Friday, September 30, 2005

An tImeall #18 : Plódú Bhaile Átha Cliath

Lipéid: , ,

Thursday, September 29, 2005

An tImeall #17: Ag Plé na nGiúirléidí

Wednesday, September 28, 2005

An tImeall #16 : Is dona linn an briseadh seo

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Fadhbanna teicniúla.
  • Cad é bhúr meas ar an bpíosa filíochta a dúras an lá cheana?
  • Cluiche Ceannais Chraobh na hÉireann - Comhgháirdeachas le Tír Eoghain!
  • Blag Gaelach nua: Bród Éireannach - buíochas do Nicole a d'aimsigh!
Lipéid: , ,

Monday, September 26, 2005

An tImeall #15 : Trí Tréithe na Féinne

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime

  • Trí Tréithe na Féinne
    (le Osborn Ó hAimhirgín)

    Ceist ag Pádraig, grá na ngael
    Lá ar laoch an liath-fhoilt
    Caoilte Mac Rónáin na scéal
    Tráth in Éirinn iathghlais.

    "Inis dom, a scéalaí bhinn
    Céard 'thug daoibhse an tiarnas?
    Nó céard a choinnigh sibh gan mheath
    An oiread mhair na Fianna?"

    "Trí tréithe do dhaingnigh sinn"
    D'fhreagair Caoilte ciallmhar
    "Glaine ár gcroí, neart ár ngéag,
    Agus beart de réir ár mbriathar."

  • Ceol: Aberdeen le David Goodrich
Lipéid: , , ,

Thursday, September 22, 2005

An tImeall #14 : Go raibh maith agat, a Hilary!

Lipéid: , ,

Wednesday, September 21, 2005

An tImeall #13 : Tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh!

Lipéid: , ,

Monday, September 19, 2005

ImeallPod 12 : Cad 'tá ar siúl anseo?

Tá fáilte romhat. Má chliceálann tú na dealbha Nasc díreach leis an gcomhad fuaime ar an suíomh seo cloisfidh tú Gaeilge. Tugtar podchraoladh air seo. Foilsítear míreanna nua sa tsraith i gcáipéis XML () ar a dtugtar an Soláthar RSS.

Mar a mhíníonn Dave Winer, níl in RSS ach scimeáil an ghréasáin go huathoibríoch - ina chuid focal féin: "automated web-surfing". Tá comhaid fhuaime dá ndáileadh ar an idirlíon le fada an lá, ach, ceal RSS, más mian leat sraith cláracha ar leith a chlos ar an idirlíon, ní foláir duit filleadh ar shuíomh an chláir lá i ndiaidh lae agus dul i mbun na cliceála chun an comhad a chur á íoslódáil go dtí do ríomhaire. Ansin bíonn ort fanacht go mbeidh an íoslódáil críochnaithe sarar féidir leat éisteacht leis. Sin déanta, má tá an comhad i bhformad nach bhfuil tacaíocht fhorleathan dó ar ghléasanna soghluaiste, beidh ort fanacht i gcóngar an ríomhaire fad is atá tú ag éisteacht leis an gclár. Chaithfeá a bheith i d’éisteoir fíor-dhílis chun é sin a dhéanamh do sraith amháin cláracha – ach samhlaigh dá mba mhian leat leath-dhosaen acu a leanúint? Ní haon iontas é go bhfuil leisce ar dhaoine éisteacht le raidió idirlín.

Tá réiteach na bhfadhbanna san ag an bpodchraoladh le RSS. Is féidir bogearra podghabhála a úsáid ar do ríomhaire pearsanta chun "síntús" a ghlacadh le do rogha podchraoltaí. Coimeádann an podghabhálaí súil ar na soláthair RSS go léir atá roghnaithe agat agus tarraingíonn sé na comhaid fhuaime anuas ón idirlíon go dtí do ríomhaire pearsanta chomh luath agus a fhoilsítear iad. Is féidir na comhaid a aistriú ó do ríomhaire go dtí iPod nó gléas seinnte fuaime soghluaiste éigin eile, agus iad a bhreith leat, chun éisteacht leo ar do chompord nuair is fearr a oirfidh san duit.

Anois is tusa, an t-éisteoir, riarthóir na gclár ar do stáisiún pearsanta féin. Roghnaíonn tú do rogha cláracha ó phodchraoltóirí na cruinne ar chibé ábhair is ansa leat féin. Is tusa amháin a shocraíonn caithin agus cén áit ina n-éisteóidh tú leis na cláracha sin.

Tá an "raidió" saortha. Níl sé ag brath a thuilleadh ar mhinicíochtaí, ar sceidil, ar cheadúnais rialtais, ná ar threalamh costasach. Más suim leatsa ábhar ar leith nach gclúdaítear de ghnáth ar na meáin traidisiúnta tá seans an-mhaith go bhfuil an t-ábhar san ina ábhar podchraolta ag podchraoltóir éigin, in áit éigin ar domhain. Agus mura bhfuil, b'fhéidir go dtosnófá féin ag podchraoladh ar an ábhar san?

Mar sin, an bhfuil deireadh leis an raidió traidisiúnta? Níl ná é. Ní féidir an raidió a shárú chun scéalta práinneacha an lae a fhógairt agus a phlé i measc pobal atá in ann an comhartha a fháil. Ach tá pobail de shaghas eile ar fad dá n-aithint anois: pobail atá scaipithe go fisiciúil - ach atá ceangailte de bharr na suime comónta atá acu in ábhair ar leith. Tá an t-idirlíon ag freastal ar na pobail seo le fada anois: "niches" mar a tugtar orthu: lucht leanta na teicneolaíochta, na gcartún Seapánacha, na cócaireachta, na cniotála agus dar ndóigh Pobal Domhanda na Gaeilge. Tá ábhar suime imeallach de shaghas éigin ag nach mór gach aon duine beo - ach tá ná h-ábhair seo chomh h-éagsúil ná bímíd ag súil de ghnáth go bhféadfadh na meáin traidisíunta freastal orainn go léir. Ach tré ghréasán an idirlín is féidir pobal a chruinniú, beag beann ar chúinsí fisiciúla. Tá ár n-acmhainní idirlín againn, ár gcláracha plé srl., agus anois is féidir linn seirbhísí raidió a bheith againn atá chomh fuirist don éisteoir agus atá sé an cnaipe a chasadh ar do stáisiún FM áitiúil.

Agus beidh tóir ag an lucht éisteachta seo, na h-iPodóirí, ar chláracha ard-chaighdeánacha chomh maith leis na podchraoltaí amaitéaracha neamhspleácha. Cheana féin tá leithéidí an BhBC, Sky News agus Near FM i mBaile Átha Cliath ag foilsiú comhad i bhfoirm phodchraolta. An fada go ndéanfaidh RTÉ, RnaG, agus leithéidí Raidió Chiarraí amhlaidh chomh maith céanna? An fada go mbeidh mé in ann mo phodghabhálaí a chumrú chun na h-eagráin is déanaí de Cois Cuain, Leagan Cainte agus The Acoustic Freeway a bhailiú dom in éineacht le Morning Coffee Notes, The Daily Source Code, agus WXTC?

Nuair a thug Adam Curry óráid an chlabhsúir ag comhdháil Gnomedex in Seattle mí Mheithimh seo caite, tharla go raibh eagrán uimhir a 200 den Daily Source Code le foilsiú aige an lá céanna. Mar óráid dhein sé an clár a chraoladh beo ón stáitse. Ag labhairt dó ar an ócáid chinniúnach san, thug sé míniú ar an bpodchraoladh a thuigfidh craoltóir ar bith: “… it’s the dream of mainstream media … radio by appointment … now all we have to say is: ‘stay subscribed!’”

Mar sin: cad ‘tá ar siúl agam anseo? Thosnaíos amach bliain go leith ó shin ag blagáil – ach anois is ag podchraoladh amháin atáim. Sílim gurb ionann an podchraoladh agus an chéad chéim eile sa bhlagadóireacht. Teastaíonn uaim an podchraoladh a chur chun cinn mar mheán agus teastaíonn uaim go mbeadh an Ghaeilge i lár an aonaigh sin. Creidim go dtosnóidh na meáin traidisiúnta ag cur cláracha áirithe ar fáil i bhfoirm phodchraolta agus táim ag tnúth go mór le leathnú seirbhísí Raidió na Gaeltachta agus TG4 (mar níl an podchraoladh teoranta don bhfuaim amháin) i réimse an phodchraolta de réir mar a dhéanfar éileamh orthu le h-imeacht na h-aimsire. Creidim go bhfásfaidh gnólachtaí tairbheacha san earnáil nua seo mar thoradh ar an infheistíocht atá Apple, Odeo, libsyn, comhlacht Podshow Adam Curry gan amhras – agus ní fheadar cé eile - á chur isteach ann. Agus creidim chomh maith go mbeith slí i gcónaí sá talamh úr seo don bpodchraoltóir neamhspleách, do shliocht na sean-fhobhlaíthe, don gcraoltóir pobail, imeallach, mionlaigh.

Mar sin: cloígí leis an síntús a cháirde, agus beidh mé ag caint libh!

Lipéid: , , ,

Friday, September 16, 2005

An dtiocfaidh an crú ar an táirne?

Praghas an Bhreosla
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Má chuireann aon ní stop leis an bhfuadar gnó sa tír seo, 'sé praghas an bhreosla é.
  • Ceol: I Do le Rob Costlow le cabhair an Podsafe Music Network. Bhí droch-chaighdeán fuaime ag podchraoladh an lae inné - mar sin táim ag casadh an píosa céanna ceoil arís féachaint an mbeadh sé níos fearr ag 96kbps seachas 64kbps.
  • Seoladh ríomhphoist: IMEALL ag IOL ponc IE - nó fág teachtaireacht sna freagraí/comments - is féidir sin a dhéanamh go hanaitheanta
Lipéid: , ,

Thursday, September 15, 2005

Mo Cheol Sibh, a Ghaelbhlagadóirí!

Tuesday, September 13, 2005

Iontaisí na hInse

Bruach na hAbhann, Inis, Co. an Chláir.
Lipéid: , ,

Monday, September 12, 2005

New Orleans scriosta - agus Clú Mheiriceá leis

Lipéid: , ,

Tuesday, September 06, 2005

An tImeall : 2005-09-06 : Bíonn gach Tosach Lag!

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime.
  • Tus le sraith nua podchraoltaí laethúla (nó geall leis)!
  • Iarracht is ea é seo a thaispeaint go bhfuil na meain nua seo i seilbh an ghnath-dhuine. Ní tomhaltoiri amhain sinn feasta - is feidir linn a bheith inar dtairgitheoiri chomh maith!
  • An tréith is suailcí ag píosa podchraolta? Giorracht, gontacht, simpliocht! Ní h-ionann an podchraoladh agus an raidio.
  • Glac páirt sa phodchraoladh! Seol do chuid moltai don gceann seo - nó cuir tús le do phodchraoladh féin. Cabhródsa leat: cuir r-phost chugham! An seoladh: IMEALL ag IOL ponc IE
  • Nuacht an lae:
    • Tubaiste mhór New Orleans. Blagáil bheo ag an Interdictor.

Lipéid: , ,