Wednesday, October 05, 2005

An tImeall #20 : An Gleann Inar Tógadh Mé

  • Nasc díreach leis an gcomhad fuaime
  • Filíocht na Seachtaine spreagtha ag teachtaireacht ar Chlár Plé Beo. Gabhaim buíochas do Ghearóid Ó Laoi a chuir an téacs in áirde ansin.
Dhá Chíoch Danann

      An Gleann inar Togadh Mé
      le Dubhghlas de hÍde

      Ó háit go háit ba bhreá mo shiúl
      'S dob ard mo léim ar bharr an tsléibhe
      San uisce fíor ba mhór mo dhúil
      'S ba bheo mo chroí i lár mo chléibhe
      Mar chos an ghiorria do bhí mo chos,
      Mar iarann gach alt is féith,
      Bhí an sonas romham, thall 's abhus,
      Sa ghleann inar tógadh mé.

      Ba chuma liomsa fear ar bith,
      Ba chuma liom an domhan iomlán,
      Mar rith an fhia do bhí mo rith,
      Mar shruth an tsléibh' ag dul le fán;
      Is ní raibh rud ar bith sa domhan,
      Nach ndéanfainn (dá mba mhaith liom é)
      Do léim mo bhád ar bharr na habhann.
      Sa ghleann inar tógadh mé.

      Gach ní dá bhfacas le mo shúil,
      Bhí sé, dar liom, ar dhath an óir,
      Is annamh a dhearcainn ar mo chúl,
      Ach ag dul ar aghaidh le misneach mór,
      Do leanainnse gan stad gan scíth
      Mo rún, nuair chuirinn romham é;
      Do bhéarfainn, dar liom, ar an ngaoth,
      Sa ghleann inar tógadh mé.

      Ní hamhlaidh tá sé liom anois,
      Do bhí mé luath, 'nois tá mé mall;
      Is é mo léan, an aois do bhris
      Sean-neart mo chroí is lúth mo bhall;
      Do chaill mé mórán 's fuair mé fios,
      Ar mhórán - och ní sású é-
      Mó léan mo léan gan mé arís óg
      Sa ghleann inar tógadh mé.

  • Ceol Podslán: Blowing Snow le Marco Raaphorst
Lipéid: , ,

0 Freagraí:

Post a Comment

<< Home