Monday, August 25, 2008

Tá deiseanna cláraithe ar líne, ambaiste!

Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an 21 Lúnasa de La Nua

Ambaiste.com, ScaoilAmachÉ.com, DoRoghaRud.com ...

Cad é an tréith comónta ag na h-ainmneacha fearainn sin - agus go leor eile nach iad? Má bhaineann tú triail astu i do bhrabhsálaí gréasán, feicfidh tú láithreach - ní ann dóibh!

'Sé sin le rá: níl na h-ainmneacha sin cláraithe. Níl aon suíomh idirlíon ag na seoltaí sin. Níl iontu ach ainmneacha a phioc mé as an spéir.

Ach ní bheadh sé deacair in aon chor na seoltaí sin a chlárú. Ar mhaith leat do AinmSloinne.com féin a bheith agat? Níl deacracht ar bith le seoladh dá leithéid a chlárú ar an bhfearann dot-com - agus má tá ainm breá gaelach agat, tá seans maith ann nach mbeidh an seoladh sin cláraithe ag éinne eile romhat.

Sin é an tréith ar leith faoin bhfearann dot-com. 'Sé 'tá i gceist leis an "com" ná "comhlacht" ach 'sí an fhírinne ná nach bhfuil srian ar bith ann maidir le cén saghas duine nó eagraíocht ar féidir leis seoladh dot-com a chlárú.

Gan srianta, tá deiseanna ann. Ach tá dainséirí ann chomh maith. Bhí sé ina scéal mór roinnt bhlianta ó shin nuair a cheannaigh bithiúnaigh éigin an t-ainm fearainn bertieahern.com, agus chuir siad íomhánna pornagrafacha ag an seoladh sin, ag súil go bhféadfaidís an taoiseach a náiriú ionas go gceannódh sé an t-ainm fearainn uathu ar phraghas árd.

Tá an fearann dot-com ar nós an Iarthar Fiáin. Más féidir leat sealbh a ghlacadh ar ainm, is leat é. Tá cásanna áirithe inar éirigh le comhlachtaí cás dlí a thógaint, ar an gcúis go raibh trádmharc dá gcuid á shárú, ach is bealach achrannach costasach é an módh áirithe sin.

Tá fearainn eile ann, áfach, ar a ndeintear bainistíocht sa tslí is go ndeintear iarracht bac a chur ar dhaoine ag clárú ainmneacha nach bhfuil siad i dteideal a úsáid. Ina measc tá fearann náisiúnta na hÉireann: .ie.

Measann daoine áirithe go gcuidíonn sin le muinín a bheith ag daoine as seoltaí ar an bhfearann sin. Má theastaíonn uait briancowan.ie a chlárú (agus dála an scéil, tá sé ar fáil!) beidh ort cóip dod' theastas breithe a chur ar fáil mar chruthúnas gurb é sin an t-ainm atá ort.

Ach pé fhearann a roghnaíonn tú - agus tá go leor eile ann seachas .com agus .ie - moltar do gach duine a bhraitheann ar a ainm dá ghnó nó dá chlú pearsanta, gur cóir iarracht a dhéanamh an t-ainm sin a chosaint sa réimse leictreonach. Níl sé costasach. Is féidir ainm .com a cheannach ar €6.96 faoi láthair ó blacknight.com. Agus tá seoltaí .ie ar fáil ar €25. Táillí bliantúla atá i gceist anseo ach ní gá go mbeadh aon chostas eile ag baint leis. Ní gá súiomh idirlín a chruthú mura dteastaíonn uait. Is féidir ainm fearainn a cheannach agus é a fhágaint gan suíomh. Is leor sinchun stop a chur le "cybersquatters", agus is fiú smaoineamh air.

2 Freagraí:

Arsa Blogger enormous ...

Hi Conn,

Tá féidearachtaí ann cinnte agus is minic a bhris ainm fhearainn duine a bhranda má thuigeann tú dom! Ach mar a luaigh tú tá sriantaí ann leis agus an ceann a ghoilleann orm mar Ghaeilgeoir ó thaobh dot ie de ná an easpa síntí fada. Ní ionann mar shampla (ah flip it ní féidir liom smaoineamh ar aon samplaí!! ach tuigeann tú céard tá i gceist agam!)
Slán,
Roseanne

12 September, 2008 15:14  
Arsa Blogger Conn ...

AnLíonra.net, mar shampla? :)

12 September, 2008 15:41  

Post a Comment

<< Home