Wednesday, February 27, 2008

Cruinniú na nGaelbhlagadóirí Dé Sathairn

Bhíos ag caint le hAonghus, sílim coicíos ó shin, agus mheas seisean go mba dheas an rud é cruinniú beag neamhfhoirmeálta a eagrú do bhlagadoirí na Gaeilge ar imeall (mar a déarfá) Ghradam na mBlaganna i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Tá roinnt mhaith grúpaí eile ag déanamh an rud céanna, mar a tharlaíonn sé.

Faoraoir, ní bheidh Aonghus féin ábalta a bheith i láthair, ach d'fhág sé fúmsa é rud éigin a eagrú agus a fhógairt. Sin é an botún a dhein sé!!!

Mar sin, ainneoinn go mb'fhearr dá mbeadh níos mó ama againn chun socraithe a dhéanamh, táimíd chun tabhairt faoi ar aon nós. Más amhlaidh go mbeidh tú in ann a bheith i láthair 'siad seo a leanas na socraithe:

Áit: Óstán an Alexander (An Lobby)
Am: 4:00pm
Dáta: 1ú Márta 2008

Rud eile a mhol Aonghus: ós rud é go n-aithnímíd go bhfuil cuid mhaith don bpobal gaelach seo scaipthe ar fud an domhain mhóir, táim chun rud éigin a shocrú chun go mbeidh sé ar ár gcumas labhairt le daoine ar an idirlíon le linn an chruinnithe seo. Nílim cinnte fós an le Ustream, le Qik nó le rud éigin éile a dhéanfaidh mé é seo, ach ní bheidh aon rud ag teastáil chun páirt a ghlacadh ach gnáth-ríomhaire agus ceangal idirlín. Beidh na sonraí ar an leathanach seo agam Dé Sathairn.

Lipéid: , ,

5 Freagraí:

Arsa Blogger Rosie ...

nílim cinnte gur gaelbhlagadóir mé, ach sin ráite...

ba bhreá liom bualadh libh ach ar an ndrochuair tá orm a bheith i má nuad ar feadh an lae ar an satharn. seans go bhfeicfidh mé an oíche sin sibh?

27 February, 2008 14:58  
Arsa Blogger Conn ...

A Rosie, a chara,

Cuireann do chuid altanna Gaeilge go mór le corpus blagáltha na Gaeilge! Níl aon duine ag iarraidh go mbeadh do bhlag 100% i nGaeilge. Níl an saol 100% i nGaeilge ag aon duine beo!

Tá sé socraithe agamsa go mbeidh An tImeall 100% i nGaeilge, ach is féidir liom é sin a dhéanamh toisc go bhfuil blaganna eile i mBéarla agam.

Is trua nach mbeidh tú ann - ach tá súil agam go gchífidh mé anocht tú!

01 March, 2008 07:08  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ba bhreá liom a bheith i láithair inniu ach ar an ndrochuair ní thig liom a bheith ann toisc go bhfuil mé fós anseo ar an chósta thuaidh. Níl pingin rua agam! Is mór an trua é, saol an mhac léinn! Bainigí sult as an chruinniú agus as an oíche! Beidh mé libhse i m'intinn! ;-)

01 March, 2008 13:25  
Arsa Blogger Conn ...

Hi Somhairle - is trua sin. Má bhíonn tú i gcóngar ríomhaire ar 4:45pm b'fhéidir go bhféadfá bualadh isteach go dtí an cruinniú fíorúil? :)

01 March, 2008 14:14  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Although he never publicly endorsed the line, the term "Paul Newman Daytona" was coined, but has never been officially used by fake watches .Robert DeNiro wore a stainless steel cosmograph daytona in "15 Minutes," as did Val Kilmer in "Thunderheart." I read somewhere that the Daytona is the most popular celebrity wristwatch in auctions around the world. sy

27 November, 2010 03:03  

Post a Comment

<< Home