Monday, May 22, 2006

Cuidigh le Mary!

Agus mé ag bailiú mo chóipeanna des na nuachtáin ghaelacha ar maidin, thug úinéir an tsiopa, Mary, píosa páipéir dom ar a raibh na frásaí seo a leanas:
  • Happy Christmas
  • Christmas Greetings
  • Special Wishes this Christmas
D'inis sí dom go bhfuil comhlacht cártái ag iarraidh cártaí Gaeilge a chur ar fáil don Nollaig agus go bhfuil siad ag lorg cabhair le Gaeilge dheas chruinn a chur ar na ráitisí seo.

Cad é bhúr meas, a cháirde? Tá an chéad dá cheann fuirist a ndóthain - ach cad faoin dtríú ceann? Agus an bhfuil aon bheannachtaí deasa traidisiúnta go bhféadfaimís a chur faoina mbráid?

Lipéid: , ,

4 Freagraí:

Arsa Blogger Míshásta ...

Special Wishes this Christmas

Beannachtai faoi leith um Nollaig ?

chun a bheith beagáinín níos gonta, leagan canúna:

Beannachtai fé leith um Nollaig ?

22 May, 2006 15:09  
Arsa Blogger Míshásta ...

Beannachtaí ó chroí ort/oraibh um Nollaig / an Nollaig seo.

Sonas & Síocháin ort/oraibh um Nollaig / an Nollaig seo.

22 May, 2006 22:13  
Arsa Blogger Conn ...

Go raibh míle maith agat a Mhíshásta!

D'fhéadfaí an forainm réamhfhoclach a fhágaint ar lár, is dócha?

Beannachtaí ó chroí an Nollaig seo

22 May, 2006 22:23  
Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Le dea-mhéin na Nollag (um Nollaig)?

23 May, 2006 14:38  

Post a Comment

<< Home