Thursday, December 20, 2007

Imeall #187: Difríochtaí Cultúrtha?

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaIs é “éiceachóras” (ecosystem) an focal is coitiantaí a chloistear i dtaobh ré úr an idirlín. Nach ait sin? Mar a dúirt anseo cúpla seachtain ó shin, tá sé mar a bheadh machaire fairsing suíomhanna agus seirbhísí agus na comhlachtaí atá ina mbun. Cothaíonn siad a chéile, bíonn siad in iomaíocht, agus i bpáirtíocht, agus is cosúil nach bhfuil de bhac nó de theorainn ar fhás an chórais seo, ach sa mhéid is go bhfuil an t-idirlíon – agus an leathanbhanda ach go h-áirithe – ar fáil do phobail an domhain.

Tá aicme an-thabhachtach san éiceachóras seo: na h-úrchomhlachtaí beaga, nó mar a deirtear sa bhFraincís: “les startups”! Is iad a bhí i lár an aonaigh an tseachtain seo chaite ag an gcomhdháil Le Web 3 i bPáras, iad ag taispeáint toradh a saothar agus ag suirí le custaiméirí, le h-infheisteoirí agus le fathaigh mhóra an idirlín: leithéidí Google nó Microsoft.

In éiceachóras an idirlín, tá ról ar leith ag na mórchomhlachtaí sin. Bíonn pobail mhóra custaiméirí acu, agus achmhainní dá réir. Ach an rud nach bhfuil acu ná smaointí úra agus nuálaíocht. Is minic go mbíonn sé deacair do eagráiochtaí móra na tréithe sin a chothú ón dtaobh istigh. Sin é a nádúr. Ach ar nós míolta móra na farraige, is féidir leo creátúirí eile a shlogadh, agus cur leis an gcumas atá acu féin.

Bhí halla ar leith ag Le Web 3, dos na startups. In a measc bhí an comhlacht Éireannach LouderVoice. Agus labhair Tom Raftery ó Chorcaigh leis an slua faoin slí inar féidir le teicneolaíocht an idirlín dul i ngleic le fadhbanna na timpeallachta.

Bhí léiriú suntasach ar an saol úr nuair a bhí an blagadóir cáiliúil Robert Scoble ar stáitse. Bhí Michael Arrington ón suíomh TechCrunch, blag nuachta a phléann úrchomhlachtaí idirlíonn, sa lucht féachana agus é ag scríobh ar a ríomhaire glúine. Bhí Scoble ag déanamh taispeántas ar an scáileán nuair a dúradh leis go mba cheart dó féachaint ar TechCrunch. Is amhlaidh go raibh an nóimeád sin díreach roghnaithe ag Arrington le nochtadh don saol go raibh Scoble ag fágaint a phost – agus ní raibh aon dul as aige ansin ach é admháil ar an stáitse.

Bhí ualach ceamaraí físe i láthair – comhartha eile den saghas idirlín atá ag forbairt ós ár gcomhair amach. Agus bhí sé in a chonspóid le cúpla lá anuas faoi fhísbhlagadóir amháin a chuir suim ró-mhór, measann daoine áirithe, i spéirmhná na comhdhála i scannáinín beag a d’fhoilsigh sé le ceolraon an amhráin Beautiful Girls le Seán Kingston. Tá ar a laghad bean Eorpach amháin a taispeánadh atá breá sásta leis an moladh - ach tá cuid mhaith eile, go h-áirithe ó thíortha an Bhéarla, a mheas gur céim siar do mhná i saol teicneolaíochta é. Difríochtaí cultúrtha, peut-être?

  • Beannachtaí na Nollag oraibh go léir a cháirde!
  • Ceol Podslán: Oíche Chiúin/It Came Upon a Midnight Clear le Doug Boldt.
Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Wednesday, December 19, 2007

Imeall #186: An tImeall en Francais

Buail anseo chun éisteachta!

Foilsíodh an t-alt seo an tseachtain seo chaite i Lá NuaTáim i bPáras na Fraince agus alt na seachtaine seo á scriobh agam, ag freastal ar an gcomhdháil Le Web 3. Tá an-thóir ar an gcomhdháil seo i dtionscal an idirlín ar fud na hEorpa. Ní amháin sin, ach tá bua ar leith aige mar chomhdháil go meallann sé daoine ó Mheiriceá chomh maith. Cúis mhór amháin atá leis sin ná an clú agus cáil atá ar stiúrthóir na comhdhála, Loic le Meur, fiontraí agus blagadóir.

"He doth bestride the world like a collosus" a dúirt Shakespeare faoi Julius Caesar, agus is é an ráiteas céanna a shamhlaímse le Loic le Meur! Is ceannródaí mór na blagadóireachta é sa bhFrainc, agus bhunaigh sé comhlacht chun úirlisí blagadóireachta a sholáthar. Dhíol sé an comhlacht sin leis an gcomhlacht Meiriceánach Six Apart, a bhí ag iarraidh margadh a fhorbairt san Eoraip, agus tá baint fós aige leis an gcomhlacht sin.

Bhí sé ina chomhairleoir idirlín don Uachtarán Sarkozy le linn an fheachtais toghchánaíochta anuraidh. Bhí sé in a chonspóid ag Le Web 3 anuraidh nuair ar tugadh cuireadh do Sarkozy agus do iarrthóir eile labhairt ag an gcomhdháil, agus ag an nóiméad deireannach athraíodh clár an lae chun oiriúint dóibh. Bhí roinnt daoine den tuairim go raibh íoctha acu as comhdháil teicneolaíochta agus dá bhrí sin
nach raibh siad ag iarraidh éisteacht le polaiteóirí. Is fíor gur tháinig formhór na cáinte sin ó dhaoine nach Francaigh iad.

Ach fíoraíonn an scéal an mana nach bhfuil a leithéid de rud ann agus droch-phoiblíocht. I mbliana, tá slua níos mó ná riamh tagaithe go dtí Le Web 3, agus iad ag baint sult agus spleodar as an gcaint agus as an gcomhluadar. Tá trí fhoirgneamh líonta ag imeachtaí éagsúla, agus tá dhá lá á chaitheamh ag caint ag plé todhchaí an idirlín agus na céimeanna atá romhainn amach.

Beidh a thuilleadh scéálta agam faoin gcomhdháil seo an tseachtain seo chugainn, agus ar "les startups" mar a tugtar orthu anseo! Ina measc siúd tá an fiontar is déanaí de chuid Loic é féin: Seesmic.com. Seirbhíse físe idirlín is ea é.

Ach cad é an chúis is mó go bhfuil na sluaite ag triall ar Le Web 3, im' thuairimse? An bia! Tá sé go h-aoibhinn - bien sur!Lipéid: , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers

Thursday, December 06, 2007

Imeall #185: Cás Aidan

Buail anseo chun éisteachta!

Tá an t-alt seo foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá NuaTá sé ag tárlú arís. Dhá mhí ó shin tuairiscíodh sa nuachtán seo go bhfuair scoláire Meiriceánach fáilte fhuar ó sheirbhísí inimirce na tíre seo toisc gur theastaigh uaidh go mbeadh a chlann in éineacht leis agus é ag staidéar in Ollscoil Chorcaí.

Más cuimhin libh, dhein Keola Donaghy a dhícheall a fháil amach roimh ré, cad iad na coinníollacha a shásódh Oifig Inimirce na nGárdaí maidir lena iníon agus a cuid scolaíochta. Ach tar éis dóibh an t-aistear ó Hawaii a thabhairt orthu féin, fuaireadar an doras iata ina gcoinne.

An dea-thoradh atá ar an scéal ó shin ná go bhfuil glactha le Keola ar chúrsa iarchéime sa Nua-Shéalainn a thosnóidh tar éis na Nollag. Agus tá Céad Míle Fáilte curtha ag rialtas na tíre sin roimh a chlann chomh maith.

Tá Keola i dteagmháil i gcónaí lena cháirde in Éirinn, lena bhlag culture-hack.com. Agus is ó bhlag eile a chloisimíd go bhfuil an chéad chaibidil eile sa scéal seo á nochtadh.

Is mic léinn iar-chéime iad James Britton agus a bhean chéile Erin. I láthair na h-uaire, tá Erin ag staidéar ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a raibh James ina teannta go dtí gur fhill sé ar Mheiriceá chun tuilleadh staidéir a chríochnú. Tá duine eile sa chlann chomh maith: a mac, Aidan, atá 4 bliana d’aois.

Tá Aidan ag freastal ar an mbunscoil ar an gCladach i gcathair na Gaillimhe ó thús na scoilbhliana seo, ach inné dúirt Gárda lena mháthair go gcaithfidh sé an scoil a fhágaint, nó díbreofar as an dtír é.

Tá an scéal ar fad ar an mblag ag jamesrbritton.com, agus tá blagadóirí eile ag tosú ag cur suime ann. Tá tuilleadh poiblíochta á fháil aige ar an suíomh digg.com, suíomh ar ar féidir leis an lucht léite vótaí a chaitheamh ar na scéalta a gheobhaidh tús áite ar an leathanach. Ní dócha go bhfuil deireadh ráite ar an ábhar seo go fóill.

Táim cinnte gur luaigh mé Paddy’s Valley cheana anseo. Sin é an misean neamh-oifigiúil tráchtála go Silicon Valley, a bhfuiltear ag réiteach chuige leis an gcuid is mó de bhliain.

Bhuel, tá an lá tagtha agus, an tseachtain seo, tá thart ar scór fiontraí teicneolaíochta ón dtír seo ag líonrú le saoithe an tsileacain thall. Tá tuairiscí dá gcur abhaile acu, ar paddysvalley.org, i bhfoirm sruth mion-teachtaireachtaí ar jaiku.com/channel/paddysvalley agus fiú i bhfoirm físeán ag paddyvalley.blip.tv.

Dála an scéil, seo suíomh suimiúil chun cuidiú leat Wikipedia a léamh ar ghléas póca: wapedia.mobi. An bhfuil fhios agat go bhfuil leagan Gaeilge ann, an Vicipéid? Tabhair cuairt ar ga.wikipedia.org. B’fhéidir gur mhaith leatsa cur lena bhfuil ann?
  • Beannachtaí le gach aon duine a chas orm Dé Domhnaigh seo chaite ag Gradam Gael na Bliana agus ag Gradam Gnó na Gaeltachta. Bhí an-lá againn sa Ghaillimh.
  • Ceol Podslán: Derek Malone le 3 Blind Mice.
Lipéid: , , ,
Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers