Tuesday, October 31, 2006

Líonra 6.1 - TG4

Lá Breithe Sona, TG4!

  • 10 mbliana, cothrom an lae inniu a chuaigh TG4 (Teilifís na Gaeilge) ar an aer, ar Oíche Shamhna 1996.
  • Cuirim agallamh ar leas-cheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha.
  • Tionscal na teilifíse Gaeilge agus an tionchar atá aige sin ar mheanma lucht na Gaeilge.
  • Ag iarraidh béasa a mhúineadh do Hiúdaí! ;)
  • Neamhspleáchas TG4 ó RTÉ, agus ceist a mhaoinithe.
  • “Tiocfaidh an lá, agus b’fhéidir gurb í an Ghaeilge an t-aon slat tomhais idirdhealaithe a bheás idir an stáisiún s’againne agus an chuid eile den domhain, agus b’fhéidir gur buntáiste mór dúinn é sin”
  • Stráitéis idirlín TG4. “Tá an doras cúil sin iompaithe amach ina dhoras tosaigh eile”

Pádhraic Ó Ciardha

Friday, October 27, 2006

Líonra 5.5 - Nua-Theilifís


  • Buail anseo chun éisteachta!
Seo é colún seachtainiúil An Líonra Sóisialta, mar atá sé foilsithe inniu sa nuachtán lá.Is minic a mhaítear nach ionann an borradh atá faoi chúrsaí teicneolaíochta i láthair na h-uaire agus an mire gan chiall a bhí ann sna blianta roimh phléascadh na “dot-coms” in 2001.

Measadh go raibh an ceacht foghlamtha ó na laethanta sin. Cé go bhfuil borradh athuair faoi na comhlachtaí teicneolaíochta, táthar i bhfad níos cúramaí an turas seo.

Bhuel, bhíothas níos cúramaí! Ansin, coicíos ó shin, cheannaigh Google comhlacht dárb ainm YouTube ar $1.6 billiún.

‘Sea, dúras “billiún”. 1600 milliún, mar a n-áirítear an focal sin de ghnáth i Meiriceá.

Caithfidh gur rud éigin ar leith é an YouTube seo, más ea. Bhfuil ‘fhios agat? Sílim gurb ea!

Líonra sóisialta atá in YouTube. Is féidir cúntas a oscailt. Is féidir cáirdeas a bhronnadh ar úsáideoirí eile. Is féidir teachtaireachtaí a scríobh lena chéile.

Le blaganna, cuireann tú téacs ar do shuíomh. Le Flickr, cuireann tú pictiúirí. Le MySpace, is féidir ceol a chur ar do leathanach. Le YouTube, is féidir leat físeáin a chur in aírde

Tá físeáin dá gcur in áirde ar YouTube ina mílte – agus tá na milliúin ag féachaint orthu. Is féidir leat do chuid físeanna amaitéaracha féin a dhéanamh, mar atá ar siúl ag roinnt mhaith daoine. Uaireanta tugtar videoblogs orthu seo. Tá samplaí maithe ag an usáiditheoir Happyslip ar YouTube, nó ag Irish Hermit, Gael i mBoston a chuireann a chuid físeanna ar shuíomh eile atá cosúil le YouTube, dailymotion.com.

Cuireadh an-shuim i sraith físeanna le úsáiditheoir darb ainm “lonelygirl15” ar YouTube. Bhí an cuma orthu seo gur gnáth-eachtraí déagóra a bhí in gceist, ina n-insíodh cailín darb ainm Bree a cuid scéalta lena ceamara gréasán, agus í ag caint faoina tuismitheoirí, faoina cáirde agus faoi rud ar bith a bhí ar intinn aici.

Bhí eachtraí Bree taitneamhach suimiúil – ró-shuimiúil, mheas daoine áirithe! Ba léir go raibh scríobhnóireacht déanta, agus eagarthóireacht chumasach ar an bhfís féin. Níorbh fhada go raibh an fhírinne nochtaithe. Léiriúchán proifisiúnta a bhí in eachtraí “lonelygirl15” le scriobhnóirí agus stiúrthóirí, agus ní raibh in Bree féin ach aisteoir ón Nua Shéalainn darb ainm Jessica Rose.

Is cósúil nach bhfuil lucht leanta Bree ró-bhuartha. Tá éileamh i gcónaí ar fhíseanna na sraithe, agus tá ualach físeanna ó úsáiditheoirí eile YouTube spreagtha in ómós do, agus in aithris ar an gcarachtaer!

Cuid mhaith den t-ábhar atá ar YouTube, áfach, ní ábhar úr in aon chor é. Tá an-chaint faoi na h-ábhair faoi chóipcheart - giotaí ó scannáin agus ó chláracha teilfíse - a chuireann lucht leanta na gclár sin in áirde ar an suíomh. Tá buairt faoi cheist na gceart, agus faoin mbagairt dlí a d’fhéadfadh a bheith ann do YouTube dá bharr.

Ainneoinn sin cloistear go mbíonn rannóga margáiochta na gcomhlachtaí teilifíse ag soláthar míreanna do YouTube, cé go bhfuil rannóga dlí na gcomhlachtaí céanna ag éileamh go dtabharfaí anuas iad!

Chun a bheith fírinneach, tá rud éigin fíor-shuimiúil ar siúl le h-ath-úsáid ábhair físe ar YouTube. Lean na lipéadaí “friends”, “ross” agus “rachel” go gchífidh tú an saothar - agus an paisean - atá curtha ag lucht leanta an chláir teilifíse úd ina bhfíseanna omóis do scéal na gcarachtaer seo.

Níl ann ach píosa siamsaíochta, dar ndóigh. Níl ann ach teilifís. Ach is teilifís de shaghas eile ar fad é YouTube, le rannpháirtíocht agus le h-idirghníomhácht nach bhfacthas riamh cheana. Bhfuil sé mí-shláintiúil? Cinnte, má théann tú thar fóir leis. Ach n’fheadarsa ach go bhfuil sé níos fearr ná a bheith caite ar an dtolg ag sú isteach a bhfuil curtha ar fáil duit, gan pháirt ar bith a ghlacadh san iarracht.

Beidh briseadh meántéarmach ar An Líonra Sóisialta Dé Luain seo chugainn, agus cuirfear tús le seachtain chraoltóireachta ar théamaí ar leith Dé Maírt, ar Oíche Shamhna, nuair a chraolfar eagrán speisialta mar chomóradh ar 10 mbliana TG4.

Thursday, October 26, 2006

Líonra 5.4 - Físeán Franklin

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • MokongX3M

  • Bhí Franklin as cleachtadh ag labhairt na Gaeilge, ach mar sin féin, theastaigh uaidh físeán i nGaeilge a chur ar YouTube, rud a dhein.
  • Baineadh geit as leis an méid suime a chuir daoine ann. Tá breis agus 1000 tréis féachaint air.
  • Scríobhadh breis agus 50 tráchtaireacht ar an leathanach YouTube.
  • D’fhreagair Megan i Meiriceá é, le físeán dá cuid féin!
  • thischarmingmeg

  • Ceol Podslán: Gut Bucket le James Brown.
  • Tógann Dónal Ó Caoimh grianghrafanna, agus tá suim ar leigth aige i bpictiúirí de cheoltóirí. Tá scoth na bpictiúr ar a bhlag aige, agus ar a leathanach Flickr.
  • The Roaring Forties le caoinchead ó Dónal Ó Caoimh

  • Nuacht ón Líonra, le Fiona Ní Chéirín.

Wednesday, October 25, 2006

Líonra 5.3 - Flickr II

Tuesday, October 24, 2006

Líonra 5.2 - Flickr

Monday, October 23, 2006

Líonra 5.1 - Tú-Tiúb

Friday, October 20, 2006

Líonra 4.5 - Cúngchraoltóireacht

Buail anseo chun éisteachta!

Tá camchuairt mearaí tugtha againn an tseachtain seo ar an gclár - thart ar shaol na podhraoltóireachta! Ní h-é go rabhamar ag iarradh scoth na bpodchraoltaí a thaispeáint daoibh – ach léargas a thabhairt ar an éagsúlacht mhór atá ar fáil.

D’fhéadfaí a rá, fiú, nach bhfuil aon bhaint ag focail cosúil le “scoth” i gcás na podchraoltoireachta. Tá rath agus éileamh ar phodchraoltaí nach sásódh caighdeáin na gnáth-chraoltóireachta ar thonnta raidio. Agus, chomh fada is atá an caighdeán fuaime réasúnta, ní ar na luachanna léirithe a mheastar na podchraoltaí ach ar an an bhfreastal a dheineann siad ar ábhar suime a lucht éisteachta.

Cé go bhfuil podchraoltaí ginearálta ann ag plé le h-ábhair ghinearálta, de ghnáth deineann na gnáthmheáin raidio agus teilifíse jab níos fearr le mórscéalta an lae. Ach ‘sé buntáiste mór na bpodchraoltaí ná gur féidir leo díriú go speisialta ar na mionscéalta agus ar an mionlach a bhfuil suim acu iontu.

Is minic a tugtar “narrowcasting” ar seo: rogha leathan ábhar foilsithe, gach ceann acu ag freastal ar phobal beag dílis.

Cuirim i gcás: pobal na gcluichí ríomhaireachta. Ainneoinn an dúil sa teicneolaíocht atá agam féin – fanaim glan amach ó chluichí ríomhaireachta. Tá eagla orm go súfaí isteach i bpoll meilte ama eile mé! (Tá an phodchraoltóireacht olc a dóthain!)

Ach is caitheamh aimsire taitneamhach iad na cluichí ríomhaireachta, agus gréasán beoga sóisialta chomh maith! Tugann fóirne “gamers” aghaidh ar a chéile go rialta i gcomhraicí idirlín. Ach, le cabhair an leathanbhanda, ní gá a bheith in aon seomra - ná fiú in aon tír – le do chomh-imreoirí, bíodh siad ar aon fhoireann leat – nó i do choinne!

Is ar éigin a d’aithnódh ár sinsear gur pobal atá i gceist anseo – ach má éistíonn tú leis an gclár podchraolta N-Europe, i gcomhair úsáiditheoirí Nintendo san Eoraip, ritheann sé leat go bhfuil tú ag éisteacht le raidio pobail! Cuireann foireann imreoirí óga as Éire, an Bhreatain, agus tíortha eile san Eoraip an clár i láthair, ag usáid fóin idirlín (Skype) chun comhrá.

Sin é an bua is mó atá ag an bpodchraoltóireacht: is féidir le aon duine é a dhéanamh. Ghnóthaigh Dawn & Drew, lánún óg pósta i Wisconsin Mheiriceá, na mílte éisteoir dá gclár magúil gligínteachta agus gan acu ach ríomhaire glúine agus micreafón a cheannaíodar ar $20. An bhfuil rud éigin le rá agatsa? An bhfuil ceisteanna le cur agat? Ní gá tarchuradóirí chun do ghlór a chraoladh. Ní gá stiúidíó costasach. Agus ní gá duit cead a iarraidh. An duine fásta tú? Is leatsa an t-idirlíon más ea. Abair leat!

Ag caint le Séamas Ó Neachtain an tseachtain seo, ó phodchraoladh Chumann Carad na Gaeilge, ghuíomar nára fada go mbeidh na scórtha podchraoltaí Gaeilge ann agus na mílte éisteoir acu. Measaim go bhfuil siad ag teacht – leithéidí Patrick Schaler mac léinn meánscoile ó Bhaile Átha Cliath. Chuir sé tús lena phodchraoladh an mhí seo chaite agus tá rún aige agallaimh a chur a Hector agus ar Enda Kenny TD!

Seo cuireadh daoibh! An bhfuil cumas taifeadta fuaime agat? Seol do MP3 Gaeilge chugam ag eolas@anlionra.com, go gcuirfeadsa “ar an aer” tú! Nó glaoigh ar an líne glórphoist: (087) 2602205 in Éirinn, (201) 984 3419 i Meiriceá.

T-Líonra!Nó tar chun cainte liom ag Oireachtas na Gaeilge. Beidh An Líonra Sóisialta ag triall ar chathair Dhoire i gceann coicíse do mhór-thionól na Gaeilge. Má tá tusa ag dul ann, bí cinnte go mbeidh tú gléasta i gceart, agus T-Léine álainn oifigiúil An Líonra Sóisialta ar do cholainn fíor-ghaelach. Beidh siad seo ar díol go luath ar an suíomh againn, anlionra.com (Athshonrú: tá siad ar fáil anois!), nó d’fhéadfá ceann a bhuachaint i gcomórtas na seachtaine seo chugainn ar an gclár. Tugaígí cluas le podchraoladh an lae inniu!

Comórtas Podchraoltóireachta!

An T-Líonra: Cúl le Cine!

  • 3 x T-Líonra(TM) le buachaint!
  • Dein 2 nóimeád fuaime a thaifeadadh ar do rogha ábhar.
  • Seol an MP3 isteach chugainn ag eolas@anlionra.com
  • Glaoigh ar an uimhir glórphoist agus scaoil amach é!
          • 087 2602205 in Éirinn
          • (201) 984 3419 i Meiriceá

Thursday, October 19, 2006

Líonra 4.4 - Tonnta

Wednesday, October 18, 2006

Líonra 4.3 - Ní Gá iPod

Tuesday, October 17, 2006

Líonra 4.2 - Podchraoltóir

Monday, October 16, 2006

Líonra 4.1 - Podchraoltaí

Friday, October 13, 2006

Líonra 3.5 - Lorg an Cheoil

Buail anseo chun éisteachta!

Chaitheamar súil ar chúrsaí ceoil an tseachtain seo ar An Líonra Sóisialta.

D’inis Gloria Estefan dúinn gur theip ar na mórchomhlachtaí ceoil freastal ar mhianta an phobail agus deiseanna an idirlín a thapú chun rogha a thabhairt dá gcustamaeirí.

Má dheineann tú téip nó dlúthdhiosca le do rogha amhrán, agus má bhronnann tú ar do chara é, tá tú ag briseadh an dlí. Má dheineann tú píosa cainte a thaifeadadh in éineacht leis an gceol, agus má chuireann tú ar an idirlíon é chun gur féidir le h-aon duine é a íoslódáil, ansin is podchraoltóir tú! ‘Sea agus tá tú fós ag briseadh an dlí!

Níl sa phodchraoltóireacht más ea ach cóipeáil agus dáileadh fuaime, de ghnáth gan aon srianta cóipeála DRM (Digital Rights Management). Agus sáraíonn sé an dlí sa chás go bhfuil ábhar faoi chóipcheart i measc na bhfuaimeanna atá dá gcóipeáil.Mura bhfuil réiteach simplí ar an bhfadhb seo, tá bealach timpeall uirthi! Sin é an ceol “podslán”. Ciallaíonn “podslán” go bhfuil cead speisialta tugtha ag úinéir an cheoil gur féidir é a chasadh ar phodchraoladh. Agus má tá leisce ar shean-fhondúirí an tionscail a gcuid maoine a cheadú sa tslí seo, ní mar sin don tslua óg neamhspleách atá ag teacht sna sála orthu! Gan chonarthaí ceoil, gan tionchar ar liostaí seinnte na mór-stáisiún raidio, ach tá siad gach pioc chomh súáilceach céanna leis na h-ainmneacha móra.Éist le Leona Daly, nó le Lorraine O’Reilly. Níos fearr fós, féach ar na físeáin atá curtha in áirde acusan ar YouTube.com (Leona, Lorraine). Féach an léiriú atá déanta ar We Know You’re From Croydon le Joan Coffey. Airigh an cumas agus an ealaíon ag Sarah Packiam, ina h-aonar, le glór, giotar agus físcheamara, agus i rac-cheol álainn Samantha Murphy, gan aici siúd ach na h-úirlisí céanna, ag déanamh ceolchoirm ghlórach in halla a tí!

Dála an scéil, is í Samantha an t-aon duine sa liosta sin nach Éireannach í (cé go bhfuil sí bródúil mar sin féin as an sinsear a thug an sloinne sin di).

Ní h-aithníonn tú na h-ainmneacha sin? Ní chloisfidh tú ar an raidio iad – go fóill!

Ach chífidh tú ar MySpace iad, agus cloisfidh tú ar phodchraoltaí iad – cosúil leis an Spudshow, an podchraoladh “beagnach laethúil” i nGaeilge a chuireann ceoltóirí neamhspleácha mná na hÉireann inár láthair.

Tá na mór-chomhlachtaí ceoil tagtha go sotalach chuig cóisir an idirlín, agus a gcuid earraí ar fáil (le srianta áirithe) in áiteanna ar nós siopa ceoil iTunes. Ach féach go bhfuil cuid mhaith ceoltóirí neamhspleácha sa tsiopa sin chomh maith. Tá siad ag díol a gcuid amhrán tríd iTunes agus CDBaby.com, agus ag cothú lucht leanúna dóibh féin le MySpace, leis an nGréasán Podslán agus le downloadmusic.ie. An bhfuil deireadh ré na gcomhlacht mór ann?

Tá an pholaitíocht ina mór-scéal i mblaganna na hÉireann an tseachtain seo, tar éis gur reachtáladh comhdháil ar an ábhar “Blagadóireacht an Toghcháin” i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Tá tuilleadh eolais ar irishelection.com, agus taifeadtaí ar dhíospóireachtaí an lae ar podcasting.ie.

Beidh tuilleadh tráchta ar na h-ábhair seo againn ar An Líonra Sóisialta. Díreoimíd go speisialta ar chúrsaí poliatíochta i mí na Samhna, agus pléifear cúrsaí físe agus grianghrafadóireachta i gceann coicíse. Agus más suim leat a thuilleadh a fhoghlaim faoin bpodchraoltóireacht, bígí linn an tseachtain seo chugainn!

Ar deireadh thiar, agus mé ag caint ar an gceol podslán, dúirt cheana go bhfuil roinnt cheoltóirí cáiliúla tar éis samplaí dá gcuid ceoil a scaoileadh le ceadúnas podslán. Uaireanta áfach, bíonn fadhb acu sin a dhéanamh mar, cé gur leo an t-amhrán, bíonn an taifead féin i seilbh chomhlacht ceoil. Tá réiteach simplí air sin: an ceol a ath-thaifeadadh, go minic ag ceolchoirm beo. Sin é ata deánta i gcás Rogha Ceoil Phodchraolta na seachtaine seo againn: Copperhead Road le Steve Earle.

Thursday, October 12, 2006

Líonra 3.4 - Dúlamán

Una O'Boyle

Wednesday, October 11, 2006

Líonra 3.3 - iTunes

Tuesday, October 10, 2006

Líonra 3.2 - MP3

  • Tá leathanach MySpace againne anois! :) myspace.com/anlionra
  • Tá moill ar an Nuachtlitir, faraoir. Tá súil agam go mbeidh sí seolta inniu.

Monday, October 09, 2006

Líonra 3.1 - Ní Ar An Raidio

  • Ábhar cainte na seachtaine nua seo: Ceol.
  • Sliocht as Podchraoladh “The Strip“: Gloria Estefan ag caint ar an mbotún a dhein oifigigh thionscail an cheoil ag tús Ré an Idirlín.
  • Ceol Podslán: Not On The Radio le Geoff Smith (Gréasán Podslán)
  • Guth An Phobail:
    • Tá Wiki againn! wiki.anlionra.com (Mínéofar a thuilleadh faoi seo i gceann cúpla seachtainí - ach má tá taithí agat ar wikí-onna cheana, away leat!)
    • Mar thús leis an wiki: Téacschaint na Gaeilge
  • Buaitheoirí Chomórtas Chló Mhaigh Eo:
    • Sorcha Nic Sheoin (cóip den Táin)
    • Pádraig de Búrca, Baile Átha Cliath (cóip den Teachtaire)
    • Mark Bodah, Holyoke, Mass., USA (cóip den Tóraíocht)
    • Kelly S. Doherty, Chicago, Ill, USA (cóip den Sclábhaí)
  • Comórtas na Seachtaine seo: Séamus Ennis: Ceol Scéalta agus Amhráin, i gcomahir le Gael Linn
  • 3 chóip den dlúthdhiosca le buachaint.
  • An cheist - cár rugadh Séamus Ennis (Leid: tá an freagra ar gael-linn.ie, ach ná h-abair gur mise a dúirt libh é)

Friday, October 06, 2006

Líonra 2.5 - An Bedouineachas

Buail anseo chun éisteachta!Táim glan scuabtha as mo mheabhair dár ndóigh. Sin é an t-aon mhíniú atá agam air.

Is féidir an t-alt seo a léamh sa nuachán Lá.Shílfeadh éinne go bhfuil mo dhóthain cúram orm. Beirt chlainne agus postanna lán-aimseartha agam féin agus ag bean an tí seo. Sin é mar atá ag mórán daoine sa lá tá inniu ann, dár ndóigh, ach tá post lán-aimseartha eile agam chomh maith: An Líonra Sóisialta.

Tá cleasanna agus straitéisí éagsúla agam chuige seo, mar shampla: ní chodlaím. Ach is é an rud is mó a chuidíonn liom ná an “oifig so-ghluaiste”.

Nílim chomh so-ghluaiste agus ar mhaith liom a bheith: tá córas stiúidíó agam do An Líonra Sóisialta. Ach tá cláracha déanta agam go h-iomlán ón mbóthar: taifeadadh, eagarthóireacht, uaslódáil agus foilsiú. Agus is cuma sa stiúidíó nó ar an mbóthar mé: braithim go mór ar an bhfón póca.

Fón Bhreandáin

Bhíos in oifig an dochtúra le mo mhac Dé Céadaoin nuair a tháinig an bíp-bíp ar an bhfón. “Sin é an saoiste ag fiafraí cá bhfuil tú!” arsa an dochtúir agus é ag gáire. Ach ní h-amhlaidh a bhí, ach scata teachtaireachtaí téacs ag insint dom go raibh daltaí Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile Átha Cliath ag scríobh tráchtaireachtaí ar AnLionra.Com!

Tugtar an bedouineachas ar seo – agus tuairiscíonn Om Malik go bhfuil sé ina chloch choirnéil ag cuid de chomhlachtaí úra Silicon Valley. D’fhág an Gael-Mheiriceánach Niall Kennedy a phost le Microsoft le déanaí chun dul i mbun oibre dó féin. Níl d’oifig aige ach ríomhaire glúine – agus oibríonn sé sa bhaile nó i gcaiféanna, nó in áit ar bith a oireann dó féin. Pléitear an bedouineachas agus ábhair eile sa phodchraoladh a dheineann siad le chéile: Om and Niall Podsessions.

Dár ndóigh, ní h-aon iontas an méid seo don aos óg. Éist leis an agallamh ar AnLionra.Com a dheineas le Breandán Ó hÉamhaigh, atá in a mhac léinn in Olscoil Luimní. Tá a charr ag Breandán, a fhón póca agus a ríomhaire glúine – agus leis na h-úirlisí sin tá sé in ann feidhmiú in áit ar bith.

D’fhéadfadh Breandán tuilleadh faoiseamh intinne a bheith aige mura mbeadh sé ag brath chomh mór ar na gúirléidí sin amháin. Is é an cúltacú príomh-riail an tsaoil siúil. Is féidir dlúthdhioscaí a dhéanamh le cóipeanna de chomhaid riachtanacha ach caithfidh tú cuimhneamh ar iad a bhreith leat. Nó is féidir úsáid a bhaint as “scamall” an idirlín, agus cúltaca a dheánamh ar sheirbhís stórála cosúil le box.net.

Is é box.net atá in úsáid againn féin inár n-oifig fíorúil. Fuair Fiona Ní Chéirín post lán-aimseartha le RTÉ i gCorcaigh, ach táimíd fós in ann comhoibriú ar An Líonra Sóisialta. Bainimíd úsáid as téacsanna, ríomh-phost agus glaonna gutháin, agus tá an t-idirlíon féin ina bhínse oibre againn agus sinn ag aistriú na gcomhad mór fuaime eadrainn.

Tugann an iris Wired.com an sainmhíniú seo ar an mbedouineachas mar straítéis ghnó: “Fáil réidh le sóchmhainní uile ghnólachta ach amháin na cinn atá riachtanach: na fostaithe agus na ceangailtí cumarsáide eatarthu.”

‘Siad na “ceangailtí cumarsáide” mar sin atá tabhachtach. Agus tá costas na cumarsáide so-ghluaiste ina cheist mhór. Tuairiscítear ar podcasting.ie gur beag an t-éileamh atá ar theachtaireachtaí pictiúir, nó MMS. Tá siad costasach, ag brath ar mhéid an phictiúir, agus ní oibríonn sé i gcónaí idir fóin agus idir líonraí éagsúla.

Is féidir “plean” ar chostas áirithe a cheannach do sheirbhísí 3G, agus do ábhar ar leith a roghnaíonn na comhlachtaí fón a chur ar fáil ar chostas seasta, ach is féidir le cumarsáid ar an ngáth-idirlíon a bheith an-daor le fón póca.

Is féidir cárta ceangail speisialta a cheannnach anois dod ríomhaire glúine a thabharfaidh ceangal idirlín duit trí chóras na bhfón póca ar chostas seasta, thart ar 50 euro. Agus má mheasann tú an ríomhaire glúine a bheith ró-throm duit, tabhair amach an SIM as an gcárta ríomhaire agus cuir isteach i bhfón póca é!

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Cornphíopa na Síog le Séamus Ennis, le caoinchead na bhfoilisitheoirí Gael Linn.
  • Tagann sé ón albam atá ath-eisithe ag Gael-Linn: Séamus Ennis: Ceol Scéalta agus Amhráin.
  • Agus, buíochas le Gael Linn arís, tá 3 chóip den dlúthdhiosca le buachaint i gcomórtas na seachtaine seo chugainn.
    • Freagair an cheist - cár rugadh Séamus Ennis (Leid: cá bhfios nach bhfaigheadh sibh an freagra ar gael-linn.ie?)
  • Ábhar na seachtaine seo chugainn: An Ceol.

Thursday, October 05, 2006

Líonra 2.4 - Breandán Ó hÉamhaigh

Wednesday, October 04, 2006

Líonra 2.3 - An bhfuil Fón Agat?

Tuesday, October 03, 2006

Líonra 2.2 - Téacschaint

  • Buail anseo chun éisteachta!

Féilim Bórland agus Seán ó hAdhmaill

  • Agallamh le Féilim Borland ó Na Gaeil Óga.
  • Ceol Podslán: Drive Away le Matthew Ebel (greasán podslán).
  • Téacschaint - “leet” na Gaeilge. Táimíd ag lorg samplaí! Seol isteach iad: eolas@anlionra.com. Nó cuir téacs chugam: +353 87 2602205. Nó glaoigh ar an uimhir sin! Nó glaoigh ar +1 201 984 3419! :)

Monday, October 02, 2006

Líonra 2.1 - Hello?

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Téama na seachtaine seo: Fóin Phóca agus an Saol So-ghluaiste
  • Ceol Podslán: The Frozen Ocean le The New Autonomous Folksingers.
  • Guth an Phobail: Tá fáilte roimh bhúr dteachtaireachtaí
    • Fág teachtaireacht ar an suíomh seo! Is féidir “tráchtaireacht” a fhágaint ag deireadh gach míre.
    • Glaoigh orainn, nó seol téacs! 087 2602205
  • Comórtas na Seachtaine
    • Cóip amháin des na 4 úrscéal grafach atá foilsitihe ag Cló Mháigh Eo.
    • “Cén t-ainm a bhí ar Chúchulainn ar dtús?”
    • Freagraí go dtí eolas@anlionra.com087 2602205.
    • Spriocdháta: 6ú Deireadh Fómhair.