Tuesday, March 02, 2004

blog, ainmfhocal firinscineach (gin: blog, iolra: bloganna)

Bhuel - nil ann ach tuarim. B'fheidir go n-athroidh me an ghramadach nios deanai, ma fhaighim comhairle nios fearr ar an abhar, ach deanfaidh san cuis go foill. Pe sceal e, ta se tabhachtach, nach bhfuil, an ghramadach a shocru is dtosach baire?

blogailigi; bhlogaileas; blogaileann si; ni bhlogailti moran sa tseanaimsir, ach ta gach einne ag blogail anois. Bagairt bloga: mura mbionn tu curamach, beidh ort mo bhlog a leamh!

Is leir nach mbeidh an iarracht seo gan a cuid fadhbanna. 1) Caithfidh me a fhoghlaim conas sinte fad a dheanamh leis an mbog-earra seo ata in usaid agam. 2) Seans gur fearr an litriu a athru go "blag" - se sin ma taim chun fuaim an fhocail mar a samhlaitear dom e a chur in iul i gceart - e sin, no eiri as mar fhocal, agus ceann ur a chruthu. Saothar lae eigin eile, is doigh liom anois. Is leor mar mir thosaigh an meid seo.