug sé faoin mblagadóireacht chun iad a fhoilsiú, agus bhí sé páirteach i ngluaiseacht óg na blagadóireachta nuair a thosnaigh sé i 2001.

Ní amháin gur féidir le cartúnaí a shaothar a fhoilsiú ar a bhlag féin, ach is féidir lucht léite níos mó a fháil má bhaineann blagadóirí eile úsáid as do chartúin mar mhaisiúchán ar a mblaganna féin. Tá blúire beag cóid ríomhaire curtha ar fáil ag Hugh le déanaí agus má chuireann blagadóir an cód sin ar a leathanach, beidh na cartúin is déanaí ó Hugh dá léiriú ar a bhlag aige de réir mar a fhoilseofar iad.

Tá an córas sin i bhfeidhm le tamall fada anois ag na cartúnaithe Corcaíocha Bif agus Frank ag bifsniff.com. Foilsíonn siad cartún úr gach seachtain agus tá saothar dhá bhliain sa chartlann anois acu.

Chun a bheith fírinneach, tá trí bhlag ar bifsniff.com, blag na gcartún, agus blaganna pearsanta an bheirt údar. Bíodh is go bhfuil cumas agus cumhacht sna cartúin féin, tugann na blaganna seo seans dos na cartúnaithe níos mó a rá, beagáinín den gcúlra a nochtadh i dtaobh cartúin áirithe, agus a dtuairimí a phlé i bhformad atá níos leithne ná fráma amháin.

Sin é a dheineann údar an chartúin cháiliúil Dilbert, Scott Adams. Tá Dilbert féin foilsithe ag an suíomh dilbert.com, agus níor chuir sé ionadh ar bith orm nuair a chuala go raibh blag ag Scott féin ag dilbertblog.typepad.com. An tseachtain seo, tá sé ag plé na cinsireachta a dhein nuachtáin áirithe ar chartún dá chuid le déanaí, agus an tseachtain seo chaite, d’iarr sé cabhair ar lucht a léite agus é ag lorg ábhar chartúin. Tá dlúthbhaint ag Dilbert leis an idirlíon ón gcéad lá ar chuir Scott a sheoladh ríomhphoist ar an gcartún ar mhaithe le tuairimí lucht a léite a fháil, agus bhí sé ar an gcéad chartún comhfhoilsithe ar an idirlíon thiar i 1995.

Chuir sé iontas orm, áfach, nuair a chonac ainm Scott gar do bharr liosta na ndaoine is mó a bhfuil síntúis acu le fothaí blag agus nuachta eile ar an suíomh nua share.opml.org. Cá bhfaigheann Scott an ionspráid do Dilbert? Is cosúil go dtagann cuid de ó bhreis agus 1200 foinse idirlín!

Dála an scéil tá rudaí iontacha ar siúl leis an OPML seo. Beidh mé ag caint arís air, agus ar leithéidí an Open Irish Directory atá dá dtógaint ag pobail deonacha.

Tá úsáid eile bainte as pictiúir ar an suíomh Post Secret. An bhfuil rún ag briseadh do chroí, mar a bheadh bearrbóir an rí fadó? Cuir ar chárta poist é. Tarring pictiúr nó cuir griangraf leis. Agus seol iseach go Post Secret é. Tá ualach gradam buaite ag an suíomh seo agus iad tuillte go maith. Mar a dhein cruit Labhraí Loingsigh, tá sé ag tabhairt na rún chun solais.Lipéid: , ,

Thursday, May 18, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #83

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #83: Na Pajamadeen! (Séamas, Cuid III)

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 13ú Feabhra 2006.

Wednesday, May 17, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #81

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #81: "Is é an tIdirlíon an Ghaeltacht is Mó" (Séamus, Cuid II)

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 9ú Feabhra 2006.

Glórphost #2: "Some Rights Reserved"

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime

Creative Commons License
Gach a bhfuil foilisthe ar an suíomh seo, tá sé ceadaithe faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 2.5.

Lipéid: , , , , ,

Tuesday, May 16, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #80

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #80: Agallamh le Séamas Ó Neachtain (Cuid I)

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 7ú Feabhra 2006.

Monday, May 15, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #79

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #79: Seafóid, Actually

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 6ú Feabhra 2006.

Friday, May 12, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #78

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #78: Syndication agus Syncopation

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 3ú Feabhra 2006.

An Blagadóir: Podsláinte

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáCheannaíos dlúthdhiosca nua an mhí seo chaite, ach ní dheachaigh mé isteach in aon siopa ceoil chun é a fháil. Ná ní raibh aon chomhlacht ceoil páirteach sa bheart ach an oiread. Somewhere Between Starving and Stardom an teideal atá ar an albam le Samantha Murphy, ceoltóir Meiriceánach, agus níl lipéad ar an ndiosca ach www.samanthamurphy.com. Léigheas faoi Samantha ar bhlag, agus thug cuairt ar a suíomh, aít ar chuala a cuid ceoil. Thaitin na raonta samplacha a bhí curtha ar fáil aici liom, mar sin bhaineas úsáid as mo chárta creidmheasa agus Paypal chun an dlúthdhiosca a cheannach.

Chuir Samantha féin ríomhphost chugam ag gabháil buíochais. Dúirt sí go raibh an CD curtha sa phost aici féin, agus d’fhiafraigh sí an raibh ceann scríbe bainte amach aige.

Ach is dócha go ndeachaigh an beart ar strae sa phost. Thugas seachtain nó dho eile ag fanacht air agus ansin chuireas freagra chuici ag rá nár thaíng an CD. Sheol sí ceann eile chugam ar an bpoinnte agus bhí sé agam taobh istigh de sheachtain.

I sean-shamhail ghnó an cheoil, ní fhéadfá do bheatha a thuilleamh gan conradh a bheith sínithe agat le “lipéad”. Bhí infheistiú mór de dhíth: sa taifeadadh, sa déantúsaíocht, sa mhargaíocht agus sa dáileadh. Anois, le cabhair an idirlín, tá ceoltóirí in ann na sean-chonstaicí sin a shárú. Tá ceoltóirí de gach aon tsaghas ag baint úsáid as leathanaigh MySpace chun a gcuid ceoil a thaispeáint, agus chun caidreamh a chothú lena lucht leanúna sa líonra sin.

Tá clú agas cáil bainte amach ag an ngrúpa Black Lab agus tá amhrán dár gcuid ar fhuaimraon an scannáin Spider Man. Bhí conradh acu le ceirníní Geffen, tráth, ach is grúpa “indie” iad go h-uile agus go h-iomlán anois. Baineann Paul Durham úsáid as ríomhairí chun a chuid taifeadadh a dhéanamh ina thigh féin. Tá an ceol le clos agus le ceannach ón suíomh blacklabworld.com. Agus tá ainm in áirde acu i measc lucht éisteachta na bpodchraoltaí ar fud an domhain.

Raidio idirlín atá sa phodchraoltóireacht. Os rud é gur féidir comhaid phodchraolta a shábháil agus a chóipeáil, is leasc le comhlachtaí ceoil cead a thabhairt a gcuid ceoil a chasadh i bpodchraoltaí. Ach tá gluaiseacht nua ag fás lámh leis an bpodchraoltóireacht: an Ceol Podslán. Tá ceoltóirí ar fud an domhain, cuid acu a bhfuil conarthaí acu fiú, ag ceadú amhráin áirithe faoin mbratach podslán agus tá siad ag fáil bolscaireacht agus díolachán dá réir. Tá na mílte amhrán ar fáil anois ag an Podsafe Music Network agus ag suíomhanna eile. Tá ceol podslán i nGaeilge ag scoilgaeilge.org/ceol.

Tá an podchraoltóir Éireannach Brian Greene an-thógtha leis an rogha mór ceoil atá ar fáil ós na foinsí nua seo. Dar leis, tá gá le podchraoltóirí chun scagadh agus cur i láthair a dhéanamh ar an gceol seo ar mhaithe le h-éisteoirí. Sin é atá ar siúl ag an bpodchraoltóir Éireannach Brendan Bolger. Cíorann Brendan an t-idirlíon ar thóir cheoltóirí neamhspleácha Éireannacha i gcomhair a phodchraoladh ag spudshow.com. Agus rud eile: d’aithrigh Brendan a chur i láthair ó Bhéarla go Gaeilge i gcomhair Sheachtain na Gaeilge – agus tá sé ag cloí leis an nGaeilge ó shin!

Ná ní gá bheith ag podchraoltóireacht chun trácht ar an gceol. Tá sraith ghleoite dá fhoilsiú i láthair na h-uaire ag Brendan Gaelach eile, údar an bhlag Letting Loose with the Leptard, ina dtugann sé cur síos ar a rogha fiche rac-amhrán Éireannacha.

Ach tá alltacht agus díomá ar mhórán leis an scéal ceoil is mó atá i mbéal bhlagadóirí na hÉireann an tseachtain seo. Chur The Community at Large nasc go dtí fís-scannán le Brian Kennedy ag canadh iarratas na hÉireann ar an gcomórtas Eurofíse. An breithiúnas? Nil Points! Lipéid: , ,

Thursday, May 11, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #77

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #77: Agallamh le Eoin Ó Conchúir (Cuid II)

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 2ú Feabhra 2006.

Wednesday, May 10, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #76

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #76: Anois Teacht an Earraigh

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 1ú Feabhra 2006.

Tuesday, May 09, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #75

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #75: Agallamh le Eoin Ó Conchúir (Cuid I)

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 31ú Eanair 2006.

Monday, May 08, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #74

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #74: "Lá Leictreónach" - Ar Fud An Domhain!

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 30ú Eanair 2006.

Sunday, May 07, 2006

Glórphost #1: Ní féidir leis fanacht ina thost ;-)

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Teachtaireacht ghutháin

Friday, May 05, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #73

Flirt FMImeall #73: An Ceart agus an Chóir
MP3, Nótaí

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe
Aoine 05 Bealtaine 2006, 17:30.

Craoladh an clár seo ar dtús ar 27ú Eanair 2006.

An Blagadóir: Éacht United Irelander

Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán LáN’fheadar éinne cé h-é (nó cé h-í) United Irelander. Coimeádann sé a phearsa fé rún, ach ní h-amhlaidh dá chuid smaointe!

Tá sé do-chreidte an méid scríobhnóireachta a dheineann UI in aon lá amháin. Mar shampla, tá 3 phíosa foilsithe aige Dé Céadaoin: scéal faoi liamhaintí claonpháirteachais in aghaidh na Breataine i ndúnmharaithe de chuid an UDA, tuairisc idirnáisiúnta go bhfuil an phoblacht ar na an stáit is rathúla ar domhain, agus agallamh fada (1600 focal) leis an seanadóir neamhspleách Joe O’Toole.

Déardaoin agus an colún seo á sheoladh, tá 4 alt foilsithe cheana aige: scéal ar chomóradh an Ghorta Mhóir, píosa greannmhar físe, scéal faoi chlár na vótóirí agus alt speisialta – an 2,000ú blagmhír dá chuid! Comhgháirdeachas!

Dheineas tagairt an tseachtain seo chaite don mbruíon idir United Irelander agus Jo ón mblag jopoliticsnsociety.blogspot.com maidir le liamhaintí UI nach raibh in Jacqui, leathbhádóir Jo, ach alter ego le Jo féin. Measaim féin nár mhiste do UI scríobhnóir samhailteach dá chuid féin a earcú chun mór-chúram a bhlag a roinnt!

Ag caint ar bhlagadóirí torthúla, bíonn Damien Mulley an-dhíograiseach leis. ‘Sé Damien a d’eagraigh Gradam na mBlag cúpla mí ó shin, ach tá blag maith téagartha aige féin ag mulley.net. Is ann a gheobhaidh tú ainilís doimhin ar na roghanna seirbhísí leathanbhanda in Éirinn, nó nasc le feachtas an Matthew Shepard Foundation ar son na h-éagsúlachta, na tuisceana agus na caoinfhulaingthe.

San agallamh a thug Joe O’Toole do United Irelander, bhí an méid seo le rá ag an Seanadóir: “I do believe that politics should not be about consensus and that political progress is made through the tension between opposing views.” Mar a dúirt mé an tseachtain seo chaite níl aon easpa easaontaithe ar na blaganna – agus is é sin a chothaíonn an fuadar foilsitheoireachta seo. Má tá tú sásta leis an status quo is beag an fonn a bheidh ort dul i mbun peannaireachta – agus dá mbeimís go léir ar aon intinn ní bheadh faic le plé againn.

Dá lú é pobal idirlín na Gaeilge, tá an eágsúlacht chéanna tuairimí ann chomh maith. Ní fhéadfá beirt níos difríula a shamhlú maidir lena dtuairimí polaitiúla ná Daithí Mac Lochlainn agus Seámas Ó Neachtain. Is Meiriceánaigh iad beirt, ina gcónaí i Nua Eabhrac agus ina nGaeilgeoirí díograiseacha. Tacaíonn Séamas go láidir leis an Uachtarán Bush agus le polasaí eachtrannach Mheiriceá. Tá tuairimí Dhaithí ar na ceisteanna sin foilsithe go minic aige, sa nuachtán seo agus in áiteanna eile, agus ar a bhlag dátheangeach féin ag gaelicstarover.blogspot.com. Ceistíonn sé rialtas, pobal agus cléir a thíre féin maidir lena seasamh ar an gcogaíocht agus ar chearta daonna. An bhfuil fhios agatsa cad tá ar an gcuraclam sa School of the Americas?

Do sheachnaíodar an pholaitíocht nuair a chuir Séamas agallamh ar Dhaithí le déanaí ar phodchraoladh Chumann Carad na Gaeilge. Bhíodar beirt ag freastal ar Lá na Gaeilge in Westchester NY. D’éirigh thar barr leis an ndeireadh seachtaine dar Hilary Mhic Suibhne a bhí ar an gcoiste reachtála.

Bhí Mark Bodah ann chomh maith. Tá ag éirí thar barr leis an ngrúpa comhrá a bhunaigh Mark. Tá Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ag socrú coinní lena chéile chun comhrá le h-úirlisí saoráideacha a chuireann ar a gcumas glaonna “gutháin” a dhéanamh gan chostas ar bith. Labhras le fear amháin i gCeanada a dúirt liom go bhfilleadh sé go hÉireann go minic ar mhaithe lena chuid Ghaeilge amháin. Anois, dúirt sé, tá sé in ann Gaeilge a labhairt gan an baile a fhágaint in aon chor!

Lipéid: ,

Thursday, May 04, 2006

An Blagadóir: Briatharchath na Blagadóireachta

(Foilsiódh an an colún seo sa nuachtán Lá Dé hAoine seo chaite)

Foilsiódh an an colún seo sa nuachtán Lá Dé hAoine seo chaite.Má tá argóint mhaith á lorg agat, ní féidir an t-idirlíon a shárú. Sa ghnáth-shaol, bímíd níos béasaí, níos cineáltaí lena chéile. Nuair atá duine ina sheasamh ós do chomhair, cuireann tú srian ar do theanga. Is féidir poinntí na díospóireachta a shéanadh gan a bheith maslaitheach, gan an duine a ionsaí go pearsanta, agus sin é a dheinimíd, tríd is tríd, nuair atáimíd ag féachaint sa tsúil ar chéile comhraic.

Ís féidir easaontú go tréan le tuairimí an duine eile - ach más mian linn díospóireacht tairbheach a bheith againn ní foláir dúinn an bhagairt phearsanta atá san easaontas sin a mhaolú le cuirtéis, le dea-bhéasa, le guth séimh.

Tá sé i bhfad níos deacra, áfach, na comharthaí seo a léiriú sa téacs lom lena mbítear ag plé ceisteanna móra an tsaoil ar an idirlíon. Conas is féidir labhairt go seimh ar an idirlíon?

“Play the ball, not the man” an mana a mholann Mick Fealty. Bíonn cúis aige é sin a rá go minic, nuair a éiríonn idir na tráchtairí ar ghrúp-bhlag polaitiúil Thuaisceart Éireann sluggerotoole.com.

Ní h-aon iontas é go mbíonn an chaint teasaí ar Slugger agus an éagsúlacht mhór dearcanna polaitiúla atá ag na rannpháirtithe. Sin í an chúis go seachnaítear ábhair chainte áirithe (polaitíocht, creideamh) go minic sa ghnáthshaol. Ná luaigh an cogadh.

Ní réiteach í an chogaíocht ar aon rud. Deintear dearmad ar bhunchúiseanna an chogaidh agus deintear cúis ann féin as an gcogadh féin agus as an ngortú a fhulaingítear dá bharr. Ainneoin caint chrua an idirlín, ní mharaítear aon duine.

Is féidir cogadh seo na bhfocal i measc rannpháirtithe Slugger a fheiscint ar shuíomhanna pearsanta le cuid acu. Na rudaí atá scríofa ar na blaganna jopoliticsnsociety.blogspot.com agus atangledweb.typepad.com faoina chéile níl siad oiriúnach do leanaí, ná don áit oibre ach an oiread. Ní ghlacfaí leis an gcaint sin i nbhfóram páirliminte - agus dá dtarlódh sé sa tábhairne ní thógfadh sé i bhfad go mbeadh na mbuillí dá gcaitheamh.

Duine neamhspleách í Jo, le tuairimí láidre dá cuid féin aici. Níl leisce uirthi iad a nochtadh agus tá sár-aontachtachas A Tangled Web cáinte go géar aici mar atá comóradh míleata 1916 I mBaile Átha Cliath. Agus an tseachtain seo chaite bhí gach aon bhéic ag unitedirelander.blogspot.com agus í féin ar a chéile maidir le Jacqui, scríobhnóir nua atá dulta i mbun na peannaireachta ar bhlag Jo. Dar le UI, níl i Jacqui ach alter ego le Jo, rud atá séanta go láidir ag Jo (agus ag Jacqui!)

Agus mé ag caint ar an mamaíbhlagadóireacht an tseachtain seo chaite, dheineas dearmad glan ar an mamaíphodchraoltóireacht! Mommycast.com an ceann is cáiliúla acu seo, ach tá “daddy-casts” ann chomh maith, mar shampla 101usesforbabywipes.blogspot.com. Chítear go bhfuil eagraíochtaí rialtais i Meiriceá ag tosnú anois ag baint úsáid as podchraoltaí dá gcuid bolscaireachta. Tá feachtas faisnéise ar an bpodchraoladh sin faoi láthair thar ceann an Centre for Disease Control chun daoine a chur ar an eolas maidir le comharthaí an uathachais i leanaí. Agus tá tacaíocht agus comhairle do mháithreacha aonair ar ioncam íseal ón bpodchraoladh womengrow.org.

Maíonn Robin Raskin ar a suíomh idirlín go dtugann sí comhairle do thuismitheoirí don saol digiteach. Ach tuairiscíodh le déanaí gur craoladh tuairisc léi ar chláracha nuachta i Meiriceá inar mhol sí giúirléidí de chuid comhlachtaí a thug íocaíocht di as an bpoiblíocht sin. Cuireadh an tuairisc i láthair mar thuairisc nuachta agus níor insíodh don lucht féachana go raibh sí urraithe.

Chuala an scéal sin ar an bpodchraoladh teicneolaíochta This Week in Tech. Bhí na TWiTs ar an gclár sin ag caint chomh maith ar shibhialtacht na díospóireachta ar an idirlíon. “Disinhibtion” a thugadar ar an easpa múinte a thagann ar dhaoine agus iad ag argóint ar an idirlíon. Ach b'fhéidir nach droch rud amach is amach é? B'fhéidir gur fiú cur suas le masla nó dhó chun tuairimí iasachta a chlos?

Lipéid: ,

Ar Eagla na Míthuisceana ...

... a cháirde, ná bígí ag ceapadh go mbeidh an suíomh seo in a thost!

Bead ag gabháilt don ngnáthbhlagadóireacht anseo i gcónaí agus ceapaim go mbeidh mionphodchraoltaí anseo chomh maith!

Go raibh míle maith agaibh go léir as na focail chneasta a labhair sibh! Beidh mé ag caint libh!

Lipéid: ,

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #72

Flirt FMImeall #72: Is mór an spórt é seo!
MP3, Nótaí

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe
Déardaoin 04-05-2006, 17:30.

Craoladh an clár seo ar dtús ar 26ú Eanair 2006.