Tuesday, January 25, 2005

An bhfuil Beo! beo faoi láthair?

Ní cuma ró-bheo ar Bheo.ie anocht. Níl de thoradh ar http://www.beo.ie/ ach "HTTP 404 - File not found".

Saturday, January 22, 2005

Athraithe Dearaidh

Mo bhuíochas daoibhse a bhfuil moltaí déanta agaibh maidir leis an suíomh. Tá cúpla mion-athrú déanta agam ar an ndearadh anois ar mhaithe le so-léiteacht agus an "t" athraithe go litir bheag sa cheann-teideal.

Thursday, January 20, 2005

An fhilíocht le clos

Is fiú i gcónaí súil a choimeád ar Chlár Plé Beo. Is ann a chruinníonn pobal Gaeilgeoirí an idirlín, agus bíonn nithe suntasacha á fhógairt go rialta ann ar nós an tsuímh seo: lyrikline - Lyrik International, Poetry international. Buíochas do "Mac Léinn Díograiseach" a d'fhógair an suíomh ar an gclár plé ar maidin.

Tá suim á cur agamsa i bhfilíocht Nuala Ní Dhomhnaill le déanaí, agus tá sí le clos anseo, i dteannta slua deas filí Gaeilge.

Tuesday, January 18, 2005

Níos Gaelaí ná na Gaeil féin

Táim spreagtha chun pinn arís ag Clár Plé Beo. D'fhágas an teachtaireacht seo ann ar maidin:

Ní teifigh iad lucht Oirthear na h-Eorpa atá anseo in Éirinn anois, ach chomh-Eorpaigh a bhfuil margaí a dtíortha oscailte chughainn agus lán-cheart acu a bheith anseo. Agus is cinnte gur imircigh eacnamúla iad, cosúil leis na Gaeil a theith go Meiriceá sna 1980-í, cosúil leis na Spáinnigh atá in Éirinn le blianta beaga anuas. Agus oiread leis na Spáinnigh, tá gá le saothar na ndaoine seo (a bhfuil árd-oideachas ar roinnt mhaith acu), chun geilleagar na tíre seo a chothú.

Ní h-ionann san is a rá nách bhfuil na teifigh pholaitiúla ón Aifric agus ó thíortha eile ag cur lenár stór chomh maith céanna. Is cás eile ar leith iad ó lucht na mball-stát nua, agus, más fíor-chásanna polaitiúla iad, tá sé de dhualgas orainn dídean a thabhairt dóibh. Níl amhras ar bith ann, áfach, go bhfuil buntáistí eacnamúla le bheith in Éirinn, agus is cinnte, dá bharr san, nach fíor do gach iarratas tearmainn a chuirtear faoi bhráid na n-udarás anseo. Tá tabhacht ar leith mar sin le córas éifeachtach agus tapaidh chun na h-éilimh a mheas. Ach, bíodh sin mar atá, má tugtar tearmann dóibh, ná déantar le sotal é. Ní h-aon tairbhe dúinn fo-aicmí agus ghettoanna a chruthú inár measc. (Tá ár ndóthain againn cheana.) Agus ná deinimís idir-dhealú idir ghrúpaí eachtrannach. Iadsan atá anseo, níl ach aitheantas amháin le tabhairt dóibh - i.e. mar bhaill den phobal.

Oibrím i dtionscail na déantúsaíochta in Éirinn. Is as Meiriceá, An Rúis, An Spáinn, an Nígéir, An Danmhairg, Malaysia, Pakistan, Serbia, An Aifric Theas, an Bhreatain, agus, dár ndóigh as Éirinn, mo chomh-oibrithe. Ní aithním iad mar imircigh ná teifigh. Is chomh-oibrithe iad, agus is comharsana agus cáirde iad cuid acu. Tá blas na h-Eíreann ag dul i bhfeidhm ar gcuid cainte, agus meon na h-Éireann ar a n-aigní. Tá na cúramaí céanna orainn: obair, leanaí, trácht, siopadóireacht, srl. Ní fhiafraím cad a thug anseo iad, ná caithin a bheidh siad ag filleadh; is teifeach mé féin sa chathair seo ó dhaorsmacht na h-iargúltachta.

'Sea tá an saol athraithe, ach ní chun donais atá an t-athrú. Nílímíd i mbaol ár mbáite ag forghabhálaithe. Agus is saibhre go mór an saol cultúrtha de bharr an iolrachais seo. Maidir leis an gcultúr gaelach, is mó an tsuim a chuireann na h-"eachtrannaigh" ann ná mar a chuireann na "Gaeil". Is cinnte nach baol ar bith iad don nGaelainn, a bhfuil bagairt níos mó uirthi ó chultúr Béarla an "News of the World" atá i réim anseo. 'Sé an Béarla teanga na sráide ar m'eastáit tithíochta, ach tá Gaelainn i mo thighse, agus is mór an sólás domsa go bhfuil leanaí eile ar an sráid seo ag labhairt Fraincíse agus Fionlainnise ina dtithe féin. Taispeánann siad go bhfuil saol eile ann seachas saol an Bhéarla amháin agus treisíonn siad an tacaíocht don tuairim nach "freak" tú má labhrann tú mion-teanga.

Níl a leithéid de rud ann agus cine Ceilteach, ná ní raibh leis na cianta. Ach tá cultúr na gCeilteach coimeádta agus caomhnaithe leis na cianta céanna ag na "forghabhálaithe". 'Siad sliocht na Lochlannach agus na Normannach, na Sasanach agus na n-Albanach iad Gaeil dílse na linne seo; féach ar na sloinnte! Deirtear gur treise dúchas ná oiliúint, ach ní san fhuil ná sa DNA a síolraítear dúchas an chultúir. (Nár bhreá dá mbeadh sé chomh simplí?) Is tré oiliúint sa teanga agus sa bhéaloideas a bheirtear an cultúr ó ghlúin go glúin, agus tá an oidhreacht sin tuilte ag leanaí uile na tíre, is cuma cé'r díobh iad. Gan amhras, ní h-ionann oilúint na scoile agus oilúint tuismitheora, ach cé mhéid duine ar an gclár plé seo atá ina chainteoir dúchais ar aon nós? 'Sea, má bhí sliocht na Normannach "níos Gaelaí ná na Gaeil", is iad sliocht na bPolannach agus na Nígéiréach iontaobhaithe nua an chultúir. Is cinnte nach bhféadfaidís jab níos measa a dhéanamh ná mar atá déanta ag Gaeil na linne seo. B'fhéidir go n-éireoidh níos fearr fós leis na Gaeil úra?

Bheir Mí Ó

An suantraí is éifeachtúla is eol dom:
Bheir mí ó óró bhean ó
Bheir mí ó óró bhean í
Bheir mi ó óró ho
Is mé tá brónach 's tú 'om dhíth

Is iomaí oíche fliuch is fuar
Thug me cuairt is mé liom féin
Nó go ráinig mé san áit
Mar a raibh grá geal mo chroí

Bheir mí srl.

I mo chláirseach ní raibh ceol
I mo mheoraibh ní raibh brí
Nó gur luaigh tú do rún
Is fuair mé eolas ar mo dhán

Bheir mí srl.

Ach cad is brí le "Bheir Mí Ó"? De réir cosúlachta, is i nGáidhlig na h-Alban atá bunleagan a amhráin seo. Cé go gcantar leagan Gaeilge anseo in Éirinn, níl aon aistriú déanta ar "Bheir Mí Ó".

Ach is iontach ar fad an tionchar a bhíonn ag focail agus fonn ar leanaí tuirseacha!

Gluais

Monday, January 17, 2005

Fonn Fóin Nollaig

Bhaineas oiread súip as an eachtra seo a chuala ar RnaG ar maidin, go gcaitheas é a fhógairt ar Chlár Plé Beo!

Tá an-mheas agam ar Nollaig Ó Gadhra agus is breá liom a bheith ag éisteacht lena thuairimí. Ní thagaim i gcónaí le gach aon cheann acu, ach is féidir brath air go mbeidh na tuairimí céanna suimiúil, sainúil agus beag beann ar thuairimíocht choitianta. Smaointeoir is ea é a chruthaíonn seasamh neamh-spleách dá chuid féin ar gach cás, bunaithe ar a phrionsabail bhunúsacha, agus forbartha le cabhair a shamhlaíochta 's a éirime. B'fhéidir nach bhfuil an ceart aige i gcónaí ach ní bhíonn sé riamh leadránach!

Níor chuir sé iontas ar bith orm a fhón a chlos ag seinnt an Amhráin Náisiúnta, ach nach bhfuil sé suntasach go bhfuil "cultúr fonn fón" na linne seo dulta i bhfeidhm ina shlí féin ar dhuine de dhealbha an chultúir dhúchasaigh?

Más eas, cad iad na foinn fóin a shamhlóimís le dealbha móra eile na linne seo? An Taoiseach, Gerry Adams, George W. Bush, do rogha dhuine? Fáilte roimh fhreagraí glice!

Gluais

Sunday, January 16, 2005

Leathanach April

Seo Meiriceánach eile atá ag cur na Gaeilge chun cinn ar an ngréasán. Tá suíomh gleoite aici anseo: Leathanach April. Tá ábhair áille Ghaeilge cruthaithe aici don ríomhaire: Spárálaithe Scáileán agus Deascanna Beo, agus iad le h-íoslódáil saor in aisce.

Gluais

Saturday, January 15, 2005

Feachtas Concern

Is dea-scéal é an fógra seo ó Concern go bhfuil a ndóthain airgid bailithe acu chun an clár oibre atá leagtha amach acu do reigiún an tsunami a chur i gcrích. Ta an-mhuinín agam as an eagraíocht neamh-rialtais seo agus grupaí eile dá leithéid. Agus is cinnte go bhfuil áird an phobail tarraingthe ag an dtubaiste seo. Bimís ag súil go gcoimeádfar an tsuim seo san obair atá á dhéanamh ag na h-eagraíochtaí seo ar fud an domhain.

Díospóireacht Pholaitiúil

Fáilte roimh Seámus Poncán go dtí an mblag-chruinne. Táim spreagtha chun díospóireachta aige leis an mír seo is déanaí uaidh.

Tá fhios agam go ndúirt ná bacfainn le polaitíocht ar an mblag seo, ach is dócha gurb ionann an pholaitíocht agus an bheatha! Ní h-é ná cuirim suim inti ar nós duine ar bith eile, ach bíonn sé deacair uaireanta díospóireacht shibhialta a fháil. Is minic a bhíonn na fóraim phlé, ach go h-áirithe, truaillithe le béicigh agus le maslú pearsanta, san áit ar cheart go mbeadh réasún agus argóint. Sin í an uair go n-éirímse bréan de. Ach ón méid atá feicthe agam, dealraíonn sé nach bhfuil an locht sin chomh mór ar na blaganna.

Wednesday, January 12, 2005

Coimhlint Leasa

Samhlaigh gur tusa an t-aon scar-shealbhóir i gcomhlacht áirithe. Tá foireann fheidhmeannach fostaithe agat chun an comhlacht a reachtáil. Iarrann na feidhmeannaigh ort an comhlacht a dhíol leosan, ach diúltaíonn tú. Ansin fógraíonn na feidhmeannaigh go bhfuil siad chun do chomhlacht a fhágáil, ach go bhfanfaidh siad ar feadh sé mhí chun cabhrú leis an bhfoireann nua dul i ngleic le reachtáil an chomhlachta.

Cad a dheineann tú? Dá mba chomhlacht príomháideach tú, níl aon dabht faoi. Déarfá, ar an bpointe "Thanks, but no thanks! Mura bhfuil tú liom tá tú i mo choinne. Ní thabharfaidh mé an deis duit suí ar chathaoir de mo chuidse agus tú ag réiteach do phleananna chun dul in iomaíocht liom i réimse an ghnó. Ní cheadóidh mé duit straitéis do ghnó úir a leagan amach ar bhínse oifige de mo chuidse, agus lán-fhios agat ar rúin agus ar straitéis mo chomhlachta-sa. Is spiaire tú i mo cheann-cheathrú. Bailigh leat láithreach!" D'éileófá eochracha a gcarranna comhlachta. Chuirfeá a n-oifigí faoi ghlas. Chuirfeá cosc orthu logáil isteach i do chóras ríomhaireachta. Dhéanfadh d'oifigigh slándála a bpearsanna a chuardach agus iad a thionlacan go dtí an príomh-dhoras, áit a d'fhéadfaidís taxi a iarraidh chun iad a thabhairt abhaile.

Sin é a dhéanfá, da mba chomhlacht le dealramh tú. Ach mas tú an t-Aire Iompair ag plé le feidhmeannaigh Aer Lingus? Ní dheineann tú faic. Fiú nuair a dheimhnítear go bhfuil na feidhmeannaigh meáite ar dhul san iomaíocht leis an aerlíne stáit? Socraíonn tu leo go n-imeóidh siad ag deireadh na míosa, in ionad bata agus bóthar a thabhairt dóibh ar an dtoirt. Cén leas atá ann don chomhlacht seo iad a fhágaint faoi stiúradh treigtheoirí? Cén díobháil atá dá dhéanamh do mheanma na bhfostaithe, na bpáirtithe gnó agus na gcustaiméirí (agus úinéirí, i.e. an pobal)? An bhfuil ciall ná dealramh le gníomhartha an rialtais sa chás seo?


Gluais

Saturday, January 08, 2005

Súil eile ar Ghandi

Ní cuimhin liom anois cén áit go díreach a fuaireas an nasc seo, ach thána air le linn mo chuid scimeála i gcaitheamh na seachtaine. "The Gandhi Nobody Knows" an teideal atá air agus léiríonn sé "súil eile" ar dhuine de laochra an chéid seo chaite. Ní déarfainn go bhfuil an t-údar go h-iomlán neamh-chlaonta, ach tá pointe an-mhaith aige i dtaobh na difríochta idir bholscaireacht pholaitiúil sa scannánaíocht agus taighde maith staire.

Bíonn níos mó ná léamh amháin ar gach scéal, agus is cinnte go mbíonn níos mó ná radharc amháin ar gach scannán! Scéal an mhaith is ea "Michael Collins" mar shampla, ach mholfainn roinnt mhaith léitheoireachta in éineacht leis.

Friday, January 07, 2005

Is ait agus is iontach an mac é saol na blag-chruinne

Is saol ar leith é an t-idirlíon agus is díol mor spéise é an idirghníomhaíocht agus an chumarsáid daonna a eascraíonn as an dteicneolaíocht réabhlóideach seo. Síleann daoine áirithe, a bhíonn amhrasach faoin dteicneolaícht tríd is tríd, gur saol tirim, neamh-phearsanta, mí-nádúrtha é an t-idirlíon agus gach a ghabhann leis, agus, go fírinneach, tá an cuma sin air on gcéad radharc. Ach má fhéachann tú níos doimhne, is léir nach le teicneolaíocht atá lucht léite agus scríte an idirlín ag plé - ach lena chéile - le daoine eile ar fud an domhain na beadh i dteagmháil riamh murach an teicneolaíocht iontach seo.

Cupla seachtain ó shin, bhíos ag cuardach ar an idirlíon le h-aghaidh blaganna ina luaitear an Ghaeilge. Sheolas an cuardach seo ar Ghúgail: gaeilge site:blogspot.com. I measc na suíomhanna a d'aimsíos bhí "letting loose with the leptard", blag le Gaillimheach a bhfuil suim aige i roinnt mhaith rudaí - an Ghaeilge san áireamh. Ansin bhí udar an tsuímh sin ag fiafraí de Ghúgail cen sort cuardach as a d'eascair na tarchuir a bhi seisean ag fáil agus ba ábhar súntais dó go raibh duine éigin eile "amuigh ansin" ag cuardach blaganna Gaeilge.

Nach iontach an córas é? Ní amháin gur féidir leat eolas a chruinniú ar an idirlíon, ach is féidir leat aithne a chur ar dhaoine eile leis, a bhfuil tóir acu ar na h-ábhair chéanna. Ádh mór a leptard, agus chífidh me thart thú!

Sunday, January 02, 2005

Uafás na h-Áise

Is leor na scéalta uafásacha atá ag teacht as ceantar an tsunami le cur i gcuimhne dúinn chomh leochaileach is atá an bheatha dhaonna agus a laghad smachta atá ag éinne ar chursaí an tsaoil. Is cinnte go raibh a bpleananna féin don todhchaí acusan a sciobadh chun siúil ag uiscí an toinn mhóir. Ta na milliúin anois fós i mbaol a mbáis - a gcuid achmhainní scriosta, ag brath ar chabhair Dé agus orainne, a mbráithre, ach go h-áirithe.

Dúshlan amhalmhór is ea an eachtra seo don "Phobal Idirnáisiunta", don "Chomhghuallaíocht Toiliúnach". Téarmaí a chloisimíd go minic - an mbeidh dealramh leo an turas seo? Ta fadhb mhór "logistics" le sarú má táthar chun fóirithint in am orthu san sa ghátar. An bhfuil an cumas san ag cinnirí an domhain?

Dúinne, na gnáth-dhaoine, ag plé go laethúil le gnáth-chúramaí an tsaoil, cuimhnímís go raibh na cúramaí ceannan céanna ag íospairtigh na tubaiste seo, níl ann ach seachtain ó shin. Níl 'fhios ag éinne ar an saol cad 'tá in ndán dó. "D'fhéadfadh bus tú a bhualadh" a deirimíd go minic. D'fhéadfadh. Nó d'fhéadfadh an fharraige an talamh a chlúdach, do theach a leagadh, do leanaí a mhúchadh, córais taistil, riaracháin agus éigeandála do thíre a phlúchadh leis an éileamh, agus tusa agus do chomharsana a fhágaint ag brath ar chabhair stróinséirí ón dtaobh eile den domhain - ar ghnáth-dhaoine iadsan, cosúil leat féin.

Concern agus eagraíochtaí eile ag glacadh le deontaisí ar a suíomh idirlíne.