Thursday, June 19, 2008

Cumarsáid ar toinn

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua.

Tá Roz Savage ag rámhaíocht trasna an Aigéin Chiúin, ina h-aonar.

Níl sé ach bliain ó thriail sí an turas seo a ndhéanamh go deireannach. Chlis uirthi an uair sin nuair a iompaíodh a báidín i stoirm. Agus i 2006 d'eírigh léi an an tAtlantach a thrasnú sa mhodh seo.

Tá Roz Savage 300 míle amach ó chósta Mheiriceá, in a h-aonar. Thóg sé 3 seachtainí uirthi an méid sin a dhéanamh. Tá sí ar an mbealach go Hawai'i ar an gchéad chuid d'aistear ó Mheiriceá go dtí an Astráil a thógfaidh 3 bliana.

Tá Roz Savage in a h-aonar, ach níl sí gan chomhluadar.

An turas seo, tá Roz ag baint úsáid mhór as úirlisí an idirlín chun teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le gaolta, le cáirde agus lena lucht leanta, buíon atá ag fás le gach tarrac a thugann sí dá maidí rámha.

'Sé rozsavage.com an príomh-shuíomh atá aici. Is ann atá an blag ina scríobhann sí gach lá. Agus is ann atá naisc go dtí na suíomhanna eile atá in úsáid aici.

Is féidir leat cairdeas a thabhairt do Roz ar Facebook. Is féidir féachaint ar na grianghrafanna atá foilsithe aice ar Smugmug. Is féidir leat féachaint ar a cuid físeán ar YouTube agus más mian leat bronntanas a cheannach di, tá nasc go dtí a mianliosta ar Amazon.com!

Níos tabhachtaí fós, má shíleann tú gur fiontar fónta é an iarracht seo ag Roz, más dóigh leat gur bealach maith é chun áird a tharraingt ar chúrsaí timpeallachta mar shampla, is féidir deontas airgid a thabhairt a thacóidh leis an iarracht.

Tá Roz ag podchraoltóireacht chomh mhaith. Trí h-uaire sa tseachtain, bíonn glaoch gutháin saitilíte aice leis an bpodchroltóir Leo Laporte. Cuireann seisean ceisteanna uirthi i dtaobh na n-eachtraí a scríobhann sí ar an mblag agus ar Twitter. Pléann siad an litríocht! Tá rogha mór leabhar fuaime ag Roz ar a h-iPod, a mbíonn sí ag éisteacht leo agus í ag rámhaíocht léi. Tugann sí léargas ar shaol an mháirnéalaigh aonair, agus seolann beannachtaí go dtína cáirde go léir atá ag faire uirthi ar fud an domhain.

Deirtear go mbíonn an fharraige uaigneach. Is cinnte go mbíodh sin fíor. Ach is cosúil go bhfuil ar ár gcumas anois an t-uaigneas a chloí, is cuma cén áit ina bhfuil tú ar an bplainéad beag ceangailte seo.

Coinnigh ort, a Roz!

Friday, June 13, 2008

Imeall #189: Agallamh Beirte

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Bríd agus Conn le chéile ar An tImeall
  • Plean úr do An tImeall. 2 chlár in aghaidh na seachtaine
  • Tuilleadh eolas faoi An Líonra. Beifear ag cloí leis an ainm
  • Ceol ó Dust Rhinos: Big Man Silvest!
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, June 12, 2008

Níl an cóipcheart féin gan teorainn

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán 5ú Meitheamh de Lá Nua.
(Ní bheidh colún Conn ann in Lá Nua inniu, ach beidh sé ar ais an tseachtain seo chugainn.)

"Is le gach bó a lao agus is le gach leabhar a chóip". Sin í an bhreith iomráiteach a tugadh in aghaidh Cholmcille Naofa, tar éis dó cóip a dhéanamh de lámhscríbhinn, gan chead an úineára fadó. Agus is ar an bprionsabal céanna atá dlithe cóipchirt na linne seo bunaithe chomh maith.

I ndáiríre, 'sé an bunús atá ag gach dlí cóipcheart ná cearta an chumadóra a chosaint. Má dheineann tú obair chruthaitheach, ba chóir go mbeifeá in ann luach saothar a fháil as. Má tá maoin fisiciúil agat, tá sé fuirist a dhóthain é a chosaint le glas agus slabhra. Ach is "maoin inteachtúil" atá i gceist le saothar cruthaitheach, agus feidhmíonn dlithe an chóipchirt chun an mhaoin sin a chosaint ó ghoid chomh maith céanna.

Aithnítear na prionsabail go forleathan, agus aontaíonn formhór gach éinne go dtacaíonn srianta cóipchirt leis an gcruthaitheacht agus leis an ealáion mar do dtugann siad geallúint don ealaíontóir go mbeidh sé in ann a bheatha a thuilleamh lena chuid oibre.

Ach tá cearta eile le cosaint sa réimse seo chomh maith. Níl an cóipcheart féin gan teorainn.

Tríd is tríd, meastar go bhfuil sé réasúnta go mbeadh cosaint chóipchirt ag an údar, agus ag a eastáit ar feadh tréimhse áirithe tar éis a bháis, ach tagann an lá go mbíonn deireadh leis. Ansin bíonn an saothar sa bhfearann poiblí, cuid de oidhreacht chomónta ealaíne an chine daonna, agus cead ag cách é a roinnt agus a chóipeáil, agus oibreacha eile a bhunú air.

Is rud an-thabhachtach é an fearann poiblí, agus tá mór-oibreacha oidhreachta ar fáil do chách gan srian dá bharr.

Ach tá deacrachtaí ann nuair nach bhfuil sé soiléar cé leis an cóipcheart ar shaothar cruthaitheach - nó an bhfuil sé fós i bhfeidhm. Tugtar oibreacha díleachta ar a leithéid - agus síleann daoine áirithe go bhfuil sé in a bhac mór ar roinnt agus cur chun chinn an léinn agus na h-ealaíne nuair atá oibreacha ar chóir a bheith saor ó chóipcheart faoi ghlas toisc go bhfuil foilsitheoirí in amhras fúthu.

Tá bille á phlé i Meiriceá faoi láthair: Orphan Works Bill 2008. Má reachtaítear ina dhlí é, cuirfidh sé ar chumas foilsitheoirí ábhair a athfhoilsiú má tá iarracht réasúnta déanta acu an t-úinéar a aimsiú. Má aimsítear an t-úinéar i ndiaidh an athfhoilsithe, beidh sé i dteideal a sciar a éileamh, ach ní bheiodh sé i dteideal damáistí píonósacha.

I ré seo na cumarsáide, tá deis iontach ann seoda clasaiceacha na h-ealaíne a chur ós comhair an phobail. Tá tograí ar siúl ag leithéidí Chartlann an Idirlín (archive.org) chun leabhair atá saor ó chóipcheart a scanáil agus a chur ar fáil do phobail ar fud an domhain. Tá "bookmobile" acu atá in ann taisteal áit ar bith agus do rogha ó 20,000 leabhar sa bhfearann poiblí a íoslódáil ó shaitilít agus a chlóbhualadh ar an bpoinnte boise. Tá an "chóipeáil" athraithe go mór ó ré Cholmcille agus a chuid lámhscribhinní. B'fhéidir go ma chóir an cóipcheart a leasú chomh maith?