Tuesday, May 23, 2006

Podmheas? Podbhuíochas!

Tá rudaí iontach deas le rá ag Alex Hijmans faoi "An tImeall" in eagrán na seachtaine seo de Foinse. Tugann sé léirmheas an-chineálta ar mo chuid iarrachtaí podchraoltóireachta, ach ní h-é sin is mó atá ina údar sásaimh dom ach seo: is cosúil ón méid a dúirt sé gurb é seo an tús ar shraith altanna léirmheastóireachta ar phodchraoltaí.

Más amhlaidh atá, tá sé ar an gcéad cholún dá leithéid in aon pháipéar nuachta, in aon áit, go bhfios domsa. Mar atá ráite cheana agam, creidim go bhfuil buntáistí na podchraoltóireachta níos soiléire fós i gcás mionteanga ná i gcás an mhórchultúir. Tá áthas orm go bhfuil Foinse ag scaipeadh an dea-scéil le lucht a léite. Beidh meáin an Bhéarla ag sodar 'nár ndiaidh sa chás áirithe seo!

Lipéid: , , ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger Séamas Poncán ...

Comhghairdeas leat, a cheannródaí!


Tá súil agam go dtabhairfidh sé mise faoi deara! Nílim cinnte, ach sílim go n-aithním a ainm ó na liostaí r-phoist fadó. An bhfuil aon aithne agat ar Alex?

23 May, 2006 16:34  
Arsa Blogger Conn ...

Níl puinn aithne agam air a Shéamais, ach amháin ó bheith ag léamh a chuid iriseoireachta i bhFoinse.

As an Ísiltír ó dhúchas é - agus tá café aige sa Ghaillimh.

23 May, 2006 21:26  

Post a Comment

<< Home