Friday, October 03, 2008

An Bhlagadóireacht

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán a lae inné de Lá Nua

Dúirt mé an tseachtain seo chaite go mb'fhéidir go bhfuil an argóint faoin mblagadoireacht thart - ach ní dúirt mé i gceart cé bhuaigh!

Ar shlí, b'fhéidir go bhfuil smut den gceart ag lucht cáinte na mblaganna, gurb amhlaidh go mbíonn cuid mhaith den searbhas agus den gcnaimhséail i gceist ag blagadóirí. Dar ndóigh is bealach iontach iad na blaganna chun tuairimí a phlé, chun eolas a roinnt, chun díospóireacht shibhialta chruthaitheach a bheith agat le daoine éirimiúla - ach is minic nach amhlaidh a bhíonn in aon chor.

Uaireanta, níl mar fhreagra ar do chuid blagadóireachta ach ionsai pearsanta agus fuath, ó dhaoine gan ainm.

Tarlaíonn sé ar bhlaganna polaitiúla go minic - agus tá neart de le feiscint ar bhlaganna Mheiriceá i láthair na h-uaire agus na feachtais uachtarántacha ag druidim le buaic na teasa.

Léirítear tuairim i mblagmhír, agus faigheann sé na céadta freagra i bhfoirm tráchtaireachtaí. Ach faraoir, níl ach thart ar 10% des na tráchtaireachtaí sin a dheineann aon iarracht dul i ngleic go stuama le h-ábhar an ailt.

80% des na freagraí, bristear síos iad idir an lucht tacaíochta an dá champa polaitiúil ag glaoch ainmneacha ar a chéile.

(Agus cad faoin 10% eile? Spam! Nach bhfuil fhios agat?!)

Tá cás eile in nochtaítear an fuath faoi cheilt seo. 'Sé sin más bean tú, agus má tá tuairimí agat.

Phléamar cheana anseo é - na mná a d'éirigh as an mblagadóireacht mar gheall ar thráchtaireachtaí ó shuaracháin gan náire.

Ní h-aon iontas mar sin go bhfuil cuid des na blagadóirí is cáiliúla ag éirí as.

Cuirim i gcás Jason Calacanis, fear a bhunaigh dhein na milliúin dollar as gnó blagadóireachta a bhunú agus é a dhíol. Fear mór gnó, a bhfuil tóir agus éileamh ar a chuid tuairimí. Ach deir sé anois go bhfuil sé tar éis éirí as an mblagadóireacht mar gheall ar lucht an fhuath.

Ach níl sé tar éis éirí as an bhfoilsitheoireacht. Tá oiread le rá aige agus a bhí riamh. Agus lucht léite i gcónaí aige. Ach anois, más mian leat tuairim´í Jason a leámh beiodh ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt dó. Agus cuirfidh sé ar an liosta tú dá nuachtlitir sheachtainiúil.

Nuachtlitir a deir tú? Nach mbaineann sin leis an ré roimh an bhlagadóireacht.

B'fhéidir go mbaineann. Ach dar le Jason, tá ag éirí thar barr leis.

Ach mar a dúirt an tseachtain seo chaite, má tá cuid des na blagadoirí pearsanta ag éirí as an bhfoilsitheoireacht ar an módh sin, tá na meáin mhóra ag glacadh le módhanna na blagadóireachta níoos mó ná riamh. Agus ní h-aon iontas go raibh an bua i nGradam Liteartha an Oireachtais an tseachtain seo, ag blagadóir a bhfuil taithí agus bua an iriseora aige. Is é Concubhar Ó Liatháin, iar-eagarthóir an nuachtáin seo, an chéad duine chun Duais na Blagadóireachta a bhuachaint san Oireachtas. Molaim go mór an iarracht, agus an blag fíor-chuimsitheach atá faoi eagarthoireacht aige ag iGaeilge.wordpress.com.