Monday, July 31, 2006

An tImeall ar Flirt FM: Athchraoladh #119

Flirt FMNasc díreach leis an gcomhad fuaime

Imeall #119: Mise Éire

Flirt FM 105.6 i gCathair na Gaillimhe

Craoladh an clár seo ar dtús ar 14ú Aibreán 2006.

Friday, July 28, 2006

Imeall #150: /.-áltha!

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaime Taobh thiar de gach aon suíomh idirlín tá ríomhaire, nó ríomhairí. Braitheann sé ar an éileamh atá ar an suíomh. Mar shampla, níl ríomhaire freastail dá chuid féin ag mo bhlaigín beagsa ag imeall.blogspot.com. Maireann an suíomh sin in éineacht leis na scórtha suíomh eile ar aon ríomhaire amháin in ionad ríomhairí de chuid Google, úinéirí na seirbhíse blogger.com.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTá cóip den suíomh i dtaisce acu ar bhosca éigin eile is dócha, ar eagla go gclisfeadh ar an ríomhaire sin, ach, seachas an méid sin, níl aon chumas ró-mhor ag teastáil chun mo leathanaigh a chur ar fáil don 100 cuairteoir, nó mar sin, a thagann ag triall orthu gach aon lá. Tá na ceádta léitheoir eile nach iad, a léann an fotha comhfhoilsithe de mo bhlag (feeds.feedburner.com/imeall) ar suíomhanna eile nó le h-úirlisí comhbhailithe, agus tá an slua éisteóirí ar iTunes, nach léann in aon chor é ach a éistíonn leis – ach sin scéal eile do lá eile!

Ar an dtaobh eile den scála, tá na suíomhanna mór-éilimh: leithéidí Yahoo, MSN agus Google féin. Dar le alexa.com, is é www.yahoo.com an suíomh is mó éileamh ar domhain, le nach mór 300,000 cuairteoir gach aon lá.

Níl yahoo.com ag roinnt spáis le h-aon suíomh eile ar ríomhaire aonar. A mhalairt glan atá fíor mar a tharlaíonn sé. Tá na céadta ríomhaire ag obair le chéile “i bhfeirm” chun an t-éileamh ollmhór ar an suíomh sin amháin a láimhseáil. Ní fheadar an té a thugann cuairt ar Yahoo cé acu ríomhaire freastail a chuireann an leathanach ar fail – agus is cuma leis, chomh fada is a fhaigheann sé an leathanach chomh tapaidh céanna le suíomh ar bith eile.

Sin é dúshlán mór tionscal an idirlín: an scálú. Measúnú a dhéanamh ar an éileamh a bheidh ar acmhainn idirlín agus na h-acmhainní cuí a chur ar fáil, díreach mar a deintear le soláthar leictreachais nó uisce.

Ach is é nádúr an idirlín, áfach, gurb í spéis an phobail seachas riachtanaisí teaghlaigh a bhíonn á stiúradh. Cad a tharlaíonn nuair a chuirtear suim as cuimse, i bhfás aon oíche, i suíomh beag pearsanta nach raibh ró-phlódaithe go dtí seo? Tharla sé do bhlagadóir Éireannach an tseachtain seo!

Bhí trácht an-mhaith ag Damien Mulley sarar tháinig an tuille. D’fhaigheadh sé thart ar 700 “buile” ó 500 cuairteoir gach aon lá. Ansin, Dé Domhnaigh, d’fhoilsigh sé alt grinn ar an ábhar: conas úirlisí Google a úsáid chun cailín a fháil. Thaitin an píosa spóirt seo le blagadoirí eile agus chuireadar naisc go dtí alt le Damien ina mblaganna siúd ar mhaithe lena lucht léite féin. Thosnaigh an liathróid sneachta ag fás!

Tugtar slashdotting ar an bpróiséas lena nascann suíomh árd-tráchta le suíomh íseal-tráchta, ionas go bplódaítear an suíomh beag leis an éileamh. Tagann sé ó ainm an tsuímh cháiliúil slashdot.org, a bhriseadh suíomhanna beaga go rialta, tráth, nuair a dheineadh sé nasc chucu.

Anois tá Damien slaisdeaiteáltha go maith! Agus tá an comhlacht Éireannach Blacknight Solutions, atá i bhfeidhil na h-óstála gréasán do Damien ar a ndícheall ag iarraidh freastal ar an éileamh tobann seo. Tuairiscíonn siad gur seoladh 7 Gigabyte thar ceann Damien Dé Luain.

Ach mar a deir Adam Maguire, is togha fir agus mná iad muintir Blacknight! Caithfidh mé aontú leis, ó tháinig said i gcabhair orm féin chomh maith an tseachtain seo. Is iad a dhéanfaidh urraíocht ar na riachtanaisí óstála gréasán dom don tionscnamh nua atá seolta agam féin an tseachtain seo. Sraith nua raidio a bheidh in An Líonra Sóisialta a chraolfar ar stáisiúin áitiúla ar fud na hÉireann sa bhFomhar. ‘Sé an cuspóir a bheidh aici ná úirlisí sóisialta an idirlín a nochtadh do phobal na Gaeilge, agus tacú le Gaeilgeoirí na cruinne i gcur chun cinn ár gcultúr. Cloisfear tuilleadh cainte ar an ábhar anseo agus, dár ndóigh, ar na blaganna!
  • Rogha Ceoil Idirlín na Seachtaine: Gut Bucket le James Brown, é scaoilte aige faoi cheadúnas podslán agus an MP3 le ceannach ar $0.99 ar music.podshow.com.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Thursday, July 27, 2006

Imeall #149: Meascán

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, July 26, 2006

Imeall #148: Croí na hAifrice

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Dúirt go rabhas chun caint ar an Aifric - ach dheineas níos mó cainte ar an nGaeltacht!
  • Cúrsaí pleanála agus teanga: Ceist Mhór an Lae inné in Lá.
  • Ní bhfuaireas mo chóip de Foinse an tseachtain seo! Ní bhfuair an siopa iad.
  • Croí na hAifrice: traidlinks.ie. Trádáil chothrom - agus tá a gcuid bia deas!
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Tuesday, July 25, 2006

Imeall #147: Podchraoltóireacht Seirbhíse Poiblí

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Monday, July 24, 2006

Imeall #146: Feadáin

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Ceist phleanáil teanga i nGaeltacht na nDéise Tá an droch-scéal ag Silverwolf.
  • Eolaire nua podchraoltaí seolta ag Dave Winer. Tá sé le feiscint sa bfuinneog Grazr ar imeall deas an bhlag seo.
  • Scéal mór amárach - maidir le clár nua raidio. Bígí ag éisteacht!
  • Ceol Podslán: DJ Ted's Techno Tubes le Bold Headed Broadcast
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Friday, July 21, 2006

Imeall #145: Trolláil

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeNá ceapaimís - agus an colún seo ag bualadh tóin an bhuicéid chéanna gach Aoine - gur teampall saoithe gan cháim é an bhlagadóireacht seo. Na h-amadáin agus na h-óinseacha céanna a chastar ort i riocht feola, i ngáth-chúrsa an tsaoil: méadaíonn aimplitheoir an idirlín ar a nglórtha siúd chomh maith le h-éinne eile i saol na mblaganna agus na gclár plé.

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMNíl cosc ar éinne ar an idirlíon, dáiríre. Is cuma chomh dúr, neamh-oilte, aineolach nó mí-mhúinte tú, beidh deis labhartha agat.

Is iontach an áis é an t-idirlíon chun plé agus chun díospóireachta, chun comhrá a dhéanamh agus chun tuairimí a fhorbairt. Is mór an taitneamh atá le baint as díospóireacht spleodrach ar ábhar spreagúil agus tá go leor samplaí maithe dá leithéid.

Ach tá daoine ann nach bhfuil ar a gcumas páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta. Go minic níl cumas argóna acu. É sin, nó níl aon bhunús ag an seasamh atá acu a luífeadh le réasún – ach go bhfuil sé préamhaithe sa chlaonaigeantacht, nó sa bhfuath, b’fhéidir. Nuair nach féidir lena leithéidí a dtuairimí a chur chun cinn le gnáth-dhíospóireacht, is minic a ghlacann said bealach eile ar fad: an trolláil.

I mbéarlagar an idirlín tugtar troll ar an té a deireann rudaí áiféiseacha gan dealramh, a dheineann maslaí agus ionsaithe pearsanta ar a chéilí comhraic, agus a loiteann agus a scriosann an comhrá lena chuid iompair mhí-reásúnta.

Ní shíleann an troll go n-éireoidh leis an argóint a bhuachaint leis an mí-iompar seo, ach ní h-é sin an aidhm atá aige. ‘Sé an plean atá ag an troll ná an díospóireacht a lot, go h-áirithe má éiríonn leis na páirtithe eile a mhealladh chun díospoireachta ar ábhar neamhshubstaintiúil (scadán dearg, más maith libh), nó más féidir leis iad a spreagadh chun ionsaí pearsanta a dhéanamh air féin.

“Ná cothaítear na troill” an chomhairle is minicí a mholtar: gur chóir neamháird a thabhairt ar a leithéid. Ach uaireanta is deacair gan ghéilleadh don gcorraí. Tharla cás mar sin an tseachtain seo chaite.
The great contributions of Irishmen and women were almost uniformly made through English or in the greater traditions of Western civilization. The Irish language embodies little of our true heritage and obscures the rest. We can do without it. Leave Irish to the specialists and let's stop pretending our heritage lies in its dead hands.
Níorbh é sin an méid ba amaidí a dúirt Richard Waghorne an tseachtain seo chaite – ach sin é an bun agus an barr a bhí lena thuairim mar sin féin. Mar bharr ar an suaitheadh, is neamh-bhlag de shaghas ar leith atá aige: ‘sé sin, blag nach gceadaíonn don lucht léite a dtuairimí féin a chur leis i bhfoirm tráchtaireachta. Mar sin, is ar bhlaganna eile a deineadh an plé.

Tríd is tríd, sheas na blagadóirí a dhein trácht ar an ábhar an fód leis an dteanga agus cáineadh Waghorne go géar. Chuir roinnt mhaith a dtuairimí in iúil i bhfreagraí ar mhír ar donal.wordpress.com. Agus dhein Keith Gaughan praiseach de phoinntí Waghorne agus é ag scríobh ar talideon.com.

Sin ráite, síleann an blagadóir irishkc.com i Kansas City gur chóir cosc iomlán a chur ar an dteanga. Dar leis nach fada go mbeadh sí a labhairt go forleathan dá ndéanfaí amhlaidh!

D’insíos scéal dooce.com anseo cheana, mar ar chaill Heather Armstrong a post de dheasca a blag. Bhuel tá bean eile dúsaltha anois: petiteanglaise.com! Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Thursday, July 20, 2006

Imeall #144: Mo Chárta Cheangal Idirlín agus 1916

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cárta Ceangail
  • Réiteach mo chuid fadhbanna ceangal idirlín´. An cárta "Mobile Connect" le Vodafone.
  • 49 euro le ceannach, 49 euro in aghaidh na míosa, gan aon srian ar úsáid.
  • Clár teilifíse eile ar théama stairiúil. 1916 agus scéal Thomáis Mhic Curtain.
  • Ceol Podslán: Firefly le Kevin Burdick
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
Óstáil le podcasting.ie

Wednesday, July 19, 2006

Imeall #143: GÚBÚchas

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • 50 eagrán sáraithe ag an bpodchraoladh Gaeilge Spudshow - agus anois tá sé laethúil! Comhgháirdeachas a Bhreandáin!
  • White House Poetry Revival, oícheanta Chéadaoin, 52 Sráid Uí Chonaill, Luimneach. Anocht: Pádraig de Buis. Tá seans go mbeidh mé ag bualadh isteach chucu anocht - má éiríonn liom.
  • Táim ag foghlaim ón dteilifís.
  • Scoth-chlár faisnéise ar RTE oícheanta Luain ar an Dara Chogadh Domhanda.
  • Agus "Haughey" ar an oíche chéanna. "Grotesque, Unbelievable, Bizarre, Unprecendented!"
  • Ceol: Rising River le Id Guinness
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, July 18, 2006

Imeall #142: Podshow

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Tá an-mheas agam ar obair Adam Curry agus a chomhleacaithe i bPodshow.
  • Tá seirbhís úr seolta acu: gréasán do lucht éisteachta agus déanta podchraoltaí araon.
  • Nílim go h-iomlán siúralta fós faoina dearcadh atá agam ina leith - ach táim ag baint triail as mar sin féin.
  • más mian libhse triail a bhaint as, beidh fáil agaibh ar mo leathanach pearsanta ar an ngréasán sin: imeallach.podshow.com.
  • Promo: Shadow Falls, dráma nua le Podshow
  • Ceol Podslán: I am (Molly's Theme) le Munk
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, July 17, 2006

Imeall #141: Sráid na Beairice

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • An aimsir aoibhinn
  • Droichead na mBláth
  • Súil caite ar na nuachtáin ghaelacha.
  • Machnamh ar an míleatachas
  • Traidisiún bródúil míleata na hÉireann: dualgas na Náisiún Aontaithe.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, July 14, 2006

Imeall #140: OPML & Eolairí Oscailte

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaimeTráth dá raibh, bhíodh an-éileamh ar “eolairí idirlín”. An chéad cheann dá bhfaca riamh ná an Whole Internet Catalog leis an gcomhlacht O’Reilly. Ba mhór an maíomh acu é, ach bhí an gréasán fós beag ag an am. Bhí oiread rath ar eolairí an t-am sin go ndeirtear go dtagann ainm an chomhlacht Yahoo ón bhfrás: "Yet Another Hierarchically Organised Oracle".

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMTugtar “taxonomy” ar chóras catagóirí agus fo-chatagóirí den tsaghas seo. Tá an focal “imlíne” úsáideach chomh maith. Is rud nádúrtha dúinn é fo-rannú agus imlíniú a dhéanamh ar ár gcuid eolais. Tá taithí againn go léir ar a bheith á dhéanamh i gcúrsaí tíreolaíochta ach go h-áirithe. An Eoraip -> Éire -> Mumhain -> Port Láirge -> An Rinn. Nó féach ar chlúdach litreach ar bith. Imlíniú a bhíonn ar siúl ag an gcóras poist nuair a léitear an seoladh ón mbonn aníos agus an litir á treorú: go ginearálta ar dtús agus ansin, ar deireadh thiar thall, go baileach, nuair atá fear an phoist ag aimsiú uimhir an tí.

Le fás an ghréasáin agus le feabhas na n-inneall cuardach, níl an meas céanna ar eolairí sa lá ‘tá inniu ann le h-ais leithéidí Chuardach Google (cé go bhfuil eolaire ar Google chomh maith). Ach tá a mbuanna féin ag eolairí mar sin féin: go h-áirithe mura bhfuil suíomh ar leith á lorg agat. Agus, dár ndóigh, tá faoiseamh intinne áirithe ann chomh maith, sa mhéid is go bhfuil fhios agat go bhfuil measúnú éigin déanta, a bheag nó a mhór, ag duine éigin ar an suíomh sarar tógadh an cinneadh é a liostáil san eolaire. I gcásanna áirithe is féidir fiú córas moltaí le réalta a bheith i bhfeidhm, mar a bhí leis an eolaire cáiliúil Éireannach doras.ie.

Ach más buntáiste é an scagadh a deintear ar na h-iontrálacha in eolaire, is mór an cúram é ar lucht a riartha. Roinntear an obair, dár ndóigh, ar shaineolaithe sna réimsí éagsúla, ach, mar sin féin, bíonn obair i gceist, agus comhordú agus riarachán – ‘sea, agus moill.

Samhlaigh córas eolairí de shaghas eile ar fad. Sa chóras seo, tá baill éagsúla an phobail ag foilsiú imlínte na n-ábhar spéise eágsúla a bhfuil suim acu iontu – agus saineolas acu orthu de bharr na suime sin. Sa sampla tíreolaíochta thuas, abraimís go bhfuil Iodáileach i mbun Eolaire Eorpach, agus go bhfuil cur amach an-mhaith aige ar mhór-eagar na dtíortha. Líonann sé a imlíne féin leis an eolas atá aige, agus ansin nascann sé fo-imlínte atá foilsithe ag daoine eile isteach faoi scáth a imlíne. Mar sin, agus tú ag brabhsáil a eolaire, leanfaidh tú rian a imlíne síos chomh fada le Cúige Mumhan, agus ansin nascann an chatagoir sin tú le imlíne de chuid Muimhnigh éigin atá nascaithe le h-imlíne de chuid Déiseach éigin a thabharfaidh chomh fada leis An Rinn tú.

Tugtar OPML ar an bhformad eolais a chuireann córas roinnte imlínithe den tsaghas seo ar fail. Agus tugtar eolairí oscailte ar na h-eolairí a chruthaítear sa mhódh seo. Feictear gur féidir le h-aon imlíne nascadh le h-aon imlíne eile, i gcomhthéacsanna éagsúla – agus nach gá go mbeadh aon “bharr” ar leith ar an eolaire. Mar shampla, d’fhéadfaí imlíne na Rinne thuas a bhaint amach ag leanúint chonar mar seo a leanas: World -> Languages -> Irish -> Gaeltachtaí -> Mumhain -> An Rinn.

Ach chomh beag lena chol ceathrar, an HTML, tá amh-ábhar an OPML gránna, do-léite. Ach tá bogearraí dá bhforbairt chun é a léiriú go deas taitneamhach, agus chun an leas is fearr a baint as mar áis léitheoireachta agus cuardaigh. Ar na h-uirlisí seo tá Grazr, agus tá fuinneog Grazr mar eiseamláir ar mo bhlag féin anois ag imeall.blogspot.com. Is ann a gheobhaidh sibh tuilleadh cainte agus nascanna a bhaineann leis an ábhar seo go léir, ach is fearr go mór an tuiscint a gheobhaidh sibh óna bheith ag cleachtadh leis. Mar thús ar an aistear sin daoibh níor mhiste féachaint ar an eolaire oscailte is nuaí ar an saol: Eolaire Oscailte na Gaeilge. Níl ann go fóill ach creatalach lom – ach ní fada go mbeidh meitheal na mblagadoirí ag cur leis.
  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Rogha Ceoil Idirlín na Seachtaine: America The Beautiful cloiste ar podcasting.ie
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers


Podshow PDN {podshow-a84bb25dc66c4126322509f11693b320}

Thursday, July 13, 2006

Imeall #139: Cártaí Poist & Cuimhní Cinn

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMLipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, July 12, 2006

Imeall #138: Imlínte agus Eolaire Oscailte na Gaeilge

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Ar an mbóthar arís, i bhfeighil an linbh, agus ag gabháilte do mhionchúramaí ar fud an bhaile.
  • Mé breá sásta liom féin agus an Tástáil Náisiúnta (NCT) bainte amach ag mo charr.
  • Míniú ar Imlínte, ar agus ar Eolairí Oscailte OPML.
  • An gchíonn sibh an fhuinneog Grazr ar imeall deas an bhlag seo? Istigh ann chífidh sibh imlíne mo chuid nascanna.
  • Istigh i mo imlíne, tá nascanna go dtí imlínte eile atá curtha ar an idirlín ag daoine eile.
  • Módh i sea é seo chun eolairí a chur ar fáil.
  • Tá riarachán na n-eolairí seo roinnte, dílárnaithe, i measc ghrúpa daoine a chuireann nascanna ina gcuid imlínte go dtí imlínte a chéile.
  • Beidh mé ag caint air seo arís. Is fearr taispeántas ná teoiric chun an stuif seo a thuiscint. Bígí ag cleachtadh leis an bhfuinneog bheag Grazr ar imeall an leathanaigh agam ar imeall.blogspot.com.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, July 11, 2006

Imeall #137: Ag Bailiú na bPáipéar

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Seó bóthair eile, ó Shráid Uí Chonaill, Inis. Taobh amuigh de shiopa nuachta le Mary Kelly.
  • Sracfhéachaint ar leathaigh tosaigh agus Foinse.
  • Fuaireas Cairt Cearta na Gaeilge istigh ina measc.
  • Tá DVD an scannáin Mise Éire ar fáil anois ó Gael Linn.
  • Sampla maith de úsáid na Gaeilge feicithe ar sráideanna na hInse. Bláthinis!
  • Bláthinis
  • Ceol Podslán: On a Podcast le Cruisebox
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Monday, July 10, 2006

Imeall #136: Dhá Lámh Ar An Roth Stiúrtha

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Cá bhfaighidh mé leathanbhanda? Saitilít? Líonra gan sreang?
  • "We Gaelachas plan to convene throughout the Summer on Tuesdays at 6pm, (gach Dé Máirt ar a sé a chlog) i mBerkeley, California. Cuir snas ar do bhlas le linn an tSamhraidh i mBerkeley. Beckett's Irish Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley, California. (NB. first contact LarkinMaps@aol.com (an fáilteachas) agus tadx4@aol.com (fear-a'-tí) roimh ré. Lig do scith le do cháirde Gael's Gall."
  • Ceol Podslán: Brahms Intermezzo Op 116 Uimh 4, le In The Hands
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Friday, July 07, 2006

Imeall #135: Maith an Fear, Damien Mulley!

Tá an colún seo foilsithe sa nuachtán LáNasc díreach leis an gcomhad fuaime
Ní leor do Damien Mulley a bheith ag tuilleamh a bheatha agus ag déanamh cúrsa staidéir chomh maith. Bíonn sé i gcónaí gníomhach fuinniúil, spreagtha agus sáite i bhfeachtas éigin, mar chathaoirleach ar an eagraíocht Ireland Offline a dheineann stocaireacht ar son áiseanna leathanbhanda, nó mar eagraitheoir Ghradam Blag na hÉireann. Murar leor an méid sin oibre ann féin, bíonn bíonn sé ag blagadóireacht leis!

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FMChuir sé iatán podchraolta in a bhlag an tseachtain seo chaite, comhad beag MP3 ina raibh sliocht as agallamh a cuireadh air féin ar an stáisiún raidio Newstalk 106, ag trácht ar an dtuairisc ráithiúil is déanaí ó ComReg, an rialaitheoir teileachumarsáide. Maíonn ComReg go bhfuil praghas an ghlao ghutháin in Éirinn ag leibhéal réasúnta i gcomparáid le tíortha eile na hEorpa, ach dar le Damien níl na staitisticí cearta in úsáid acu, agus ní chuireann sé fiacal ann.

Ach níl aon mhaith in obair gan ghliceas, agus smaointí maithe. Tá fuíollach den dá rud ag Damien. Agus ní túisce smaoineamh maith aige ná go bhfuil sé á chur i ngníomh, á fhógairt ar a bhlag agus ag iarraidh cabhrach ar dhaoine eile chun an plean a thabhairt chun críche.

Ag baint úsáid as an inneall cuardach blag Technorati, is féidir “liosta faire” a chruthú do do rogha téarma cuardaigh. Cíorann Technorati na milliúin blag agus fotha nuachta eile agus má tá toradh ar do chuardach, cuirfear isteach sa liosta faire duit é. Modh nua cuardaigh is ea é seo. Le gnáth-chuardach Google, tá tú ag breathnú siar, ar an “Aimsir Chaite”. Ach le liosta faire, tá tú ag cuardach sa todhchaí. Tá tú ag rá le Technorati: “Seo é atá uaim. Má fhoilsítear puinn amach anseo a bhfuil na focail seo ann, abair liom é!”

Chaith Damien Mulley tráthnóna Domhnaigh le déanaí ag ullmhú liostaí faire, 166 acu, ceann do gach aon Teachta Dála sa tír. Ansin d’fhógair sé ar a bhlag é agus níorbh fhada go raibh an meitheal tagtha i gcabhair air.

Bhailigh John Handelaar fothaí cuardach na dTeachtaí isteach i gcomhad OPML, agus liostáil James Corbett iad ar Eolaire Oscailte na hÉireann. ‘Sea táim ag caint ar an OPML seo, agus ar eolaire James le stáir anois: tabharfaidh mé míniú doimhin ar a bhfuil i gceist an tseachtain seo chugainn. Ach is leor an méid seo a rá go fóill: más suim leat a fháil amach cén tagairt atá á déanamh do theachta ar bith i mblaganna an lae, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar an Eolaire agus an conar seo a ghlacadh síos tríd: Community & State -> Government & Law -> Dáil. Is féidir Eolaire Oscailte na hÉireann, agus Eolairí OPML eile a fheiscint ar shuíomhanna éagsúla idirlín, ina measc: an úirlis Grazr atá ar imeall mo bhlag féin ag imeall.blogspot.com.

Agus An Somme á chomóradh an tseachtain seo chaite, tá machnamh, filíocht agus poipíní ar na blaganna seo: Planet Potato, JoBlog, agus an scoth-bhlag griangrafadóireachta Monasette.

An bhfuil Letter to America cloiste fós agaibh? Tá greann agus sport in eachtraí an Mheiriceánaigh Jett Loe i mBéal Feirste. Ach aimsíonn súil an stróinséara an dorchadas chomh maith.

Cuirtear barr feabhais ar cheard na podchraoltóireachta sa tsraith Digital Flotsam leis an scéalaí PW Fenton. I míreanna 36 agus 38, tugann PW agus a iníon a ndearcanna éagsúla ar eachtra ar leith a tharla nuair a bhí an cailín 11 bhliain. Agus más fiontraí gnó tú, bainfidh tú an-thaitneamh as óráid a thug an caipitlí fiontraíochta Guy Kawasaki ar théama a leabhair nua: “The Art of the Start”. Lipéid: , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, July 06, 2006

Imeall #134: Máire Ní Chróinín

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • The multitudes, they flocked in throngs ....*
  • Cuid II den agallamh le Máire Ní Chróinín, agus sinn ar "imeall" na Féile ag Scoil Samhraidh Willie Clancy.
  • Ceol: Canann Máire Caisleán Uí Néill.
Lipéid: , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, July 05, 2006

Imeall #133: Scoil Samhraidh Willie Clancy

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Rinn na Spáinneach
  • Blaiseadh beag de Scoil Samhraidh Willie Clancy atá ar siúl i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir an tseachtain seo.
  • Thugas cuairt ar Óstán an Armada, síos an bóthar i Rinn na Spáinneach áit ar chuireas agallamh ar shean-chara liom, Máire Ní Chróinín
  • Tá Máire ag freastal ar Sheachtain Wille Clancy leis na cianta, agus tugann sí cur síos dom ar an bhFéile.
  • Tá dhá chuid san agallamh seo, beidh cuid II agam daoibh amárach.
  • Ceol: Thána ar sheisiún bríomhar sa bheár ag óstán an Armada. Cloistear dhá chornphíopa ón mbuíon ceoltóiri sin.
Lipéid: , , , , , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Tuesday, July 04, 2006

Imeall #132: An Blaincéad Ilchuspóireach

Cloistear An tImeall gach lá ar Flirt FM
  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • An Blaincéad Ilchuspóireach
  • Pictíur a thógas sa siopa Lidl áitiúil.
  • Focal.ie. Chailleas mo sheans ar a gcomórtas!
  • An clár nua atá beartaithe agam? Tá súil agam go mbeidh sé ag tosnú sa bhFómhar.
  • Suíomh nua idirlín Raidio na Life
  • Ceol Podslán: All The Money In The World le Hutch
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers