Thursday, July 31, 2008

Scíth ar bith do bhlagadóirí

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua

Anois agus an iPhone seolta, agus diúltú tugtha ag Yahoo! do thairiscint eile ó Microsoft, tá saol an idirlín ciúinithe go mór - tionscnóirí, tuairisceoirí agus tráchtairí imithe ar a laethanta saoire agus gach aon rud in a thost ... an ea?

Ní h-ea - ná baol air! Dár ndóigh, níl feidhm ag sean-rialacha na nuachta ar an idirlíon, agus is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach - nó fiú scéal suimiúil!

Ní chuireann sé iontas ar bith orm nach bhfuil aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil saoire samhraidh ar intinn ag an sár-bhlagadóir Damien Mulley. Ní amháin go bhfuil sé ag blagadóireacht go fuinniúil ar mulley.net (2, 3 nó níos mó alt gach aon lá!), ag tabhairt léachtaí agus ag eagrú seimineár ach tá gradam-ócáid nua á stiúradh aige ar an múnla céanna leis na Irish Blog Awards - sin iad na Irish Web Awards a bhronnfar mí Dheireadh Fomhair seo chugainn. Tá tuilleadh eolais ag awards.ie.

Ach anois tá blag nua aige chomh maith: Bleep.ie, le tuairisceoireacht agus léirmheastóireacht ar ghiúirléidí agus ar theicneolaíocht. Tá sé scríofa go maith, le léirmheasanna go leor ar ríomhairí agus ar fóin phóca agus leis na scéalta is úire, mar shampla faoin bpacáiste nua leathanbhanda 24Mbps, a fógraíodh inné ag BT.

Táim an-thógtha leis an mblag de chuid Chumann Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge ag scribhneoirioga.blogspot.com. Táthar ag foilsiú go han-mhinic ann le roinnt míonna anuas, prós, léirmheasanna agus scéalta suntasacha faoi shaol liteartha na Gaeilge. Go mba fada buan iad!

Ar mhaith leat bheith i scannán zombie? Seo do sheans! Smaoinigh an físbhlagadóir darb ainm Paperlilies ar an seift seo roinnt seachtainí ó shin, agus tá an tionscnamh faoi lán seoil anois ag youtube.com/user/internetzombiemovie. Is comhfhiontar mór atá i gceist anseo - líon mór daoine ar fud an domhain, ag comhoibriú le cabhair YouTube. Ní h-uafás go cur le chéile, is cosúil!

Sampla eile den gcruthaitheacht amaitéarach seo atá á spreagadh ag YouTube ná an Swedeáil. Sin é a tugtar air nuair a dheineann daoine a leaganacha féin de scannáin agus cláracha teilifíse aitheanta.

Cloisfear a thuilleadh faoin Swedeáil sa bhfomhar nuair a taispeánfar sraith nua teilifíse ar an ábhar ar RTE. Tuilleadh eolais ar rte.ie/swededtv.

Caithfear a admháil go raibh scéal mór teicneolaíochta amháin an tseachtain seo, agus cuireadh suimh mhór ann anseo in éirinn. Suíomh cuardaigh nua seolta atá ag tabhairt dúshlán Google, agus iad ag maíomh go bhfuil an t-innéacs is mó ar domhain acu. Agus an rud is suntasaí dar liomsa: tá ainm gaelach aige. Ar thriail sibh fós é? Cuil.com.

Thursday, July 24, 2008

An tImeall #190: An Todhchaí Digiteach

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Ag craoladh beo ó Studio nua Edgecast Media
  • Togra nua: Eureka! - Sraith úr eolaíachta, dírithe ar scoláirí méanscoile a bheas á chraoladh ar RTE Ráidió na Gaeltachta i mí Méan Fomhair
  • Tuilleadh forbairt ar www.anlíonra.net - is fiú go mór blag Cáit Ní Mhaolain a seiceáil amach - cur síos ar na heachtrái a bhíonn aici ar an mbus ata ann!
  • Comhrá idir Conn agus Bríd faoin todchaí digiteach agus faoin dá suíomh, plean2028.ie agus iiea.com/digital.
  • Agus ceol ó Foy Vance: Shed a Little Light. Is féidir an t-amhrán sin a cheannach ar 99c ó downloadmusic.ie
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

An Todhchaí Digiteach

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniú de Lá Nua

Bíonn mo dhóthain le rá agam faoin deis atá againn sa lá tá inniu ann ár dtuairimí a nochtadh ar ábhar ar bith. 'Sea, d'fhéadfá a rá, ach an bhfuil éinne ag éisteacht?

Bhuel - seo an rud. Tá go leor daoine a bhfuil suim thar an ngnáth acu i dtuairimí an phobail ar rogha leathan ábhar. Má smaoiníonn tú air, táimíd dár gceistiú an t-am ar fad - go h-oscailte agus go h-indíreach chomh maith.

Ní h-aon lá thart ná go gcloistear ar a laghad scéal amháin i nuacht an lae faoi phobalbhreith éigin, agus na firicí suntasacha atá nochtaithe aici.

Ach tá níos mó ná scéalta suntasacha do chláir nuachta i gceist le dearcadh an phobail a mheas. Tógtar cinní móra i gcúrsaí gnó agus rialtais, ag brath ar thorthaí na taighde.

Tá ról lárnach ag an idirlíon sa phróiséas seo sa lá tá inniu ann. Oireann sé do gach duine. Tá sé i bhfad níos éasca daoine suíomh idirlín a chur ar fáil chun tuairimí a bhailiú ón bpobal ná mar atá sé a bheith ag cur bailitheoirí faisnéise amuigh ar an sráid nó ag taisteal ó dhoras go doras.

Agus oireann sé don bpobal chomh maith, páirt a ghlacadh i bpróiséas aischothaithe ar a dtéarmaí féin.

Tá dhá phróiséas ar leith ar siúl i láthair na h-uaire ina bhfuiltear ag iarraidh aighneachtaí ó bpobal ar dhá ábhar atá fíor-thabhachtach do deo im' thuairimse.

An chéad ceann, is é an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá in a bhun. Táthar ag bailiú aighneachtaí faoi láthair chun dul i mbun oibre ar phlean straitéise 20 bliana a ullmhú don
teanga Gaeilge. Iarrtar ortsa páirt a ghlacadh san obair fíor-thabhachtach seo ag an suíomh plean2028.ie.

Agus tá réimse eile atá an-tabhachtach don tír seo im' thuairimse. Cad iad do thuairimí i dtaobh an "todhchaí digiteach", mar a tugtar air. Conas ar féidir a chinntiú go mbainfidh Éire an leas is fearr as an úr-theicneolaíocht. Tá cúig cheist suntasach faoin ábhar sin ar an suíomh iiea.com/digital.

An bhfuil tuairim agat? Abair leat!

Wednesday, July 16, 2008

Ar an taobh contrártha

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de La Nua

Má tá formhór an tsaoil mhóir ar aon intinn faoi cheist éigin, uaireanta is fiú go mór an taobh contrártha a ghlacadh!

Nó sin é a rith liom i dtaobh Andrew Keen an lá cheana.

Agus gach aon saineolaí, tráchtaire, polaiteoir, agus oide ag caint ar thabhacht na teicneolaíochta agus ar fheabhas an idirlín, is féidir a bheith deimhin cinnte de go mbeidh tóir ar an té atá amhrasach faoi, go h-áirithe i measc na ndaoine a bheidh ag iarraidh argóint leis!

Is fearr go mór an sásamh a bhaineann le cás nó le cúis, má tá duine éigin ag cur i do choinne. Agus bhí go leor daoine ag lorg troda le Andrew anuraidh nuair a d'fhoilsigh sé leabhar faoin dteideal: The Cult of the Amateur: How Today's Internet is Killing Our Culture.

Is é an Vicipéid (wikipedia.org) an suíomh is mó go bhfuil Andrew ag gearán faoi. Maíonn sé go bhfuil sé ró-éasca do dhuine ar bith scríobh air, agus dá bharr sin nach féidir muinín a bheith againn as caighdeán na faisnéise atá ann.

Tá poinnte aige ach, mar a dúirt Lawrence Lessig (lessig.org), a bhunaigh an ghluaiseacht Creative Commons ar mhaithe le leasú cóipchirt, agus atá cáinte i leabhar Andrew, tá botúin a dhóthain sa leabhar ceánna gur cruthúnas ann féin é nach bhfuil córas na foilsitheoireachta traidisiúnta puinn níos fearr maidir le fíorú firicí!

'Sí an difríocht atá leis an idirlíon ná gur fusa na botúin a cheartú!

Tá sé íoróineach, dar ndóigh, go bhfuil blag ag Andrew féin (andrewkeen.typepad.com) agus podchraoladh leis! Chuala mise é asn tseachtain seo chaite ag labhairt ar phodchraoladh an Gillmor Gang (gillmorgang.techcrunch.com), áit ar mhaígh sé gur fiú blag a bheith ag duine dá leithéid má tá cáil air cheana, de bharr leabhair, nó cumadóireacht cheoil, nó scánnánaíochta.

Eilíteachas? D'admhódh sé féin é, go máiteach! Fimínteacht? Sílim é.

Ach dúirt sé rud eile faoi bhlaganna atá suntasach go maith san agallamh sin: gur cuid den príomhsruth anois iad na blaganna - sean-mhéain, mar a dúirt sé - agus sílim gur fíor dhó é.

Cuid mhaith des na blaganna móra is geall le irisí nuachta, le fóirne móra oibre agus fógraíocht - ach an crot céanna blag acu fós - le tráchtaireachtaí agus araile.

Agus tá cuid mhaith nuachtán agus irisí traidisiúnta atá ag tógaint cuma an bhlag orthu féin le déanaí chomh maith, mar shampla suíomh nua irishtimes.com.

Sé mo dhearcadh féin nach bhfuil argóint fónta ag Andrew Keen, ach pé scéal é, ní féidir an taoide a chur siar. Tá gach aon duine againn, amaitéarach nó gairmiúil, ag treabhadh na páirce céanna anois. An mbeimíd níos fearr as?

Friday, July 11, 2008

Blagadóireacht spóirt

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inné de Lá Nua

Ní foláir nó go bhfuil lár an tsamhraidh againn faoin am seo. Nó sin é a tuigtear dom ar aon nós, le Wimbledon thart agus comórtaisí craoibhe Chumann Lúthchleas Gael faoi lán-seoil. Ní shílfeá éagus an crot atá ar an aimsir, ach tá sé ina shamhradh de shaghas éigin, is cosúil.

Buíochas le Dia go bhfuil an féilire spóirt againn, nó ní bheadh cliú againn cén séasúr atá againn. Agus buíochas leis na blaganna spóirt a choinníonn súil ghéar ag trácht agus ag tuairisc ar na h-imeachtaí go léir.

Dár ndóigh, níl talamh níos saibhre ann do bhladar agus plé sa tír seo, ná an spórt (seachas an aimsir féin is dócha). Agus tá go leor le ráag na blagadóirí tríes imeachtaí na deireadh seachtaine seo chaite.

Tá muintir Chorcaí caithréimneach tréis dóibh an Ríocht a chur chun siúil Dé Domhnaigh. "Maith sibh Corcaigh" arsa Concubhar Ó Liatháin, "Tá sibh tar éis an Samhradh a ghealú in ainneoin na doinine" (igaeilge.wordpress.com).

Agus bhí údar an bhlag thesraid.com chomh sásta leis an dtoradh gur chruthaigh sé suíomh úr, gaakerry.com, chun magadh beag a dheánamh faoina cháirde Ciarraíocha,

Ní h-iad na Corcaígh amháin a bhí sásta. Dar le h-údar an bhlag croom.wordpress.com as Luimneach, ba "radharc aoibhinn" é bua Chorcaí.

Níos faide ó thuaidh, tá an Spailpín Fánach ag díriú ar chúrsaí in gConnacht ar spailpin.blogspot.com. Tá an t-údar anaithnid seo ag cíoradh ceisteanna móra peile a chontae dúchais le roinnt bhlianta anois, agus i mbliana tá seastán nua aige i bpáipéar nuachta an Mayo News.

Más tá tú fós sa tóir ar phlé na gcluichí Gaelacha i bdiaidh an méid sin, b'fhiú cuairt a thabhairt ar realgaa.blogspot.com agus ar gaa-2008.blogspot.com chomh maith. Nó tabharfaidh sheepstealers.ie an deis duit éadaí úr-dheartha i ndathnanna d'fhóirne a cheannach, chomh maith lena bheith ag plé agus ag caidreamh le leantóirí eile na gcluichí.

Bhíomar ag caint faoi phodchraoltóireachtaí RTÉ an tseachtain seo chaite. Tá Spórt an Domhnaigh, le Raidio na Gaeltachta, ina measc. Agus tá físchlár nua idirlín atá ag díriú ar chúrsaí spóirt á léiriú ag comhlacht darb ainm Ballywire Media. Togra de chuid an iriseoir spóirt le Today FM, Paul Collins is ea an clár seo ar a dtugtar Game Ball, agus 'sí Aoife Sheehan, captaen camógaíochta Luimní, atá i mbun láithreachta air. Tá sé le feiscint ag gameb16.bebo.com.

Thursday, July 03, 2008

Duairc-Eolaíocht

Foilsíodh an t-alt seo inniu i Lá NuaBhuel, tháinig an drochshaol ar deireadh thiar thall, agus tá an cúlú eacnamaíochta ina h-ábhar cainte ar na blaganna, chomh maith le gach aon áit eile.

Ach fós féin táthar in amhras faoi fhigiúirí an ESRI agus faoin dtabhacht a bhaineann leo. "Más fíor don ESRI cén fáth go bhfuil gach éinne chomh gnóthach?", fiafraíonn an fear caidreamh poiblí Ronnie Simpson. Bolscaireacht dearfach? B'fhéidir.

Ach i ndáiríre, sílim nach bhfuil fhios ag cléir ná tuath cad 'tá in ndán dúinn anois. Agus tá formhór na mblagadóirí ina dtost ar an gceist.

Cuid acu, sílim go bhfuil siad ró-óg chun go mbeadh tuiscint acu ar chad a chiallaíonn cúlú eacnamáiochta - i dtéarmaí praiticiúla ar aon nós.

Agus tá blagadóirí a mholann go mb'fhéidir go bhfuil deis le tapú anseo. Ag scríobh ar a bhlag margaíochta ag 3r.ie, maíonn Peter Lawless gur cruthaíodh níos mó milliúnaithe le linn briseadh stocmhargaidh 1929, ná le linn tréimhsí an rachmais.

Agus pléann Gerard O'Neill ó Amárach Research na slite ina d'fhéadfadh cúlu "maith" a bheith ag Éire, in earnálacha áirithe ar aon nós.

Dár ndóigh ní in Éirinn amháin atá an eacnamáiocht in amhras. Bíonn léargas maith stuama ar chúrsaí eacnamaíochta agus infheistíochta ar fáil ar an bpodchraoladh Meiriceánach "The Disciplined Investor" le Andrew Horowitz.

Deir Andrew go bhfuil cáineadh faighte aige ó chuid dá lucht éisteachta a deir go bhfuil sé "ró-dhiúltach" ar chúrsaí eacnamáiochta. Ach sin cuid den bhfadhb le faisnéis airgeadais i gcónaí: an dream nach bhfuil ag iarraidh droch-scéalta a chlos, ní chreideann siad iad!

Ach i gcás mar seo - is fearr cloí leis an bhfírinne lom i gcónaí. Agus is í an fhírinne, dar le Mike Shedlock a bhí ina aoí ag Andrew le déanaí, ná go bhfuil staitisticí boilsciú agus dí-fhostaíochta na Stáit Aontaite curtha as a riocht sa tslí is go bhfuil an fíor-scéal níos measa ná mar atá á thuairisc.

Dar le Mike, tá roinnt mhaith stáit san aontas i gcúlú cheana féin: Florida agus Ohio ina measc.

Fágtar an focal scoir ag Meiriceánach eile, Richard Delevan atá ina iriseoir agus tráchtaire anseo in Éirinn.

Scríobh sé alt don Irish Daily Mail ina dúirt se: "Easpórtáil - seachas a bheith ag díol tithe lena chéile - sin í an t-aon bhealach slán atá romhainn". Is féidir an t-alt a leámh ar a bhlag ag richarddelevan.com.

Lipéid: , ,

Saortha ón Sceideal Craoltóireachta

Tá Bríd ar a laethanta saoire agus táimse in arrears arís ag postáil ar an suíomh seo! Seo dhaoibh colún na seachtaine seo chaite ó Lá Nua.

Bhíos ag éisteacht le RTÉ Raidio 1 an oíche cheana. Is breá liom éisteacht le Andy O'Mahony, agus na h-agallaimh a bhíonn aige le daoine atá chomh h-oilte agus chomh h-éirimiúil agus atá sé féin!

An tseachtain seo chuir sé agallamh ar David Hendy, stairí craoltóireachta, a bhfuil leabhar nua foilsithe aige ar stair BBC Radio 4: "A Life on Air".

Bhí an t-agallamh suimiúil agus taitneamhach. Thaitneodh sé níos mó liom is dócha, dá mbeadh cur amach níos fearr agam ar an stáisiún sin agus ar an stair a bhaineann leis. Ach sílim gur luadh an fhíric ba suntasaí dar liomsa sa nóimeád deireannach den gclár, mar a bheadh aguisín, dála an scéil - gan mórán bainte aige le príomh-ábhar an agallaimh féin.

Ag tagairt do shobaldráma ársa raidio an BBC, "The Archers", dúirt David go raibh sé ina scéal mór anuraidh go raibh titim mhór i líon na ndaoine a éistíonn leis an gclár sin ar an raidio. Ach má thógann tú san áireamh na daoine a éistíonn le podchraoladh an chláir sin, íoslódáilte ón idirlíon, ag an am agus ins an áit is fearr a oireann dóibh féin, is cosúil go bhfuil níos mó éisteoirí ná riamh ag an gclár sin - agus breis agus milliún acu sin ar an idirlíon.

Tá an phodchraoltóireacht ag teacht chun tosaigh go mór. Aithníonn na craoltóirí móra traidisiúnta nach bhfuil ann ach módh fíor-mhaith chun a gcuid ábhar a dháileadh. Tá obair fíor mhaith déanta ag an BBC agus ag RTÉ ag cur a gcuid clár ar fáil mar seo.

Faoi láthair tá síntús agam le fotha podchraoltóireachta le Marian Finucane - is féidir liom mo rogha clár atá craolta aici le bliain anuas a phiocadh - mar shampla dhá agallamh a dhein Marian le Nuala Ó Faoláin sa tréimhse sin, agus an t-agallamh a chuir Rachel English ar Marian an mhaidin i ndiaidh bhás Nuala. D'éistíos leis an trí chinn sin agus mé ar thuras bóthair an tseachtain seo chaite.

Sraith eile go bhfuilim ag baint taitnimh as faoi láthair ná In Our Time le Melvyn Bragg in pléitear ceisteanna móra na staire le saineolaithe. Sampla maith is ea é den tsaghas cláir go gcaithfeá coinne speisialta a dheánamh leis an sceideal craoltóireachta dá dteastódh uait é a leanúint. Ach anois tá an podchraoladh liostáilte agam in iTunes - agus tagann sé chugam!

Ná dearmadaimís Raidio na Gaeltachta ach an oiread. Mar aon leis an gcuid eile de RTÉ, tá dul chun cinn suntasach déanta acu sin sa phodchraoltóireacht le bliain anuas. Agus ná bac leis na hArchers - tá Cois Cuain agam ar mo iPod anois!

Lipéid: , , , ,

Tuesday, July 01, 2008

Comórtas Blagadóireachta an Oireachtais

Táim ag fanacht anseo ar ghlaoch ó Raidio na Gaeltachta. Beidh mé ag dul ar an aer i gceann cúpla nóimeád. Inniu an sprioc-dháta do chomórtais liteartha an Oireachtais - agus is í seo an chéad bhliain a mbeidh duais don mblagáil!

Lipéid: , , ,