Thursday, February 28, 2008

Idirlíon Gaelach

Foilsíodh an t-alt seo inniu i Lá NuaSeans gurb é seo mo cholún deireannach do Lá Nua. Tá súil agam nach amhlaidh a thitfidh amach, ach tá baol ann nach foilseofar an nuachtán seo i ndiaidh Dé hAoine.

Tá mé spreagtha chun machnaimh mar sin, ag uair seo na cinniúna, ar na h-ábhair is mó plé a bhí agam i gcolún seo na ríomharí, agus ar stáid na Gaeilge sa cyber-spás.

Níl sé ach 2 bhliain ó thosnaíos ag scríobh an cholúin seo. Ach measaim féin go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an idirlíon gaelach. San am san, bhíos an-chorraithe faoi dheiseanna agus faoi bhuanna na blagadóireachta. Agus tá fós! Go deimhin feictear dom go bhfuil geallúintí na mblaganna dá bhfíorú, cé nach bhfuil sé ag tarlú díreach sa tslí go rabhas ag súil leis.

Ag an am sin, ní raibh tusicint agam ar an dtabhacht a bheadh le cúrsaí físe. Ní raibh trácht ar YouTube, ná ar a leithéid. Cuimhnigh air! Níl ach dhá bhliain caite ón uair sin go mbímís ag iarraidh an t-idirlíon a shamhlú, gan físeáin a lua!

Ná níor fhéadas a shamhlú go mbeadh daoine ag tréigint a mblaganna ar mhaithe le córais mhionteachtaireachtaí ar nós Twitter.

Ach an rud is mó nach raibh coinne agam leis, ainneoinn an chíocrais a bhí agam don bhfás agus don bhforbairt seo go léir? Ní raibh coinne faoin spéir agam leis an siúl agus leis an bhfuadar atá faoi na h-athraithe seo. An bhfuíl tú cinnte nach bhfuil ann ach 2 bhliain?

Is mór an t-údar sásaimh dom an fhorbairt atá tagtha ar fhéin-fhoilsitheoireacht na Gaeilge ar an idirlíon sa tréimhse sin. Táim tréis súil a chaitheamh ar ghearr-liosta na mblaganna do Ghradam na Gaeilge ag an tríú Irish Blog Awards a bheidh ar siúl ag an deireadh seachtaine. Is mór an sásamh dom go bhfuil cuid mhaith acu nár chuala trácht orthu cheana – agus níos fearr fós: go bhfuil pobal tráchtairí ag cur agus ag cúiteamh i nGaeilge ar na suíomhanna sin, formhór acu nach bhfuil aithne agam orthu ó na gnáthshuíomhanna Gaeilge.

Is féidir an liosta a fháil ar an suíomh agam, ar imeall.com. Agus is féidir cliceáil ar an liosta go dtí na suíomhanna iad féin. B’fhéidir má bhíonn am saor agam an tseachtain seo chugainn, agus gan éinne ag iarraidh colúin orm, go dtabharfaidh mé faoi liosta na mblaganna Gaelacha a athshonrú dom féin.

Dála an scéil, bhí duine nó beirt i dteagmháil liom ag fiafraí an bhféadfadh grúpa blagadóirí Gaeilge bualadh lena chéile san iarnóin, roimh Ghradam na mBlaganna Dé Sathairn? Más cuimhin libh beidh na ban-bhlagadóirí, na fota-bhlagadóirí agus na bia-bhlagadóirí ag tapú an deis chun aithne níos fearr a chur ar a chéile! Cad faoi na gael-bhlagadóirí?

Mar sin, má tá tú i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, tugtar cuireadh duit bualadh isteach go dtí Óstán an Alexander, gar do Chearnóg Mhuirfean. Is ann a bheidh Gradam na mBlaganna féin níos déanaí sa tráthnóna, ach má chuireann tú cos thar táirseach isteach thart ar a 4 a chlog, beidh Gaeilge le clos sa seomra tosaigh ann, agus beidh fáilte romhatsa agus roimh do chuid Gaeilge chomh maith!
Íomhá do chruinniú na nGaelbhlagadóirí, deartha ag Sabrina Dent

Lipéid: , ,

Wednesday, February 27, 2008

Beidh an tIdirlíon ag creathadh le Groove na Gaeilge

Tá stáisiún Gaeilge don aos óg ar an mbealach, agus níl se ag fanacht go mbronnfar ceadúnas craolta air.

Mar a deir an seanfhocal: "We don't need no steenking transmitters ..."

Raidio X

Ach cogar, tá bhúr gcabhair ag teastáil, mar a mhíníonn an teachtaireacht rúnda seo a tháining faoi mo bhráid um thráthnóna:
A chairde!

Tá slua uainn!

Má tá sibh saor ag am lóin ar an Luain 3 Márta ag 1pm agus i lár na cathrach bígí linn nuair a seolfar RaidióX.com - stáisiún nua raidió don aos óg. Caith éadaí dearga má's féidir.

Muna bhfuil sibh saor bí cinnte an teachtaireacht a scaipeadh ar aon duine a bhíonn i lár na cathrach de ghnáth

Am: 1 pm Dé Luain 3 Márta
Áit: Páirc Chruicéad, TCD (in aice an Pav)

Éadái dearga? An suimiuil go deo!

Lipéid: , ,

Cruinniú na nGaelbhlagadóirí Dé Sathairn

Bhíos ag caint le hAonghus, sílim coicíos ó shin, agus mheas seisean go mba dheas an rud é cruinniú beag neamhfhoirmeálta a eagrú do bhlagadoirí na Gaeilge ar imeall (mar a déarfá) Ghradam na mBlaganna i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Tá roinnt mhaith grúpaí eile ag déanamh an rud céanna, mar a tharlaíonn sé.

Faoraoir, ní bheidh Aonghus féin ábalta a bheith i láthair, ach d'fhág sé fúmsa é rud éigin a eagrú agus a fhógairt. Sin é an botún a dhein sé!!!

Mar sin, ainneoinn go mb'fhearr dá mbeadh níos mó ama againn chun socraithe a dhéanamh, táimíd chun tabhairt faoi ar aon nós. Más amhlaidh go mbeidh tú in ann a bheith i láthair 'siad seo a leanas na socraithe:

Áit: Óstán an Alexander (An Lobby)
Am: 4:00pm
Dáta: 1ú Márta 2008

Rud eile a mhol Aonghus: ós rud é go n-aithnímíd go bhfuil cuid mhaith don bpobal gaelach seo scaipthe ar fud an domhain mhóir, táim chun rud éigin a shocrú chun go mbeidh sé ar ár gcumas labhairt le daoine ar an idirlíon le linn an chruinnithe seo. Nílim cinnte fós an le Ustream, le Qik nó le rud éigin éile a dhéanfaidh mé é seo, ach ní bheidh aon rud ag teastáil chun páirt a ghlacadh ach gnáth-ríomhaire agus ceangal idirlín. Beidh na sonraí ar an leathanach seo agam Dé Sathairn.

Lipéid: , ,

Saturday, February 23, 2008

Táimíd ag Hireáil

Help Wanted

Tuilleadh eolais anseo.

Cuideoidh seo liom na tograí go léir atá idir lámha a dhéanamh, An tImeall san áireamh.

Lipéid: , ,

Friday, February 22, 2008

Comórtaisí Grianghrafadóireachta

Táim buíoch do Rosie (blag galánta aici) a d'fhág tráchtaireacht nuair a bhíos ag caint faoin ngrianghrafadóireacht an lá cheana. Chuir sí ar an eolas mé faoin gcomórtas grianghrafadóireachta Íomhá '08 atá dá reachtáil ag Oifig Ghaeilge DIT, i dtaca le Seachtain na Gaeilge.
Tá muid ag lorg íomhánna ón bpobal a léiríonn an dearcadh atá acu i leith na Gaeilge i 2008, i bhfoirm grianghraif faoin téama An Ghaeilge Bheo. Tá fáilte roimh iontrálacha don chomórtas náisiúnta – nó idirnáisiúnta, fiú! – ó seo go dtí an 30 Márta 2008.

Agus murar leor an méid sin duit, tá comórtas gaelach grianghrafadóireachta eile ar siúl faoi láthair chomh maith. Tá seo eagraithe ag clár ealaíne TG4, Soiscéal Pháraic, agus tá gach eolas acu ar bhlag an chláir!

Dála an scéil, bhíos féin ar Shoiscéal Pháraic le déanaí, in éineacht le Kevin De Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus mo shean-pháirtí blagadóireachta Roseanne Smith (a bhí ar fhoireann na Comhdhála tráth). Tá an eachtra le fáil ar an gcartlann idirlíon anois ag TG4.tv (17/2/08).

Bhíos ag súil le Roseanne agus Kevin a fheiscint arís inniu - agus mórán Gaeilgeoirí eile nach iad ag Tóstal na Gaeilge 2008, ach bhíos breoite i ndiaidh tréan-iarrachtaí na seachtaine. Turasanna go BÁC agus Luimneach, páistí tinne, agus 2 oíche gan chodladh ... is leor san!

Lipéid: , ,

Thursday, February 21, 2008

Stáisiún Teilifíse i do Phóca

Foilsíodh an t-alt seo inniu i Lá NuaNí déarfainn go bhfuil bás na sean-bhlagadóireachta chugainn fos, ach ní mór a admháil go bhfuil sí cuíosach tinn mar sin féin!

Luaigh mé Twitter an tseachtain seo chaite, agus an tslí 'na bhfuil sean-laochra na mblaganna chomh gafa leis an twitteráil. Is é Twitter an seomra comhrá síoraí. Aon duine a bhain úsáid riamh as IRC (Internet Relay Chat), aithneoidh siad na cosúlachtaí.

Módh gasta, saoráideach is ea Twitter chun gearr-thuairiscí a chaitheamh amach i sruth na smaointe. Do chuid smaointe fánacha, nó machnaimh leath-chríochnaithe. Nó is féidir leat ceist a chur, féachaint an bhfuil an freagra ag éinne i measc do shlua comrádaithe féin.

Ach fós féin, níl ann ach téacs. Caithfidh tú do theachtaireacht a bhualadh amach ar na cnaipí. Más cnaipi fón iad, is measa fós é. Faoin am go mbíonn do theachtaireacht cumtha, scríofa, agus seolta agat, tá an nóimeád imithe, agus in éineacht leis tá an mothuchán a spreag an teachtaireacht ar dtús.

Sin é an chúis go ndeirimse go minic gur féidir leat do shaol a mhaireachtaint, nó is féidir leat é a bhlagáil, ach ní féidir leat an dá rud a dhéanamh!

Nó an féidir? Samhlaidh tú féin ag ocáid éigin, seó faisin b'fhéidir, agus teastaíonn uait a chur in iúil do cháirde ag baile cad tá ar siúl. D'fhéadfá cromadh ar na cnaipí, ach cén mhaith é sin chun na h-éadaí taibhsiúla a leiriú? Ach leis an seirbhís cumarsáide nua Qik tá rogha eile agat: beo-chraoladh teilifíse ó do fón póca go dtí do leathanach pearsanta ar qik.com. Is stáisiún teilifíse i do phóca é Qik, agus tá lucht leanta Twitter, ach go h-áirithe, an-thógtha go deo leis. Ní nach ionadh, tugann sé freagra níos fearr fós ar an gceist: "Cad 'tá ar siúl agat?". Nílim chun é a rá leat - taispeánfaidh mé duit!

An sheans go mbeidh sruthanna Qik dá seoladh oíche anocht ag Óstán an George i Luimneach. Tionólfaidh an eagraíocht nua TechLudd ócáid eile sa tsraith cruinnithe neamhfhoirmeálta míosúla do úrchomhlachtaí teicneolaíochta atá acu. D'éirigh thar barr leis an gchéad cheann an mhí seo chaite. D'fhreastal breis agus 100 ar an gcruinniú sin i mBaile Átha Cliath. Deis eile caidrimh agus comhluadair a bheidh anocht ann, agus beidh roinnt chomhlachtaí ag taispeáint a gcuid táirgí agus seirbhísí chomh maith. Moltar clárú roimhré. Tá tuilleadh eolais ag techludd.com.


Lipéid: , , , ,

Tuesday, February 19, 2008

Ag Cuardach Eolaithe le Gaeilge

Táim ag obair ar thogra nua, agus ag lorg ainmneacha do shaineolaithe ins gach réimse den eolaíocht, a bhfuil Gaeilge acu. Má tá moltaí ag éinne, chuirfinn fáilte mhór rompu. Níl uaim ach ainm an duine léannta, an réimse taighde, agus pé sonraí teagmhála atá ar fáil, mar shampla, ainm an institiúid ina bhfuil sé nó sí.

Ní gá teagmháil leo ar mo shon, níl uaim ach nod, mar shampla: "Tá Gaeilge mhaith ag an Dr. X Ó Y. Tá máistreacht ar Z-eolaíocht aige. Tá sé ag obair i gColáiste W."

Staidéar féidireachta atá sa chuid seo den iarracht seo, d'fhéadfá a rá. Má thaispeántar go bhfuil go leor daoine chun togra inmharthanach a chothú (agus creidim go bhfuil), seolfar an chéad chéim eile, agus bheinn ag dul i dteagmháil le daoine ag an bpoinnte sin.

Más féidir leat cabhrú leis an iarracht seo, cuir ríomhphost go dtí conn AG edgecast.ie, nó glaoigh orm ag +353 87 7408056.

GRMMA!
Conn

Monday, February 18, 2008

Continuous Partial Attention*

* Frás a luaitear le Twitter. Cuirigí Gaeilge ar sin!!!

Foilsíodh an t-alt seo Déardaoin i Lá NuaTá an cyber-saol ag scoilteadh, agus tá sé ag éirí i bhfad níos deacra súil a choimeád ar gach aon ghné de.

Creid é nó ná creid, is cosúil go bhfuil an bhlagadóireacht féin, mar a tuigtear dúinn é, ag éirí sean-fhaiseanta! Ina h-áit, tá níos mó áirde á thabhairt ar chóras a luamar cheana anseo: Twitter.

Samhlaigh, le do thoil, blag in a bhfuil gach mír a scrítear níos giorra ná 140 carachtar ar fhaid. Sin é Twitter. Tugtar “mion-bhlagadóireacht” air, nó “athshonrú stádais”. Níl mórán gur féidir a rá i 140 carachtar is fíor, ach iarrann Twitter ort freagra gonta a thabhairt ar an gceist: “Cad ‘tá ar siúl agat?”

Is fusa é a thaispeáint ná é a mhíniú: tabhair cuairt ar twitter.com go bhfeicfidh tú sruth na dteachtaireachtaí. Nó tabhair cuairt ar twittervision.com go bhfeicfidh tú na teachtaireachtaí céanna, beo, mar aon leis an suíomh ar léarscáil an domhain as ar tháinig siad.

Ar chuid mhaith des na teachtaireachtaí seo chifidh tú an comhartha ‘@’ agus focal in a dhiaidh. Ainm úsáiditheora atá sa bhfocal sin, agus ciallaíonn an ’@’ gur leis an úsáiditheoir sin a bhfuiltear ag caint.

‘Sé an ‘@’ an eochair a thugann ciall agus brí don sruth síoraí seo. Má chliceáileann tú ainm an úsáiditheora chífidh tú Twitter i gcomhthéacs an duine sin, agus chífidh tú na cómhráití atá ar siúl i measc a “cháirde Twitter”.

Ag brath ar na cáirde atá roghnaithe agat ar Twitter, is féidir leis a bheith an-úsáideach go deo mar áis chumarsáide. Deir daoine áirithe gurb é an módh is tapúla agus is fearr a fhaigheann siad nuacht a bhaineann leis na h-ábhair ar suim leo, i gcúrsaí pearsanta, nó fiú i gcúrsaí gnó!

Ach tá gnáth-bhlaganna againn i gcónaí agus iad ag dul i bhfeabhas an t-am ar fad. Bhí sé de phribhléid agam an tseachtain seo chaite moltóireacht a dhéanamh ar 25 acu mar chuid de chéad bhabhta moltóireachta an Irish Blog Awards. Bhíos tógtha go mór leis an éagsúlacht a bhí iontu, agus lena gcaighdeán, ach go h-áirithe. Agus an rud ba shuntasaí fúthu: ní raibh trácht cloiste agam ar formhór acu cheana! Is comhartha aibíochta é, sílim, ar bhlaganna na hÉireann.

Is cúis áthais ar leith dom líon na ndaoine a bhfuil cáil bainte amach acu sna meáin traidisiúnta agus atá anois ag tabhairt faoin mblagadóireacht. Tá blag maith ag údar Father Ted, Graham Linehan. (Bheadh léite agat faoi dá mb’amhlaidh gur léitheoir de chuid an Sunday Independent tú, chomh maith le Lá Nua! Ar éigin é, ach cá bhfios?!) Is ann a léas scéal an Uachtarán Bush, agus an pictiúir is ansa leis. Léigh duit féin é, ar whythatsdelightful.wordpress.com.

Lipéid: , ,

Sunday, February 10, 2008

Pictiúirí Sóisialta

Foilsíodh an t-alt seo Déardaoin i Lá NuaBhíos ag caint faoin ngrianghrafadóireacht an tseachtain seo chaite, agus faoi Flickr: liónra sóisialta na bpictiúr.

Níl aon dabht ach go bhfuil suíomhanna pictiúr den tsaghas seo an-oireiúnach chun cumarsáid agus caidreamh a chothú. Cuimhnigh air seo. Nuair a théann tú ar cuairt ar cháirde nó ar ghaolta, nach deas an caitheamh aimsire é nuair a tógtar anuas albaim na bpictiúr?

Iadsan a bhíonn ag plé teoiricí na socheolaíochta maidir le cumarsáid idirlín, tá an-chaint le déanaí ag cuid acu faoi 'réada sóisialta'. Duine acu is ea Jyri Engestrom, taighdeoir socheolaíochta agus bunaitheoir an chomhlacht Jaiku, a díoladh le Google anuraidh.

'Sé tuairim láidir Jyri, gurb iad na líonraí sóisialta is fearr a éiríonn leo ná na cinn atá bunaithe ar réad éigin - ar nós pictiúirí. Ní h-aon iontas gur beag an mhaith a bhíonn i gcaidreamh soisialta ar mhaithe leis féin amháin. Ní mór dó a bheith bunaithe ar 'rud éigin', mar shampla: galf, nó ceol, nó a leithéid.

Suíomh eile atá cosúil le Flickr ná Zoomr. 'Sé Thomas Hawk atá in a phríomh-fheidhmeannach ar Zoomr, agus is grianghrafadóir digiteacht aitheanta é i gceantar San Francisco.

Téann Thomas agus a cháirde ar shiúlóidí thart timpeall na cathrach lena gceamaraí - turasanna ar a dtugann siad 'photowalking' - agus anois tá photowalking ag teacht go hÉireann. Tá an blagadóir/grianghrafadóir RedMum ag eagrú tionól mar sin roimh Ghradam na mBlaganna i mBaile Átha Cliath ar an 1ú Márta.

'Sea, tá mór-ócaid shóisialta phobal na mblaganna chugainn arís, creid é nó ná creid. Mar chomhartha ar an éagsúlacht mhór atá ann i measc bhlaganna agus blagadóirí, tá cruinnithe do ghrúpaí ar leith dá n-eagrú ag daoine éagsúla ar imeall na h-ócáide féin. Ní amháin na grianghrafadóirí, ach beidh cóisir deas tae ann do na banbhlagadóirí chomh maith. Tá tuilleadh eolais ag sabrinadent.com.

Cuirfidh sé sin tús le seachtain bhruidiúil do bhlagadóiri in Éirinn. An lá dar gcionn cuirfear tús le tri lá imeachtaí i gCorcaigh: an comhdháil BlogTalk 2008, agus WebCamp. Agus ar an 8ú lá tionólfar Creative Camp i Cill Chainnigh, comhdháil aon lae ar chúrsaí idirlín, agus béim ar leith aici ar an gcruthaitheacht.

'Sea, an chruthaitheacht! Nach shin é a spreag an chaint seo agam? Níl aon easpa samplaí anseo in Éirinn de dhaoine atá ag úsáid blaganna chun a gcuid pictiúir a thaispéaint. Ní miste deartháireacha Uí Chaoimh a lua: Dónal agus Donncha. Tá Seán McCormack i nGaillimh, agus Claire Wilson (Gingerpixel) i mBaile Átha Cliath. Má thugann tú cuairt ar a suíomhanna siúd, ní thógfaidh sé i bhfad ort grianghrafadóirí digiteacha eile a aimsiú, mar chífidh tú go meallann na daoine seo ealaíontóirí eile chun cainte leo. Sin é bua an líonra sóisialta!

(Nasc breise: Gearr-Liosta Ghradam na mBlaganna, leis an liosta do "Best Photo Blog".)

Lipéid: , ,

Wednesday, February 06, 2008

Lá Nua i gCruachás

Tá baol go gcuirfear stop le foilsiú an nuachtáin laethúil Gaeilge Lá Nua, murar féidir pacáiste fóirithinte a shocrú leis an bhForas agus na rialtaisí. Tuilleadh eolais.

Le bhúr dtoil, sínigí an t-achainí.

Ionsaí

Maidir leis an bhfíseán a bhí againn an tseachtain seo chaite, ón bhFeachtas ar son na Fíor-Áilleachta le Dove, seo ceann eile:


Lipéid: , ,

Tuesday, February 05, 2008

Sin é Soiscéal Pháraic

Tá blag seolta ag an gclár ealaíne ar TG4, Soiscéal Pháraic.

soiscealpharaic.blogspot.com

Lipéid: , ,

Friday, February 01, 2008

Gradam Gaeilge na mBlaganna