Friday, May 19, 2006

An Blagadóir: Luach 1000 Focal

Tá an colún seo foilsithe in eagrán an lae inniu den nuachtán Lá(Seo téacs an ailt ó Cholún an Bhlagadóra mar atá foilsithe inniu in . Déanfar podchraoladh amárach air.)

Tá an iliomad saghas blag ann. An rud is coitiantaí ná go scríobhann duine éigin cúpla focal gach aon lá. Má tá comhad fuaime nó físe istigh leis an dtéacs, is féidir a rá gur “podchraoladh” é. Uaireanta bíonn pictiúir ann, agus uaireanta is iad na pictiúir féin príomh-ábhar an bhlag.

Tá daoine áirithe a bhfuil sé de bhua acu go bhfuil siad in ann smaoineamh a chur in iúil i bhfoirm phictúir. Is féidir 1000 focal a léamh sa nuachtán ag cur síos ar ábhar nuachta éigin, ach is minic a d’fhéadfadh go mbeadh léargas chomh cruinn céanna leis le fáil in aon radharc amháin – i gcartún.

Albanach-Meiriceánach is ea Hugh McLeod a chaith tréimhsí maithe sa dá thír. Agus é ina chónaí i Nua Eabhrach, thosnaigh sé ag tarraingt cartún ar chúl cártaí gnó. Thug sé faoin mblagadóireacht chun iad a fhoilsiú, agus bhí sé páirteach i ngluaiseacht óg na blagadóireachta nuair a thosnaigh sé i 2001.

Ní amháin gur féidir le cartúnaí a shaothar a fhoilsiú ar a bhlag féin, ach is féidir lucht léite níos mó a fháil má bhaineann blagadóirí eile úsáid as do chartúin mar mhaisiúchán ar a mblaganna féin. Tá blúire beag cóid ríomhaire curtha ar fáil ag Hugh le déanaí agus má chuireann blagadóir an cód sin ar a leathanach, beidh na cartúin is déanaí ó Hugh dá léiriú ar a bhlag aige de réir mar a fhoilseofar iad.

Tá an córas sin i bhfeidhm le tamall fada anois ag na cartúnaithe Corcaíocha Bif agus Frank ag bifsniff.com. Foilsíonn siad cartún úr gach seachtain agus tá saothar dhá bhliain sa chartlann anois acu.

Chun a bheith fírinneach, tá trí bhlag ar bifsniff.com, blag na gcartún, agus blaganna pearsanta an bheirt údar. Bíodh is go bhfuil cumas agus cumhacht sna cartúin féin, tugann na blaganna seo seans dos na cartúnaithe níos mó a rá, beagáinín den gcúlra a nochtadh i dtaobh cartúin áirithe, agus a dtuairimí a phlé i bhformad atá níos leithne ná fráma amháin.

Sin é a dheineann údar an chartúin cháiliúil Dilbert, Scott Adams. Tá Dilbert féin foilsithe ag an suíomh dilbert.com, agus níor chuir sé ionadh ar bith orm nuair a chuala go raibh blag ag Scott féin ag dilbertblog.typepad.com. An tseachtain seo, tá sé ag plé na cinsireachta a dhein nuachtáin áirithe ar chartún dá chuid le déanaí, agus an tseachtain seo chaite, d’iarr sé cabhair ar lucht a léite agus é ag lorg ábhar chartúin. Tá dlúthbhaint ag Dilbert leis an idirlíon ón gcéad lá ar chuir Scott a sheoladh ríomhphoist ar an gcartún ar mhaithe le tuairimí lucht a léite a fháil, agus bhí sé ar an gcéad chartún comhfhoilsithe ar an idirlíon thiar i 1995.

Chuir sé iontas orm, áfach, nuair a chonac ainm Scott gar do bharr liosta na ndaoine is mó a bhfuil síntúis acu le fothaí blag agus nuachta eile ar an suíomh nua share.opml.org. Cá bhfaigheann Scott an ionspráid do Dilbert? Is cosúil go dtagann cuid de ó bhreis agus 1200 foinse idirlín!

Dála an scéil tá rudaí iontacha ar siúl leis an OPML seo. Beidh mé ag caint arís air, agus ar leithéidí an Open Irish Directory atá dá dtógaint ag pobail deonacha.

Tá úsáid eile bainte as pictiúir ar an suíomh Post Secret. An bhfuil rún ag briseadh do chroí, mar a bheadh bearrbóir an rí fadó? Cuir ar chárta poist é. Tarring pictiúr nó cuir griangraf leis. Agus seol iseach go Post Secret é. Tá ualach gradam buaite ag an suíomh seo agus iad tuillte go maith. Mar a dhein cruit Labhraí Loingsigh, tá sé ag tabhairt na rún chun solais.Lipéid: , ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger frankp ...

Go raibh míle maith agat, tá an-áthas orainn a bheith sa ailt chéanna le Hugh McLeod agus Scott Adams!!!

:)

19 May, 2006 13:21  
Arsa Blogger Conn ...

Tá fáilte romhaibh, Frank!

20 May, 2006 06:44  

Post a Comment

<< Home