Thursday, November 29, 2007

Imeall #184: Sssssh!

Buail anseo chun éisteachta!
[Deineadh an podchraoladh seo i lár na h-óiche ciúine, le glór íseal, ar eagla go ndúiseofaí líon an tí! ;) ]


Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaDe réir a chéile ta sean-idirlíon na leathanach agus na bhfocal ag athrú in a mheán beo fuaime agus físe.

Go deimhin, tá an fhuaim féin ag géilleadh don bhfís, ó thús na bliana seo ach go h-áirithe. Tá sé le sonrú agam ar mo iPod beag féin: áit nach mbíodh ach cláir fuaime an t-am seo anuraidh, is podchraoltaí físe iad formhór na gclár ar an ngléas sin agam anois.

‘Sé Rocketboom an ceann is sine, b’fhéidir. Bunaíodh é i 2004, agus ‘sí Joanne Colan atá á chur i láthair le breis agus bliain. Is Sasanach í Joanne, a chaith tréimhsí ag obair leis an BBC agus le MTV, agus is láithreoir teilfíse den chéad scoth í. Tá Fraincís ar a toil aici, agus ar Oíche Shamhna seo chaite thaispeáin sí go raibh cumas sa Ghaeilge aici! Thug sí fobhraíocht foirfe don bhfocal “Samhain” in eagrán an lae sin, agus í ag insint stair na féile dá lucht feáchana.



Geekbrief.TV agus Webbalert.com luaite cheana agam. Dhá chlár eile iad a chuirtear i láthair i stíl nuachta. Ceann eile is ea Wallstrip.com a phléann cúrsaí airgeadais agus infheistíochta. Fiú mura bhfuil suim dá laghad agat in eachtraí na dtarbh agus na mbéaranna, bainfidh tú taitneamh as an gclár spraoíúil seo.

Tá greann agus aor ar fáil chomh maith, ó 1938media.com, mar shampla. Agus ar YouTube tá an-éileamh ar físeáin mhagúla le leithéidí Lisa Nova agus Happyslip, ach go h-áirithe.

Sheol an blag cáiliúil BoingBoing eagrán físe an mhí seo chaite chomh maith. Tá siad fós ag iarraidh socrú ar an an stíl is oiriúnaí dóibh féin, ach tá sé léirithe go proifisiúnta acu.

‘Sé an ceann is ansa liom féin i láthair na h-uaire ná GigaOM.TV. Cuireann an t-iriseoir teicneolaíochta Om Malik an clár seo i láthair in éineacht le Joyce Kim. Is láithritheoir taitneamhach nádúrtha í Joyce, ach go h-áirithe, agus bíonn comhrá deas idir an bheirt acu agus iad ag cur síos ar scéalta móra gnó Silicon Valley.

Tá slua léiritheoirí nua ag treabhadh na páirce seo, leithéidí Revision3.com a léiríonn GigaOM. Agus tá lucht na gnáth-theilfíse ag cur suime san idirlíon chomh maith. An cuimhin libh an clár My So Called Life, a chuir Clare Danes ós comhair an tsaoil mhóir? ‘Sé Quarterlife an teideal atá ar an dtogra is déanaí de chuid léiritheoirí na sraithe sin, agus tá sé le le feiscint anois ag quarterlife.com.

Ach níl sa mhéid seo ach mo rogha-sa, agus táim cinnte go bhfuil an-chuid, idir maith agus olc, nach bhfuil deis agam a bhlaiseadh. An bhféachann tusa ar fhíseáin idirlín? Cad iad na cinn a mholfá-sa? An dóigh leat go bhfuil todhchaí na teilifíse ar an idirlíon?

Mindy Smith
Lipéid: , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, November 22, 2007

Imeall #183: Meascáin!!

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaNíl aon iontráil fós ag tobar na téarmaíochta, focal.ie, don bhfocal mashup. Ní h-aon iontas an méid sin, mar is focal cuíosach nua é tríd is tríd. Ach más amhlaidh dó, measann daoine áirithe gur focal cuíosach tabhachtach é, agus an módh oibre a samhlaítear leis ó thaobh na cruthaitheachta de.

Tá saghas amháin mashup, go bhfuil cur amach go forleathan air le fada. ‘Sé sin an meascán ceoil. Le teacht an “samplú digiteach” tháinig forbairt ar mhodh nua cruthaitheachta don gceol, go h-áirithe i réimse an “hip-hop”. Is minic na scórtha blaiseadh beag fuaime éagsúla in aon amhrán amháin. Tá plé maith ar an nós seo, agus ar na h-impleachtaí atá ann do chúrsaí cóipchirt, i gclár raidio dár teideal “The Funky Drummer”, cuid den sraith iontach “Sound Stories” ar RTE Radio 1 atá léirithe ag Luke Clancy. Tá moladh mór tuillte ag RTE go bhfuil sé seo, agus scoth agus rogha a gcuid clár, ar fáil mar phodchraoltaí ag rte.ie/radio/podcast.

Anois tá saol na teicneolaíochta ag foghlaim ó na ceoltóirí. Is fada “ath-úsáid” agus comhoibriú bhogearraí ina sprioc ag dearthóirí na gcóras faisnéise. Agus anois go bhfuil an t-idirlíon forbartha mar atá, tá dearcadh nua ar bhogearra mar sheirbhís ar féidir a chur ar fáil ar an ngréasán, “ar cíos” más maith leat, seachas breathnú ar bhogearra mar tháirge a díoltar, agus a seasann leis féin.

Anois má fhéachtar ar an ngréasán domhanda mar mhachaire fairsing ina bhfuil na seirbhísí éagsúla seo “ag fás” ina chuid páirceanna, cad iad na dinnéir éagsúla ar féidir a chur ar an mbord, ag meascadh na dtorthaí éagsúla atá ar fáil don gcócaire?

Sin é an gréasán in-ríomhchláraithe! Tá léarscáil maith de le fáil ar an suíomh programmableweb.com. Agus ag caint ar léarscáileanna, tá sampla maith den measc-chlárúcháin sa tsuíomh a luaigh mé an tseachtain seo chaite anseo: justroutes.com. Ní raibh ar na h-údair sin córas léarscáilíochta a chruthú as an nua, nó ní bheadh an suíomh déanta i 6 seachtainí acu! Bhaineadar úsáid as Google Maps chun an jab a chur i grích, meascaithe le co-ordnáidí na stadanna bus a chruinnigh siad féin le gléas saitilíte GPS.

Ní h-iad Google an t-aon dream a thacaíonn leis an measc-chlárúchán. Ag Mashup Camp Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine (mashupcamp.com) bhí na boic mhóra go léir i láthair: Microsoft, IBM, agus Yahoo in a measc, gach ball acu ag moladh na n-úirlisí agus na comhéadain a chuireann siad ar fáil do measc-chláraitheoirí. Agus tá cuid des na h-úirlisí seo dírithe go speisialta ar dhaoine nach ríomh-chláraitheoirí iad. Is cosúil go gceapann ailtirí agus lucht straitéise na mórchomhlachtaí seo go bhfuil síolta ré úr ríomhaireachta sna mashups. Bímís ag cócaireacht, más ea!

  • Ceol: Mashup le Bobby Martini: Ain't no other man 'till you get enough
Lipéid: , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, November 08, 2007

Ríomhaire na bPáistí

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaSa chéad alt a scríobhas don nuachtán seo, dhá bhliain ó shin cothrom na míosa seo, thugas cur síos ar an dtionscamh “One Laptop Per Child”, nó mar is fearr cáil air: “an ríomhaire glúine ar $100”.

Sa deireadh, ní rabhadar in ann an ríomhaire a dhéanamh ar $100 – ach fós féin ní olc an margadh é ar ábhairín níos lú ná $200. Cuireadh tús le táirgíocht na ríomhairí (ar a dtugtar an “XO”) Dé Luain seo chaite, i monarcha sa tSín.

Más cuimhin libh, ‘sé atá in OLPC ná togra oideachais agus forbartha don tríú domhan. Don chuid is mó díolfar na ríomhairí le rialtaisí amháin, agus beidh na céadta míle ríomhaire i ngach ordú. Ach is féidir leis an bpobal cuidiú leis an iarracht chomh maith. Ag an suíomh xogiving.org is féidir leat ríomhaire a cheannach ar $200 le deonú do pháiste sa triú domhain. Agus nochtfaidh siad scéim nua Dé Luain seo chugainn leis an mana: “Give 1 Get 1”. Ar feadh tréimhse coicíse, beidh seans ag deontóirí i dTuaisceart Mheiriceá ríomhaire XO amháin a dheonú, agus ceann eile a fháil dá bpáistí féin ar $400.

Fuaireas an scéal is déanaí ar an XO ar bhlag an iriseora Richard Delevan, in alt a scríobh sé don iris Business & Finance. Tá cur síos maith ann ar shainghnéithe an XO, atá ceaptha agus cumtha le n-úsáid in áiteanna nach mbeidh na gnáth-sheirbhísí ríomhaireachta ar fáil. Ní amháin gur féidir fuinneamh a chur ann le casadh an hanla tochrais, ach maítear go mbeidh na páistí féin in ann 95% den obair chothabhála a dhéanamh. Tá físeán YouTube ar an suíomh agam inniu, a thaispeánann buachaill agus cailín óg as Quebec ag athrú páirteanna, agus gan acu ach 10 agus 8 mbliana d’aois.

‘Sé Richard a bhí ina eagarthóir ar fhorlíonadh gnó an Sunday Tribune le tamall anuas, ach is cosúil, de réir blag Damien Mulley, gur chaill sé an post sin an tseachtain seo. Dar le Damien, thárla seo de dheasca alt a scríobh Richard faoin gceantálaí Ken MacDonald, ó Hooke & MacDonald, a bhfuil teipthe air a theach féin a dhíol le breis agus bliain.

Tá plé beo ar an gceist seo ar mulley.net, ar dublinopinion.com, poetbloggs.net, adammaguire.com agus ar arandomwalk.com. Bhí admháil tugtha ag Richard ina alt do údar anaithnid A Random Walk mar fhoinse do scéal MacDonald.

Inniu, tugann an blurb ar bhlag Richard le fios go mbaineann a thréimhse eagarthóireachta ar an Tribune leis an aimsir chaite, ach níl faic eile ráite aige faoin scéal … go fóill.

Lipéid: , ,

Físbhlagadóir na Ceithre Scór

Foilsíodh an t-alt seo i Lá Nua an tseachtain seo chaite.Ar chuala tú an scéal faoin bhfísbhlagadóir in aois a cheithre scór?

Tá cónaí ar Peter Oakley faoin dtuath, i lár na tíre i Sasana. Tá ríomhaire agus ceamara gréasán aige, ceangal leis an idirlíon agus aigne bheo.

Pléann sé cúrsaí an tsaoil, a chuimhní cinn agus a dhearcadh féin, os comhair an cheamara. Ach níl sé ag caint leis féin. Féachann na mílte duine ar a chuid físeán ar YouTube. Agus tugann siad freagra air. Spreagann físeáin Pheadair daoine eile, agus leanann an comhrá.

An boc mór é Peter? An réalt é, nó celebrity? Bhuel, ní déarfadh sé féin gurb ea. Ach tá dearcadh aige chomh maith le h-aon duine, agus tá sé le clos. Agus is dóigh le daoine áirithe gur fiú éisteacht leis. Coicíos ó shin fuair Peter cuireadh ó Fóram Eacnamaíochta an Domhain i nDavos na hEilbhéise. Is mian leo go dtiocfadh Peter chun cainte le ceannairí agus le taoisigh an domhain ag an gchéad chruinniú eile an bhliain seo chugainn.

Dhiúltaigh Peter don gcuireadh, ach is dóigh lena cháirde idirlín gur iontach an deis é, agus tá súil acu go n-athróidh sé a intinn. Is féidir Peter a fháil ar YouTube faoin ainm cleite Geriatric1927.

Tá lucht Davos le fáil ann chomh maith, (ainm: WorldEconomicForum) agus Tom Guariello, fear as Nua Eabhrac a fhoilsíonn físeáin go rialta in a mbíonn comhrá aige le Peter, ag féachaint sa tsúl ar a chéile trasna an aigéin mhóir.

Caithfidh mé tréaslú le Antóin Ó Lachtnáin, an blagadóir ar leis an seoladh idirlín iomráiteach eire.com! Ní amháin go bhfuil leabhar nua foilsithe aige a insíonn conas ar féidir le gnolachtaí beaga tairbhe a bhaint as an idirlíon, ach tá fiontar nua á sheoladh aige chomh maith: an Swords Express a thabarfaidh paisinéirí as Sord go croí-lár Bhaile Átha Cliath agus ar ais arís.

Rud eile a chabhróidh le taistealaíthe na príomh-chathrach ná an suíomh JustRoutes.com. Níor thóg sé ach 6 seachtainí ar Dave Rooney agus ar Vincent Glennon an suíomh seo a thógaint ach is iontach an áis é. Léirigh an spota ina bhfuil tú ar mhapa Google ar an suíomh. Ansin taispéain an áit a theastaíonn uait a bhaint amach. Sonróidh JustRoutes.com na roghanna is fearr busanna, tramanna nó traenacha a thabharfaidh ann tú, chomh maith le treoracha ón áit in a bhfuil tú go dtí an stad bus is gaire duit.

Agus nuair a chuireas agallamh ar an mbeirt le déanaí, bhí sé in a chúis mhórtais ar leith acu go raibh leagan Gaeilge déanta acu den suíomh. Tá an t-agallamh sin foilsithe ar Intruders.TV.



Lipéid: , , ,

Gabh mo leithscéal

Táim ag scríobh agus ag foilsiú altanna do Lá Nua, ach ní bhfuaireas an deis le roinnt seachtainí anuas aon phodchraoladh a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh seans agam ceann a dhéanamh i gceann cúpla lá. Idir an dá linn, geobhaidh sibh téacs alt na seachtaine seo chaite, agus ceann an lae inniu, sa chéad dá bhlagmhír eile a fhoilseoidh mé ar ball beag.